Múinteoirí Nuacháilithe agus Ábhair Oidí: An Chomhairle Mhúinteoireachta

Tá leithscéal faighte agam ón Teachta Calleary, ón Teachta Daly agus ón Seanadóir Ó Donnghaile. Ní bheidh siad i láthair. Dúirt an Teachta Connolly go mbeidh sí anseo. Tá sí déanach toisc go bhfuil sí díreach tar éis a bheith sa Chathaoir san Ionad Comhdhála, Baile Átha Cliath. Iarraim ar chomhaltaí a bhfóin phóca a mhúchadh más féidir. Táimid anseo inniu chun plé a dhéanamh ar chaighdeán Gaeilge múinteoirí nuacháilithe agus ar dheontais le hábhair oidí atá ag tabhairt faoi thréimhsí foghlama sa Ghaeltacht mar chuid dá n-oiliúint. Tá ionadaithe ón gComhairle Mhúinteoireachta linn inniu chun an t-ábhar seo a phlé. Gabhaim buíochas le Tomás Ó Ruairc, stiúrthóir, agus Phil Fox, leas-stiúrthóir, as teacht anseo inniu agus a dtuairimí agus a dtaithí a roinnt linn. Thugamar cuireadh do Ghael-Taca freastal ar ár gcruinniú freisin ach, faraor, ní raibh ionadaí ar fáil.

Ba mhaith liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe lonnaithe i Seomra na Dála le linn an chruinnithe seo. Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh, 2009, faoi chosaint lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo chomh fada is atá siad lonnaithe sa seomra coiste féin. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh, ámh, éirí as an bhfianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cáilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chur siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Mr. Tomás Ó Ruairc

Ba mhaith leis an gComhairle Mhúinteoireachta buíochas a ghabháil leis an gcomhchoiste as an gcuireadh seo a eisiúint le ceist chaighdeán Gaeilge múinteoirí nuacháilithe a phlé. In éindí liom anseo tá mo chomhghleacaí, leas-stiúrthóir na comhairle, Phil Fox. Aithníonn muid uile go bhfuil dul chun cinn mór déanta ag earnáil na Gaeilge le blianta anuas agus aithníonn muid chomh maith go bhfuil dúshláin nach beag romhainn i gcónaí. Fáiltíonn an chomhairle roimh an deis an cheist seo a phlé, nó is cosúil go gcaithfear dlús a chur leis an gcomhoibriú eadrainn ar fad le tacú le labhairt na Gaeilge sa phobal i gcoitinne.

Tuigtear don chomhairle go bhfuil an deontas Gaeltachta d’ábhar oidí ar an gclár chomh maith. Is mian linn a shoiléiriú don chomhchoiste go bhfuil an Roinn Oideachais freagrach as an gceist áirithe seo. Tá an chomhairle freagrach as na caighdeáin don tréimhse fhoghlama Gaeltachta mar atá leagtha amach in Céim: Caighdeáin d’Oideachas Tosaigh Múinteoirí.

Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht um chaighdeáin ghairmiúla don mhúinteoireacht a dhéanann caighdeáin ghairmiúla na gairme a chur chun cinn agus a rialáil. Feidhmíonn sí ar mhaithe le leas an phobail agus, ag an am céanna, tacaíonn sí agus cuireann sí le caighdeáin na múinteoireachta. San áireamh anseo cuireann muid comhairle ar an Aire Oideachais maidir le critéir iontrála do chláir oideachas tosaigh múinteoirí agus déanann muid cláir oideachas tosaigh múinteoirí a athbhreithniú agus a chreidiúnú. I measc ár bhfreagrachtaí eile tá faomhadh An Gharda Síochána le haghaidh múinteoirí cláraithe; clárú múinteoirí; ionduchtúchán múinteoirí nuacháilithe sa phróiseas Droichead; foghlaim múinteoirí nó forbairt ghairmiúil leanúnach, FGL, faoin gcéad chreatlach náisiúnta, Cosán; gearáin maidir le múinteoirí cláraithe faoi ábhair dháiríre, oiriúnacht um theagasc mar a dtugtar air; agus taighde a chur chun cinn i ngairm na múinteoireachta.

Maidir le cláir oideachas tosaigh múinteoirí a chreidiúnú, is gá idirdhealú a dhéanamh idir creidiúnú gairmiúil agus creidiúnú acadúil. Tá an chomhairle freagrach as creidiúnú gairmiúil, is é sin, cé chomh maith is a ullmhaíonn an cúrsa ábhar oide do riachtanais laethúla an tseomra ranga. Creidiúnú acadúil is ea an próiseas a dheimhníonn cé acu an bunchéim nó máistreacht é an cúrsa. Tá na hollscoileanna, nó na seanaid s’acu, freagrach as an bpróiseas sin.

Más ar scoil a mhúintear an Ghaeilge, is i mbaclainn an phobail a bhláthaítear í. Más feabhas ar labhairt, ar shealbhú agus ar mhúineadh na Gaeilge atá uainn, is gá breathnú ar chomhthéacs an phobail ina bhfuil múinteoirí ag obair agus ar cheist na n-acmhainní agus na dtacaíochtaí leanúnacha atá ar fáil dóibh. Díol suime is ea tuairisc an phríomhchigire i gcomhair 2016 i gcomhthéacs na ceiste seo. Thug an tuairisc chéanna faoi deara go raibh feabhas tagtha ar na caighdeáin teagaisc ón uair a foilsíodh an tuairisc dheireanach uaidh, ó 86% de scoileanna ar tugadh cuairt orthu go 88% go 94%. Is fíor a rá, i gcodarsnacht le teagasc an Bhéarla agus na matamaitice, nár tugadh aon fheabhas faoi deara i múineadh na Gaeilge i scoileanna idir 2013 agus 2016. Go deimhin, dúirt an tuairisc ó 2016 go raibh caighdeán mhúineadh na Gaeilge ar fheabhas i 12% de na ceachtanna a chonacthas agus go maith i 60%. Dúirt an tuairisc gur thug sé seo le fios go láidir go bhféadfaí an-dul chun cinn a dhéanamh ar an ábhar seo.

Léiríonn díomá na tuairisce nach é caighdeán Gaeilge na n-ábhar oidí ná na múinteoirí nuacháilithe an chloch is mó ar ár bpaidrín anseo. Faoi láthair, tá timpeall 109,000 duine cláraithe mar mhúinteoirí leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Gach bliain, déanann an chomhairle idir 3,000 agus 4,000 duine ar an meán a chlárú don chéad uair mar mhúinteoirí. Mar sin, is í an cheist is mó a ardaíonn tuairisc an phríomhchigire 2016 ná céard iad na háiseanna agus na hacmhainní breise atá de dhíth ar mhúinteoirí, agus ar na scoilphobail ar a bhfuil siad ag freastal, le tacú, le sealbhú agus le labhairt na Gaeilge ina measc?

