Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge debate -
Wednesday, 2 Dec 2020

Cúrsaí Eacnamaíochta, Teanga, Cultúrtha, Oideachais, Forbairt Pobal agus Fóillíocht sa Ghaeltacht: Comhlachas na gComharchumann & Comhlachtaí Pobalbhunaithe

Cuirim fáilte roimh Máirtín Ó Méalóid, leas-chathaoirleach Comhlachas na gComharchumann & Comhlachtaí Pobalbhunaithe, agus Páidí Ó Sé, ball de bhord an chomhlacais. Gabhaim buíochas speisialta leo as a bheith i láthair inniu. Socraíodh an cruinniú seo leo go déanach nuair a cuireadh an cruinniú a bhí beartaithe againn leis na hAirí ar ceal. Táimid an-bhuíoch dóibh as a bheith anseo linn.

Ar dtús báire, caithfidh mé dul tríd rialacha na bhfinnéithe. Tá na finnéithe seo lonnaithe taobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus iad ag glacadh páirt sa chruinniú seo. Tá orm a chur ar aird na bhfinnéithe go soiléir, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh, 2009, nach bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste agus an fhianaise á thabhairt acu ó shuíomh cianta taobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Mar sin, ní féidir leo braith ar aon chosaint nó pribhléid agus molaim dóibh a bheith an-chúramach faoi aon rud a deir siad ag an gcruinniú inniu. Ordaítear dóibh gan ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo a thabhairt agus fiafraítear dóibh an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tosaigh a cuireadh faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo.

Anois glaoim ar Mháirtín Ó Méalóid. Tá fáilte roimhe.

Mr. Máirtín Ó Méalóid

Gabhaim buíochas leis an gcoiste. Tá sé go deas na baill a fheiceáil agus gabhaim buíochas leo as an gcuireadh. Níl a fhios agam cén struchtúr atá ag an gcruinniú seo. An gcuirfidh na comhaltaí ceisteanna orainn maidir le hábhair áirithe ar dtús nó cad é an próiseas?

Is féidir leis na finnéithe iad féin agus a n-eagraíocht a chur in aithne agus na dualgais nó na dúshláin atá acu faoi láthair a mhíniú. Iarraim ar an bheirt finné é sin a dhéanamh agus ansin tabharfaidh mé deis do na Teachtaí agus Seanadóirí ceisteanna a chur orthu. Tógfaidh mé iad i ngrúpaí de bheirt nó triúir.

Mr. Máirtín Ó Méalóid

Tá Páidí Ó Sé agus mé féin anseo ar son Comhlachas na gComharchumann & Comhlachtaí Pobalbhunaithe. Sin eagraíocht atá ag feidhmiú ar son na bpobal Gaeltachta ar fud Phoblacht na hÉireann agus ag obair le chéile chun an saol sóisialta agus eacnamaíochta i gceantair thuaithe agus ar oileáin Ghaeltachta a neartú agus a chothú.

An ról atá againn ó lá go lá ná ag déanamh ionadaíocht ar son na comharchumainn agus na comhlachtaí pobalbhunaithe sin. Mar shampla, bheadh muid ag déanamh idirbheartaíocht idir na heagrais sin agus, mar shampla, Údarás na Gaeltachta, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Foras na Gaeilge nó eagraíochtaí Stáit eile, mar is cuí. Tá súil agam nach bhfuil mé ag déanamh dearmad ar aon ról atá againn ó thaobh an chomhlachais sa mhíniú sin.

Mr. Páidí Ó Sé

Tá sé clúdaithe ansin.

Mr. Máirtín Ó Méalóid

Bíonn Comhlachas na gComharchumann & Comhlachtaí Pobalbhunaithe ag iarraidh go mbeadh cothromaíocht ann idir an Ghaeltacht agus an cuid eile den tír. Táimid ag iarraidh go mbeadh na deiseanna céanna ag muintir na Gaeltachta agus táimid ag iarraidh go mbeadh na heagraíochtaí, na comharchumainn, na baillchomharchumainn agus na baillchomhlachtaí pobalbhunaithe maoinithe agus go mbeadh gach deis agus áis acu jab ceart a dhéanamh ar son phobal na Gaeltachta. Is iad sin na heagrais nó na comhlachtaí atá ag obair ar an talamh sa nGaeltacht ar son inmharthanacht na Gaeltachta.

Níl aon ráiteas nó óráid mór millteach fada nó aon rud réitithe agam le haghaidh cruinniú an lae inniu. Tá go leor fíricí agus figiúirí srl. os mo chomhair ach ní raibh mé cinnte cad ba cheart dom a dhéanamh le bheith macánta. Ar son na baill, theastaigh uaim a rá go bhfuil muid ag aithint go bhfuil feabhas tagtha ar rudaí le roinnt blianta anuas ó thaobh maoiniú agus go bhfuil an maoiniú Stáit atá ag dul ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus atá ansin scagtha amach trí Údarás na Gaeltachta. Tá feabhas tagtha air sin le cúpla bliain anuas agus táimid féin ag glacadh le roinnt creidiúint as sin mar bhí muid ag obair idir an comhlachas agus ár gcairde i gConradh na Gaeilge ag obair as lámha a chéile. Táimid tar éis laethanta stocaireachta a dhéanamh in óstán trasna an bhóthair ó Thithe an Oireachtais le roinnt blianta beaga anuas agus bhíomar ag caint ansin le go leor Teachtaí, Seanadóirí, Airí agus daoine eile nach iad ag míniú an ról ríthábhachtach atá ag na comharchumainn agus na comhlachtaí pobalbhunaithe, ról go mb'fhéidir nach bhfuil aitheanta go soiléir ag go leor.

Táimid tar éis ár bpáirt féin a ghlacadh sa feabhas beag atá tagtha ar chúrsaí maoinithe le blianta beaga anuas. Caithim a rá go mbraitheann muid go bhfuil píosa eile den bhóthar le siúl go fóill maidir leis sin. Tá go leor ag tarlú gan dabht. Bheadh muid ag moladh an méid oibre atá curtha isteach sa togra pleanála teanga. De réir mar a thuigim, agus muid ag caint inniu, tá 18 plean teanga curtha i bhfeidhm agus tá 22 duine fostaithe idir oifigí pleanála teanga agus ceathrar oifigigh cúnta pleanála teanga. Tá siad sin fostaithe cheana féin. Tá sé ró-luath aon bhreithiúnas a thabhairt air sin mar phróiseas ina iomlán nó maidir le haon éifeacht a bheas ag an bpróiseas sin ar úsáid na Gaeilge go laethúil. Beimid ag fanacht agus ag obair agus feicfimid céard a tharlóidh ansin.

Mar duine atá ag obair ar an talamh sa nGaeltacht agus atá ag déileáil le forbairt Ghaeltachta le níos mó na 25 bliain, caithfinn féin ardmholadh a thabhairt don mhéid atá ag tarlú ó thaobh na Gteiceanna agus na mol digiteacha atá á fhorbairt sna ceantair Ghaeltachta. Tá siad sin ag teastáil. Is cuimhin liom 20 bliain ó shin, bhí an méid sin caint ar chomh tábhachtach agus a bheadh sé ag an am. Bhí siad ag caint ar telecottaging. Sin an téarma a bhí in úsáid ag an am agus ar deireadh thiar thall is cosúil go bhfuil an telecottaging linn.

