Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Plé

Táimid chun plé a dhéanamh ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 agus ar an dualgas atá ann leasuithe agus forálacha éifeachta a chur sa Bhille a chinnteoidh seirbhísí poiblí dátheangacha do phobal na Gaeltachta agus do phobal labhartha na Gaeilge chomh luath agus is féidir. Tá Cynthia Ní Mhurchú, abhcóide, agus Liam Mac Cóil, scríbhneoir, os ár gcomhair. Cuirim fáilte rompu.

Tá aithne mhaith ag daoine orthu mar dhaoine aitheanta i measc pobal na Gaeilge. Tá an Ghaeilge curtha chun cinn acu mar chuid dá saol proifisiúnta. Tá na finnéithe lonnaithe sa seomra coiste le linn an chruinnithe seo.

Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh, 2009, siad faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo chomh fada is atá siad lonnaithe sa seomra coiste féin. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Déanfar na ráitis tosaigh a chur na finnéithe faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo.

Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de Thithe an Oireachtais, nó le hoifigeach, ina ainm nó ina hainm ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Glaoim ar Liam Mac Cóil.

Mr. Liam Mac Cóil

Táim thar a bheith bhuíoch don choiste as an deis seo a thabhairt dom, mar shaoránach aonar, labhairt leis. Táim buíoch don choiste freisin as spéis a léiriú sa mhéid atá le rá ag scríbhneoir Gaeilge atá ag saothrú sa teanga le os cionn 50 bliain anois agus a bhfuil imní air go mbeidh an Ghaeilge imithe mar theanga phobail sula mbeidh deireadh a chúrsa scríbhneoireachta sroichte aige. Ní aon áibhéil é a rá go mbreathnaíonn go leor daoine i bpobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar bhaill an choiste seo agus ar an gCoimisinéir Teanga mar chosantóirí na Gaeilge agus na Gaeltachta sa státchóras. Beagnach go bhféadfainn a rá go bhfuil siad á gcosaint ón státchóras é féin.

Athscríobh mé an méid atá le rá agam as litir a scríobh mé chuig an gCoimisinéir Teanga mí na Nollag seo caite. Tuigtear dom gur chuir an coimisinéir cóip den litir sin faoi bhráid an chomhchoiste. Tá súil agam gur féidir liom solas éigin a chaitheamh ar na ceisteanna tábhachtacha a d’ardaigh mé sa litir sin agus cabhair bheag éigin a thabhairt maidir leis na ceisteanna a fhreagairt. Ní bhaineann siad baileach le gnéithe faoi leith d’ábhar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019, nó na forálacha. Tá sé sin déanta ag daoine eile agus luaim alt an Dr. Phádraig Ó Laighin ina chomhair. Mar atá cloiste againn le lá nó dhó anuas, tá os cionn 300 leasú ar an mBille molta. Níl sé i gceist agamsa go speisialta cur leis na leasuithe sin ach ba mhaith liom labhairt faoin bpróiseas dréachtaithe féin.

Ar an ábhar sin, cuirfidh mé smaoineamh nó coincheap nó dhó faoi bhráid an choiste a d’fhéadfadh cabhrú linn an feiniméan uafásach seo a thuiscint. In ainneoin dea-thoil an Rialtais agus an Chomhaireachta, agus in ainneoin dícheall agus dúthracht an choiste seo, níl aon Bhille teanga sásúil fós againn, nó ceann leath-shásúil fiú, tar éis tréimhse fhada máinneála agus moilleadóireachta. Is ionann an feiniméan seo agus ceilt cearta agus cealú an daonlathais. Is beagnach gur féidir a rá gurb ionann é agus tíorántacht dhalba a bheith á imirt ar chuid shuntasach de mhuintir na tíre, sé sin, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Cén fáth an fál go haer seo? An bhfuil Dáil Éireann ag iarraidh rópa a dhéanamh as gaineamh? An bhfuil pobal na Gaeilge, an Coimisinéir Teanga, an coiste seo agus fiú an Rialtas féin ag tógáil caisleán san aer nó ag iarraidh olann ar phocán gabhair? Cibé rud atá ag tarlú, is scannal é.

An chéad choincheap gur mhaith liom a chur faoi bhráid an choiste ná béascna. Téann an focal "béascna" siar go dtí tréimhse na sean-Gaeilge agus go dtí seandlíthe na nGael, an féineachas. Is "culture" an míniú a thugann an Foclóir Gaeilge-Béarla air agus is cultúr sa chiall antraipeolaíochta atá i gceist. In aon fhocal amháin, baineann béascna leis an saol mar a chaithimid é ó lá go lá. Is éard tá sa bhéascna, dar leis an antraipeolaí agus teangeolaí Dr. Daniel Everett, gréasán teibí a mhúnlaíonn agus a cheanglaíonn le chéile róil sóisialta, réimsí eolais, agus luachanna rangaithe. Beidh mé ag teacht ar ais ag luachanna rangaithe i gceann nóiméid. Fágann an bhéascna a lorg ar dhaoine aonair, ar a bpobal, ar a n-iompar agus ar an gcaoi a smaoiníonn siad. Tig linn béascna chomónta Éireannach a chur i gcás agus tig linn, ar an gcaoi chéanna, béascnaí éagsúla in Éirinn a chur i gcás chomh maith - fo-bhéascnaí a bhaineann le grúpaí agus le pobail faoi leith. Ní hionann béascna na Gaeilge agus béascna an Bhéarla agus ní hionann an bhéascna atá ag duine dátheangach agus béascna an duine nach bhfuil aige ach aon teanga amháin.

An dara coincheap ná eolas neamhráite. Luaigh an fealsamh agus eolaí Ungáireach, an Dr. Michael Polanyi, a tháinig chun cónaí i Sasana aimsir na Naitsithe, an téarma "tacit knowledge". Dúirt an Dr. Polanyi - is ráiteas mór aige é seo - go mbíonn níos mó ar eolas againn ná mar is féidir linn a rá i bhfocail. An sampla clasaiceach a luann sé ná marcaíocht ar rothar. I measc rudaí eile a bhaineann le heolas neamhráite tá scileanna, mar shampla uirlis cheoil a sheinm, adhmad a shníomh, pictiúr a phéinteáil, scéal a insint, nó an scil atá i gceist le Bille a dhréachtú. Ní mór a rá go dtagann scil anuas ó ghlúin go glúin. Tagann scil dréachtaithe Billí anuas ó ghlúin amháin dréachtóirí go dtí an chéad ghlúin eile in imeacht na mblianta. Tá go leor forbartha déanta ar an gcoincheap d'eolas neamhráite ó thosaigh an Dr. Polanyi ag caint air sna 1950aidí. Anois aithnítear go mbíonn eolas neamhráite ag pobail agus ag grúpaí daoine. Tugann lucht gnó eolas corparáideach nó "corporate knowledge" air i gcás comhlachta. I dtéarmaí Peter Drucker, an saineolaí ar chúrsaí gnó, is "culture" é.

Sampla eile d’eolas neamhráite grúpa, agus bainimse an-taitneamh as an sampla seo, ná trácht. Tóg trácht na Róimhe, mar shampla. Tá scéal pearsanta agam faoi sin. Bhíos cinnte go leagfaí síos mé ar thuras go dtí an Róimh blianta ó shin agus mé ag iarraidh an tsráid a thrasnú in aice leis an eaglais cháiliúil San Pietro in Montorio. Chonaic Meiriceánach mé agus thóg sé ar láimh mé. Shiúil sé amach i lár na tráchta agus mise taobh leis. Lena threoir, d’éirigh liom eaglais cháiliúil na nGael a bhaint amach slán sábháilte. Thug an fear uasal sin comhairle dom an lá sin agus ba mhaith liom an comhairle chéanna a roinnt leis an gcoiste. Dúirt sé: "You’ve got to take command".

Scríobh Everett, an t-antraipeolaí a luaigh mé ar ball, faoi "ranked values", na luachanna rangaithe ar dhlúthchuid den bhéascna iad. Sin an tríú coincheap gur mhaith liom a roinnt leis an gcoiste. Baineann sé seo le tosaíochtaí, nó na luachanna a chuirimid chun tosaigh ar luacha eile. Ní gá gurb ionann na luachanna a chuirtear chun tosaigh sa státseirbhís agus na luachanna a chuireann an Rialtas chun tosaigh, gan trácht ar an Dáil nó ar an Seanad, agus gan trácht ar chor ar bith ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Shamhlóinn go gcuirfeadh na Rúnaithe Ginearálta éifeacht agus éascaíocht oibre a Ranna féin chun tosaigh ar gach luach eile. B’fhéidir gur mar sin is ceart, ach cá bhfágann sé sin pobal na Gaeilge? Tá pobal na Gaeilge faoi léigear, agus má tá pobal baile faoi léigear níor cheart gurb iad an chéad dream a lorgaíonn siad comhairle agus cúnamh uathu ná an dream lasmuigh de na ballaí, an dream atá ag ceilt bia agus soláthairtí beatha orthu.

Má tá an teach trí thine, ní hé an chéad rud a dhéantar ná iarraidh ar an gcomhairle contae tuairisc a chur amach faoin soláthar áitiúil uisce. An chéad rud a dhéantar ná glaoch ar an mbriogáid dóiteáin. Is iad comhaltaí an choiste seo briogáid dóiteáin na Gaeilge.

Tá sé soiléir go bhfuil an córas próiseála Billí fabhtach. An mbaineann sé leis na tosaíochta luacha agus ama atá i gceist ag an státseirbhís agus ag na dréachtóirí? Má bhreathnaímid ar na clásail agus na hailt a bhfuil i gceist mar a thagann siad ar ais ón bpróiseas, gan trácht ar an milseacht bhriathar agus sínteoireacht aimsire atá i gceist, mar a dúirt Ó Néill le Mac Cochláin aimsir Chogadh na Naoi mBliana, is léir go bhfuil rud éigin amú agus go bhfuil an teach fós trí thine. An bhfuil gá le hidirghabháil de shaghas éigin nó le hidirghabhálaí? D'fhéadfadh seo a bheith ina dhuine a dhéanfadh an Bille a thionlacan tríd an bpróiseas contúirteach agus é a chosaint. Theastódh saineolas maith idirghníomhaíochta ón duine sin agus theastódh údarás mór uaidh nó uaithi. Is féidir a rá gur údarás ón Taoiseach féin a theastódh.