In Céim, leagtar amach go dtabharfaidh gach clár oideachas tosaigh múinteoirí, OTM, ag leibhéal na bunscoile faoi mhuinín agus chumas na múinteoirí faoi oiliúint sa Ghaeilge, lena n-áirítear an Ghaeilge labhartha, agus an fhorbairt den leibhéal céanna go dtí leibhéal leordhóthanach le go mbeidh siad in ann Gaeilge an churaclaim bhunscoile a mhúineadh. Clúdaíonn sé seo foghlaim na teanga mar chuid de thréimhse fhoghlama sa Ghaeltacht, cé nach bhfuil sé teoranta di.

Tá torthaí foghlama na siollabas teanga a leantar ar na cláir oideachais don bhunmhúinteoireacht ar an mbaitsiléir san oideachas agus ar an máistreacht ghairmiúil san oideachas ar fad bunaithe ar leibhéal B2 de chomhchreat tagartha na hEorpa um theangacha agus ar na hinniúlachtaí éagsúla atá leagtha amach sa cháipéis sin. Maidir le mic léinn ar an mbaitsiléir san oideachas trí mheán na Gaeilge, tá torthaí foghlama na siollabas teanga a leantar bunaithe ar leibhéal níos airde, leibhéal C1 de chomhchreat tagartha na hEorpa um theangacha agus ar na hinniúlachtaí éagsúla atá leagtha amach ansin.

Bíonn ar mhic léinn oideachais a bhíonn ag staidéar don bhunmhúinteoireacht ar an dá chúrsa sin, an baitsiléir san oideachas agus an mháistreacht, ar fad freastal ar thréimhsí foghlama sa Ghaeltacht, is é sin le rá, dhá thréimhse choicíse. Ar na tréimhsí foghlama sin, leanann na coláistí Gaeltachta siollabais chomónta, is é sin, na siollabais oifigiúla do na tréimhsí foghlama sa Ghaeltacht do mhic léinn oideachais, na siollabais a dhear na hinstitiúidí ardoideachais go léir le chéile i gcomhpháirt le Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, CONCOS, leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus, ar ndóigh, leis an Roinn Oideachais.

Tugtar Céim, mar a dúirt mé, ar na caighdeáin d’oideachas tosaigh múinteoirí toisc nach bhfuil sa staid seo i ngairm beatha na n-ábhar oidí ach céim amháin. Léiríonn an taighde go bhfuil ábhar oidí ag foghlaim an chaoi le múineadh ó thosaigh siad ag freastal ar an scoil, go minic i ngan fhios dóibh féin. Tá a fhios ag an saol go bhfuil siad ag foghlaim na Gaeilge le linn na tréimhse céanna ar feadh 14 bliana beagnach. Anuas air seo ar fad, is fiú go mór tacaíocht an Stáit do na meáin Ghaeilge a aithint anseo, nó is dlúthchuid de ghréasán an phobail don teanga í. Áirítear anseo TG4, Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió Fáilte, tuairisc.ie, an iris Nós, agus Comhar.

Ar nós aon scil, go háirithe sealbhú teanga, tógann sé tamall fada caighdeán barr feabhais a bhaint amach. Tógann sé tamall fada an caighdeán céanna a chailliúint agus is gá le daoine filleadh ar thobar na foghlama go minic ar feadh an saol leis an scil chéanna a chothú agus a choimeád ag an leibhéal céanna. Tá creatlach náisiúnta le haghaidh foghlaim múinteoirí faofa ag an gComhairle Mhúinteoireachta faoinar féidir linn uile an dua a chaitheann an ghairm lena bhfoghlaim ghairmiúil i ngach aon réimse, an Ghaeilge san áireamh, a aithint agus a cheiliúradh. Cosán an teideal atá ar an gcreatlach seo. Deis iontach is ea Cosán do gach eagraíocht a chuireann deiseanna foghlama ar fáil do mhúinteoirí a gcuid oibre a fhí isteach le creatlach ghairmiúil ardchaighdeán.

Tá neart eagraíochtaí agus scoileanna ag múineadh na teanga do na céadta mílte daoine le beagnach 100 bliain anuas. Tá na ceisteanna seo á bplé i bhfad sular bunaíodh an chomhairle. Má tá bearnaí sa chur chuige straitéiseach, tugann an fhianaise uile le fios nach laigí sa soláthar oideachais an fhadhb is mó. Cad iad an dá dhúshlán is mó atá againn? Ar an gcéad dul síos, tá sé mar dhúshlán againn meon a chothú a thuigeann gur próiseas saoil is ea foghlaim de chineál ar bith, sealbhú teanga san áireamh. Ar an dara dul síos, caithfimid tacaíochtaí pobalbhunaithe dár múinteoirí a neartú go mór. Gabhaim buíochas leis na baill agus táim ag súil go mór lena gcuid ceisteanna.

An bhfuil ceist nó ráiteas ag na baill mar gheall ar seo?

Gabhaim buíochas le Tomás Ó Ruairc as ucht an méid atá ráite aige. Tá deirfiúr agam agus tá sí ina múinteoir bunscoile. Nuair a dhein sí an ardteistiméireacht, ní raibh ach an gnáthleibhéal aici. Bhí uirthi dul ar ais ar scoil chun an ardteistiméireacht a dhéanamh arís chun an t-ardleibhéal a bheith aici. Tá a fhios agam go bhfuil an-suim aici sa Ghaeilge anois. Fuair sí an grá sin, nach raibh aici nuair a bhí sé ar scoil, an tarna huair. Feicim an benefit atá leis an ngá go mbeadh an Ghaeilge ag na múinteoirí bunscoile. Tá mé ar aon intinn leis an méid atá ráite ag an bhfinné.