Ó thaobh Údarás na Gaeltachta de, chaithfinn a aithint go bhfuil cineál athnuachan déanta ar an rannóg atá bunaithe maidir leis an bhforbairt phobal. Tá sé sin ríthábhachtach. Chaithfinn a rá go bhfuil muid sásta go bhfuil muid ag fáiltiú roimh na harduithe beaga atá tagtha le cúpla bliain anuas. Chuaigh go leor obair isteach ansin, obair a rinne muid féin chomh maith. Mar a dúirt mé áfach, bheadh muid ag brath go bhfuil píosa maith fós le dul.

Rud nach bhfuil muid sásta faoi ná an difríocht atá ann idir choinníollacha oibre. Mar shampla, dá mbeadh duine ag obair taobh istigh de cheann de na heagrais Stáit Ghaeltachta seachas a bheith ag obair i gceann de na comharchumainn nó na comhlachtaí pobalbhunaithe, an difríocht atá ansin ná go bhfuil na heagrais phobail riartha ag coiste deonach áitiúil, go minic gan na háiseanna nó an maoiniú a bheadh ag teastáil leis an jab a dhéanamh i gceart. Ceann de na cúiseanna is mó a bheadh mise ag rá gur ceart go mbeadh níos mó maoiniú ag na heagrais phobail sin ná má tá duine ceaptha a bheith ag déanamh obair forbartha cruthaitheach, mar shampla, tá sé an-deacair uaireanta an obair sin a dhéanamh nuair atá duine ag caitheamh an méid sin ama agus fuinnimh ag déanamh buairt faoi conas a bhfuil sé nó sí chun maireachtáil ó thaobh maoiniú srl. Níor cheart go mbeadh ar na heagrais phobail Ghaeltachta sin troid ar son mhaoiniú ceart le go mbeadh siad in ann feidhmiú i gceart. Tá sé sin ag tógáil ó fhuinneamh cruthaitheach forbartha. Ba mhaith liomsa agus le Comhlachas na gComharchumann & Comhlachtaí Pobalbhunaithe go mbeadh maoiniú ceart ar fáil agus nach mbeadh gá leis an gcineál sin troid, bliain i ndiaidh bliana.

Ar an bpointe sin, creidimid freisin go mbeadh sé ríthábhachtach go mbeadh maoiniú aontaithe, ní ar bhunús bliantúil ach go mbeadh muid in ann iarratas trí bliana nó fiú cúig bliana a dhéanamh agus nach mbeadh muid ag cur an méid sin fuinnimh chuile bhliain isteach ar iarratas nua a dhéanamh. Mar shampla, tá mise ag plé le heagraíocht atá ann anois le 50 bliain agus an tseachtain seo tá mé ag líonadh isteach an t-iarratas mór fada, ag úsáid am a d'fhéadfaí a úsáid i slí níos cruthaithí nó a bheadh ar mhaithe le forbairt níos éifeachtaí.

Tá súil agam nach ndearna mé dearmad ar aon rud ansin.

Mr. Páidí Ó Sé

Ní dhearna ach cuirfidh mé cúpla pointí leis sin. Tá na dualgais atá againn agus ag an-chuid de na comharchumainn, mar cheann eagraíochtaí ar na hoifigí pleanála teanga, leathan. Tá conradh trí bliana acu ach mar bhainisteoir tá conradh bliain agam agus mar eagraíocht tá conradh bliain againn. Mar a dúirt Máirtín Ó Méalóid, bheadh sé go maith dá mbeadh conradh níos faide ann agus dá mbeadh slí ann dul go dtí an tAire Stáit, an Teachta Chambers, a iarradh air an bhféadfaí pleanáil níos fearr a dhéanamh ó thaobh buiséid a bheadh ar fáil do na comharchumainn. Is é an méid is mó blianta ná trí bliana agus i gcás aon eagraíocht eile bheidís níos faide. Tá sé sin á dhéanamh ag an Roinn faoi láthair le cuid de na heagraíochtaí go bhfuil conarthaí aige leo. Ba cheart go mbeadh an rud céanna ar fáil do na bainisteoirí.

Tá an-chuid bainisteoirí ann agus is dócha go bhfuil ár bpá níos ísle ná an pá a bheadh ag oifigeach pleanála teanga. I ndáiríre, tá sórt struchtúr leis an bpá atá ag oifigigh pleanála teanga. Níl aon struchtúr le pá na mbainisteoirí. Bhí caint le cúpla bliain anuas go gcuirfí struchtúr air agus, le cúnamh Dé, sin rud gur ceart go mbeadh ann do na bainisteoirí, go háirithe do na comharchumainn bheaga.

Mar a deireann an seanfhocal, "Má theastaíonn uait aithne a chur orainn mar cheantar, caithfidh tú maireachtaint inár dteannta." Tá obair iontach á déanamh ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ach uaireanta ní bhraitheann an pobal go dtuigeann sé na mionrudaí a bhíonn sna Gaeltachtaí difriúla. Is é an moladh a thabharfainn don choiste ná scríobh chuig an Aire agus féachaint an mbeadh seans ann an múnla a bhíodh ann cheana, agus bhíodh sé ann roimh an gcúlú eacnamaíochta, áit go raibh príomhoifigeach cúnta i ngach réigiún Gaeltachta, múnla atá in úsáid ag an Roinn i leith Údarás na Gaeltachta, agus múnla a oibríonn go hiontach do na comharchumainn pobalbhunaithe go bhféadfaí aithne a bheith ag duine orthu uile, a thabhairt isteach. Mar a bhíodh cheana, bheadh sé go maith dá mbeadh buiséad á bhainistiú ag na hoifigigh sinsearacha. Tá sé an-deacair do na hoifigigh sinsearacha atá lonnaithe sa Ghaillimh faoi láthair turas a thabhairt ar na Gaeltachtaí ar fad mar tá an iomarca le déanamh acu. Dá dtógfaí ar ais oifigeach réigiúnach leis an bpríomhoifigeach cúnta a bhíodh ann cheana, bheadh sé sin go maith.

Tá mé ag dul isteach anois in Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, nó Acht na Gaeltachta mar a ghlaoim air uaireanta. Tá gá le National Public Health Emergency Team, NPHET, na Gaeltachta. Leis an gcaint ar fad atá ar vacsaín i 2020, tá gá lenár vacsaín féin don Ghaolainn. Idir an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Roinn Oideachais, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige agus fiú amháin cáine ar mhótair daoine, níl aon chomhordú idir na heagraíochtaí seo. Ba cheart go mbeadh NPHET na Gaeltachta ann chun comhordú a dhéanamh ar pholasaithe teanga agus ar fheasacht teanga a fhorbairt ionas go mbeadh sé ábalta oibriú le na Ranna difriúla nuair a bhíonn siad ag cur Billí le chéile chun go mbeidís mar Achtanna. Cuireann na Billí seo, a thagann amach mar Achtanna, isteach go mór ar phobal na Gaeltachta nuair nach mbíonn tuairimí mhuintir na Gaeltachta agus mhuintir na Gaolainne istigh iontu. Ba cheart go mbeadh eagraíocht ar nós an Choimisinéara Teanga, mar atá sa Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, bainteach leis na Billí sula mbeadh siad mar Achtanna. B'shin an moladh go gcuirfí nóta go dtí an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus go dtí an Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus go mb'fhéidir go mbeadh sé seo san Acht nua leis.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Tá a fhios agam an obair tábhachtach atá siad ag déanamh agus an ról tábhachtach atá acu ar son na Gaeilge agus ar son na n-oileán freisin. Tá na finnéithe i gcónaí ag troid ar son na comharchumann, ar son mhuintir na háite agus ar son na teanga. Aontaím le chuile rud atá ráite ag na finnéithe ó thaobh cothromaíocht agus na deiseanna céanna sna ceantair Ghaeltachta. Ó thaobh na n-oileán, sin an fáth gur chuir mé tús leis an bpolasaí do na hoileáin agus tá a fhios agam, mar gheall ar Covid-19, go bhfuil moill air sin faoi láthair ach tá na finnéithe ag dul ar aghaidh leis.