Níl a fhios agam. Is mar scríbhneoir agus mar úrscéalaí is mó a bhím ag obair agus ar an gcaoi sin bím ag plé le cúrsaí na hintleachta agus na samhlaíochta agus le ceird na scéalaíochta. Ní gnách dom a bheith ag plé le fadhbanna praiticiúla a bhaineann le himoibriú daoine agus grúpaí le chéile. Áfach, tá súil agam go gcabhróidh cuid de na hobair intleachta agus samhlaíochta seo leis an gcoiste san obair mhór atá ar siúl aige, go háirithe na coincheapa sin béascna, eolas neamhráite agus tosaíocht luacha.

Tá sé seanráite nach é go bhfaigheann teangacha bás ach go maraítear iad. Tá an ghráin dhearg agam ar an meafar bitheolaíoch. Mar sin féin, is uafásach an ní é le rá ach tá gach cuma ar an scéal go bhfuil riarachán na tíre seo, idir náisiúnta agus áitiúil, ag obair in éadan phobal na Gaeilge agus a dteanga agus ag cuidiú go mór le deireadh a chur leis an nGaeilge mar theanga phobail. Áfach, tá Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ann. Is fuirist atá sé an réiteach a fháil. Is ar an gcoiste atá ár seasamh. Is é an coiste a chaithfidh breith ar an maide stiúrach agus báidín beag seo Bille na dteangacha oifigiúla a sheoladh trí ghuairneáin, thar tanaí agus thar charraigeacha báite na státseirbhíse. Is é mo ghuí go mbeadh cóir ghaoithe ag an gcoiste agus go n-éireoidh leis cearta absalóideacha teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a thabhairt go cuan agus go calafort, slán sábháilte, in achar gearr ama. Guím gach rath ar chomhaltaí agus arís gabhaim buíochas ó chroí leo as an deis seo a thabhairt dom mo chuid smaointe a roinnt leo.

Iarraim ar Cynthia Ní Mhurchú a cur i láthair a dhéanamh agus ansin tógfaidh mé ceisteanna.

An bhfuil cóip den ráiteas sin ann?

Ms Cynthia Ní Mhurchú

Beidh an ráiteas ó bhéal uaim. Ba cheart do chomhaltaí éisteacht go géar agus nótaí a thógáil.

Múinteoir a bhíodh i Cynthia.

Ms Cynthia Ní Mhurchú

Sin nod ón iarmhúinteoir. Táim anseo chun mo chuid tuairimí a roinnt leis an gcoiste faoi na leasuithe atá molta agus faoi na leasuithe gur chóir a bheith ann sa Bhille seo. Is cosúil go bhfuil an coiste tinn tuirseach de bheith ag caint faoi na leasuithe atá ag teastáil, ach mar sin féin tá obair mhór déanta agus fós le déanamh agus le cur i gcrích. An ceann scríbe atá uainn ar fad ná cinnteacht a bheith ann go mbeadh seirbhísí phoiblí dhátheangacha ar fáil do phobal na Gaeltachta agus do phobal na Gaeilge agus chomh luath in Éirinn agus is féidir. Cuirim béim ar an bhfocal "luath" mar bhí An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ann agus seo straitéis atá i bhfad ró-fhada agus go mb'fhéidir go bhfuil imithe ó smacht ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, cé go bhfuil go leor dea-thoil agus dea-oibre taobh thiar de. Tá straitéis 20 bliain i bhfad ró-fhada. Tá deich mbliana idir seo agus 2030 agus tá sin i bhfad ró-fhada.

Is duine mé den bheirt atá anseo chun ár dtuairimí a nochtadh sula rachaidh an Bille seo faoi bhráid Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge den Dáil i gcomhair Céime an Choiste. Chomh maith le Liam Mac Cóil, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach agus leis an gcléireach cuireadh a thabhairt dom a bheith anseo agus don deis cluasa polaiteoirí a fháil agus greim a bhreith ar na cluasa sin.

Dúirt an Cathaoirleach fúm gur saineolaí mé ó thaobh na Gaeilge de nó ó thaobh an dlí de. Ba mhaith liom é a cheartú. Ní saineolaí mé ar aon ní ach amháin go bhfuil taithí agam ar an saol agus go bhfuil tuairimí agam faoin saol seo ag an bpointe seo i mo shaol mar go bhfuil cúpla saol caite agam ó a bheith ag craoladh agus ó a bheith ag cleachtadh sna cúirteanna dlí. Tá taithí agam ó mo shaol pearsanta mar mháthair chomh maith agus ó a bheith ag féachaint ar bheirt dhuine óg i mo chlann, Rachel agus David, atá tar éis fás aníos le Gaeilge agus gan Ghaeilge, ní i dteach lán-Ghaelach ach a d'fhreastail ar scolaíocht trí Ghaeilge agus atá in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh anois.

Tá an Ghaeilge go smior ionam, cé nach bhfuil sí agam ó dhúchais. Tá sí an-ghar do mo chroí ó bhí mé an-óg mar pháiste agus, mar a dúirt mé, ó bhí mé ag craoladh agus ag cleachtadh dlí agus mar sin de. Tá sé ráite ag an gCathaoirleach, agus is minic go bhfuil sé léite agam ó a bheith ag léamh faoi obair an choiste seo, nach féidir leis an nGaeilge mar theanga beo ná ní féidir le pobal na Gaeilge nó pobal na Gaeltachta fanacht deich mbliana eile. Is cinnte go bhfuil an ceart aige. Ní féidir fanacht deich mbliana eile go dtí go mbeidh tús curtha leis an bpróiseas seirbhísí dhátheangacha a chur ar fáil. Táimid ag caint faoi sheirbhísí dhátheangacha ó a thosaigh mé amach ag craoladh nuair a bhí mé thart ar 20 bliana d'aois agus tá sé sin i bhfad ó shin. Dúirt an Cathaoirleach freisin nach bhfuil an Bille, mar atá sé molta ag an Aire faoi láthair, oiriúnach don aidhm atá aige, agus má sheolfar ar aghaidh é gan na leasuithe cuí, beidh deis mhór caillte againn cosaint cheart a dhéanamh ar an nGaeilge.

Is minic a chuala mé an focal "deis" i saol na Gaeilge ó thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge agus ó thit mé i ngrá leis an nGaeilge. Is minic a chuala mé go bhfuil an Ghaeilge caillte agus ar tí bás a fháil agus go mbeidh an Ghaeilge imithe taobh istigh d'achar ama an-ghearr. Tá an-mhuinín agam as obair an chomhchoiste seo ón méid atá léite agam. Tuigim ó bheith ag éisteacht leis na comhaltaí ag caint sular thosaigh Liam Mac Cóil ag caint agus ó bheith ag éisteacht leis na comhaltaí ag caint faoi na deacrachtaí atá sáraithe go dtí seo nó le sárú amach anseo gur cinnte go bhfuil an-obair curtha isteach ag comhaltaí an chomhchoiste seo. Táim fíor-bhuíoch dóibh as sin. Tá an ceart ar fad ag Liam Mac Cóil gur an briogáid dóiteáin atá os ár gcomhair anseo agus go bhfuilimid ag braith 100% orthu.

Tuigim go bhfuil na blianta fada caite ag plé leasuithe ar an mBille, agus tá súil agam go mbeidh ceann scríbe i ndán dúinn faoi dheireadh. Níl sé éasca agus is ag snámh in aghaidh an easa a táimid ar fad atá ag plé le saol na Gaeilge agus saol na Gaeltachta. Cé gur gheall an Rialtas nach dtógfar an Bille roimh dheireadh na bliana, b'fhéidir gur fearr fanacht go dtí go bhfuil sé i gceart agus an obair a dhéanamh beagáinín níos moille.

Ó mo thaithí féin de, pearsanta agus gairmiúil, tá easnamh ar leith ar an mBille. Bíonn blas ar an mbeagán agus theastaigh uaim díriú ar rud nó dhó seachas ar go leor rudaí mar déarfainn go bhfuil comhaltaí bréan balbh de bheith ag éisteacht faoi na leasuithe ar fad atá ag teastáil ar fud an Bhille. Easnamh atá aitheanta ag daoine níos tábhachtaí agus níos oifigiúla ná mé féin, ar nós an Choimisinéara Teanga, Rónán Ó Domhnaill, ná an t-easnamh suntasach sin agus an laige is mó is ea soláthar seirbhísí Stáit trí Ghaeilge.

Is é an fáth atá leis sin, mar is eol do na baill ar fad, ná a laghad daoine le Gaeilge atá ag obair sa státchóras agus sa tseirbhís phoiblí. Fágfaidh mé faoin lucht acadúla agus faoi dhaoine a bhfuil i bhfad níos mó taighde agus staidéar déanta acu freagra na ceiste sin a iniúchadh. Is ceist í atá fíorthábhachtach. Caithfear stair an laghad daoine seo a iniúchadh. Cén fáth go bhfuil a laghad daoine le Gaeilge ag obair sa státseirbhís, sa státchóras agus sa tseirbhís phoiblí? Tuigim go bhfuil sé fógartha ag an Rialtas go mbeidh ar a laghad 20% d'fhostaithe nua-earcaithe sa státseirbhís amach anseo ábalta Gaeilge a labhairt agus go mbeidh siad inniúil ar labhairt agus scríobh na Gaeilge ach muna dírítear aghaidh phráinneach ar an bhfadhb sin, ag snámh in aghaidh easa a bheimid maidir le cearta teanga in Éirinn.

Ní nuacht é seo don choiste. Tuigfidh na baill go léir é. Ba mhaith liom mo thaithí féin ó bheith ag obair in RTÉ agus sna cúirteanna a mhíniú agus a shoiléiriú don choiste. Tá an t-uafás dea-thola ann i dtaobh na Gaeilge ach, níos mó ná sin, tá an-chuid daoine ann a bhfuil an Ghaeilge ar a gcumas acu agus atá sásta í a úsáid agus a labhairt. Is daoine iad atá idir óg agus sean. Tagann siad ó gach aon chúlra. Ós rud é go raibh mé ag múineadh ar feadh achar an-ghearr, chomh maith le bheith ag craoladh agus obair sna cúirteanna, chonaic mé an borradh agus an fás uafásach iontach a tháinig ar an nGaelscolaíocht. Tá an t-uafás daoine anois a fhágann an córas scolaíochta, idir Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí, a bhfuil an Ghaeilge ar a gcumas acu agus a bhfuil an-dea-thoil acu ina taobh ach nach dtuigeann siad nó nach gcreideann siad go bhfuil aon spás dóibh ina ngairm bheatha amach ansin an Ghaeilge sin a úsáid chun iad féin a chur chun cinn.