Tá a fhios agam gur chur an t-iar-Aire Oideachais, an Teachta McHugh, nuair a bhí sé in oifig, athrú ó thaobh aidhme go mbeadh an corpoideachas i scoil, fiú sna scoileanna Béarla, déanta trí Ghaeilge. Táimid ag labhairt faoi dhaltaí atá ag déanamh na n-ábhar sóisialta, más féidir liom é sin a rá, agus iad ag teacht le chéile ag labhairt, ag pleidhcíocht agus ag súgradh, agus araile. Sá chás sin, más rud é go bhfuil siad ag labhairt Gaeilge nó má tá seans acu níos mó Gaeilge a labhairt, múineann sé an Ghaeilge go héasca dóibh. Cad is dóigh leis na bhfinnéithe faoi sin? Ar cheart dúinn rud éigin mar sin a dhéanamh nó a chur i bhfeidhm? Conas is féidir linn an saol sóisialta scoile a theagasc trí mheán na Gaeilge ar an ábhar sin, mar shampla? An bhfuil múinteoirí ann chun é sin a dhéanamh? Bhí Tomás Ó Ruairc ag labhairt faoi na figiúirí. Tá 60% ann go bhfuil Gaeilge mhaith acu. An bhfuil Gaeilge mhaith go leor acu chun corpoideachas a dhéanamh trí Ghaeilge, labhairt leis na leanaí agus iad a theagasc freisin? Uaireanta bíonn tionscnaimh á ndéanamh ag scoláirí ar thíortha Eorpacha nó imeachtaí staire. Ar chóir go mbeadh cur i láthair á dhéanamh ag scoláirí trí mheán na Gaeilge, mar sin?

Tá ceist amháin eile agam, más féidir liom. De ghnáth, bíonn neart imeachtaí seach-churaclaim á ndéanamh ag scoláirí na hidirbhliana freisin. Tá a fhios agam go bhfuilimid ag labhairt faoi leibhéal difriúil ansin, ach cén taithí a bhíonn ag scoláirí ar an nGaeilge san idirbhliain, i scoileanna lán-Bhéarla? An bhfuil tuairimí ag na finnéithe faoin ábhar sin?

Mr. Tomás Ó Ruairc

Ó thaobh an tairbhe a bhaineann le hábhair a mhúineadh trí Ghaeilge, agus an bhfuil na múinteoirí ann chun é sin a dhéanamh, tá freagra níos casta ar ndóigh ach an freagra is simplí ar an gceist ná is cinnte go bhfuil siad ann. Tá 109,000 duine ar an gclár agus é ag fás. Tá idir 3,000 agus 4,000 múinteoir nua á gclárú gach bliain. Ar ndóigh, tá múinteoirí ag éirí as ach ó bunaíodh an chomhairle, d’fhás an clár i gcónaí - níor laghdaigh sé riamh.

Léiríonn sé sin cé chomh tábhachtach is atá ceist an tSeanadóra. Tabhair faoi deara gur fhógair an Roinn Oideachas i mbliana trí chúrsa uas-scilithe, is é sin le rá ná cúrsaí a chuirfeadh ar chumas múinteoirí a gcuid scileanna agus eolas a neartú in ábhar ar leith, an fhisic, an Spáinnis agus an mhatamaitic go bhfios dom. Bhí an-éileamh go deo ar na cúrsaí seo. Bhí an iomarca éilimh. Bhí éileamh dúbailte ar an gcúrsa nuair a bhí áiteanna ar fáil. Tá a fhios againn mar chomhairle, go dtí seo aon uair a chuireann an Stát nó an pobal deiseanna ar fáil do mhúinteoirí iad féin a fheabhsú ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, agus an taithí chuí a théann leis sin, tógann siad an deis sin gan aon stró. Is dóigh liom, mar mhúinteoir Gaeilge mé féin, go gcaithfimid uilig a admháil go dtógfaidh sé tamall. Tá difríocht ar leith idir cumas labhairt na teanga a fheabhsú agus cumas eolais a neartú. Mar sin, b’fhéidir go dtógfaidh sé níos mó ama é sin a dhéanamh ach is léir dúinne sa chomhairle go bhfuil an-dúil ag múinteoirí i bhfoghlaim ghairmiúil leanúnach, foghlaim a bheadh spreagúil, tarraingteach, a neartóidh an saol sóisialta dóibh féin, ach an oiread leis na daltaí b’fhéidir chomh maith. Tá an taighde a thacaíonn leis an gcur chuige sin an-soiléir - níl aon dabht faoi sin. Tá na múinteoirí ann, ach is fiú na deiseanna cuí a chur ar fáil dóibh.

Maidir leis an dara ceist, a bhaineann le taithí na ndaltaí san idirbhliain i scoileanna lán-Bhéarla, caithfidh mé a admháil nach bhfuil an oiread sin eolas agam ar sin, faraor. Is shampla é sin den phointe céanna a bhíomar á phlé i gcás múinteoirí - timpeallacht, ábharthacht, dearfach – ionas go mbeadh sí á fhoghlaim ar bhealaí neamhghnácha. B’fhéidir go gcaithfimid uilig mar shochaí a bheith ag breathnú ar na bealaí neamhghnácha sin agus cén chaoi a mbeidís níos gnáiche.

Tá na ceisteanna go léir freagartha. Tá an Seanadóir sásta.

Gabhaim buíochas leis an bhfinné as an gcur i láthair. Tá an-chuid eolais úsáidigh ann. Cén saghas teagmháil a bhíonn ag an gComhairle Mhúinteoireachta leis na hollscoileanna agus na heagraíochtaí éagsúla a bhíonn ag traenáil na múinteoirí, ní hamháin mar gheall ar chaighdeán na Gaolainne a bheadh ann dá bharr, ach fresin mar gheall ar dhaoine a mhealladh i dtreo sruth na Gaolainne chomh maith? An léiríonn an chomhairle é sin dóibh siúd, go bhfuil bearna le feiceáil sna figiúirí atá tugtha dúinn? Cad iad na hiarrachtaí atá á dhéanamh chun daoine a mhealladh isteach sa sruth Gaolainn?

Bhí mé ag caint le scoil ag tús na seachtaine. Tá múinteoir miotalóireachta á lorg ag an scoil agus tá sé á fhógairt arís is arís eile. Tá an scoil ag caint le daoine maidir le múinteoireacht adhmadóireachta agus ní fheadar an bhfuil thart ar leath dosaen duine ag dul i dtreo sruth na Gaolainne ann. Tá breis oibre le déanamh acu chun an cháilíocht a bhaint amach. An bhfuil an Chomhairle Mhúinteoireachta i dteagmháil leis na coláistí mar gheall ar dhaoine a mhealladh sa treo sin? Cén saghas teagmhála atá ag an gcomhairle leis na coláistí?