Tagraím don tábhacht atá le hoideachas, leis na scoileanna beaga agus don cheangal atá ann idir na hoileáin nó na ceantair Ghaeltachta agus an scoil áitiúil agus an scoil náisiúnta go mór mór. Céard a cheapann na finnéithe go mba cheart don Rialtas a dhéanamh ó thaobh na ceiste tábhachtach sin? Gan daoine óga, ní bheidh scoileanna ann agus ní bheidh an teanga againn.

Tagraím don daonra agus don bhagairt atá ar dhaonra i gceantair agus limistéir áirithe sa tír. Luadh an ceangal atá ann idir pholasaithe na gcomhairlí contae ó thaobh tithíochta agus a leithéid agus luadh na deiseanna do dhaoine tithe sóisialta nó tithe ar phraghas réasúnta a fháil i gceantair Ghaeltachta. Luaim cúrsaí pleanála sa nGaeltacht freisin. Céard ba cheart a dhéanamh? Tá impleachtaí móra leis na rudaí sin ar an daonra agus, mar sin, ar an teanga.

Mr. Páidí Ó Sé

Gabhaim buíochas don Seanadóir as an gceist. Ó thaobh na gcomhairlí contae agus na n-eagraíochtaí tithíochta, tógfaidh mé sampla beag. Táim ag obair faoi láthair leis an mBord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí faoi láthair agus tá sé ag teacht aníos le tacaíocht a bheadh ar fáil do na meánscoileanna ó thaobh go mbeadh múinteoirí le Gaolainn mhaith acu ar fáil do na scoileanna go bhfuil siad bainteach leo. Tá an-chroí acu chun é sin a fhorbairt agus tá an-chroí againne chun an rud céanna a fhorbairt do na daltaí sna Gaeltachtaí ó thaobh na matamaitice, na ceimice, na fisice agus a leithéid. Tá an Roinn Oideachais agus an Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, ag obair air seo, ach an t-aon deacracht ná go bhfuil siad ar fad ag obair ina silos féin agus níl éinne ag caint le chéile, cé go bhfuil muid ar fad báúil don toradh atá uainn go mbeadh Gaolainn níos fearr ar fáil do na leanaí óga agus faoi mar atá na leanaí atá sa mheánscoil. Mar a dúirt mé, tá na snáitheanna ar fad ag crochadh anuas agus tá mé féin ag obair i mo vacuum féin ach níl aon chomhordú air. Dá mbeadh COGG, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Roinn Oideachais agus na scoileanna ceangailte i seomra amháin agus dá dtabharfaí tascanna chucu, d'fhéadfaí é a chomhordú níos fearr. Titeann sé sin anuas sna scoileanna Gaeltachta beaga leis ó thaobh na deacrachta a bhíonn acu postanna a líonadh, go háirithe le Gaeltachtaí a bheadh ina bhreac-Ghaeltachtaí.

Ó thaobh na gcomhairlí contae, b'fhéidir go mbeadh níos mó le rá ag Máirtín Ó Méalóid ó thaobh na tithíochta de agus an deacracht atá ag na heagraíochtaí. Má fhéachtar ar pholasaithe a cuireadh le chéile ag an Stát do 2040 ó thaobh conas a ritheadh siad an tír agus na pleananna atá ann, tá plean iontach ann ach caithfear dul go dtí leathanach 147 chun teacht ar aon fhocal mar gheall ar an nGaolainn. Má fhéachtar ar an bplean réigiúnach taobh thíos de sin, arís tá sé an-deacair teacht ar aon phleananna ó thaobh na Gaolainne. Má fhéachtar ar an bplean atá ag Comhairle Contae Chiarraí, caithfear dul go dtí leathanach 26 go dtí go mbeadh aon fhocal ann mar gheall ar an nGaolainn. Níl an feasacht acu. Níl aon rud sna cáipéisí pleanála agus níl an tuiscint acu ar an nGaeltacht. Ní mór dúinn an plean sin a bheith eagraithe blianta roimhe sin ag duine éigin go mbeadh tuiscint éigin aige nó aici ar an nGaolainn agus ar an nGaeltacht chun go mbeadh na pleananna a bheadh ag teacht anuas ón mbarr ceangailte nó chomhtháite leis na pleananna atá sna ceantair Ghaeltachta, mar níl an teanga lárnach sna pleananna sin in aon tslí.

Mr. Máirtín Ó Méalóid

Maidir le cúpla pointe ansin agus go háirithe an dara ceann, ó thaobh na scoileanna beaga de, tá siad sin ríthábhachtach gan dabht sna ceantair Ghaeltachta. Am ar bith a dhúntar aon scoil, is drochlá atá ann. Fiú sna hoileáin, chonacthas scoil nó scoileanna á ndúnadh agus níl sé sin iontach agus ní chuidíonn sé sin le pobal ar bith.

Maidir leis an daonra agus ag caint ar phleanáil teanga, is minic a bhímid ag plé leis. Tá an pleanáil teanga ceart go leor, agus tá gá leis, ach is é an cineál pleanála atá ag teastáil ar na hoileáin níos mó ná sin - ba cheart go mbeadh pleanáil daonra ann. Mar chuid de sin, agus ní hamháin ar na hoileáin, caithfear breathnú ar cá bhfuilimid ag dul ó thaobh tithíochta agus ar cé chomh deacair is atá sé tithe a thógáil, a fháil nó a chur ar fáil sna ceantair Ghaeltachta. Níl an córas tithíochta atá ann go náisiúnta ag obair le haghaidh na gceantar Gaeltachta agus na n-oileán. Caithfimid breathnú taobh amuigh den bhosca. Caithfear na polasaithe atá á bhforbairt faoi láthair le haghaidh na n-oileán a dhéanamh ó thaobh na gceantar Gaeltachta freisin ionas go mbeimis ag breathnú taobh amuigh den mhúnla náisiúnta. Ní oibríonn an múnla náisiúnta dúinne. Tá sé cosúil domsa le go mbeadh duine éigin thall i mBeirlín ag déanamh cinneadh faoin saol iomlán a athrú i gceantar éigin i dtír na hÉireann. Níor cheart go mbeadh polasaí tithíochta amháin ann le haghaidh na tíre ar fad. Ba cheart go mbeadh sé níos réigiúnaí nó níos oiriúnaí le haghaidh áite áirithe. Labhair Páidí Ó Sé faoin dúshlán atá ann fhoirne a fháil le Gaeilge mhaith do na scoileanna Gaeltachta agus níl aon dabht faoi sin.

Glacfaidh mé beirt eile den chomhchoiste anois, an Teachta Connolly agus an Teachta Ó Muineacháin.

