Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge debate -
Wednesday, 9 Dec 2020

Gnó an Chomhchoiste

Tá leithscéalta faighte againn ón Seanadóir Niall Ó Donnghaile agus ón Teachta Pa Daly. Iarraim ar na comhaltaí atá anseo suí ar an mbord amháin. Tá sé sin déanta acu. Ar dtús báire, déanfaimid déileáil le miontuairiscí ár gcruinnithe dar dáta 2 Nollaig 2020. Tá an rúnaíocht tar éis dréachtmhiontuairiscí an chruinnithe a scaipeadh roimh an gcruinniú. Maidir leis sin, is mian liom cur in iúl do chomhaltaí go bhfuil Foras na Gaeilge tar éis freagraí scríofa ar na ceisteanna a chuir an Seanadóir Ó Donnghaile i rith ár gcruinnithe ar an 19 Samhain a sheoladh chugainn. Is i mír chomhfhreagrais F072 a aimsítear iad. Ag eascairt as na miontuairiscí, comhaontaíodh ag ár gcruinniú ar an 2 Nollaig go ndéanfaimis cinneadh maidir le mír chomhfhreagrais F053 ón Aire Stáit dar dáta 24 Samhain 2020. Déanfaimid amhlaidh faoi mhír 3 den chruinniú seo. Tiocfaimid ar ais chuige sin. Ó thaobh na miontuairiscí de, ní bhfuair muid aon nóta ó Mháirtín Ó Méalóid nó ó Chomhlachas na gComharchumann & Comhlachtaí Pobalbhunaithe cé gur gheall siad go seolfaidís é sin chugainn.

Déanfaimid é sin a mheabhrú dó, más féidir, ionas go mbeidh taifead iomlán againn. Lorg an Teachta Connolly go mbeadh sé sin os ár gcomhair más féidir. An aontaítear na miontuairiscí atá os ár gcomhair? Aontaítear.

Tagraím do na míreanna comhfhreagras Uimh. F058 go dtí Uimh. F067. Molaim go dtugtar Uimh. F058 faoi deara agus go gcuirfidh muid in iúl don chomhfhreagraí go ndéantar gnó an chomhchoiste trí mheán na Gaeilge go huile is go hiomlán agus go gcuirtear seirbhís dátheangach ar fáil nuair is gá. Beidh sé sin ar fáil arís i mí Eanáir. Tá fadhb againn mar níl ateangaireacht ann dóibh siúd nach dtuigeann an Ghaeilge ach beidh sé ar fáil againn san athbhliain. An fhadhb leis sin ná Covid-19, so beidh sin réitithe. An aontaítear leis sin? Aontaítear.

Ar mhaith le haon chomhalta déileáil le hUimh. F059? Seo an litir ó Michael McKeown, príomhoifigeach cúnta sa rannóg acmhainní daonna sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tugtar figiúirí sa litir maidir le hearcaíochta dátheangach sa státseirbhís ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 30 Meán Fómhair 2020.

B'fhéidir go mbeidh muid in ann teacht ar ais chuig an litir seo ach tá sé suntasach go bhfuil an litir uilig i mBéarla. B'fhéidir go dtiocfaidh muid ar ais chuige nuair atá an Bille-----

Sin mír difriúil. Tá an mír seo i nGaeilge.

Cheap mé go raibh muid ag caint faoin Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Caithfimid teacht ar ais chuig an ceist seo ar aon chaoi mar tá sé i gceist leis an gcuireadh a bhí an coiste ag déanamh roimhe seo agus tá sé an-soiléir cé chomh tubaisteach agus atá earcaíocht ó thaobh na Gaeilge laistigh den státseirbhís ó na figiúirí sin. Déanfaidh muid plé air sin nuair atá an deis againn san athbhliain. An aontaítear leis sin? Aontaítear.

Na céad míreanna eile ná Uimh. F060 agus Uimh. F061. Seo an comhfhreagras a sheol An Garda Síochána chuig an Coimisinéir Teanga i mbliana a thugann cur síos ar fhreagra An Gharda Síochána ar an tuarascáil faireacháin 2019. Cuirtear in iúl dúinn freisin nach bhfuil Coimisinéir an Gharda Síochána ar fáil ar an 17 Nollaig chun teacht os comhair an chomhchoiste agus iarrtar orainn a dheimhniú an bhfuil gá fós ag Coimisinéir an Gharda Síochána teacht os ár gcomhair. Tá tuairisc cuibheasach cuimsitheach don Choimisinéir Teanga sa mhéid a thug An Garda Síochána. Is ar chomhaltaí an cinneadh. An ndéanfaimid é a nótáil nó an leanfaidh muid leis an gcuireadh a chuir muid chuig Coimisinéir an Gharda Síochána teacht os ár gcomhair ag am éigin san athbhliain?