Luaigh Tomás Ó Ruairc go mbíonn idir 3,000 agus 4,000 múinteoir nuachláraithe ann in aghaidh na bliana. An bhféadfadh sé eolas a thabhairt dúinn ar na figiúirí sin? Cén split atá ann idir bunscoileanna agus meánscoileanna? Cé mhéad duine atá cáilithe i gcomhair múineadh trí Ghaolainn? Tá mé ag smaoineamh ar mheánscoileanna go háirithe ach má tá figiúirí aige mar gheall ar dhaoine ag múineadh as Gaolainn, bheinn buíoch astu. Táim ag fiafraí mar gheall ar na múinteoirí nua. Leag sé roinnt mhaith béime, go háirithe i dtreo dheireadh na tuairisce, mar gheall ar fhoghlaim leanúnach agus go bhfuil sé ag súil le múinteoirí a chur snas ar a dteanga, agus ag déanamh dul chun cinn ansin. An bhfuil sé sin le feiceáil sna figiúirí? An bhfuil sé really ag tarlú? An bhfuil daoine ann, cur i gcás, a raibh cáilithe mar mhúinteoir fisice le 20 bliain anuas agus atá ag teacht anois chuig an gcomhairle ag clárú chun múineadh as Gaolainn?

Ní dóigh liom go bhfuil ach dá mbeadh figiúirí aige chuige sin, chuirfeadh sé ionadh orm. Bheadh an-suim agam ann. An bhfuil iarrachtaí á ndéanamh chun a leithéid de sin a chur i gcrích?

Chomh maith le sin, maidir leis na múinteoirí agus na bearnaí a luaigh mé ansin, is minic a bhíonn ar scoileanna múinteoir a thabhairt isteach nach mbeadh cáilithe as Gaolainn agus go mbeadh sé nó sí sásta dul ar aghaidh agus feabhas a chur ar a chuid nó a cuid Gaolainne. Tuigim go mbeadh na daoine sin ar phá níos ísle, pá neamhcháilithe, ar feadh tamaill. An bhféadfadh le Tomás Ó Ruairc soiléiriú a thabhairt air sin? Más fíor é sin, is soiléir nach mbeadh daoine ag lorg a leithéid de phost nuair a d’fhéadaidís siúl isteach go dtí scoil Bhéarla síos an bóthar agus an rang a mhúineadh agus pá níos airde a fháil. B’fhéidir go bhféadfadh leis an Uasal Ó Ruairc soiléiriú a thabhairt ar na hábhair sin ar dtús.

Mr. Tomás Ó Ruairc

Bíonn teagmháil an-rialta againn leis na hollscoileanna, ar an gcéad dul síos, tríd an bpróiseas athbhreithnithe ar na cúrsaí chun na gaiscí uile a thaispeáint don chomhairle go bhfuil siad ag comhlíonadh na gcaighdeán a leagadh síos le haghaidh na gcúrsaí ar fad. Ach mar a thuigeann an comhchoiste, bíonn an-teagmháil le bliain go leith anuas, maidir le tacaíocht a chur ar fáil do scoileanna ionadaithe a fháil agus solúbthacht a thabhairt isteach sna cúrsaí ar fad, na cinn lán-Ghaeilge san áireamh. Tá ceann ag an Institiúid Oideachais Marino, is é sin an BA trí mheán na Gaeilge. Tá siad ag tógáil solúbthachta isteach le go mbeadh daoine ar fáil chun ionadaíocht a chur ar fáil de réir mar a d’fhéadfaí.

Má tá duine á mhealladh i dtreo scoileanna lán-Ghaeilge, cuireann An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, cúrsa ar fáil, uair sa bhliain ar an meán, chun díriú ar an gceist a d’ardaíodh, is é sin le rá, feabhas a chur ar chumas múinteoirí ábhair a mhúineadh trí Ghaeilge. An bhféadfaí cur leis sin? D’fhéadfaí, ar ndóigh, ach ar a laghad tá an soláthar sin ann.

Bhunaigh Institiúid Oideachais Marino BA trí mheán na Gaeilge dírithe go huile is go hiomlán ar riachtanais na hearnála lán-Ghaeilge. Tá an mháistreacht ghairmiúil san oideachas ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ar ndóigh, tá na hollscoileanna uile a bhfuil na cúrsaí iarchéime acu tar éis dlús a chur leis an bhfócas a dhíríonn siad isteach ar riachtanais na scoileanna.

Go stairiúil, bhí an tuiscint sa chóras nach raibh múinteoirí ag teacht amach as na cúrsaí sin a mbeadh na hábhair chuí acu chun freastail ar riachtanais na scoileanna. Tá sé sin feabhsaithe le cúpla bliain anuas ag an leibhéal iarchéime, an máistir gairmiúil san oideachas, MGO, mar a thugtar air i nGaeilge, san áireamh. Tá na hiarrachtaí sin tosaithe ag an gcóras. Thug muidne creidiúnú don chúrsa sin in Institiúid Oideachais Marino mar a thug muid do na cúrsaí oideachais do na múinteoirí ar fad. Is tús iad, is dóigh, agus tiocfaidh mé ar ais ar sin.

Maidir le bunscoil agus meánscoil agus an bhfuil siad ullmhaithe mar is cuí do riachtanais na hearnála lán-Ghaeilge, tá siad ullmhaithe mar is cuí do riachtanais an chórais oideachais ar an gcéad dul síos. Má thugtar aghaidh, agus is é sin an fáth a luann muid é san aighneacht agus san aitheasc, ar an gcóras ionduchtúcháin, Droichead, tá sé sin an-tábhachtach agus tá aiseolas faighte ann ó earnáil na Gaelscolaíochta a chur fáilte ar leith roimh an scéim sin. Cuireann sé ar chumas na scoileanna, don chéad uair riamh, foghlaim na múinteoirí nuacháilithe a chur in oiriúint dá riachtanais féin.

An córas a bhí ann go stairiúil ná an cur chuige profa inar tháinig cigire isteach, rinneadh dhá chuairt ar an múinteoir, díríodh isteach ar riachtanais ar leith agus bhí an cigire sásta nó míshásta leis ag an deireadh. Anois, tá Droichead ar bun, is é sin foireann múinteoirí lonnaithe sa scoil a thuigeann comhthéacs na scoile, an meántheagasc san áireamh. Nuair a leaindeálann múinteoir nuacháilithe isteach an doras an chéad lá, deireann an fhoireann seo an chaoi a bhfuil siad ag múineadh sa scoil agus na riachtanais atá acusan. Caithfidh múinteoir nuacháilithe sa chás sin réimse foghlamtha ar leith a roghnú dó nó di féin i gcomhairle leis an bhfoireann múinteoirí sin ar bhealach a bheadh oiriúnach do riachtanais lán-Ghaeilge na scoile.