Gabhaim buíochas mór lenár n-aíonna agus cuirim fáilte roimh Máirtín Ó Méalóid agus Páidí Ó Sé. Bheadh sé cabhrach dúinn dá mbeadh ráiteas acu. B'fhéidir go mbeidh siad in ann ráiteas a sheoladh chugainn agus muid ag díriú isteach ar na fadhbanna atá á lua acu ann. Bheadh sé níos éasca domsa, mar bhall den chomhchoiste, rud a bheith os mo chomhair uathu. D'fhéadfaí go bhfuil an locht orainne mar choiste nach raibh sé sin soiléir. Bheadh sé cabhrach dúinn mar is iad ár n-aíonna na saineolaithe atá againn ar an talamh. Bheinn buíoch páipéar nó ráiteas a fháil uathu.

Maidir leis an easpa cothromaíochta a luaigh Máirtín Ó Méalóid i dtaca le heagraíochtaí eile de taobh amuigh den Ghaeltacht, an féidir leis soiléiriú a thabhairt dom faoin míchothromaíocht sin?

Maidir leis an bpolasaí do na hoileáin, tá sé sin ag teastáil go géar le fada. Faraor, níl sé againn fós. Tá a fhios againn go bhfuil Covid-19 ann faoi láthair agus le cúpla mí anuas ach tá géarghá le polasaí cuimsitheach do na hoileáin. Is bearna agus easpa mhór nach bhfuil sé ann fós.

Ó thaobh an Bhille atá nó a bheidh á phlé againn ar an gcomhchoiste, cad iad tuairimí agus taithí ár n-aíonna ó thaobh seirbhísí a fháil trí Ghaeilge ón Stát, ó na Ranna Stáit, ó na heagraíochtaí eile, agus an córas sláinte san áireamh? An féidir leo cabhrú linn? Táimid i mbun oibre agus muid ag iarraidh an Bille a láidriú. Níl an Bille láidir go leor. Tá sé sin ráite agam go minic agus tá sé á rá arís agam. Mar sin, cad iad na tuairimí ag na finnéithe acu faoin mBille? An bhfuil deacrachtaí ag na comharchumainn agus na comhlachtaí phobalbhunaithe ar an talamh seirbhísí bunúsacha a fháil trí Ghaeilge agus a gcuid ainmneacha a úsáid trí Ghaeilge? Cad iad na fadhbanna atá acu?

Iarraim ar an Teachta Ó Muineacháin labhairt anois.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus cuirim fáilte roimh Máirtín Ó Méalóid agus Páidí Ó Sé. Gabhaim buíochas as an tuairisc. Tá obair ollmhór ar siúl ag na comharchumainn sna ceantair éagsúla. Feicim go laethúil cé chomh gníomhach is atá an comharchumann i mo cheantar Mhúscraí féin. Tá a fhios agam go bhfuil na comharchumainn sna ceantair eile bainteach chomh maith le gach saghas ruda, ó chúram leanaí go cúrsaí samhraidh agus seachas iad sin.

Luadh ansin maoiniú agus an méid ama agus iarrachta a bhíonn bainteach leis. An bhféadfadh ár n-aíonna tuairim a thabhairt dúinn sa chomhthéacs seo? Má tá duine dírithe ar airgead a bhailiú nó foinsí airgid a chuardach, tuigim go dtógann sé sin an t-am ón ngnó laethúil, is é sin an naíonra agus gach rud eile a bhíonn ar siúl ag an gcomharchumann. An bhféadfadh na finnéithe tuairim a thabhairt ar an méid ama a bheidís ag caitheamh ag cuardach foinsí airgid? An mbeadh sé 40% nó 80% den am? Cé mhéad dá n-iarracht a bhíonn dírithe ansin ar an ngnó pobail?

Luadh an cheist tithíochta. Tá éifeacht ollmhór ag an bplean forbartha de chuid na gcomhairlí contae éagsúla. Ní fheadar an bhfuil na comharchumainn ag seoladh aighneachtaí chuig na comhairlí contae nuair atá siad ag forbairt na bpleananna nó an bhfuil aon chomhordú go náisiúnta ansin ina bhféadfadh an eagraíocht náisiúnta tacaíocht a thabhairt dóibh le teimpléid éagsúla, chun nach mbeadh an t-ualach céanna ar na comharchumainn áitiúla. Tá éifeacht ollmhór ag an bplean forbartha mar go mbeadh an-deis ansin chun tithíocht agus deiseanna forbartha pobail a thabhairt chun cinn. Gan pobal, tithíocht agus daoine, ní bheidh teanga nó Gaeltacht ann. Tá ról ansin agus ní fheadar cé chomh gníomhach is atá an eagraíocht náisiúnta agus na comharchumainn ansin. An dóigh lenár n-aoichainteoirí go bhfuil spás ann ina bhféadfaidís a bheith páirteach ann, lena dtoil?

An bhféadfadh na finnéithe tabhairt faoi freagraí ar na ceisteanna sin lena dtoil?

Mr. Máirtín Ó Méalóid

Maidir leis an gcúpla pointe nó ceist a bhí ag an Teachta Connolly, is deas liom í a fheiceáil i dtús báire, agus d'fhéadfainn plé le ceist na cothromaíochta i dtosach. Is cruinniú oscailte poiblí é seo, agus mar a luadh ag an tús, táim ag iarraidh a bheith cúramach nach ndéarfainn aon rud a d'fheadfadh trioblóid a chothú dom féin nó d'aon duine eile. D'fhéadfainn samplaí cruinne, fíora a thabhairt don Teachta maidir leis an easpa cothromaíochta ach bheadh orm suí síos agus peann a chur le páipéar. Tá brón orainn nach bhfuil ráiteas scríofa againn inniu ach fuaireamar fógra fíorghearr i dtaobh chruinniú an lae inniu. Táim ag gabháil leithscéil faoi sin ach cuirfimid rud éigin le chéile agus cuirfimid ar aghaidh chuig an gcomhchoiste é.

Maidir le seirbhísí i nGaeilge, má ghlaoim suas ar pé rannóg nó eagras Stáit agus nuair a chloisim an rud á rá, má tá gnó réasúnta práinneach agam a gcaithfidh mé a dhéanamh agus má tá an rogha ansin uimhir a naoi nó pé uimhir a bhrú agus go dtiocfaidh duine éigin ar ais chugam taobh istigh de 24 uair a chlog, sa chás sin má táim ag iarraidh déileála le rud ag an am nó ar an lá sin cén mhaitheas dom é sin? Caithfidh mé a rá go macánta, nuair a tharlaíonn sé sin domsa an chuid is mó den am, ní bhíonn aon dul as agam ach dul ar aghaidh leis an rogha eile.

Níl sé sin iontach. I ndáiríre, caithfear rud éigin a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de mar níl sé sin sásúil. Ó mo thaithí phearsanta féin, ní féidir le duine a chuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge ach amháin le roinnt bheag de na heagrais sin. Is féidir gnó a dhéanamh leis na heagrais Ghaeltachta, ach den chuid is mó, má tá duine ag iarraidh a chuid gnó a dhéanamh sa ghnáthshlí ó lá go lá, caithfidh an duine a ghlacadh go bhfuil chuile sheans go mbeidh sé á dhéanamh trí Bhéarla. An bhfuil Páidí Ó Sé ag iarraidh aon ní a chur leis an méid seo i dtaobh na bpointí a d'ardaigh an Teachta Connolly?

Mr. Páidí Ó Sé

Ó thaobh na cothromaíochta de, tá cáipéis curtha le chéile ag na comharchumainn na blianta siar ó shin ag taispeáint na ndifríochtaí idir chomharchumainn Ghaeltachta agus Ghalltachta. Tá sé sin déanta agus foilsithe agus is féidir cóip a thabhairt don chomhchoiste. Taispeánann sé an difríocht idir na comharchumainn sna Gaeltachtaí i gcomparáid leis na cinn sna Galltachtaí.