Leanfaidh muid.

Leanfaidh muid leis an gcinneadh sin agus déanfaimid iarracht dáta a eagrú i mí Eanáir nó i mí Feabhra, más féidir, chun éisteacht a thabhairt dó mar tá ceisteanna sa mhéid a chuir sé os comhair an Choimisinéara Teanga agus os ár gcomhair gur chóir dúinn a phlé. Aontaítear leis sin.

Ar mhaith le haon chomhalta comhfhreagras ó Fhoras na Gaeilge le freagraí ar cheisteanna ón Seanadóir Ó Donnghaile, nach bhfuil anseo, a phlé? Sin mír Uimh. F062. Cuirfidh muid é sin ar athlá go dtí an chéad cruinniú eile toisc nach bhfuil an Seanadóir anseo.

Tagraím do mhír Uimh. F063. Tugaim faoi deara go bhfuil an Ceann Comhairle tar éis scríobh chugainn maidir leis an gcoróinvíreas agus go bhfuil an comhfhreagras sin uainn i mBéarla seachas i nGaeilge, teanga oibre an chomhchoiste. D'iarramar ar an gCeann Comhairle cheana féin ar an 9 Samhain scríobh chuig an chomhchoiste as Gaeilge as seo amach chomh fada agus is féidir nuair a scríobhann sé chugainn maidir le cúrsaí i dTithe an Oireachtais. Fuair muid litir as Béarla arís mar sin ba chóir dúinn gearán a dhéanamh leis an gCeann Comhairle arís agus nuair a thagann an comhfhreagras go ndéanfaidh muid déileáil leis nuair atá sé as Gaeilge. An aontaítear leis sin? Aontaítear.

An chéad mír eile ná Uimh. F064. Seo litir ó chraobh na hÉireann den Chonradh Ceilteach ag gabháil buíochas linn as déileáil leis an gcomhfhreagras uaidh an tseachtain seo chaite.

Tá Uimh. F065 ó Sheán Tadhg Ó Gairbhí ag gabháil buíochas linn gur roinn muid an méid a bhí le rá ag tuairisc.ie mar gheall ar Bhille na dteangacha oifigiúla ar chomhaltaí.

Ar mhaith le haon chomhalta déileáil le hUimh. F066 ó lárionad na Gaeilge in Ollscoil Maigh Nuad le haighneacht maidir le agus a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus an moladh go mbeadh 20% de na daoine nua a earcófar sa seirbhís poiblí inniúil ar an nGaeilge? Tá nóta uathu. Is féidir linn é a phlé agus muid ag plé an reachtaíocht féin, is féidir linn díriú isteach air má tá seans againn amach anseo nó is féidir linn é díreach a nótáil. An ndéanfaimid é a nótáil?

Bheadh sé cabhrach dúinn mar choiste. Chuir muid an cheist i dtús báire cé hiad na heagraíochtaí ba chóir a bheith os ár gcomhair. Bheadh sé sin cabhrach má tá am éigin i mí Eanáir.

Tá vóta anois ach ba mhaith liom é a phlé i mí Eanáir b'fhéidir.

Tá roinnt stuif ann atá gafa leis an reachtaíocht ach déanfaimid iad a chur ar an liosta ar aon chaoi maidir le grúpaí. Nuair a táimid ag déanamh an plean don bhliain seo chugainn, beidh sé ar an liosta atá an cléireach chun cur le chéile agus a scaipeadh orainn an tseachtain seo chugainn mar chabhair dúinn nuair a thagaimid le chéile i mí Eanáir leis an bplean don bhliain úr.

Tagraím do mhír Uimh. F067. Tá rúnaí an coiste tar éis ceist a chur ar Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Tá an mír seo maidir leis an athbhreithniú ar Bhille na dteangacha oifigiúla agus go gcuirfear é seo siar. Seo an nóta a fuair muid ó rúnaíocht na gcoistí inné. Chonaic comhaltaí é seo ar tuairisc.ie agus scaip muid é seo ar chomhaltaí a luaithe agus a fuair muid é. Seo an litir ó sheirbhísíocht na Tithe ag rá nach bhfuil sé in ann déileáil leis na leasuithe agus iad a chur ar fáil don choiste roimh amárach agus mar sin gur gá dúinn Céim an Choiste a chur ar athlá go dtí Mí Eanáir.