Bhí Liam Mac Cóil ag caint ó thaobh na fealsúnachta de. Tá taithí rímhaith agam ar dhaoine óga mar tá beirt i mo theachsa. Bíonn daoine óga ag smaoineamh ar dul amach ansin agus an rud mór a dhéanamh. Bíonn siad lán de bhrí agus de bheocht. Agus iad ag dul isteach i jab sa státchóras, faoina bhfuilim ag caint inniu, mura gceapann siad, mura gcreideann siad nó mura bhfeiceann siad go bhfuil an stádas nó an tábhacht ag baint leis an nGaeilge, cé nach bhfuil siad gafa le stádas, nó go bhfuil cosán gairmiúil slí bheatha ar fáil dóibh siúd a bhfuil cumas acu sa Ghaeilge agus gur féidir leo dul chun cinn a dhéanamh, cén fáth go rachaidís isteach sa státchóras ag rá go bhfuil Gaeilge acu? Cén fáth go ndéanfaidís é sin?

Rinne an Coimisinéir Teanga iniúchadh ar an bhfadhb seo, an easpa daoine le Gaeilge sa státchóras. Táim cinnte go bhfaca an coiste an tuarascáil faireacháin sin ó 2018. Bhí rudaí agus figiúirí spéisiúla soiléirithe ann. Roinnfidh mé ceann nó dhó leis an gcoiste inniu. Tugtar cuntas sa tuarascáil faireacháin ó 2018 ar thorthaí iniúchtaí éagsúla a rinne Oifig an Choimisinéara Teanga sa bhliain sin. Is mar seo a bhí príomhthorthaí na n-iniúchtaí sin. Níl ach trí phointe ann. Seo iad na príomhthorthaí. Tá an tuarascáil féin an-spéisiúil ach tá achar ama gearr againn inniu.

Is é an chéad toradh ná nach raibh ann ach 84 post as poist an 20,000 duine atá fostaithe ag Ranna Rialtais aitheanta mar chinn lena mbaineann riachtanas Gaeilge. Tá sé seo dochreidte. Cad a deireann nó a thaispeánann sé sin? Bhí 67 de na poist sin sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Is 67 post as 84 é sin. Cad a léiríonn sé sin? Léiríonn sé do na daoine óga a bhfuil aithne agam orthu ná go gcaithfidh siad díriú ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán más mian leo dul chun cinn a dhéanamh sa státseirbhís. Cad a tharlaíonn don duine óg nach bhfuil spéis aige nó aici sa chultúr, san oidhreacht ná sa Ghaeltacht? B'fhéidir go bhfuil níos mó spéis ag an duine óg sin sa mhatamaitic agus gur mhaith leis nó léi post a fháil sa Roinn Airgeadais, i Roinn an Taoisigh, nó sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Is é an dara príomhthoradh ná nach raibh ach dhá údarás áitiúla as na deich gcinn a scrúdaíodh ag comhlíonadh, den chuid is mó, na geallúntais reachtúla teanga a thug siad maidir lena suímh ghréasáin. Tuigfimid ar fad, go háirithe daoine ag m'aois, go bhfuil daoine óga i bhfad níos fearr ag plé leis an ngréasán agus rudaí mar sin agus go bhfuil an t-uafás spéise ag daoine óga atá ag teacht amach as na hollscoileanna agus na scoileanna a bheith ag plé le saol na teicneolaíochta agus mar sin de. Arís, bheadh sé iontach dá mbeadh a fhios ag daoine óga ag teacht amach ó Ghaelscoileanna i gCeatharlach, i gCill Chainnigh, thiar i nGaillimh, i Ráth Chairn nó in aon áit eile sa Ghaeltacht nó sa ghalltacht - agus tá an t-uafás dóibh ann - agus dá gcreidfidís go raibh an deis acu post a fháil sa Státseirbhís nó sa chomhairle contae agus go mbeidís ábalta plé leis na suímh ghréasáin. Arís, is easnamh an-mhór é nach bhfuil ach an méid an-bheag sin d'údaráis áitiúla ag comhlíonadh a ndualgais. Táim cinnte go ndéarfaidís go bhfuil easpa acmhainní ann, nach bhfuil dóthain tacaíochta tugtha dóibh ó chiste lárnach an Rialtais, agus mar sin de. Bíonn leithscéal de shaghas éigin ann i gcónaí.

Is é an tríú príomhthoradh a bhí ann ná nach raibh ach beagnach 60% de na comharthaí a scrúdaíodh ag ionaid oidhreachta de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí ag cloí leis na rialacháin. Chun smaoineamh ar dhaoine óga arís, ba mhaith liom a rá, ó mo thaithí féin ar dhaoine óga ó aois bunscolaíochta suas go dtí aois meánscolaíochta agus ar aghaidh, go bhfuil siad an-diongbháilte agus an-dílis agus go n-oibríonn siad go crua. Is dream iad atá níos coimeádaí ná mar a bhí mo leithéidse. Tá sé thar am anois na gnéithe sin a bhaineann leis na daoine óga agus an tallann atá acu a thabhairt chun solais agus a úsáid. Is é an tslí is fearr chun é seo a dhéanamh ná a thaispeáint, trí obair an choiste sin agus tríd an obair ar fad a chaithfear a dhéanamh ar an mBille, go bhfuiltear chun stádas níos fearr, níos airde agus níos oifigiúla a thabhairt don Ghaeilge. Nílim ag rá go bhfuil sé éasca ach tá géarghá ann. Muna déantar é seo, cén mhaitheas atá i mborradh na nGaelscolaíochta, i mborradh na scoileanna lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal ná sna coláistí ag an tríú leibhéal atá anois ag cur an-chuid acmhainní agus an-chuid ama isteach ó thaobh shaol na Gaeilge de?

Thar 54 bliain mo shaoil go dtí seo, táim tar éis an Ghaeilge a fheiceáil ag fás agus ag fás as cuimse i mbailte cosúil le Ceatharlach, áit a bhfuil cónaí orm. Tá sé thar am anois go rachfar i dtír ar an mborradh sin agus go ndéanfar brabús air. Mar a deirim, is féidir a thaispeáint go bhfuil an Stát thaobh thiar den bhorradh sin. Tá lámh amháin den Stát ag cur infheistíochta isteach ó thaobh an oideachais agus na scolaíochta de. Cén fáth nach mbeadh an dúil chéanna agus an borradh céanna ag an lámh eile atá ag plé leis an státchóras, státseirbhísigh agus fostaíocht sa státchóras? Luíonn sé le réasún ó thaobh caiteachais airgid de go mbeadh an tOireachtas ag féachaint ar aghaidh thar tréimhse de deich mbliana nó níos lú chun úsáid a bhaint as an acmhainn iontach atá amach ansin anois.

Chomh maith leis sin, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh don mhéid a dúirt an Coimisinéir Teanga leis an gcoiste seo le déanaí. Dúirt sé:

Is léir go bhfuil cumas an Stáit seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil ar bhonn sásúil ag brath ar líon leordhóthanach foirne le Gaeilge a bheith ann chuige sin. Fáiltím, mar sin, roimh an sprioc inmholta sa Bhille leasaithe go mbeadh dualgas reachtúil ann le cinntiú gur cainteoirí Gaeilge iad 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí.

Caithfidh an Bille a bheith níos soiléire faoin 20% sin agus caithfear i bhfad níos mó oibre a dhéanamh agus iniúchadh a dhéanamh. Cad a bheidh i gceist le hinniúlacht na Gaeilge sa 20% sin? Cén chumas Gaeilge a bheidh ann sa 20% sin? Caithfidh níos mó ná an cúpla focal a bheith ar chumas na ndaoine sin. Caithfidh fios a bheith acu cén sprioc atá ann ionas go mbeidh muinín ag na daoine óga sa chóras chun cur isteach ar phoist sa státchóras. Mar a dúirt mé cúpla nóiméad ó shin, caithfidh fios a bheith ag na daoine óga seo, nó seandaoine nó daoine meánaosta má tá siad ag cur isteach orthu chomh maith, go bhfuil cosán slí bheatha i gceist le cumas na Gaeilge agus gur féidir leo dul chun cinn a dhéanamh leis an státchóras.

Ag féachaint ar an státchóras ón taobh amuigh - níor oibrigh mé ann riamh ach amháin ag múineadh ar feadh bliana ach sin post de shaghas eile - deirtear gur áit agus córas oibre coimeádach é, atá mall chun athrú agus mar sin de. Ní féidir liom é sin a rá i dtaobh an státchórais mar níl aon taithí pearsanta agam air. Iarraim ar Sheanadóirí agus ar Theachtaí féachaint ar a n-oifigí agus a Ranna féin mar glacaim leis go bhfuil siad mar urlabhraí ó thaobh Roinn amháin nó Roinn eile. Iarraim orthu féachaint ar a n-oifigí agus a gcórais oibreachais féin agus féachaint an bhfuil sé sin i gceist. Caithfidh siad fiafraí cé atá ar a bhfoirne nó ina n-oifigí, an bhfuil Gaeilge ag na daoine sin, cén chumas Gaeilge atá acu agus an dtugtar aitheantas do na daoine sin atá an Ghaeilge ar a gcumas acu. Má thugtar, cén t-aitheantas a thugtar dóibh?

Rud a rith liom le déanaí, toisc go raibh beirt i ndiaidh a chéile i mo chlann ag déanamh an ardteist, ná an chaoi gur féidir le daltaí níos mó pointí a fháil má dhéanann siad matamaitic onórach. Tuigim na cúiseanna atá taobh thiar de sin, cé nach duine matamaiticiúil mé, ach ar bhealach eile, cén fáth nach bhfuil níos mó pointí ag dul do Ghaeilge onórach? Sin mo cheist i gcónaí agus b’fhéidir go n-ardóidh an coiste í amach anseo. B’fhéidir go gcabhródh sé sin leis an gcoiste, linne agus muid ar fad mar Éireannaigh agus mar dhaoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a bheith fós beo beathach amach anseo do na glúine amach romhainn. B’fhéidir gur féidir leis an gcoiste an cheist sin a ardú leis an Aire Oideachais agus amach anseo gur féidir smaoineamh ar phointí breise a thabhairt don Ghaeilge onórach. Thabharfadh sé sin deis do na daoine óga díriú ar an nGaeilge ag staid níos luaithe.