Ó thaobh Bhille na dteangacha oifigiúla, bhíomar 20 bliain ag fanacht air agus de réir mar a thuigim beimid deich mbliana eile ag fanacht le go gcuirfí i bhfeidhm cuid de na rudaí. Táimid déanach ach chaithfí moladh a thabhairt don dream atá tar éis é a chur dian cinnte go bhfuilimid nach mór ann, i ndáiríre. Tá an-chuid rudaí sa Bhille atá lag a dhóthain ach níl aon ionadh ar éinne atá istigh anseo go bhfuil sé lag agus go bhfuil eagla an domhain ar chuid de na heagrais Stáit go mbeidh a leithéid de rud á chur ina leith go gcaithfidís a dhéanamh. Tríd arís, mar a deir i gcónaí, is fearr dá bhféadfaí "at source" a chomhairliú seachas go mbeadh sé á chomhairliú nuair a bheidh sé críochnaithe. Má fhéachaim ar aon ghnó a bhí baint agam leis cheana, más féidir an bóthar a chasadh píosa an-bheag i dtosach, d'fhéadfaí i bhfad níos mó a bhaint amach seachas dul agus é a chasadh nuair a bheidh sé nach mór tógtha. Braithim, mar a dúradh cheana féin, go bhfuil NPHET na Gaeilge ag teastáil uainn chun go mbeadh daoine ag cornadh rudaí ann sula dtéann siad go dtí pointe áirithe. Tá sé beagáinín déanach é a dhéanamh anois más rud é bhfuilimid ag iarraidh é a dhéanamh anois.

Maidir leis an bpointe a bhí ag Máirtín Ó Méalóid ó thaobh na Gaeilge de, is minic go bhfaighim toradh deas maidir léi. B'fhéidir go bhfuil an t-ádh liom go bhfuil duine éigin ag freagairt an fóin ag an am sin a ghlaoim orthu. Nílim i gcónaí á gcáineadh agus táim sásta go gcabhraíonn sin liom. Ba mhaith liom, ámh, scéal an-simplí a dhéanamh de anois. Tá fear ag obair againn agus bhí sé ar tí go mbeadh an aibhléis múchta air mar ní raibh sé sásta aibhléis a dhíol mar gheall nach raibh aon teagmháil leis trí mheán na Gaeilge. Tháinig an fear go dtí an doras chun é a mhúchadh ach ar deireadh chaith sé dul agus díol as an aibhléis chun go mbeadh sí aige mar chaithfeadh sé a bheith ag obair. Níl aon dabht, mar sin, ach go mbíonn deacrachtaí ann ach tá rudaí ag dul i bhfeabhas.

Léimfidh mé go tapa go dtí an méid a dúirt an Teachta Ó Muineacháin más féidir liom. Maidir leis na foinsí airgid, uaireanta, bíonn na foirmeacha simplí, ach uaireanta fós is é an deacracht a bhíonn ann ná go mbíonn ar dhuine 20 cáipéis a chur go dtí an eagraíocht chun an t-aon ní chéanna a fháil agus is minic a bhíonn orm na cáipéisí céanna a thug mé do thogra agus d'eagraíocht a thabhairt arís is arís eile. Bíonn 20 cáipéis á gcur le chéile gach aon uair chun míniú a fháil ar na céimeanna. Arís, le líonadh na bhfoirmeacha, uaireanta, bíonn deifir leo agus leis an obair nuair a bhíonn an duine ag dul trí na céimeanna chun an t-airgead a fháil agus is minic a bhíonn na mílte cáipéisí le cur isteach leis.

An chéad rud eile ná, nuair a théann an duine go dtí foinse eile, tá míle eile cáipéis fós, nach mór, agus bíonn an rud ceannann céanna á lorg acu. B’fhéidir gurbh é an eagraíocht chéanna a bhfuil an t-airgead á fháil uaithi. Tá an eagraíocht ag fáil na rudaí céanna agus táimid á gcóipeáil agus tá cúpla crann á ngearradh gach aon uair a chuirimid iarratas isteach ar airgead chun é a fhail. Le cúnamh Dé, d'fheadfaí é sin a dhéanamh níos fearr mar beimid ansin in ann crainn a shábháil sna ceantair sin.

Ó thaobh na tithíochta de, tá sé seo ráite gur féidir le Comhairle Contae Chorcaí nó Comhairle Chontae na Gaillimhe rialacha a chur i bhfeidhm ach féachann siad i gcónaí ar an riail atá ann ón Stát, agus is é sin an leabhar rialacha atá déanta sula dtagann sé go dtí an chomhairle contae. Más féidir, b'fhearr dul go dtí tosach an tsrutha, up to the Nile mar a déarfadh fear, agus féachaint cá bhfuil na cinntí á ndéanamh ansin thuas, mar tagann na pleanálaithe amach as an ollscoil agus deirtear leo aire a thabhairt don dúlra arís is arís eile. Ní deirtear leo aire a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta mar gur mhaith linn an Ghaeilge a bheith ann i gceann 20 bliain. Níl sé ina gcinn nó ina dtraenáil go mbeidís ag cuimhneamh air sin. Is é sin an fheasacht ab éigean a thabhairt dóibh sula mbeidh siad ag obair don Stát.

Gabh mo leithscéal mar ní raibh mé ag iarraidh tuilleadh brú a chur ar ár n-aíonna, ach is é mo thaithí féin ar choistí éagsúla go mbíonn sé níos éifeachtaí dúinne nuair atá rud againn os ár gcomhair mar is féidir linn mar Theachtaí Dála dul ar ais arís is arís eile ar na rudaí atá sa pháipéar sin agus iad a ordú in áiteanna eile. Tá a fhios agam an méid oibre atá á dhéanamh ag ár n-aíonna ar an talamh ach is é sin an pointe a bhí á dhéanamh agam. Is é mo thaithí ar choistí éagsúla go ndéanaimid dearmad ar rud nuair nach bhfuil sé scríofa. Tá sé deacair gan an rud scríofa a bheith ag duine. Táimid ag brath ar ár n-aíonna agus ar an taithí atá acu ar an talamh ó thaobh na rudaí seo.

Bhí Máirtín Ó Méalóid ag iarraidh freagra a thabhairt, measaim, ar an Teachta Ó Muineacháin ansin.

Mr. Máirtín Ó Méalóid

Bhí, agus maidir leis an Teachta Connolly ar an bpointe sin, beidh an páipéar ar an tslí chuici anois, geallaim di.

Maidir leis na pointí nó na ceisteanna a chuir an Teachta Ó Muineacháin ansin ó thaobh an chéatadáin d'am oibre a gcuirtear isteach ag iarraidh maoinithe srl., níl mé in ann céatadán a chuir air sin anois ach is féidir liom é sin a phlé le mo chuid comhghleacaithe agus teacht suas le figiúr éigin ansin.