Sula ligfidh mé na comhaltaí eile isteach, ba mhaith liom a rá go bhfuil fadhb mór agam maidir leis seo. Tá a fhios agam gur tháinig dhá thrian de na leasuithe uaim. Chuir mé isteach iad breis agus seachtain roimh an dáta a sonraíodh. Labhair mé leo agus d'iarr mé orthu an raibh gá dom impí ar chomhaltaí eile leasuithe a chur isteach roimh ré chun cuidiú leo. Dúirt siad nach raibh fadhb ann agus ansin ag an nóiméad deireanach faighimid amach uathu go bhfuil fadhb ann agus nach féidir leo an gnó atá acu a dhéanamh de thairbhe easpa foirne nó de thairbhe cé chomh costasach agus atá sé maidir le reachtaíocht atá dátheangach.

Bhí ar Oifig na mBillí aon leasú a chuir muid isteach a aistriú go Béarla toisc go bhfuil an Bille seo dátheangach agus toisc gur gá leis an téacs a bheith dátheangach freisin. Tá díomá mhór orm faoi. Creid nó ná creid, d'fhéadfadh sé seo a tharlú arís i mí Eanáir toisc go mbeidh an Bille oscailte i gcomhair leasuithe breise arís toisc nach bhfuilimid ag déileáil leis amárach. Socrófar spriocdháta nua nuair a roghnaíonn an coiste dáta leis an bplé a thosú inniu. Is spriocdháta flaithiúil é. Is féidir leasuithe a chur isteach suas go dtí ceithre lá roimh ré. Má chuireann aon chomhalta a lán leasuithe isteach, tá seans ann go mbeidh fadhb againn arís. D'inis an oifig liom go mbeidh an méid atá os ár gcomhair faoi láthair - na 300 leasú seo - réidh ag an oifig i mí Eanáir. San áireamh sa 300 sin tá leasuithe an Aire Stáit, mo chinn féin agus leasuithe chomhaltaí eile an choiste seo. Tá díomá mhór orm.

Más rud é go n-aontaíonn na baill liom, tá sé i gceist agam scríobh chuig an gCeann Comhairle thar ceann an choiste chun na ceisteanna seo a leanas a chur. Conas a tharla é seo? Conas is féidir linn cinntiú nach dtarlaíonn sé arís má tá reachtaíocht i nGaeilge nó reachtaíocht dhátheangach á plé? Is rud an-tromchúiseach é ó thaobh chearta Teachtaí agus Seanadóirí. Nuair a thagann an Bille os comhair an tSeanaid, glacaim leis nach mbeidh córas Thithe an Oireachtais in ann déileáil leis. An mian le héinne eile caint faoin ábhar seo?

Aontaím le mothúcháin an Chathaoirligh. Tá sé dochreidte go bhfuilimid ag déileáil leis an mBille seo, a bhfuil baint aige le seirbhísí Gaeilge, agus nach bhfuil muid in ann seirbhísí a fháil leis an mBille a bhainistiú. Ba cheart scríobh díreach chuig an gCeann Comhairle, as Béarla agus as Gaeilge, chun a leagan amach go bhfuil an-fhearg ar an gcoiste. Mar a dúirt an Cathaoirleach, leagadh amach sceideal an Bhille seachtainí ó shin. Rinne muid plé ar é a dhéanamh níos déanaí agus ní raibh aon fhadhb ag an oifig ag an am sin.

Ní raibh.

Tá sé an-tábhachtach go scríobhfaimid díreach chuig an gCeann Comhairle, cé gur féidir leis an bhfadhb chéanna a bheith againn tar éis na Nollag.

Is dócha go bhfuil dearcadh eile agam. Aontaím leis an gCathaoirleach agus tá díomá orm ar leibhéal amháin ach, ar leibhéal eile, níl an Bille sásúil beag nó mór agus ní raibh seans dá laghad go mbeadh sé críochnaithe roimh an Nollaig in ainneoin an méid atá ráite ag an Rialtas. Ar ndóigh, cuireadh in iúl dúinn go raibh díomá ar an Aire Stáit nach raibh muid ag déileáil leis chomh sciobtha agus ba chóir dúinn ach ní raibh an Bille curtha os ár gcomhair fiú. Rinne an Rialtas botún agus sheol sé an Bille chuig an gcoiste mícheart. Sin mo chéad phointe.

Is é mo dhara pointe ná go raibh sé soiléir ón tús go mbeadh an fhadhb sin ann. Tá tuiscint agam ar Oifig na mBillí. Bhí sé thar a bheith deacair di. Is é an rud atá ag teastáil ná léargas ó thaobh na hacmhainní breise atá ag teastáil uaithi chun déileáil leis an rud seo.

Tá an Bille lag amach is amach. Tá drogall orm é sin a rá mar chuir chuile bhall den choiste, agus an iarAire Stáit atá ina bhall anois, an t-uafás oibre isteach. Rinne an Roinn a dhícheall ach, i ndeireadh na Dála, bhí an rud a foilsíodh lag amach is amach. Ní raibh caint ar bith faoi chearta bunúsacha ann. Ní raibh comhthéacs ar bith leis. Tá teideal an Bhille fiú easnamhach amach is amach. Ní chuireann an Bille an rud sa chomhthéacs go bhfuil géarchéim ann ó thaobh na teanga de ar chuile leibhéal, ach go háirithe san earnáil phoiblí. Is í sin an fhadhb atá agam.