Níor mhaith liom níos mó a rá mar b’fhearr liom plé a dhéanamh agus bíonn blas ar an mbeagán. Níor mhaith liom an coiste a bhodhrú leis an méid oibre atá le déanamh ach ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gcoiste, mar a rinne Liam Mac Cóil, as an méid iontach atá déanta aige go dtí seo. Táim cinnte go bhfuil iarracht mharthanach á dhéanamh ag an gcoiste. Is léir go bhfuil. Is léir freisin go bhfuil an-chuid laigí, mar a dúirt an Teachta Connolly ag tús an chruinnithe, aitheanta sa reachtaíocht reatha agus an-chuid laigí le ceartú amach anseo agus breis oibre le cur isteach. Tá an-chuid oibre le déanamh ach feictear domsa go bhfuil an-chuid fuinnimh agus dea-thoil sa seomra seo. Iarraim ar an gcoiste díriú ar an gcur chuige, an modh oibre agus déantús an choiste chomhairleach. Mar is eol dó, beidh coiste comhairleach ceaptha chun a bheith freagrach as cur i bhfeidhm an phlean earcaíochta seo atá mar chuid den Bhille. Is cuid an-tábhachtach é an coiste comhairleach agus iarraim ar an gcoiste a bheith ag smaoineamh air sin. Gabhaim buíochas leis na comhaltaí agus go n-éireoidh go geal lena n-obair.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Beidh deis ag na Teachtaí agus na Seanadóirí ceisteanna a chur anois. Chun cur leis an ábhar seo, tá leabhar ar fáil do gach duine, sé sin, An Ghaeilge sa Dlí, a scríobh Dáithí Mac Cárthaigh, abhcóide eile. Tá sé tar éis an leabhair seo a chur faoinar mbráid agus b'fhéidir go gcuideoidh sé linn. Nílim ag súil go mbeidh aon duine á léamh thar an Nollaig.

Thar an Nollaig sa leaba.

B’fhéidir.

Tá mise tar éis é a chur-----

Tá a lán de bainteach-----

Marcanna breise.

Calculated grades.

-----leis an ábhar atá á phlé againn anois agus a bheidh á phlé againn in Eanáir. Bhí Dáithí Mac Cárthaigh gafa leis a lán rudaí agus chuala mé i rith na seachtaine gur roghnaíodh é do bhord Foras na Gaeilge chomh maith. Duine maith é. Glaoim ar an Teachta Connolly.

Is lón machnaimh an méid atá ráite ag na finnéithe agus gabhaim buíochas leo. Níl sé éasca teacht anseo agus tá a fhios agam go raibh an t-uafás oibre taobh thiar de na cuir i láthair inniu.

Tá an rud atá ráite ag na finnéithe ó thaobh géarchéim na Gaeilge de, mar shampla nach féidir fanacht deich mbliana, cloiste againn go minic. Tá a fhios againn é sin. D’fhoilsigh an coiste seo tuarascáil breis agus dhá bhliain ó shin. Dúirt Cynthia Ní Mhurchú nach saineolaí í ach cinnte ní saineolaithe muidne agus idir shúgradh agus dáiríre má tá daoine ag brath orainne, go bhfóire Dia orainn. Ní mór dom é sin a rá. Ag an am céanna, rinneamar ár ndícheall. D’fhoilsigh muid tuarascáil agus laistigh den tuarascáil sin chuir muid béim ar spriocanna ama. Tháinig an Rialtas ar ais le sprioc deich mbliana ach tá bealach éalaithe ansin agus is féidir fiú an sprioc sin a chur ar an méar fhada.

Mar is ceart, tá béim ar chúrsaí earcaíochta sa Bhille. Níl béim ar bith, áfach, ar an fhoireann atá ann agus tuilleadh feabhas a chur ar na scileanna atá ag na daoine laistigh den chóras faoi láthair. Sin bearna mhór. Aontaím leis na finnéithe. Rachaidh mé ar ais agus léifidh mé an rud atá ráite acu. Cad iad a dtuairimí maidir leis an réiteach seo? Is dóigh liom go bhfuil dea-thoil ann ón Roinn. Tháinig daoine ón Roinn os ár gcomhair agus bhí siad linn, ach nuair a tháinig an Bille amach níor ghlac siad leis na moltaí ón tuarascáil. Dar leis an Roinn, tá sé beagnach dodhéanta daoine le Gaeilge a earcú anois agus beidh ar a laghad deich mbliana i gceist agus b’fhéidir níos faide. Iarraim ar na finnéithe díriú isteach ar na réitithe ó thaobh an dearcadh sin nach bhfuil fáil ar dhaoine a bhfuil inniúlacht acu sa Ghaeilge.

Cuirim fáilte roimh an méid atá ráite ag na finnéithe. Bhí sé an-suimiúil agus tá a lán le léamh agam sna ráitis atá tugtha acu. Tá a lán ciall iontu. Tá clár ar an teilifís faoi láthair, léite ag Liam Neeson, faoin Ghorta Mhór agus an méid a tharla ó thaobh an daonra agus an teanga. An aontaíonn na finnéithe gurb é sin tús na fadhbanna teanga atá againn faoi láthair? Rinneadh an-damáiste ag an am sin agus theip ar an Stát é sin a athrú ó shin agus ó Neamhspleáchas 100 bliain ó shin. Tá a lán milleáin ar an Stát ach táim ag iarraidh feidhmiú mar shórt devil’s advocate anseo. An bhfuil aon mhilleán ar phobal na tíre, nó an bhfuil an milleán uile ar an Stát, na comhairlí contae agus an tstátseirbhís go léir?

Bhí Cynthia Ní Mhurchú ag labhairt ansin faoin ardteistiméireacht agus aontaím léi maidir leis an gcuraclam de. An gceapann sí gur cheart go mbeadh dhá shórt páipéir ann, ceann do dhaoine a rugadh le Gaeilge agus atá ag labhairt Gaeilge go laethúil sa Ghaeltacht nó ag freastal ar na Gaelscoileanna, agus páipéar eile do dhaoine nach bhfuil in ann í a úsáid chomh maith sin? Aontaím freisin maidir le gluaiseacht na nGaelscoileanna go bhfuil an-difríocht déanta le 20 bliain anuas acu taobh amuigh den Ghaeltacht agus b’fhéidir go bhfuil níos mo difríochta déanta taobh amuigh den Ghaeltacht acu sa tréimhse sin. An gceapann sí go bhfuil níos mó fadhbanna laistigh den Ghaeltacht agus go bhfuil níos mó le déanamh chun an teanga a bhrú chun cinn ann? Aontaím léi gurb é an t-oideachas an rud is tábhachtaí, is é sin an t-oideachas ar dtús agus ansin go mbeadh córas ceart ón státseirbhís.

Mr. Liam Mac Cóil

Tá go leor ceisteanna ardaithe ag na Teachtaí agus ag na Seanadóirí. B’fhéidir go rachaidh mé tríothu, ceann ar cheann, mar a ritheann siad liom.

Maidir leis an gcéad cheist faoi fhostaíocht, chaithfinn a rá nach dóigh liom go bhfuil na daoine a bhíonn ag fostú na daoine óga sa státseirbhís ag breathnú sa treo ceart. Déarfainn leo: "cas thart". Tá siad ag breathnú ar chúl an stáitse. Níl aon lucht éisteachta ar chúl an stáitse. Iarraim orthu casadh thart agus breathnú amach ar na sluaite atá ag teacht amach as na Gaelscoileanna ag déanamh na hardteistiméireachta chuile bhliain, iad atá in ann an Ghaeilge a labhairt agus a scríobh, ag leibhéil dhifriúla, ar ndóigh. Ní foláir a fhiafraí ansin an bhfuil aon eolas le fáil ag na Gaelscoileanna faoi na poist atá le fáil sa chóras Stáit nó poiblí. Níl aon earcaíocht ar siúl ag an Stát ar bhonn na Gaeilge. Is fiú poiblíocht, cumarsáid agus fógra ar an teilifís - bheadh a leithéid go hiontach - ag cur ceiste ar smaoinigh duine riamh ar an státseirbhís mar ghairm bheatha; go mbeadh deis ag daoine a gcuid Gaeilge a úsáid; agus liosta de na Ranna Stáit ar mhaith leo daoine óga a bheith acu - cosanta, dlí agus ceart, sláinte, oideachais, agus mar sin de. Níl aon fhógraíocht mar sin déanta. Is é sin freagra amháin a bheadh agam.

Is mar a chéile é leis na céimeanna ollscoile. Céard iad na fógraí atá sna ranna ollscoile, is é sin fógra beag lasmuigh d'oifig an rúnaí a rá go bhfuil poist A, B, C, D sa státseirbhís le Gaeilge? Is é sin smaoineamh amháin a bheadh agam. Ní féidir a bheith ag súil, agus is é seo an botún mór atá á dhéanamh ag an Stát, go bhfuil na foirmeacha Gaeilge ann ach nach n-iarann duine ar bith iad. Caithfear dul amach agus a rá gurbh iad seo na foirmeacha Gaeilge nó dátheangacha. Tá ceart absalóideach ag pobal na Gaeilge an Ghaeilge a bheith acu agus iad ag phlé leis an Stát. Ní bhaineann sé sin le cé mhéad foirmeacha atá ar fáil nó leis an méid éilimh atá ann. Caithfidh an Stát a rá gurbh í seo an Ghaeilge sa Stát.