Maidir le ceisteanna tithíochta agus ó thaobh aighneachtaí, teimpléid agus an rud sin ar fad, agus ag breathnú ansin ar cheist tithíochta sa Ghaeltacht, agus gan amhras ar na hoileáin, is jab é sin gur cheart a bheith á dhéanamh ag an Rialtas. Is é sin go mbeadh sé ag breathnú ar céard iad na difríochtaí atá ann idir an rud atá ag teastáil sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di, nó an rud atá ag teastáil in aon cheantar áirithe seachas aon cheantar eile. Cosúil leis na polasaithe atá á réiteach faoi láthair le haghaidh na n-oileán agus leis an méid a bhí mé á rá ansin níos luaithe, b'fhéidir gur cheart go mbeadh polasaithe áirithe á réiteach freisin le haghaidh na gceantar Gaeltachta a thabharfadh aitheantas don difríocht idir, mar shampla, ceist phleanála istigh in áit éigin i lár na Gaeltachta seachas in áit éigin eile i lár na tíre, mar tá difríochtaí ann maidir leis an gcineál tithíochta nó an struchtúr a bheadh ann maidir le tithíocht, tithíochta shóisialta, agus mar sin de.

Tá fáilte roimh Páidí Ó Sé agus Máirtín Ó Méalóid anseo. Tá sé gaofar i gCorca Dhuibhne, de réir mar atá feicthe agam anois.

Aontaím le Páidí Ó Sé mar gheall ar an múnla, ach dírím ar an gceist a bhí ag an Teachta Connolly. Conas ar éirigh le Páidí Ó Sé le linn dó a bheith ag déileáil le Comhairle Contae Chiarraí ina iomlán? Bhí mé ag caint le duine éigin sa chomhairle contae sin agus dúirt sé liom go raibh litir faighte ag an gcomhairle contae ón gcomhchoiste mar gheall ar chúrsaí pleanála. Tá an comhairle contae ag iarraidh an plean pleanála a chur i bhfeidhm. Tá feasacht níos mó aici mar gheall ar chúrsaí pleanála ó theagmháil an choiste seo léi.

Cad iad tuairimí ár n-aíonna mar gheall ar mhúinteoirí breise? Bhí múinteoir ag caint liom ó Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus tá seans ann go gcaillfidh siad múinteoir an bhliain seo chugainn.

An mbeimid ábalta brú a chur ar an Aire múinteoirí breise a chur ar fáil sna ceantair sin chun cúrsaí Gaolainne a chur i bhfeidhm? Cén tionchar a bhí ag Covid-19 ar chúrsaí eacnamaíochta agus ar phoist sa Ghaeltacht, go mórmhór i nGaeltacht Chorca Dhuibhne? An bhfuil Comhlachas na gComharchumann & Comhlachtaí Pobalbhunaithe sásta leis an gcabhair a bhfuair sé ó Rialtas?

Gabhaim buíochas leis an Chathaoirleach as an chruinniú seo a eagrú. Tá sé iontach tábhachtach. Is deas an rud é Máirtín Ó Méalóid agus Páidí Ó Sé a fheiceáil agus a chloisteáil arís agus a bheith ag éisteacht le canúint na Mumhan. Táim dóchasach go mbeidh achan rud i gceart ar Oileán Chléire agus i gCorca Dhuibhne fosta. Ní bheimid ag labhairt fá dtaobh den pheil inniu ach beidh na finnéithe sásta leis sin.

Gabhaim buíochas leis na leaids agus leis an fhoireann uilig a bhí ag obair ar an talamh agus aithním iad. Ní raibh seans agam dul go dtí Oileáin Chléire, mar atá a fhios ag Máirtín Ó Méalóid, ach bhí mé i gCorca Dhuibhne agus is léir go bhfuil níos mó oibre déanta. Níl díograis, tábhacht ná tiomantas an chomhlachais i gceist. Tá sé ag bogadh ar aghaidh. Mar a dúirt an Seanadóir Kyne, tá an comhlachas i gcónaí ag troid ar son an phobail, ár n-oidhreachta, ár gcultúir agus ár dteanga. Is é sin an dúshlán atá roimhe agus aithním é sin arís.

Tá ceist agam do Pháidí Ó Sé. Cén tuairim atá aige faoi na deiseanna ná na míbhuntáistí atá ag tuismitheoirí atá ag tógáil a gcuid pháistí trí Ghaeilge? Cad iad na dúshláin atá ag tuismitheoirí gan Ghaeilge a bhfuil páistí acu a fhreastalaíonn ar réamhscoileanna ná bunscoileanna Gaeilge? B'fhéidir go mbíonn siad ag streachailt agus iad ag iarraidh cabhair a thabhairt dá bpáistí agus iad ag déanamh a n-obair bhaile. An bhfuil deiseanna ann cuidiú a thabhairt do thuismitheoirí atá ag streachailt leis na rudaí sin?

Ó thaobh na n-oileán de, an bhfuil Máirtín Ó Méalóid sásta leis an chóimheas idir daltaí agus múinteoir atá ann i mbunscoileanna na n-oileán? Tá a fhios aige go bhfuil cóimheas difriúil ar na hoileáin i gcomparáid leis an chóimheas ar an mhórthír. Sin an dá cheist atá agam. Arís, tá deiseanna ann inniu fá choinne na rudaí atá ag tarlú ar an talamh. Tá muidne ar fáil chun aon chuidiú is féidir a thabhairt i ndiaidh an chruinnithe.

Mr. Máirtín Ó Méalóid

Scaoilfidh mé Páidí Ó Sé ar dtús.

Mr. Páidí Ó Sé

Táim ag scríobh an-tapa chun cuimhneamh ar na ceisteanna. Conas a dhéanann Teachtaí é sa Dáil? Tógfaidh mé an cheist a chur an Teachta Daly maidir leis an gcomhairle contae. Deirim i gcónaí é agus déarfaidh mé arís é: nuair a bhuaileann duine le hoifigeach, mar shampla má tá sé nó sí ag dul i gcomhair tigh a thógáil in aon cheantar i gCiarraí, tagann leabhar rialacha amach. Is dócha gurb é an leabhar a fhaigheann siad san ollscoil ó thaobh conas stop a chur le tigh a thógáil. I ndáiríre is é an rud atá ann, mar a dúirt an Teachta i dtosach, ná feasacht teanga. Níl sé sa mhúnla go dtuigfidh siad go hiomlán an tábhacht atá ag an nGaolainn. Dúirt fear cáiliúil sa cheantar seo nach mbeidh fágtha ar na crainn ach na préacháin. Chuireamar trí aighneacht isteach go dtí an chomhairle contae don phlean nua atá á chur le chéile. Tá an Ghaolainn lárnach leis sin. Le cúnamh Dé, tiocfaidh sé amach ach, mar a deirim, tá sé teoranta mar tá rialacha an Stáit le cur i bhfeidhm i gCiarraí sula ndéantar aon rud. Má theastaíonn ó mo mhac tigh a thógáil in Ard na Caithne, ní bheidh cead aige de réir na rialacha atá ann faoi láthair. Beidh air baile Ard na Caithne, áit a raibh cónaí ar a shin-seanathair agus a shin-sin-seanathair agus siar ar fad, a fhágáil agus dul isteach go baile an Daingin nó áit éigin. Nílim ag cáineadh bhaile an Daingin ach ní theastaíonn uaidh cónaí ann.

Tá sé sin ag tarlú ar fud an cheantair. Tá duine éigin ag iarraidh cead pleanála le 12 bliain anuas. Bhog sí suíomh an tí molta ó ghort amháin go gort eile arís agus arís eile. Tá sí anois ar ais sa chéad ghort gur insíodh léi nár cheart di dul ann an chéad lá. Bíonn an-chuid deacrachtaí ann ach bíonn torthaí ann. Deireann an chomhairle contae, má fhéachtar ar an méid tithe atá ag tógáil sa cheantar, go bhfuarthas 20 iarratas ar chead pleanála agus fuair 19 cead. I ndáiríre is é an rud a tharlaíonn ná deirtear le daoine a bhfuil cead á lorg acu an t-iarratas a tharraingt siar mar ní bhfaighfear cead. Níl na stats go hiomlán cruinn.