Sin dul chun cinn mór atá déanta. Ar bhealach íorónta, is scéim ghinearálta í. Tá sí dírithe ar an gcóras scolaíochta ar fad ach, a bhuíochas leis sin, cuireann sé ar chumas earnáil Ghaelscolaíochta foghlaim múinteoirí a mhúnlú in oiriúint dá riachtanais féin. Tá sé sin ráite go díreach linn ón earnáil sin le blianta anuas.

Maidir le foghlaim leanúnach, an bhfuil na sluaite ag triail air seo? Níl na figiúirí agam os mo chomhair anseo. Tá an soláthar ar fáil ag COGG agus caithfimid ar fad fáilte a chur roimhe sin. I mo thaithí féin, chaith mé cúig bliana ag obair in earnáil oideachais múinteoirí agus bhunaigh mé cúrsa roghnach ag iarraidh múinteoirí i m’ábhar oide a mhealladh i dtreo na hearnála. Ní raibh aon mheasúnú ar an gcúrsa sin. Ní raibh aon mharcanna ag dul dó. Murab ionann agus a raibh mé ag súil leis, sin an chúis gur tháinig daoine isteach ar an gcúrsa. Bhí deis acu socrúcháin scoile ar leith a dhéanamh i scoileanna lán-Ghaeilge.

Mar a thug ceist an Teachta Moynihan le fios, is ó earnáil an Bhéarla a tháinig siad mar ábhair oidí agus bhí go leor tuairimíocht acu faoi earnáil na Gaelscolaíochta, cé go mb’fhéidir nach raibh mórán bunúis léi. Nuair a fuair siad an deis, gan aon rud ag brath air ó thaobh marcanna de, tamall a chaitheamh i seomra ranganna Gaelscoileanna, thuig siad gur féidir é seo a dhéanamh agus, níos tábhachtaí fós, thuig siad an caighdeán Gaeilge a bhí de dhíth. Tháinig siad amach as an gcúrsa roghnach sin ag smaoineamh ar an dá bhliain a bhí fágtha acu ina gcúrsa agus ar an bhfíric dá mba rud é go raibh siad ag iarraidh a ndeiseanna fostaíochta a neartú, agus leis an gcaoi a bhfuil na huimhreacha ag dul ag an mbunscoil, thuigfí cén fáth go mbeidís ag iarraidh é sin a dhéanamh, go gcaithfidís é sin a chur ar a gcumas le go mbeidís in ann freastal ar na scoileanna.

Tá smaointe mar sin sa chóras. Tá daoine ag iarraidh iad a mhealladh i dtreo na hearnála. Mura bhfuil na sluaite ag triail, caithfimid ar fad an cheist a chur cén fáth. Bunaithe ar mo thaithí féin, is easpa féinmhuiníne agus tuisceana ar riachtanais na hearnála atá ann. Cén chaoi a bhféadfaimis mar chomhairle, ollscoileanna agus mar scoileanna comhpháirtíochtaí a bhunú idir na hollscoileanna agus na scoileanna féin le deiseanna mar sin a chur ar fáil d’ábhair oidí? Léiríonn an taithí, má chuireann muid na deiseanna ar fáil dóibh go mbeidh siad níos oscailte roimh dheiseanna a lorg san earnáil sin.

Maidir leis na bealaí clárúcháin agus ceist an phá, ní bhaineann sé sin i ndáiríre le ceist an mheántheagaisc. Baineann sé sin leis an mbealach clárúcháin, is é sin le rá, go bhfuil bealach a haon, a dó a trí nó a ceathair ann, bunscoil, iar-bhunscoil, breisoideachas agus eile, mar is dóigh go dtugtar ar bhealach a ceathair. Más ábhar oide thú ar chúrsa iarchéime agus bunchéim agat, tá tú in ann clárú ar bhealach a ceathair. Tá tú cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta ach níl na cáilíochtaí cuí agat don earnáil, bíodh sé i mbunscolaíocht nó in iar-bhunscolaíocht. Sin an fáth a dtagann ceist an phá isteach. Ní bhaineann sé le ceist an mheántheagaisc.

Tá ceist amháin agam maidir leis na figiúirí. An mbeadh tuairim ag an Tomás Ó Ruairc mar gheall ar dhaoine a fhaigheann an cháilíocht bhreise? Tá buntáiste mór ag an gComhairle Mhúinteoireachta. Tá sí ag clárú na daoine agus feiceann sí. Glacaim leis nach gá go mbeadh na figiúirí ar bharr na teanga ag an Uasal Ó Ruairc ach an bhféadfadh sé tuairim a thabhairt air sin agus figiúirí cruinne a sheoladh ar aghaidh chuig an gcoiste níos déanaí? An bhfuil céad duine, cúigear nó cúpla míle duine ag clárú in aghaidh na bliana atá ag déanamh na cúrsaí leanúnacha agus ansin iad féin a chur ar fáil mar mhúinteoirí Gaolainne? An bhfuil aon tuairimíocht aige ar na figiúirí sin? Anuas air sin, maidir leis na figiúirí idir thrí agus cheithre mhíle duine nua, cén tslí a bhfuil sé sin scaipthe amach?

Mr. Tomás Ó Ruairc

Is féidir liom ceann de na ceisteanna a fhreagairt, maidir leis na trí nó ceithre mhíle, go réasúnta soiléir agus an t-eolas cruinn a chur ar aghaidh níos deireanaí. Ar an meán, bíonn sé 50-50 idir an bhunscolaíocht agus an iar-bhunscolaíocht agus b’fhéidir céatadán áirithe den bhreisoideachas chomh maith. Cuirfimid na figiúirí cruinne ar fáil don chomhchoiste.

Maidir le foghlaim ghairmiúil leanúnach, áfach, níl ár gcuid cumhachtaí reachtúla tosaithe ansin fós. Mar sin, ní bheadh na figiúirí sin againn ar chor ar bith. Tá mé ag tagairt do mhír 39 d’Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta faoina bhféadfadh an chomhairle athbhreithniú agus creidiúnú a dhéanamh ar chúrsaí sa réimse fhoghlaim ghairmiúil leanúnach. Níl an mhír sin den reachtaíocht tosaithe fós agus níl muid ag plé leis ar an mbealach a chuirfeadh ar ár gcumas na figiúirí a chur ar fáil, faraor.