Aontaím 100% le Cynthia Ní Mhurchú agus leis an tábhacht a bhaineann leis an leasú faoi earcaíocht. Ba cheart go mbeadh earcaíocht ag tosú amárach ar an leibhéal 20% seo, agus ansin faoin mbliain 2030, go mbeadh sé le rá go bhfuil 20% de státseirbhísigh na hÉireann in ann an Ghaeilge a labhairt go slachtmhar, go hinniúil, is go cruinn. Is í sin an sprioc ba cheart a bheith ann faoi 2030, ní 20% den earcaíocht. Ba cheart go dtosódh sé sin agus go mbeadh an Ghaeilge i gceist le 20% de na daoine a earcaítear sa chéad bhabhta earcaíochta eile. Rachaidh an scéal sin amach agus b’fhéidir nach gá an oiread sin fógraíochta má theann an scéal sin amach go bhfuil seans níos fearr ag duine post a fháil sa státseirbhís má tá Gaeilge acu. Is é sin mar a bhí sé go dtí gur cuireadh deireadh leis leis an bhfear a mhúin Fraincis domsa, Risteard de Búrca. Fear den scoth ab ea é agus bhí sé ina Choimisinéir ina dhiaidh sin ach sa tréimhse sin lagaíodh an Ghaeilge sa státseirbhís. Ní dóigh liom gur thuig Risteard de Búrca, do ndéanaí Dia trócaire air, an difear a dhéanfadh sé sin i leith na Gaeilge do mheon ghnáthmhuintir na Gaeltachta.

Maidir leis an gceist faoin nGorta Mór a luaigh an Seanadóir Kyne, is ceist an-spéisiúil í sin agus táimid cineál faoi dhraíocht ag an gclár a luaigh sé. Is é seo an fáth a luaim trácht na Róimhe, mar nach féidir a rá go bhfuil aon tiománaí sa Róimh ciontach as trácht na Róimhe. Tá siad ar fad ag glacadh páirte ann. Tá saol faoi leith ag trácht na Roimhe agus mar a chéile sa tSín, áit a dtiomáineann siad ar an taobh mícheart den bhóthar in amanna, má cheapann siad go bhfuil gá leis, agus tuigeann daoine é sin.

Thosaigh an meon seo, an bhéascna seo, agus d'fhéadfaí an síol de seo a fheiceáil in aimsir Anraí a hOcht agus gur fhás sé sa chaoi is go bhfuil státseirbhís na hÉireann anois, i ngan fhios di féin agus dá míle buíochas, ag cur polasaí Anraí a hOcht i bhfeidhm. Is é sin, nach bhfuil ach aon teanga amháin Rialtais ann, is é sin an Béarla. Is eolas neamhráite é seo. Ní dóigh liom go n-aontódh aon státseirbhíseach aonair leis sin. Ach maidir leis an státseirbhís mar ghrúpa, leis an eolas neamhráite a tháinig anuas, tá sí á chur é sin i bhfeidhm.

Maidir le ceisteanna na hardteistiméireachta a bhí ag an Seanadóir Kyne, mhol mé blianta ó shin go mbeadh dhá ardteistiméireacht ann. Ní dóigh liom go mbeadh ardteistiméireacht amháin teoranta do chainteoirí dúchasacha Gaeilge agus lucht na nGaelscoileanna. Tá Gaeilge á múineadh i scoileanna Béarla sa tír seo ag leibhéal dochreidte ard. Ní fhaigheann sé sin mórán poiblíochta ach tagann daoine amach as an gnáthshruth Béarla-oideachais agus bunús labhairt na Gaeilge acu ó thaobh foghraíochta, comhréire agus chuile shórt mar sin. Tá sé riachtanach go múinfí Gaeilge ag leibhéal ard, mar a mhúintear Béarla, agus b'fhéidir fiú níos airde.

Nuair a bhí mise ar scoil, agus b'fhéidir gurbh amhlaidh é do chuid den choiste, bhí laoithe fiannaíochta againn agus ní thuigeann daoine a fhoghlaimíonn Gaeilge san ardteistiméireacht anois go raibh a leithéid de rud is laoithe fiannaíochta ann. Bhíomar ag caint faoi Éamon de Búrca, is é sin Edmund Burke, an státaire mór, agus mar a léirigh Conor Cruise O'Brien, más ceadmhach a ainm a lua go ndéanaí Dia grásta air siúd arís, tógadh Edmund Burke le Gaeilge. Dúirt sé rud álainn le linn chonspóid Macpherson faoi na laoithe fiannaíochta, is é sin: "but, sure we all knew them from our youth, from our childhood". Tá an leibhéal sin litríochta, leibhéal Shakespeare, sa Ghaeilge agus ba cheart go mbeadh sé ar fáil don ardteistiméireacht.

Maidir leis an milleán a bheith méid áirithe ar an bpobal, tá an pobal, go háirithe pobal na Gaeilge, ag maireachtáil fós i meon agus i mbéascna ina mbíonn an Ghaeilge, a dteanga féin, an rud is lú tábhacht. What is the use of that old Irish? Ní thuigeann an neart daoine é sin anois ach tá an meon sin fós san eolas neamhráite sa bhéascna Gaelach, faraor géar, tar éis a bhfuil déanta againn.

Mar bhuille scoir, má tá léiriú ag teastáil air sin uilig, féach ar an gcaoi ar tháinig mé isteach sa Teach seo agus mé á rá liom féin go mbeadh mo shin-seanathair fíorbhródúil - fear a bhí san IRB - go raibh duine dá shliocht anois ag tabhairt cuairte ar Pharlaimint shaor neamhspleách Phoblacht na hÉireann. Ní raibh mé in ann, áfach, an Ghaeilge a úsáid ag an ngeata. Fair play d'fhear amháin, nuair a chonaic sé mé ag teacht isteach le cléireach an choiste, gur ghabh sé leithscéal i nGaeilge liom agus go raibh brón air nach raibh Gaeilge acu. Bhí sé deacair teacht isteach i dTeach Laighean tráthnóna inniu agus Gaeilge a úsáid. Tá súil agam go bhfuil freagra éigin ansin.

Ms Cynthia Ní Mhurchú

Tá sé sin an-spéisiúil. Maidir le ceist an Theachta Connolly, an féidir aon chabhair a thabhairt ó thaobh earcaíochta de mar go gceapann an státchóras féin nach bhfuil dóthain daoine amuigh ansin a bhfuil Gaeilge ar a gcumas acu-----

Ní hé nach gceapann siad é sin; tá sé ráite go neamhbhalbh nach féidir----

Ms Cynthia Ní Mhurchú

Nach bhfuil siad ann. Is dócha go mbaineann sé seo le dearcadh. Má bhaineann sé le dearcadh nó le haineolas, tá sé an-éasca é sin a fheabhsú nó a leasú, is é sin go mbeadh comhlacht earcaíochta le speisialtóireacht Gaeilge nó daoine a bhfuil Gaeilge ar a gcumas acu, le ceapadh a chuirfeadh cáipéis nó tuairisc os comhair pé oifig atá i gceist chun a thaispeáint go bhfuil a leithéid d'uimhreacha ó thaobh na n-ollscoileanna de tar éis céimeanna a bhaint amach a bhfuil an Ghaeilge ar a gcumas acu agus go mb'fhéidir go mbeadh spéis acu i bpoist le Gaeilge a fháil sa státchóras agus sa státseirbhís.

B’fhéidir nach bhfuil sé sin ró-éasca mura bhfuil an bun-obair déanta ag leibhéal na meánscoileanna. Sa séú bliain, bliain na hardteiste, ba chóir go mbeadh an múinteoir atá ag plé le gairmoideachas agus mar sin de ábalta plean a chur os comhair na ndaoine óga seo atá ag líonadh isteach CAOs agus ag smaoineamh ar phointí thuas san aer. B’fhéidir go ndíreofar ar phoist atá amuigh ansin agus rá leo go bhfuil Gaeilge mhaith ag teastáil chun na poist sin a fháil. Bheadh an t-eolas sin ar fáil do na hoifigí poiblí atá ag earcú agus atá ag iarraidh an 20% seo a líonadh.

Aontaím go hiomlán le Liam Mac Cóil go gcaithfear tosú anois agus níl aon dabht i m’aigne go bhfuil na daoine amuigh ansin agus go mbeidís breá sásta na poist sin a fháil. An rud faoi dhaoine óga atá ina 20aidí anois ná go bhfuil géarchéim amháin feicthe acu, sé sin, an tíogar Ceilteach ag fáil bháis, agus anois tá géarchéim eile feicthe acu sa bhliain seo ó thaobh an choróinvíreas. Bí cinnte go bhfuil siad i bhfad níos coimeádaí ná mar a bhí mise, mar a dúirt mé i mo phíosa cainte, agus tá siad i bhfad níos tuillteanaí post slán a fháil, sé sin, post sa státchóras. Tá siad breá sásta anois a bheith ag smaoineamh ar an bpost slán a fháil agus a bheith ag cur isteach ar na poist sin. Ciallaíonn sé sin go mbeidh siad sásta agus ní amháin go bhfuil siad ag díriú ar an saol poiblí. Sin smaoineamh amháin. Táim cinnte nach an freagra is fearr í ach is tús atá ann.

Cuireadh ceist faoin ardteist. Ba chóir go mbeadh bunchumas ag gach éinne agus seans ag gach éinne an Ghaeilge a bheith acu suas go dtí an ardteist. Níl a fhios agam faoi dhá pháipéar ardteiste a bheith ann. Cinnte cuirim fáilte roimh aon rud a phlé ach níor mhaith liom go mbeadh ard-Ghaeilge ag dream amháin ar thaobh amháin den tír agus Gaeilge líofa lofa lag ar an taobh eile. Oibríonn sé faoi láthair go bhfuil an cúrsa pass agus an cúrsa onórach ann. Ba mhaith liom go gcreidfeadh daoine, toisc go bhfeiceann siad í sa státchóras, go bhfuil stádas ag an nGaeilge. Ciallaíonn sé sin go mbeadh a fhios ag an duine atá Gaeilge pass á dhéanamh aige nó aici sa scoil go bhfuil stádas éigin ag baint léi sa státchóras agus sa saol poiblí amach anseo. Níl sé sin ann. Tá a fhios agam go bhfuil muid á iarraidh sin-----

Gabh mo leithscéal, tá vóta sa Seanad so caithfidh mé imeacht. Beidh mé in ann an freagra a léamh sa taifead.