Ó thaobh múinteoirí de, tá sé deacair sna Gaeltachtaí. Tá scoileanna beaga ann. Ní dóigh liom gur fadhb é sna ceantair Ghaeltachta amháin ach in aon áit sa tír ar fad ina bhfuil an daonra tite. B'fhéidir gur cheart féachaint ar an tslí ina gcomhairtear an líon múinteoirí ar cheart a bheadh ag scoil. Maidir le scoileanna Gaeltachta, más rud é go bhfuil dualgas ar an Stát tacaíocht a thabhairt don Ghaolainn, ba cheart go mbeadh polasaí ann, mar atá ann sna hoileáin mar a dúirt Máirtín Ó Méalóid, chun go mbeadh ar gach píosa de réimse an Stáit, seachas an Roinn Oideachas agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán amháin, an tábhacht atá leis na múinteoirí sin a choimeád sna scoileanna Gaeltachta a aithint.

Maidir le toradh eacnamaíochta Covid-19, tá cúpla eagraíocht laistigh sa tigh seo, na ceanneagraíochtaí. Fuaireamar tacaíocht an-mhaith ón Stát tríd an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun go mairimis i mbliana. Conas a bheidh 2021? Is an-cheist í sin. Níl aon tuairim againn. An mbeidh na heagraíochtaí atá againn sa phobal ábalta maireachtáil? Taobh amuigh, tá an pobal faoi bhrú. Tá pubanna ar an mBuailtín, agus ní osclóidh siad because cosnaíonn sé níos mó dóibh oscailt don Nollaig seachas a bheith dúnta. Fiú ó thaobh ár n-eagraíochta féin, an mbeidh cúrsaí ann sa samhradh? Is ceist é sin. Beidh sé níos costasaí iad a reáchtáil má chuirtear srianta orthu ná gnáthchúrsaí ar a bhfuil an gnáthuimhir ag teacht a reáchtáil. Tá an-chuid rialacha nua istigh.

Gabhaim míle buíochas leis an Teachta McHugh. Thug sé cúpla cuairt orainn. Sheol sé plean teanga Chiarraí thiar. Cén tacaíochtaí atá ann do thuismitheoirí? Tá eagraíocht sa tigh seo darb ainm Tús Maith. Is eagraíocht iontach é a thugann cabhair do dhaltaí. Tá tuairisc le foilsiú ag an Roinn, le cúnamh Dé, a thaispeánfaidh an tábhacht atá le cabhair a thabhairt do dhaltaí sula dtéann siad go dtí an naíonra. Ón uair a shaoilaítear an leanbh, nach mór, bíonn baint againn leo. Is turas é sin a bhíonn ar fáil go pobal Chorca Dhuibhne. Le cúnamh Dé, beidh sé ar fáil do phobal chúige Mumhan. Beidh deis ag tuismitheoirí nach bhfuil Gaolainn chomh maith acu ach a bhfuil leanaí óga acu agus a dhéanann cinneadh Gaolainn a labhairt. Chabhrófaí leo an turas sin a thabhairt chun cinn. Sula dtagann siad go dtí an naíonra, bheadh na focail chearta acu ó thaobh na Gaolainne. Is rud é sin atá maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le cúpla bliain anuas. Is rud iontach é.

Ó thaobh polasaí na scoileanna, tá polasaí oideachais Ghaeltachta an-mhaith tagtha le cúpla bliain anuas. Is é an rud atá tábhachtach anseo cosúil leis an gcead pleanála. Is minic a gheofar cead pleanála do thigh. Nuair atá an cead faighte, bíonn rialacha ann atá bainteach leis an teanga ach ní leanann an Stát suas le fáil amach an bhfuil na spriocanna a bhí bainteach leis an bplean a leagadh amach an chéad lá á mbaint amach. Caithfidh follow-up a bheith ann leis na heagrais Stáit le cinntiú go bhfuil coinníollacha teanga á gcur i bhfeidhm i dtigh nó go bhfuil an polasaí ó thaobh na Gaolainne á chur i bhfeidhm sna scoileanna. Nílim ag rá nach bhfuil iarracht á déanamh sna scoileanna. Tá siad ag baint an-chuid amach ach ba cheart go mbeadh na polasaithe agus na rialacha atá le cur i bhfeidhm leanúnach agus ba cheart go ndéanfar athbhreithniú orthu tar éis cúpla bliain.

Mr. Máirtín Ó Méalóid

Is deas an rud é an Teachta McHugh a fheiceáil arís. Tá mé tar éis nasc a chur isteach sa chairt atáim ag roinnt ar Teams. Is nasc go dtí an t-eagrán den ETBI Journal of Education a tháinig amach ar an 2 Samhain i mbliana é. Tá cúpla alt spéisiúil ansin. Tá alt amháin faoi oideachas sa Ghaeltacht. Tá píosa ann freisin a scríobh Tomás Mac Pháidín, atá ar bhord Comhdháil Oileáin na hÉireann. Gheobhaidh an Teachta McHugh perspective Thomás Mac Pháidín istigh sa rud sin.

Maidir leis an gcóimheas idir daltaí agus múinteoirí ar na hoileáin, táim chun a bheith macánta agus a rá nach bhfuil aon saineolas faoi leith agam air sin. Arís, cuirfidh mé an cheist sin ar aghaidh go dtí Tomás Mac Pháidín agus beimid ar ais chuig an Teachta maidir leis. Sin mo fhreagra maidir leis an dá cheist sin, má tá sé sin ceart go leor.

Tá ceist amháin agam. Má tá aon cheist eile ann, cuirfimid iad ina dhiaidh. Tá na comharchumainn bogtha ar aghaidh ón gcéad uair a chonaic mise iad lonnaithe i prefabs i gCorca Dhuibhne fadó. Tá éacht déanta acu sa tréimhse sin fiú le maireachtáil. Tá na dúshláin chéanna ann agus a bhí ann nuair a chonaic mise na comharchumainn don chéad uair sna 1970í nó níos luaithe. Tá ceist agam ó thaobh na bhfoirgneamh atá ag na comharchumainn agus na heagrais pobalbhunaithe. Tá a fhios agam go bhfuil cinn Béarla ann. An féidir leis na finnéithe nasc don tuairisc sin mar gheall ar an gcomparáid idir iad agus na comharchumainn i gceantair Ghaeltachta a sheoladh ar aghaidh? Bhí sé sin an-áisiúil nuair a bhí an comhlachas agus Conradh na Gaeilge ag déanamh comparáide idir Údarás na Gaeltachta agus IDA Ireland agus a leithéid. Is féidir linn a léiriú do na hAirí atá i gceannas go bhfuil botún á dhéanamh. B'fhéidir gurb é sin an bealach is fearr chun é sin a rá faoi láthair. An bhfuil an fhadhb chéanna ag an gcomhlachas agus atá ag an Údarás, is é sin go bhfuil a lán de na foirgnimh atá aige sean agus go bhfuil gá le hathchóiriú, trealamh nua agus foirgnimh nua? Más fíor sin, conas is féidir leis an gcoiste nó le Teachtaí i gcoitinne cuidiú leis an gcomhlachas chun an obair sin a dhéanamh?