Gabhaim mo bhuíochas le Tomás Ó Ruairc as ucht an cur i láthair. Fiú go bhfuil muid anseo chun labhairt faoi mhúinteoirí nuacháilithe, b’fhéidir go bhféadfainn iompú ar mhúinteoirí go ginearálta. Tá roinnt tagairtí anseo faoi acmhainní a chur ar fáil do mhúinteoirí ach ó thaobh teanga agus fhoghlaim teanga de, níl aon acmhainn níos tábhachtaí ná an múinteoir agus leibhéal na Gaolainne atá ag an múinteoir. Bhí an t-ádh liom freastail ar Choláiste Mhuire Marino mar iarchéimí agus traidisiún láidir Gaolainne ansin. Ní raibh an cúrsa lán-Ghaeilge sin ar fáil nuair a bhí mé ann.

Luaigh an tUasal Ó Ruairc an easpa féinmhuiníne agus is cinnte go bhfuil easpa féinmhuiníne ag daoine, ag na múinteoirí agus iad ag iarraidh Gaolainn a mhúineadh trí mheán na Gaeilge.

Caithfidh mé a adhmháil go bhfuil sé i bhfad níos fusa an Ghaolainn a mhúineadh trí mheán an Bhéarla ná trí mheán na Gaeilge. Níl sé sin go maith in aon chor. Tá léargas éigin agam mar mhúin mé mar mhúinteoir TEFL san Iodáil uair amháin na blianta fada uainn anois, agus ní raibh an deis agam aistriú a dhéanamh mar ní raibh Iodáilis agam ag an bpointe sin.

Rud eile a dúirt Tomás Ó Ruairc ina ráiteas ná gur gá dúinn filleadh ar thobar na foghlama go minic ar feadh ár saoil agus aontaím go mór leis sin ach ní chreidim go bhfuil an méid sin tacaíochta ar fáil do mhúinteoirí chun an fhorbairt ghairmiúil leanúnach, FGL nó CPD, a dhéanamh. An cóir dúinn níos mó infheistíochta a dhéanamh sna múinteoirí atá againn faoi láthair chomh maith leis na múinteoirí nuacháilithe? Mar is ionann le haon rud sa saol, mura bhfuil an duine ag déanamh dul chun cinn tá an duine ag dul ar gcúl. Ní raibh mórán deise agam mar mhúinteoir bunscoile cur le mo stór Ghaeilge sa ghnáthshaol. Bhí mé ag labhairt Gaolainne leis na paistí a bhí os mo chomhair. Bhí mo chuid Gaolainn i bhfad níos fearr ná na paistí. Ní raibh mé féin ag foghlaim Gaolainn agus ní raibh mórán deise agam cur le mo stór Gaolainne dá bharr. An gcaithfear infheistíocht a dhéanamh chun an FGL sin a chur ar fáil?

Ina theannta sin luaigh Tomás Ó Ruairc gurb é ceann de na spriocanna atá ag an gcomhairle ná taighde a dhéanamh agus go bhfuil an chomhairle ag cloí faoi láthair le Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha ag leibhéal B2 ansin. Tá sé sin ann i gcomhair na múinteoirí nuacháilithe, ach an bhfuilimid ag déanamh aon taighde ó thaobh leibhéal na Gaolainne atá ag gnáthmhúinteoirí faoi láthair? An bhfuil an leibhéal B2 acu? Ní fheadar an bhfuil. Nuair a d’fhreastail mé ar Choláiste Mhuire i Marino bhí an-deis agam an Ghaolainn a labhairt. Bhí daoine istigh i mo ranganna agus bhí mé in ann cur le mo stór Gaolainne, ach nuair a chuaigh mé isteach go dtí an seomra ranga mar mhúinteoir, is é sin an méid Gaolainn a bhí agam agus bhí mé ag cailleadh mo chuid Gaolainn gach uile bhliain mar ní raibh an deis agam an Ghaolainn sin a chleachtadh. Mar sin, an bhfuil aon taighde ar fáil ar an leibhéal Gaolainne atá ann go ginearálta i measc na múinteoirí atá againn faoi láthair?

Mr. Tomás Ó Ruairc

Tá ceist an Teachta ag teacht go dtí an chloch is mó ar ár bpaidrín ar go leor bealaí. Fiafraítear dínn an bhfuil níos mó infheistíochta de dhíth le feabhas a chur ar an scéal agus ní léir dom go bhfuil fós. Ní hé más rud é go raibh sé ann go ndéanfadh tuilleadh infheistíochta tairbhe. Cuimhnímid go bhfuil an infheistíocht sa chóras bunscolaíochta ó thaobh an churaclaim, na tacaíochtaí atá ansin agus na múinteoirí iad féin, mar a dúirt an Teachta, an acmhainn is luachmhaire dá bhfuil againn sa chóras oideachais. Tá an rud céanna fíor ag leibhéal na hiar-bhunscolaíochta maidir leis na siollabais, na curaclaim, na háiseanna agus araile. Tá na cúrsaí agus na soláthairtí Gaeltachta, na deiseanna foghlama sa Ghaeltacht, an infheistíocht sna choláistí tríú leibhéal agus sna mheán cumarsáide, agus na grúpaí pobail ar fud na tíre ann a chuireann cúrsaí Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta san oíche agus ag an deireadh seachtaine.

Sula dtabharfainn freagra soiléir ar cheist na hinfheistíochta, is túisce a thabharfainn freagra ar an gceist faoi chomhordú agus comhtháthú. Is é ceann de na rudaí a ritheann linn anois nuair a chuirtear san áireamh na ceithre seachtaine a chaitheann múinteoirí nó na hábhair oide ag freastal ar an nGaeltacht mar chuid dá gcúrsa ná céard a tharlaíonn nuair a fhilleann siad ar phobal labhartha an Bhéarla? Is é sin díreach ceist an Teachta. Cad iad na deiseanna dáiríre a fhaigheann siad le Gaeilge a labhairt go nádúrtha? Táthar ann, ach ag teacht i dtreo cheist an Teachta eile, is léir nach bhfuil siad ag freastal orthu ó fhianaise na n-uimhreacha a thabharfadh le fios go bhfuil timpeallacht mar sin ann agus í fite fuaite le chéile.