Ms Cynthia Ní Mhurchú

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir. D’fhiafraigh sé faoin mhilleán a chur ar an bpobal. Is dóigh liom go bhfuil an pobal trí chéile i bhfad níos báúla i dtaobh na Gaeilge ná mar a bhíodh. Ní dóigh liom gur féidir an milleán a chur ar aon chuid den phobal, ó thaobh an státseirbhís de nó ó thaobh gnáthdhaoine de. Tá an-ocras ar dhaoine anois an Ghaeilge a úsáid i bpoist, ó thaobh saol fostaíochta de nó sa ghnáthshaol. Mar shampla, tá córas iontach ag na heagraíochtaí a bhíonn ag plé le Gaeilge, ar nós Foras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge agus iad siúd. Tá córas iontach acu taobh amuigh de shaol oifigiúil na Gaeilge de, a bhaineann leis an teanga bheo agus an teanga bhríomhar. Tá an-chuid imeachtaí ar siúl taobh amuigh den státchóras a bhfuilimid ag plé faoi láthair agus tá géarghá leo agus an-tacaíocht ag daoine dóibh. Feictear dom go bhfuil an-bhorradh ann. Arís, téann sé sin siar go dtí na Gaelscoileanna agus an Ghaelscolaíocht.

Mar a dúirt Liam Mac Cóil, tá sé deacair a chur in iúl do dhaoine go bhfuil tábhacht agus stádas ag baint le rud éigin mura bhfuil bolscaireacht ann. Luaigh sé an focal sin agus caithfear an rud a dhíol faoi láthair. Caithfear na daoine cearta a roghnú chun an teachtaireacht a dhíol nó an fhógraíocht a dhéanamh agus caithfidh na daoine sin, a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus a bhfuil sásta an Ghaeilge a úsáid, a bheith feicthe in áiteanna poiblí tábhachtacha agus i bpoist thábhachtacha. Amach anseo, tuigfidh na daoine atá ag féachaint ar na daoine sin agus ag éisteacht leo, agus ag feiceáil go bhfuil siad sásta, go bhfuil an Ghaeilge ar chomhchéim leis an mBéarla sa státchóras. Ní go dtí an pointe sin go dtuigfidh daoine gur fiú an Ghaeilge agus go bhfuil sí ar chomhchéim leis an mBéarla.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an méid a dúirt siad. Is léir go bhfuil an-mhachnamh déanta acu ar na ceisteanna seo agus is léir freisin go dtuigeann siad, mar a thuigtear dúinne, go mbaineann an rud seo ar fad le ceannaireacht agus le cé ó a thiocfaidh an cheannaireacht. Táimid uilig anseo ar aon tuairim faoin ngá an Ghaeilge a chur chun cinn agus go dteastaíonn athruithe móra i meon na n-údarás sa tír seo chun tabhairt faoin ualach mór oibre atá i gceist. Tuigimid freisin nach é go bhfuil daoine leisciúil faoi ach is léir, cé go bhfuil daoine sásta a rá go bhfuil siad i bhfabhar an sprioc seo, nach bhfuil siad sách sásta na hathruithe móra a bheadh i gceist a shamhlú. Luaigh Liam Mac Cóil Risteard de Búrca agus téann sé sin ar ais ag an athrú mór sin.

Tá daoine i measc mo mhuintir féin ag obair sa státseirbhís agus ag déanamh cúrsaí sa Ghaeilge. Tá iarracht de shaghas éigin á dhéanamh sa chóras deis a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim. Feicim an leibhéal ar a bhfuil sé sin ag dul ar aghaidh, agus is maith an rud é, ach ní an t-athrú lena bhfuil gá atá i gceist. Ní maith liom an nath seo i mBéarla ach i ndáiríre is "innealtóireacht sóisialta" atá uainn anseo, ach ar bhealach atá dearfach, dar linn ar fad. Is dócha gur an rud atá i gceist ná go mbeadh sprioc ann amach anseo go mbeadh buntáiste aitheanta ag daoine dá mbeadh Gaeilge acu agus iad ag dul isteach ag an interview do phost. I gceann 20 bliain, dá mbeadh daoine ag cur isteach ar phost sa státseirbhís, ba chóir gur i nGaeilge amháin a bheadh an fhoirm agus go gcaithfeadh siad a bheith in ann cur isteach ar an bpost agus an t-agallamh a dhéanamh i nGaeilge. Sin atá uainn, nó, ar a laghad, dá mbeadh duine chun dul chomh hard sin sa státseirbhís, bheadh air nó uirthi a bheith in ann an gnó ar fad a dhéanamh trí Ghaeilge. Bheadh a fhios ag daoine agus iad ag tosú leis an scolaíocht, má tá siad ag iarraidh an deis sin ina saol nó baint leis an aicme sin daoine atá i gceannas ar an tír nó ag riar na tíre laistigh den státseirbhís, go gcaithfidh siad a bheith in ann cur isteach ar an bpost agus an post a fháil trí Ghaeilge amháin, fiú más i mBéarla a bheadh siad ag obair an chuid is mó den am. An bhfuil sé craiceáilte a cheapadh go mbeadh a leithéid de sprioc againn? Is léir nach bhfuil sé os ár gcomhair sa Bhille seo ach an gcaithfidh muid a bhfuil radacach sna rudaí atá á mholadh againn agus á dhréachtú don todhchaí?

Bhí mé an-tógtha leis an méid a dúirt Liam Mac Cóil faoi tosaíochtaí nó luachanna.

Sin an fáth go bhfuilim ag lua ceannaireacht. Tá an ceart ag Liam Mac Cóill go pointe áirithe go bhfuil cumhacht áirithe ag polaiteoirí, ach tuigeann na finnéithe freisin go mbíonn polaiteoirí ag dul leis an taoide an cuid is mó den am seachas ag tabhairt ceannaireacht. Tá géarghá go dtiocfadh ceannaireacht ó na meáin cumarsáide agus b'fhéidir ó na hollscoileanna freisin. An bhfuil ról ar leith acu siúd? Cloisimid maorlathas na hollscoileanna ag labhairt go rialta sna meáin cumarsáide faoin ngá le hinfheistíocht i dtaighde chun acmhainní a mhealladh don tír, go bhfuil gá le hinfheistíocht sna hollscoileanna le go mbeidh muid in ann fostaíocht a chur ar bun agus mar sin de. An bhfuil ról ar leith le himirt ag na hollscoileanna maidir leis an gceannaireacht seo atá uainn le go mbeidh muid in ann fiú na hathruithe is gá a shamhlú, gan a bheith ag caint faoi na spriocanna a bhaint amach?

Bhí mé tógtha leis an méid a dúirt Cynthia Ní Mhurchú. Tá sé éasca go leor airgead agus maoiniú a thabhairt do rudaí éagsúla agus is maith an maoiniú sin d'imeachtaí Gaeilge agus cultúrtha srl. Is níos deacra ar fad, áfach, an t-athrú meoin atá i gceist a cur i bhfeidhm chun glacadh le rialacha nua. Sin atá i gceist i ndáiríre. Táimid ag iarraidh rialacha nua a chur i bhfeidhm sa chaoi agus a dhéanfaimid ár ngnó sa tír seo. Sin an áit a bhfuil an t-ualach mór oibre romhainn.

Ms Cynthia Ní Mhurchú

Ba mhaith liom léim isteach air sin. Tá an meon i gceart anois. Deirim é sin toisc go bhfuil fás, borradh agus spéis iontach sa Ghaeilge, i saol na Gaeilge agus sa chultúr Gaeilge feicthe agam le 30 nó 40 bliain anuas. Tá sé sin tar éis fás as cuimse. Níl an t-uafás athrú meoin le déanamh i measc daoine óga nó fiú amháin i measc daoine atá ar chomhaois liomsa nó daoine eile go mb'fhéidir go raibh drogall orthu ó thaobh na Gaeilge de nó nár chuir an oiread sin fáilte roimh an nGaeilge. Tá an lá sin thart ar bhealach. Nuair a fhéachaim ar rudaí a d'éirigh chomh hiontach leo, ar nós Teilifís na Gaeilge agus Raidió na Gaeltachta, tá an saol craoltóireachta tar éis an-bhua a bhaint amach ó thaobh an Ghaeilge a chur chun cinn agus deis a thabhairt do dhaoine.

Gabh mo leithscéal as an gcur isteach. Aontaím leis an bhfinné ach tá sí ag caint faoin ndearcadh atá ag an bpobal.

Ms Cynthia Ní Mhurchú

Táim.

Ar bhealach, tá mise ag caint faoin maorlathas cultúrtha sa tír, nó b'fhéidir ag barrleibhéal na státseirbhíse, agus b'fhéidir go bhfuil dul amú orm. Séard atá á rá agam ná go bhfuil sé éasca go leor maoiniú a chur ar fáil le deontais nó ardú sa cháinaisnéis don mhéid airgid a bheidh curtha ar fáil. Tá sé níos deacra a shamhlú, áfach, go gcuirfeadh muid srian orainn mar Rialtas agus mar státseirbhís sa chaoi ina ndéanfaimid gnó. Tá sé deacair teacht ar an bhfocal ceart i mBéarla fiú ach is é an inertia sin atá i gceist agam.

Ms Cynthia Ní Mhurchú

Tá an Seanadóir ag caint faoin gcairéad. Bheinn go mór i bhfábhar cur chuige cairéad agus bata, mar a deirtear i mBéarla, a úsáid. Tá an Seanadóir ag rá go bhfuil níos mó ag teastáil ó thaobh úsáid an mbata de ag an bpointe seo.

Ms Cynthia Ní Mhurchú

Is féidir go leor maoiniú a chur ar fáil, fáilte a chur roimh rudaí agus milseáin a thabhairt do dhaoine as iarracht a dhéanamh. Luaigh an Seanadóir an focal "radacach" mar gheall ar an státseirbhís. Tá gá le bheith ag smaoineamh go radacach. Ní chaithfimid an Ghaeilge a chur ar chéim atá b'fhéidir i bhfad níos airde agus a d'fhágfadh daoine ar lár. Ní bheadh sé sin cothrom. Bheadh sé sin éagothrom agus níor mhaith liom cur chuige a fheiscint a bheadh ró-mhór i bhfábhar na Gaeilge de nó níor mhaith liom go mbeadh earcaíocht amháin curtha chun cinn toisc go bhfuil Gaeilge ag daoine. D'fhágfadh sin daoine eile ar lár. Níl sé sin ceart ach an oiread. Caithimid a bheith cothrom, ach ó thaobh an 20% de, b'fhéidir gur cheart smaoineamh ar chéatadán níos airde agus tosnú anois chun a bheith ag tógáil i dtreo an chéatadáin sin. Caithimid tosnú anois ach ní gá dúinn críochnú ag 20%. Caithimid smaoineamh ar níos mó béime a chur ar chéatadán níos airde a earcú isteach. Luaigh mé an cosán slí bheatha i mo phíosa cainte. B'fhéidir go gcaithimid cosán slí bheatha níos fearr a ofráil do na daoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu chun dul chun cinn a dhéanamh.