Gabhaim buíochas leis na finnéithe arís as a bheith linn. Is oth liom go raibh orainn iad a thabhairt isteach chomh tapa sin ach bhí spás againn agus cheap mé gur cheart an deis a thapú chun éisteacht a thabhairt dóibh seachas an cruinniú a chur ar athló toisc gurb é an chéad rud eile atá romhainn ná Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019, a bhfuil gach duine ag tnúth leis. Má tá aon mhoill air ó thaobh leasuithe nó mar sin, b'fhéidir go mbeidh orainn fanacht cúpla mí sula sroichfimid an comhlachas arís. Thapaigh muid an deis mar sin.

Mr. Máirtín Ó Méalóid

Maidir leis an méid a dúirt an Cathaoirleach i dtaobh foirgneamh agus daoine a bheith istigh i Portakabins, tá daoine fós istigh i Portakabins nó i bhfoirgnimh sean a bhfuil gá ann athnuachan a dhéanamh orthu nó iad a leagadh agus a atógáil. Go deimhin, tá sé sin ag tarlú i gcás foirgneamh beag amháin faoi láthair. Bheadh spás anseo le níos mó den chineál oibre sin a dhéanamh. Is cinnte go bhfuil an rud a dúirt an Cathaoirleach fíor: tá gá le breis infheistíochta sna Gaeltachtaí le cuid de na seanfhoirgnimh sin a athnuachan. Arís, nílim ag iarraidh a bheith ag déanamh comparáide ach tá daoine ag obair istigh in oifigí in áiteanna éagsúla nach bhfuil iontach i gcomparáid le háiteanna eile.

Bhí aithne ag an gCathaoirleach ar m'athair féin. Is cuimhin liom go raibh muid ag caint faoi áit éigin a bhí tógtha. Bhí sé cosúil le rud éigin a bheadh ag Páidí Ó Sé na laethanta seo. Bhíomar ag caint faoin bhfoirgneamh nua-aoiseach seo a bhí tógtha i gceantar Gaeltachta. Is cuimhin liom go díreach an rud a dúirt m'athair faoi. Dúirt sé go raibh muid sách fada bocht agus, go deimhin, bhí an ceart aige ansin.

Ag breathnú ar fhigiúirí, tá ardú tagtha ar na buiséid chaipitil éagsúla le haghaidh Údarás na Gaeltachta le cúpla bliain anuas agus, go deimhin, beidh ardú arís i mbliana agus in 2021 ach, an oiread le haon rud eile, bheadh neart spáis ann le haghaidh níos mó arduithe. Dá mbeadh níos mó maoinithe le haghaidh oibrithe caipitil ar fáil ag Údarás na Gaeltachta tríd an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán nó trí pé sruth nó bealach eile, bheadh neart spáis ann a leithéid de mhaoiniú a chaitheamh agus níos mó obair forbartha a dhéanamh. Bheadh níos mó ar fáil i dtaobh forbairt fiontraíochta agus i dtaobh turasóireachta cultúrtha agus Gaeltachta agus na rudaí sin ar fad.

Le bheith féaráilte, caithfear aitheantas a thabhairt do na harduithe atá tagtha le cúpla bliain anuas a luaigh mé. Ag an am céanna, caithfear aitheantas a thabhairt freisin go bhfuil riachtanais ann agus go bhfuil méid áirithe le cúnamh. Tá folúntais ann agus bheadh gá ann iad a líonadh. I dtaobh an obair atá ar siúl ar an talamh, ba mhaith liom a rá agus an seans agam inniu agus mé ag caint leis an gcoiste, thar ceann Comhlachas na gComharchumann & Comhlachtaí Pobalbhunaithe, go gcuireann mé féin agus mo chomhghleacaithe uaireanta fada oibre isteach ar son na bpobal Gaeltachta agus tá a fhios againn go bhfuil roinnt mhaith daoine ann a thuigeann an obair sin agus go bhfuil roinnt mhaith ann nach dtuigeann an ról atá ag na comharchumainn agus na comhlachtaí sin. Glacfaidh mé an seans seo chun a rá go bhfuil gach tacaíocht gur féidir linn a fháil ag teastáil. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis labhairt leis. Scaoilfidh mé isteach Páidí Ó Sé má tá aon rud eile le rá aige.

Mr. Páidí Ó Sé

Tá pointe beag le déanamh agam. Tá an-obair déanta ag Cathy Ní Ghoill, atá mar chathaoirleach ar Chomhlachas na gComharchumann & Comhlachtaí Pobalbhunaithe, le blianta anuas. Tá obair an-mhaith déanta ag Conradh na Gaeilge. Níl aon dabht ach go bhfuil tacaíocht níos fearr ag teacht ón Údarás agus ón Roinn le blianta anuas freisin. An bhfuil cothromaíocht ann i gcomparáid le conas a bhí an tacaíocht sna blianta siar ó shin? Is ceist í sin i ndáiríre. Caithfear a bheith dóchasach go bhfuil rudaí ag dul sa treo ceart. An bhfuilimid ann? Níl. An bhfuilimid ag dul sa treo ceart? Tá. Taispeánann na cáipéisí atá déanta ag Conradh na Gaeilge agus ag na heagraíochtaí pobalbhunaithe an difríocht idir an tacaíocht atá ann don Ghaeltacht agus do cheantair taobh amuigh di. Más féidir linn dul i dtreo cothromaíochta maidir leis an tacaíocht sin, ceapaim go mbeidh muid in áit i bhfad níos fearr. Gabhaim míle buíochas do bhaill an choiste. Tá súil agam go dtabharfaidh siad aire dóibh féin.

Cuirfimid críoch leis an gcuid seo den chruinniú. Thar ceann an coiste, gabhaim buíochas leis na finnéithe. Má tá tuairimí acu nó má tá siad ag iarraidh tuairiscí nó aon rud mar sin a roinnt linn, ba cheart go gcuirfidh siad ar aghaidh iad agus roinnfear iad leis na baill. Má tá moltaí acu do na hAirí, beidh siad os ár gcomhair am éigin. Is cuireadh oscailte é sin do na heagrais Ghaeilge. Más mian leo moltaí nó nótaí a chur ar aghaidh, is féidir linn iad a chur faoi bhráid na nAirí nuair a thagann siad os ár gcomhair.

Mr. Máirtín Ó Méalóid

Glacaim leis go seolfaimid aon cháipéisí atáimid ag iarraidh iad a chur ar aghaidh go Eugene Ó Cruadhlaíoch nó go Leah O'Neill a bhí i dteagmháil linn inniu agus inné.

Sin é go díreach.

Mr. Máirtín Ó Méalóid

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis na comhaltaí ar fad.

Mr. Páidí Ó Sé

Nollaig shona.

Tháinig an Nollaig go tobann.

Sin deireadh leis an gcuid sin den chruinniú. Muna bhfuil aon rud eile le plé ag aon chomhalta, cuirfidh mé an cruinniú seo ar athló go dtí an 9 Nollaig 2020 ag 2 p.m., nuair a bheidh an t-abhchóide, Cynthia Ní Mhurchú agus an scríbhneoir, Liam Mac Cóil, os ár gcomhair chun an dualgas atá ann leasuithe agus forálacha éifeachtacha a chur i mBille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019, leasuithe agus forálacha a chinnteoidh seirbhísí poiblí dhátheangacha do phobal na Gaeltachta agus do phobal labhartha na Gaeilge chomh luath agus is féidir, a phlé linn.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 3.20 p.m. go dtí 2 p.m., Dé Céadaoin, 9 Nollaig 2020.
Top
Share