Ní déarfainn nach ndéanfadh tuilleadh infheistíochta tairbhe mar, ar ndóigh, dhéanfadh sé, ach sula ndéanfaimis é sin, cén áit go díreach a bhfuil na bearnaí? Ceann de na bearnaí a fheicimid ná na naisc idir a bhfuil ann, is iad sin soláthar pobail, soláthar Gaeltachta, na soláthairtí oideachais, agus na múinteoirí iad féin. Tá an Teachta ag labhairt ar a thaithí féin agus tá fírinne leis, ar ndóigh. Is é sin le rá mura bhfuil duine ag labhairt Gaeilge ach le gasúir óga de sheacht mbliana d’aois ar feadh 20 bliain as a chéile, céard a tharlóidh? Is é sin mo fhreagra ar chéad cheist an Teachta Uí Chathasaigh.

Maidir leis an dara ceist dá chuid ó thaobh taighde de, caithfidh mé a admháil go bhfuil mé beagáinín as dáta. Tá a fhios agam go ndearna an t-Ollamh Harris dhá mhórthionscadal taighde, ceann sna 1980dí agus ceann ag tús na haoise seo ag díriú agus ag déanamh an-scrúdú ar cheist chaighdeán na Gaeilge agus ar mhuinín mhúinteoirí agus, iontas na n-iontas, bhí easpa féinmhuiníne le tabhairt faoi deara. De réir mar is cuimhneach liom, agus b’fhéidir go bhfuil dul amú orm, bhí an figiúr tar éis dul in olcas agus go raibh níos mó d’easpa féinmhuiníne le haireachtáil. B’fhéidir go bhfuil taighde déanta ó shin ar an gceist maidir leis an gcóras go ginearálta agus is dúshlán sách maith ar bhealach é sin le go dtuigfimid na fadhbanna sin, is é sin ó thaobh na naisc idir an soláthar pobail agus an soláthar oideachais.

Ba mhaith liom díriú ar pholasaí an Rialtais mar a aontaíodh é sa bhliain 2010, nár séanadh ó shin é ach a cuireadh ar leataobh. Is minic go gcuirtear an cheist faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus ar theip nó ar éirigh leis. Deirimse i gcónaí nár triaileadh é. Ba mhaith liom a fháil amach ón gComhairle Mhúinteoireachta an bhfuil siad ag tacú don mhéid atá sa straitéis, os rud é go bhfuil sé freagrach as ceist oiliúint do mhúinteoirí.

Is iad na rudaí atá molta ná na rudaí seo a leanas:

Lena chinntiú go mbainfear caighdeán 'Gaeilge Ghairmiúil' amach i ngach coláiste oideachais múinteoirí, táthar ag súil go neartóidh an Chomhairle Mhúinteoireachta, mar chuid den athbhreithniú atá luaite thuas, teagasc na Gaeilge feadh an tsoláthair tosaigh d’oideachas múinteoirí ar fad agus go ndéanfaidh sí caighdeánú air.

Moltar na nithe seo a leanas:

Déanfar bearta le húsáid na Gaeilge tríd is tríd a spreagadh sa seomra ranga agus lasmuigh de.

Déanfar ábhair eile atá sa churaclam d’oideachas tosaigh do mhúinteoirí, chomh maith le Gaeilge Ghairmiúil, a sholáthar trí mheán na Gaeilge.

I réimse an oideachais múinteoirí, leanfaidh ábhair mhúinteoirí clár sainithe do theagasc teanga sa Ghaeltacht. Cuirfear freisin leis an am teagaisc agus freastail d’ábhair mhúinteoirí a dhéanann freastal ar chúrsaí Gaeltachta.

Tabharfar scéim scoláireachta Gaeltachta nua isteach do bhunmhúinteoirí le freastal ar dhianchúrsaí sa Ghaeltacht.

Spreagfar Coláistí Oideachais chun tionscnaimh a thosú chun mic léinn a mbeidh cumas ard acu i nGaeilge ón nGaeltacht, ó ghaelscoileanna agus ó scoileanna eile a mhealladh. Coinneofar suas le 20% de na háiteanna i gColáistí Oideachais do mhic léinn a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta agus i ngaelscoileanna agus beidh mic léinn as scoileanna a bhfuil an Béarla mar mheán iontu incháilithe freisin faoi réir tairseach ard feidhmíochta i nGaeilge a bhaint amach san Ardteistiméireacht.

Socrófar tréimhse fhada sa Ghaeltacht do go leor de na hábhair mhúinteoirí, tréimhse ina leanfaidh na mic léinn clár sainmhínithe ó thaobh teagasc teanga.

Cuirfear leis na comhpháirteanna Gaeilge agus teagaisc trí Ghaeilge atá sa chúrsa céime Baitsiléir san Oideachas chomh maith le dianchúrsaí Gaeilge a sholáthar mar is cuí i gcomhar leis an gComhairle Mhúinteoireachta.

Tabharfar isteach speisialtóireacht nua i dteagasc bunscoile trí mheán na Gaeilge (páirt-tumadh nó tumadh iomlán) i gColáistí Oideachais.

Tabharfar clár iarchéime isteach a bheidh dírithe go sonrach ar riachtanais na scoileanna a mhúineann trí mheán na Gaeilge. Tabharfar Dioplóma Iarchéime nua san Oideachas Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) isteach agus soláthróidh sé sainscileanna i nGaeilge dóibh sin a mbíonn clár oideachais múinteoirí críochnaithe cheana féin acu.

Tá go leor ansin agus tá cúpla leathanach eile ach ní léifidh mé iad uile amach. An bhfuil tacaíocht na Comhairle Mhúinteoireachta leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm?

