Gnó an Chomhchoiste

Tá leithscéal faighte againn ón Teachta Calleary agus ón Teachta Ó Cathasaigh. Dúirt an Teachta Connolly go mbeidh sí beagán mall ach seachas sin táim ag tnúth le roinnt baill eile den choiste. Is gá do gach duine cloí leis an achar sóisialta 2 m le linn an chruinnithe seo. Níor chóir go mbeadh fadhb ar bith é sin a dhéanamh.

Bogfaimid ar aghaidh go miontuairiscí ár gcruinniú ar an 25 Samhain 2020, atá scaipthe ag na baill cheana féin. Maidir leo, is mian liom a chur in iúl go bhfuil leagan scríofa d'aighneacht an Dr. John Walsh, léachtóir sinsearach na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ar ábhar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 ón gcruinniú sin curtha faoinar mbráid mar mhír comhfhreagras Uimh. F056. Lorg muid é sin agus tá sé scaipthe ag baill an choiste. An aontaítear leis na dréacht-mhiontuairiscí nó an bhfuil aon rud le plé iontu? Aontaítear.

Tá ceann de na míreanna comhfhreagras atá faighte ag an gcomhchoiste pléite againn cheana féin. Dáileadh míreanna comhfhreagras Uimh. F050 go dtí Uimh. F057 ar bhaill an choiste. Maidir le hUimh. F050 tá stiúrthóir Tuairisc.ie ag iarraidh orainn leasú ar Bhille na dteangacha oifigiúla a leagan os comhair an roghchoiste. Is ar na baill iad féin é sin a dhéanamh. Ní dhéanann an roghchoiste é féin leasú. Má ta spéis ag daoine ann, is féidir leo féachaint ar an méid atá sa chomhfhreagras sin ó Tuairisc.ie. Baineann sé leis an dualgas atá ar chomhlachtaí Stáit fógraíocht a eisiúint trí mheán na Gaeilge agus an fhadhb a chothaíonn sé sin do stiúrthóirí Tuairisc.ie. Fágfaidh mé faoi na baill é sin. An aontaítear go bhfágfar é leis na baill iad féin? Aontaítear.

Maidir le hUimh. F053, tá an tAire, an Teachta Catherine Martin, ag iarraidh orainn ár dtuairimí a thabhairt di maidir le dhá athcheapachán atá molta, Bríd Ní Fhachtna agus Francis Reidy, mar bhaill de bhord TG4 le tréimhse trí bliana eile. Bhí siad ann cheana féin ar feadh cúig bliana agus tá an tAire ag moladh síneadh trí bliana. Ní gá dúinn an cinneadh a dhéanamh inniu ach más mian le haon duine caint faoin gcomhfhreagras sin is féidir leo, nó is féidir linn cuireadh a thabhairt don bheirt teacht os ár gcomhair. Tuigim go bhfuil níos mó ná an dá fholúntas sin ar an mbord, so b’fhéidir go mbeidh an tAire ag teacht ar ais chugainn. Níl aithne agam ar cheachtar acu, go bhfios dom, agus níl tuairim agam faoin ábhar seo. Níor tháinig aon rud mar seo os mo chomhair roimhe seo. Más mian le daoine féachaint air agus teacht ar ais níl fadhb ar bith, nó más mian leo an cinneadh a ghlacadh inniu tá mé oscailte dó sin. Bhí an Seanadóir Kyne sa jab seo cheana mar Aire Stáit. Céard a dhein sé nuair a bhí sé ann?

Tá mise sásta leo ach níl fadhb agam fanacht ar feadh seachtaine.

An bhfágfaimid go dtí an tseachtain seo chugainn é? Tabharfaidh sé sin deis do dhaoine-----

Níl aon cheist agam faoi ach-----

Nó agam ach an oiread. Ní dúirt an tAire go raibh aon deifir faoi. Fágfaimid go dtí an tseachtain seo chugainn é. Tá sé sin aontaithe.

Baineann Uimh. F054 le leasuithe do Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Tá an Conradh Ceilteach ag iarraidh orainn leasuithe áirithe a leagan os comhair an roghchoiste. Arís, tá sé ar na Teachtaí iad féin na leasuithe sin a thógáil agus a chur chun cinn más mian leo. Déanfaimid é seo a nótáil agus nóta a chur ar ais chuig an gConradh Ceilteach. Tá an mhír sin scaipthe ag na baill ar fad. An aontaíonn daoine leis sin? Aontaíonn.

Cuireann Uimh. F055 in iúl dúinn nach mbeidh Príomh-Aoire an Rialtais agus an Aire Stáit atá freagrach as an Ghaeltacht agus spóirt, an Teachta Jack Chambers, nó an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Catherine Martin, in ann a bheith linn inniu. Ghlac mé an cinneadh dul ar aghaidh leis an gcruinniú inniu chun deis a thabhairt dúinn díriú ar an gceist a bhí in ainm is a bheith á phlé againn an tseachtain seo caite.