Mr. Liam Mac Cóil

Aontaím cuid mhaith leis an méid a dúirt an Seanadóir Mullen ansin. Má fheictear gur buntáiste í an Ghaeilge ó thaobh post, ó thaobh teacht chun cinn nó pé rud, is cinnte go gcabhróidh sé sin go mór le pobal na Gaeilge agus leis an nGaeilge féin.

Tagraím don cheist faoi cheannaireacht. Seo an cheist a bhaineann leis an tír agus leis an gcóras atá againn. Cé hé nó hí an ceannaire sa chás seo má deireann an tAire go dtabharfaidh sé nó sí isteach sprioc 20% san earcaíocht? Tá difríocht idir 20% sa státseirbhís agus 20% den earcaíocht. Bhíomar an-soiléir faoi sin. Mar shampla, deir an tAire go gcaithfidh Gaeilge a bheith ag 20% sa chéad babhta earcaíochta eile agus deir an Ard-Rúnaí go n-aontaíonn sé nó sí leis an Aire ach moltar go gcuirfear an cur chuige sin siar cúpla bliain. Aontaíonn an tAire agus cuirtear siar é. Cé hé nó hí an ceannaire anseo?

Feictear domsa go bhfuil margadh neamhráite idir an Rialtas, Airí agus an státseirbhís. Tá an fhreagracht ar fad ar an Rialtas ach níl an oiread sin cumhacht aige mar níl an t-eolas neamhráite aige, níl na scileanna aige agus níl sé in ann Billí a dhréachtú, mar shampla. Níl na tuairiscálacha ar fad léite ag an Rialtas. Tá an chumhacht ag an státseirbhís ach ní ghá di freagracht a ghlacadh. Tá an scéal sin thar a bheith simplí agus tá sé i bhfad níos casta ná sin. D'fhéadfaí a rá, áfach, go bhfuil claonadh i dtreo freagracht gan chumhacht i measc Comh-Aireachta agus Rialtais agus go bhfuil claonadh i dtreo cumhacht gan freagracht i dtreo na státseirbhíse. Tá ceannaireacht ag teastáil ach caithfidh an ceannaireacht fás as innealtóireacht shóisialta. Má tá sé sin le déanamh, agus b'fhéidir go bhfuil gá le roinnt di, is istigh sa státchóras féin a bheidh sé déanta.

Tá neart tuarascálacha scríofa ag na hollscoileanna agus tá go leor taighde déanta acu, abair, ar staid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá na torthaí atá ag teacht as an taighde sin sách dona. Creidim i gcónaí sa rud a bhí ann nuair a bhí mise óg, is é sin neamhspleáchas na n-ollscoileanna. San am céanna, ba cheart go mbeadh na hollscoileanna ag glacadh páirt sa rud iomlán mar a bhí leis na céadta bliana i Sasana leis an University of Oxford agus an University of Cambridge. Tá na hollscoileanna sin ag glacadh páirt sa státchóras sa Bhreatain, ag cur státseirbhísigh atá in ann tuarascálacha a scríobh ar fáil. Tagann siad sin as na hollscoileanna i Sasana, téann siad isteach sa státseirbhís agus críochnaíonn siad suas le gradam Officer of the Most Excellent Order of the British Empire, OBE, Commander of the Most Excellent Order of the British Empire, CBE, nó rud éigin mar sin. Tá gá leis na hollscoileanna a bheith páirteach sa chóras iomlán againn anseo agus ba cheart go mbeadh an Ghaeilge lárnach ar bhealach éigin.

D'ardaigh an Seanadóir Mullen cúpla ceist eile a bhaineann le hidé-eolaíocht. Ba bhreá liom dá mbeadh leibhéal tuisceana ann, mar atá sa Fhrainc, go mbaintear amach leibhéal ard oideachais in ollscoileanna agus coláistí le haghaidh státseirbhísigh. Bheadh sé sin go hálainn. Ceann de na rudaí sin a bhaintear amach ná cumas sa Ghaeilge. Má chuimhnímid siar ar an tréimhse úd, áfach, le Risteard de Búrca, cad a tharla ansin? Bhí an Language Freedom Movement ann. Rud amháin a thug an Ghaeilge méid nó fad áirithe isteach sa chóras oideachais go háirithe, ach méid áit sa státseirbhís, ná an idé-eolaíocht náisiúnach le "N". Tá teorainn leis sin. Tháinig deireadh cuid mhaith leis sin. Níl mé ag rá gur tháinig deireadh leis an náisiúnachas srl. ach tá an idé-eolaíocht tar éis athrú. Níl an idé-eolaíocht sin sách láidir anois chun an bád atá i gceist ag an Seanadóir a choinneáil ag snámh, is é sin, go nglacfaí le Gaeilge amháin sa státseirbhís ar fud na tíre.

Tá ceist cearta ann. Ba mhaith liom go n-athrófaí na sruthanna agus na béasa difriúla atá in Éirinn. Táimid an-saibhir ó thaobh béasa difriúla. Ba mhaith liom go mbeadh an deis chothrom céanna ag gach béas acu sin, an dá bhéasa teanga - Gaeilge agus Béarla - ach go háirithe, agus ag na pobail a ghabhann leo. Ní maith liom go mbeadh an Ghaeilge éigeantach. Ba bhreá liom an rud atá an Seanadóir á mholadh a fheiceáil ach níl a fhios agam cé chomh inghlactha is a bheadh sé sin ó thaobh an ídé-eolaíochta atá ann sa tír faoi láthair. Is smaoineamh an-spéisiúil é.

Tá ceist agam maidir leis an mBreatain Bheag. Ní saineolaí mé ach feictear dom go bhfuil i bhfad níos mó cainteoirí ó dhúchas ann a labhraíonn an Bhreatnais agus go bhfuil na hinstitiúidí níos láidre ansin. An bhfuil ceachtanna le foghlaim againn ón dlínse sin maidir leis an reachtaíocht agus na spriocanna atá os ár gcomhair?

Mr. Liam Mac Cóil

D'aistrigh mé leabhar faoi seo i bhfad siar. Níl mé chun ainm an leabhair sin a lua. Is féidir linn i gcónaí an-chuid a fhoghlaim ón mBreatain Bheag ó thaobh na cearta teanga atá acu agus ó thaobh an rud ar a bhfuil an Seanadóir ag caint maidir leis na hollscoileanna. Tá ollscoileanna agus rannóga ollscoile ann a fheidhmíonn tríd an mBreatnais. Is ceann de na rudaí a tharla sna 1950idí agus sna 1960idí ná gur rinneadh cúlú ó thaobh an idéil náisiúnaigh sin ar an nGaeilge lárnach. Tá an cúlú sin le feiceáil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bhí fealsúnacht, stair agus tíreolaíocht á múineadh trí Ghaeilge. Bhí sé de phribhléid agam casadh le beirt ollamh - ollamh le fisic agus ollamh le ceimic - ón ollscoil sin ar an gcoiste téarmaíochta Gaeilge. Bhí togha na Gaeilge acu. Bhí sé iontach. Bhí sé sin de phribhléid agam nuair a bhí mé óg. Níl sé sin ann níos mó. Rinneadh cúlú idé-eolaíochta uaidh sin uilig agus ba mhór an feall é. Tá mé in amhras go bhfuil an rud náisiúnach láidir go leor ach tá béasa na Breatnaise agus, dá bharr sin, dlíthe maidir leis an mBreatnais níos láidre ó thaobh na teanga de. Is féidir linn i gcónaí foghlaim ón mBreatain Bheag.

Tá súil agam go maithfidh an Cathaoirleach dom ach tá sé íorónta-----

An bhfuil an Seanadóir chun mé a fhágáil i m'aonar?

Tá sé íorónta gurbh é an rud a chur mé ag smaoineamh faoin tionchar gur féidir a bheith ag an mBreatain Bheag orainn agus na ceachtanna gur féidir linn a fhoghlaim uaithi ná go raibh mé ag breathnú ar "The Crown" agus an Prionsa Séarlas ag dul chuig an mBreatain Bheag agus ag iarraidh an Bhreatnais a fhoghlaim le go mbeadh sé in ann óráid a thabhairt. Tá súil agam go maithfidh an Cathaoirleach dom ach is é sin a chuir mé ag smaoineamh ar an leibhéal sin.

Ms Cynthia Ní Mhurchú

Ó thaobh na Breataine, Sasana agus Éire de, smaoiníonn na daoine óga atá ag fágáil na Gaelscoileanna agus na coláistí tríú leibhéal agus an-Ghaeilge acu níos mó i dtreo na hEorpa. Tá a fhios agam go bhfuilimid ag caint faoin státchóras sa tír seo ach dá mba rud é go rabhamar ábalta stádas níos fearr ag an nGaeilge a fheiceáil san Eoraip, is dóigh liom go mbeadh sí níos tarraingtí do dhaoine óga. Thuigfidís an stádas breise atá ag an nGaeilge. Tuigim go bhfuil stádas ag an nGaeilge san Eoraip. Ní hé go bhfuil stádas iomlán aici ach tá stádas ann. Tá daoine ag féachaint ar aghaidh níos faide ná an Bhreatain Bheag agus Sasana. Is cinnte go bhfuil dearcadh agus meon an-difriúil sa Bhreatain Bheag. Níor chaith mé ach seal beag ag obair ansin ó thaobh na craoltóireachta de ach ba léir go raibh meon difriúil ann. Níl freagra ceist an tSeanadóra agam ach is dóigh liom go bhfuil sé freagartha ag Liam Mac Cóil. Ba léir go raibh an státchóras i bhfad níos mó taobh thiar den teanga agus gur thuig sé a ról lárnach i dtaobh an teanga a láidriú agus a chaomhnú i bhfad níos fearr ná an státchóras atá againn, ach tá stair chorraitheach againn sa tír seo, mar is eol don Seanadóir.