Táimid faoi bhrú an Bille a chur chun cinn ionas go n-achtófar é roimh an Nollaig. Ní raibh seans dá laghad riamh go dtarlóidh é sin agus tá an locht ar an mBille féin mar tá sé lag amach is amach. Léiríonn an méid leasuithe a cuireadh isteach chomh lag is atá sé. Tá breis is 300 leasú molta. Ní féidir le hOifig na mBillí déileáil leo siúd. Bhí mé féin faoi bhrú leasuithe a chur isteach de bharr easpa ama. Tá trua agam d'Oifig na mBillí ach níl trua agam don Rialtas. Is Bille lag amach is amach é. B'fhéidir go mbeimid in ann obair as lámh a chéile agus le chéile tar éis na Nollag chun Bille láidir a chur chun cinn.

Aontaím gur cheart scríobh chuig an gCeann Comhairle faoin ábhar seo, faoin easpa acmhainní atá ann agus faoin moill atá curtha ar phlé an choiste maidir leis an mBille. Tá súil agam go mbeidh níos mó ama ann sa bhliain nua chun an Bille a chríochnú agus go mbeidh deireadh leis an scéal tábhachtach seo. Tá a fhios agam go raibh moill ann ach tá an Bille foilsithe le bliain anois. Cé go bhfuil deacrachtaí ag an Teachta Connolly leis, beidh deis againn iad sin a phlé san Oireachtas agus leasuithe a chur os comhair an Rialtas agus beidh Bille níos láidre againn dá bharr. Caithfimid tús a chur leis an bpróiseas chomh sciobtha agus is féidir agus an Bille a chur trí Thithe an Oireachtais chomh sciobtha agus is féidir, áfach.

Aontaím leis an méid atá ráite. Níl an locht orthu siúd atá ag déanamh iarrachta déileáil leis seo muna bhfuil go leor acmhainní acu. Tá an locht ar na daoine atá i gceannas ar na hacmhainní. Tá cinneadh eile ann gur gá dúinn a dhéanamh. Beimid ag teacht ar ais am éigin tar éis na Nollag. Cén dáta ar mhaith le daoine tús a chur leis seo? Má roghnaíonn muid dáta, tabharfar deis don Aire Stáit agus d'Oifig na mBillí plean a dhéanamh. Measaim gurb é an dáta is luaithe ar féidir linn tús a chur leis sin an dáta is fearr. Níl a fhios agam cathain a bheidh muid ar ais tar éis na Nollag. Is féidir linn teacht le chéile roimhe sin, más gá, nó ar an gCéadaoin. An bhfuil a fhios ag an gcléireach cathain a bheidh an Dáil ag filleadh tar éis na Nollag?

Clerk to the Committee

Is dáta sna déaga é ar aon nós. Níl a fhios agam.

An é an tseachtain an 16 Eanáir é?

Clerk to the Committee

Gheobhaidh mé amach. Rachaidh mé i dteagmháil le hoifig an Aire Stáit agus pléifidh mé é sin léi.

Is é an Chéadaoin, 13 Eanáir, nó an Chéadaoin, an 20 Eanáir, atá i gceist. Táim ag iarraidh cinneadh a dhéanamh toisc-----

B'fhéidir go mbeidh an 20 Eanáir níos fearr. Beidh seans ann gach duine a thabhairt le chéile.

Roghnóimid an 20 Eanáir agus cuirfimid an dáta sin in iúl don Aire Stáit agus d'Oifig na mBillí. Beidh spriocdháta nua agus amchlár ag an oifig. Déanfaimid é sin agus, ag an am céanna, táimid chun scríobh chuig an gCeann Comhairle. Tá na míreanna comhfhreagrais críochnaithe anois. Gabhaim buíochas leis an gcoiste.

Bogfaimid ar aghaidh go dtí an chéad ábhar eile, ceapacháin ar bhord TG4. Cuireadh moladh ón Aire, an Teachta Catherine Martin, os ár gcomhair an tseachtain seo caite go n-athcheapfaí beirt bhall ina mbaill den bhord ar feadh tréimhse trí bliana. Ní raibh aon eolas ag daoine faoi seo roimhe so thóg muid an deis féachaint air. An bhfuil aon tuairim ag éinne air seo nó an ndéanfaimid mar a iarr an tAire orainn? Táimid sásta glacadh le moladh an Aire. Aontaítear é sin.

Top
Share