Is oth liom nach bhfuil na hAirí os ár gcomhair mar bhí an tAire Stáit, an Teachta Chambers, ag cur brú orm déileáil leis an mBille ag an gcruinniú inniu. B’fhéidir gur tharla rud éigin. Fuair muid nóta uathu agus tuigtear dom go mbeidh an tAire Stáit ag tógáil an Bille ar Chéim an Choiste an Déardaoin seo chugainn. Beidh sé os ár gcomhair ag an bpointe sin ach ní bheidh sé ag déileáil leis an gceist lena raibh muid in ainm is a bheith inniu, sé sin, cúrsaí eacnamaíochta, teanga, cultúrtha, oideachais, forbairt pobal agus fóillíocht sa Ghaeltacht. Beidh orainn deis eile a thabhairt dóibh teacht os ár gcomhair. Cuirfimid litir chucu ag lorg an dáta is luaithe gur féidir leis an bheirt acu teacht os ár gcomhair. An aontaíonn daoine leis sin? Aontaíonn.

Tá Uimh. F057, leis an dáta 1 Nollaig, ó Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh. Molaim go gcuirfí in iúl dó gur scríobh muid chuig an Aire Oideachais, an Teachta Foley, ar an 26 Samhain, maidir le cás na mbunscoileanna i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh i gContae Chiarraí agus go bhfuilimid ag fanacht le freagra ón Aire maidir leis sin. Cuirfimid an comhfhreagras is déanaí seo faoi bhráid an Aire chomh maith mar eolas breise di agus cuirfimid in iúl di go bhfuilimid tar éis é sin a chur in iúl don tascfhórsa. An bhfuil aon duine ag iarraidh caint faoin gceist seo nó an bhfanfaimid ar an gcomhfhreagras ar ais ón Aire?

Tá ceist amháin agam faoi seo. An bhfuil an comhfhreagras dírithe ar aon scoil amháin? Bheadh an fhadhb chéanna le feiceáil in a lán ceantair Gaeltachta. An bhfuilimid ag lorg réiteach i gcomhair scoil amháin faoi leith nó i gcomhair na scoileanna Gaeltachta go léir?

Bhí an Seanadóir Kyne i réim ag an am a bunaíodh an tascfhórsa.

Bhí mé thart ag an am sin. Bhí trí scoil i gceist timpeall ar an gceantar sin. Tá siad ag iarraidh an teanga agus na huimhreacha sna scoileanna a spreagadh ach an faitíos a bhí orthu ná go mbeadh athrú ar an pupil-teacher ratio, PTR, agus go gcaillfeadh siad múinteoir mar gheall air sin. Ní bheadh aon úsáid ann ansin bheith ag caint faoi thascfhórsa chun rudaí a athrú arís. Sin an faitíos a bhí orthu, go mbeadh an obair i mbaol mar gheall ar pholasaí Rialtais ó thaobh an PTR.

Níl eolas mór agam ar an gceist ach tá an ceart ag an Seanadóir Kyne gur trí scoil a bhí i gceist. Gabh mo leithscéal, is an Teachta McHugh a bhí i gceannas sa Roinn Oideachais, seachas an Seanadóir Kyne i Roinn na Gaeltachta, ag an am. Bhí na scoileanna den tuairim gur tugadh eisceacht dóibh. Go bhfios dom, níl siad in ann teacht ar an scríbhinn maidir leis sin ach thuig siad go mbeadh eisceacht trí bliana acu, fad is a bhí an tascfhórsa ann, agus go bhféadfaí féachaint ar an réiteach céanna do cheantair eile má oibríonn sé sa chás seo. B’fhéidir gur féidir linn díriú isteach ar an gceist nuair a bhfaighfidh muid an freagra ar ais ón Aire. Más gá, d’fhéadfadh muid an tAire nó an tascfhórsa a thabhairt os ár gcomhair chun féachaint ar na fadhbanna mar ní díreach fadhbanna oideachais atá i gceist. Tá fadhbanna eile ann daoine a mhealladh isteach sa Ghaeltacht chun cuidiú le ceantair atá á mbánú faoi láthair. An i nDáilcheantar an Teachta Moynihan atá an Ghaeltacht seo?

Tá sí in aice leis.

Is i gCiarraí atá sí. Glacaim leis go bhfuil plean maith ann, agus dá mba rud é go bhféadfaí é a chur i bhfeidhm sna ceantair Ghaeltachta éagsúla, bheadh an-tairbhe ann. Má tá rud ann go mbainfeadh gach pobal Gaeltachta tairbhe as, ba chóir dúinn é a chur ar fáil go forleathan mar tá na deacrachtaí céanna i gceantair Ghaeltachta iargúlta an t-am ar fad, áiteanna a mbíonn an pobal agus líon na ndaoine ag sleamhnú. Má tá réiteach ar fáil i gcomhair ceantar amháin ba chóir dúinn é a chur ar fáil do na pobail éagsúla ar fad.

Tá an Teachta McHugh anseo. Bhí a fhios aige go raibh muid ag caint faoi. Bhí muid ag labhairt faoi Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus an tascfhórsa ann. An bealach is fearr chun déileáil leis an gceist seo ná fanacht ar an bhfreagra ón Aire. Déanfaimid cinneadh ag an am sin mar choiste. Má tá an tascfhórsa ag obair, b’fhéidir gur eiseamláir é do cheantair eile. Díreoimid isteach air ag an am sin. Is féidir linn é a chur ar an gclár oibre chomh maith, cuma cad a deir an tAire faoi, toisc go bhfuil gnéithe eile i gceist leis an tascfhórsa chomh maith. Sin an píosa deireanach den chomhfhreagras. Bogfaimid ar aghaidh anois go dtí ár ngnó leis na hionadaithe ó Chomhlachas na gComharchumann & Comhlachtaí Pobalbhunaithe.