Cuirfidh mé ceist nó dhó. Níl loads of ama fágtha. Ó thaobh an Bhreatain Bheag de, bhí mé ag labhairt le coimisinéir teanga na Breataine Bige Déardaoin seo caite agus tá sé sásta teacht os comhair an choiste. Is trua nach raibh an deis againn é sin a dhéanamh go fóill ó thaobh na reachtaíochta de. Ba shin an fáth go raibh mé ag labhairt leis. Measaim gur fiú cruinniú leis a bheith againn. Má aontaíonn an coiste liom, cuirfimid ar an liosta é agus tabharfaimid cuireadh dó teacht. Tá an cur chuige atá aige, agus a bhí ag coimisinéirí roimhe, beagáinín difriúil ón gcur chuige atá ag ár gcoimisinéir féin. Measaim go bhfuil ceachtanna le foghlaim uaidh. Tá sé i dteagmháil lenár gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, freisin. Tá sórt caidrimh eatarthu agus idir na coimisinéirí eile. Measaim go mbeadh sé sin tábhachtach san athbhliain.

Bíonn a lán le rá agam i gcónaí ach níl mé chun é a rá anseo. Beidh deis mhór agam nuair atáimid ag déileáil leis an mBille. Ó thaobh an phointe dheireanaigh ar a raibh na finnéithe ag caint, an pointe faoin maorlathas agus faoi cé atá i gceannas, is é an rud a dúirt m'athair liom i gcónaí ná gurbh í an fhadhb is mó ó thaobh na réabhlóide a bhunaigh an Stát ná nár tharla réabhlóid ó thaobh an chur chuige, an t-eolas corparáide ná an t-eolas neamhráite a bhí ann sa státchóras. Thóg muid an sean-státchóras linn. B'fhéidir nach raibh an méid céanna fíor sa Fhrainc ná in áiteanna eile. Tharlaigh athruithe suntasacha nár tharla anseo. Rinneadh iarracht athrú. Nuair a bunaíodh an Stát, rinneadh iarracht athruithe a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de ach, diaidh ar ndiaidh, theip ar na hiarrachtaí sin. B'fhéidir gur rud é sin gur féidir linn ar fad díriú isteach air amach anseo.

Is í an fhadhb is mó a fheiceann mise faoi láthair ná nach bhfuil fuadar nó deifir ann agus nach n-aithnítear cé chomh dona is atá an ghéarchéim ó thaobh na Gaeltachta de. Tá borradh ag teacht ó thaobh na Gaeilge de lasmuigh den Ghaeltacht. Feicimid é seo sna Gaelscoileanna. Más féidir linn é sin a chur ina luí orthu siúd atá i gceannas sa státchóras, b'fhéidir go dtuigfidh siad go bhfuil an 20% seo a luaigh Liam Mac Cóil tubaisteach. Ní hé sin ach 20% dóibh siúd atá le hearcú. B'fhéidir go bhfuil 1% nó níos lú d'fhoireann iomlán an státchórais le hearcú an bhliain seo chugainn agus is 20% den mhéid sin é. Ní tharlóidh athrú ó thaobh inniúlacht na Gaeilge i measc fhoireann an státchórais de bharr an fhigiúir sin. Caithfear a aithint go bhfuil an moladh sin an-choimeádach agus go gcaithfear cur leis, diaidh ar ndiaidh. Níl sé sin sa Bhille faoi láthair ach níl an tAire Stáit anseo chun troid liom.

Ó thaobh an méid a dúirt Liam Mac Cóil faoi thinte, tá dhá bhealach le tinte a mhúchadh. Is féidir an fear dóiteáin a fháil ná is féidir dul bealach eile, bealach ait, agus é a phléascadh chun nach mbeidh oxygen aici. Níl mé ag rá gur chóir é sin a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge ann ach tá an tuairim ann le fada nár chóir do lucht na Gaeilge a bheith ag brath ar an státchóras chun an Ghaeilge ná an Ghaeltacht a tharrtháil. Tá ar Ghaeilgeoirí agus ar lucht na Gaeltachta tabhairt faoi agus gan a bheith ag suí siar ag fanacht ar tharrtháil.

Tá an ceart ag na finnéithe ó thaobh na dea-thola. Bhí a lán le rá acu. Críochnóidh mé leis seo. Ní ceist do na finnéithe é. Dúirt siad nach saineolaithe iad. Measaim féin gur saineolaí gach uile dhuine a labhraíonn Gaeilge toisc go ndéanann siad amhlaidh. Ní saineolaithe muid ó thaobh na teangeolaíochta de ach tá eolas againn toisc go bhfuil an Ghaeilge á labhairt againn agus toisc go bhfuil aithne againn ar an gcur chuige agus ar na fadhbanna a bhíonn ag daoine nuair atá siad ag déanamh iarrachta déileáil leis an státchóras. Tá an t-eolas sin againn agus is saineolas é. Cad iad na fadhbanna, na constaicí agus na bealaí difriúla? Tá saineolaithe eile ann ó thaobh na teangeolaíochta agus a leithéid. Ní gá freagra a thabhairt dom muna mian leis na finnéithe. Tá cúpla rud le déanamh agam sula gcríochnóimid i gcúpla nóiméad. An maith leis na finnéithe focal scoir a rá?

Ms Cynthia Ní Mhurchú

Ba mhaith liom tacú leis an méid deireanach a bhí le rá ag an gCathaoirleach. Mar a dúirt mé ag an tús, tá an Ghaeilge an-ghar do mo chroí toisc gur chuir mé aithne uirthi nuair a bhí mé i mo pháiste an-óg.

Mar a dúirt mé, níor tógadh trí Ghaeilge mé ach d’fhás mé suas agus chuir mé aithne ar an nGaeilge trí mo chuid oideachais. Is ait é sin a rá mar tá go leor daoine ar an saol seo a deir gur chuir an córas oideachais deireadh lena gcaidreamh nó aon ghrá a bhí acu don teanga. An mhalairt ar fad a tharla i mo chás. Tá súil agam go dtuigeann daoine go bhfuil an Ghaeilge níos tábhachtaí anois ná riamh ó thaobh ár saineolas agus ár sainiúlacht a chur chun cinn, a chaomhnú agus a bhreisiú. Ceapaim ó bheith ag féachaint air agus ag éisteacht le daoine óga inniu go dtuigeann siad é sin. Tá siad ag déileáil leis an saol ó thaobh na meáin shóisialta de agus tá gach rud ar an meán céanna agus an meon céanna sa saol sin. Níl aon rud difriúil mura bhfuil ár dteanga féin agus ár gcultúr féin againn. Níl aon dabht ach go bhfuil an Ghaeilge i gcroílár ár gcultúr agus go gcaithfidh an teanga a bheith mar an gcéad chloch ar ár bpaidrín ó thaobh ár gcultúr de. Mura bhfuil an Ghaeilge ann agus mura bhfuil sí ansin i gcroílár ár gcultúr, níl faic againn.

Is í an teachtaireacht is deimhní gur mhaith liom a thabhairt ná go mbaineann an Ghaeilge linn ar fad agus gur le gach éinne sa tír seo an Ghaeilge. Is cuma má tá duine sáite i saol na Gaeilge nó muna bhfuil aon aithne aige nó aici ar shaol na Gaeilge. Is cuma má tá duine sa Ghaeltacht nó i bhfad ón nGaeltacht, sa Sé Chontae nó thíos anseo. Baineann an Ghaeilge linn go léir. Is í an Ghaeilge a dhéanann sinne agus a ligeann dúinn seasamh amach ó na tíortha eile ar fud an domhain, go háirithe na tíortha atá plódaithe ar na meáin shóisialta faoi láthair.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis na comhaltaí ar fad. Bhain mé ard-taitneamh agus tairbhe as mo chuid ama anseo.

Mr. Liam Mac Cóil

Aontaím 100% le Cynthia Ní Mhurchú faoin tsaineolaíocht. Mura sábhálann muid an Ghaeilge nó mura dtugann muidne í slán, níl aon duine eile, na Polannaigh nó na Sínigh nó aon dream eile, chun é a dhéanamh.

Maidir leis an rud a dúirt an Cathaoirleach, má tá tine sa teach, níl rud ar bith ag stopadh mise mar dhuine ag fáil buicéad uisce nó píobán uisce agus ag iarraidh an tine a chur as mé féin. Cinnte, caithfidh pobail na Gaeilge iad féin, mar dhaoine aonair agus mar phobail, a bheith páirteach san iarracht mhór iontach seo, agus bíodh dóchas againn, atá i gceist leis an Ghaeilge a thabhairt slán. Mar a déarfainn i gConradh na Gaeilge fadó, an t-aon Ghaeilge a bhí ag mo sheanmháthair ná "go mairfidh ár nGaolainn slán", agus táimid fós san iarracht sin.

Ag an am céanna, caithfidh an Stát cearta absalóideacha teanga pobal na Gaeilge a aithint agus a chur i gcrích. Sin an bhunlíne agus tá sé sin neamhspleách ar cé mhéad duine a iarrann foirmeacha nó rud ar bith. Is cearta absalóideacha atá muid ag lorg don Ghaeilge, agus má dhéantar é sin, tiocfaidh go leor eile. Tiocfaidh an borradh. Gheobhaidh muid amach go bhfuil níos mó píobáin uisce ar fáil dúinn seachas ceann an Stáit.

Gabhaim buíochas leis an gcoiste agus, dála Cynthia Ní Mhurchú, bhain mé an-sult as a bheith anseo. Is pribhléid dom é agus tá mé thar a bheith buíoch.

Gabhaim buíochas don bheirt finné as an gcomhrá agus an cur i láthair spéisiúil, tráthúil agus spreagúil. Tá go leor ráite chun cogaint thar an Nollaig agus isteach san athbhliain.

Tá jab amháin eile le déanamh agam. Seo an cruinniú deireanach roimh an Nollaig so guím Nollaig shona do gach duine atá ag féachaint isteach agus dóibh siúd a bhí anseo le linn na bliana. Athbhliain faoi mhaise atá ag teastáil uainn ar fad.

Chaith an fhoireann anseo chomh maith linn ó tháinig muid le chéile ar dtús agus gabhaim mo bhuíochas leo. Gabhaim buíochas go háirithe leis an oifigeach comhairle beartais, Aoife Mistéil. Tá sí ag éalú uainn. Tá an Roinn as ar tháinig sí tar éis athghlaoch a dhéanamh uirthi agus beidh uirthi filleadh ansin. Tá súil againn go bhfeicfimid arís í am éigin agus tá súil againn go dtiocfaidh duine éigin eile chun cuidiú linn san athbhliain.

Cuireadh an coiste ar athló ar 3.55 p.m. go dtí 2 p.m., Dé Céadaoin, 20 Eanáir 2021