Mr. Tomás Ó Ruairc

An freagra simplí ná “Tá”. Tá roinnt rudaí luaite ag an Teachta a thagann faoi réim an Roinn Oideachais ach tá siad i bhfeidhm agus bainte amach. Tá an baitsiléir san oideachas trí mheán na Gaeilge bunaithe in Institiúid Oideachais Marino, agus mar a bhí le fada tá an máistir gairmiúil san oideachas, MGO, don iar bhun-mhúinteoireacht in Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Cé nach dtagann sé faoi réim na Comhairle Múinteoireachta, mar a mhínigh mé don Teachta eile ar ball beag maidir le mír 39 den Acht, tá cúrsa iarchéime maidir le teagasc na Gaeilge trí mheán na Gaeilge bunaithe ag Coláiste Oideachais Mhuire gan Smál i Luimneach. I gcás an chéad dá chúrsa sin, an tacaíocht a chuireann muidne ar fáil ná ár gcúramaí reachtúla, sé sin, athbhreithniú a dhéanamh ar na cúrsaí agus creidiúnú a thabhairt dóibh de réir mar is cuí. Caithfidh siad na caighdeáin a bhaint amach le go mbeadh a gcuid múinteoirí cáilithe in ann clárú mar mhúinteoirí sa tír seo agus oibriú mar mhúinteoirí thar lear. Tá sé sin déanta againn i gcás an chúrsa lán-Ghaeilge in Institiúid Oideachais Marino agus i gcás an MGO in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Maidir leis an tréimhse sa Ghaeltacht, faoin gcéad bhabhta den chaighdeán oideachais tosaigh múinteoirí, méadaíodh an tréimhse ó thrí seachtaine go ceithre seachtaine faoi chomhairle ó ghrúpa oibre ar a raibh na hollscoileanna ag freastal thar ceann na comhairle thart ar deich mbliana ó shin. Tá sé sin i bhfeidhm ó shin agus tá sé neartaithe a thuilleadh sna caighdeáin leasaithe d’oideachas tosaigh múinteoirí a foilsíodh anuraidh. Luaigh mé an cháipéis sin, Céim, níos túisce. Mar a mhínigh mé don Teachta ar ball, bíonn gá le comhtháthú. Ní amháin go gcaithfidh múinteoirí an cúrsa ceithre seachtaine a chaitheamh sa Ghaeltacht, agus tá sé sin thar a bheith luachmhar, ach caithfidh dlúthbhaint phraiticiúil a bheith idir an tréimhse sin agus an soláthar ar láthair na hollscoile nó an choláiste féin, mar shampla, an fillteán foghlama a dhéanfaidís sa Ghaeltacht. De réir na gcaighdeán nua, caithfidh siad an cód teagaisc taisce, sin le rá a dtaisce fhoghlama, a chomhlíonadh mar chuid den chúrsa. Go ginearálta caithfidh siad naisc a dhéanamh idir an méid oibre a dhein siad sa Ghaeltacht agus an méid oibre a dhéanann siad ar láthair an choláiste. Ó thaobh cur i bhfeidhm na n-aidhmeanna sa straitéis, sin an áit a bhfuil ár ndua á gcaitheamh againn le deich mbliana anuas nó mar sin.

Luadh an t-ábhar churaclam trí mheán na Gaeilge. Sin an cúrsa i gcás Institiúid Oideachais Marino. Maidir le soláthar áiteanna sa choláiste sin, sin ceist don Roinn, ach de réir mar a thuigim, tá an scéim sin i bhfeidhm le fada. B’fhéidir go raibh pointí eile a luaigh an Teachta nár thug mé aird orthu. Gabh mo leithscéal murar thug.

Le dul ag múineadh i scoil lán-Ghaeilge, bunoideachas nó meánoideachas, an gcaithfidh cáilíocht faoi leith a bheith ag duine go bhfuil siad oilte le múineadh trí mheán na Gaeilge?

Mr. Tomás Ó Ruairc

Ó thaobh na reachtaíochta s’againne, tá caighdeán le baint amach le clárú mar mhúinteoir. Mar a mhínigh mé níos túisce, tá an scéim Droichead i bhfeidhm le go bhféadfadh na Gaelscoileanna foghlaim agus caighdeán na múinteoirí nuacháilithe a chur in oiriúint dá riachtanais agus dá gcomhthéacs féin.

An bhfuil Tomás Ó Ruairc ag rá liomsa i ndáiríre gur féidir le haon mhúinteoir sa tír siúl isteach i nGaelscoil agus feidhmiú trí Ghaeilge, i meánscoil nó bunscoil? Ní chreideann aon duine anseo é sin. Ní múinteoir mise, buíochas le Dia. Ní dheachaigh mé le múinteoireacht mar níl fheilfeadh sé mé agus ní fheilfeadh sé na scoláirí bochta faoi mo chúram. Tá an-mheas agam ar mhúinteoirí, ach é sin ráite, an gcreideann Tomás Ó Ruairc ina chroí istigh gur féidir le formhór mór na múinteoirí atá oilte sna coláistí oideachais múineadh i suíomh atá go hiomlán trí Ghaeilge? Ní dhearna mise aon chigireacht in aon scoil, ach ó bheith ag caint le múinteoirí atá oilte, ní féidir le cuid mhaith acu comhrá simplí a choinneáil i nGaeilge. An bhfuil Tomás Ó Ruairc ag rá liom, tar éis an méid a dúirt sé roimhe sin, go bhfuil siad chomh hoilte is go bhféadfadh siad múineadh trí Ghaeilge i scoil lán-Ghaeilge agus an Ghaeilge a bheith ar bun acu, ní amháin taobh istigh den rang ach i seomra na múinteoirí, amuigh sa chlós agus chuile áit eile? Chreid mé i gcónaí go raibh cáilíocht faoi leith ag teastáil le dul ag múineadh trí Ghaeilge. B’fhéidir fadó go raibh na múinteoirí ar an gcaoi sin ach níl anois. Shíl mé go mbeadh cáilíocht faoi leith ag teastáil le bheith in ann dul ag múineadh trí Ghaeilge i scoil lán-Ghaelach. Fadhb shíoraí sheasta a chloisimid ó na múinteoirí ná go mbíonn daoine ar na painéil agus iad ag glaoch orthu agus ag guí nach dtógfaidh siad an post.

Mr. Tomás Ó Ruairc

Tuigim an tuairim go mbeadh buntáiste ann dá mbeadh cáilíocht faoi leith de dhíth le múineadh i scoileanna lán-Ghaeilge. Ar an gcéad dul síos, sin ceist fhostaíochta nach dtagann faoi réim na Comhairle Múinteoireachta. Tá freagrachtaí ar leith ag na boird bhainistíochta agus na scoileanna maidir leis na múinteoirí a earcaíonn siad. Mar a deirimid sa ráiteas, is ea Céim an cúrsa oideachais tosaigh múinteoirí a leagan síos an bhunchloch. Dá ndéarfadh an córas go gcaithfeadh cáilíocht ar leith a bheith ag múinteoirí le múineadh i scoil lán-Ghaeilge, go háirid ag leibhéal fochéime nuair atá siad ag tosú amach, bheadh an baol ann go mbeadh faitíos orthu. Tá sé sin cloiste agam i réimsí eile ó thaobh soláthar na Gaeilge de. Tá baol ann go gceapfadh daoine má dhéanann siad an cúrsa sin nach mbeidh siad cáilithe ach le haghaidh na hearnála sin.

Sin an fáth go bhfuil an soláthar ó Institiúid Oideachais Marino chomh tábhachtach, mar comhlíonann sé an gá sin. Is cúrsa é a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge ina bhfuil béim ar leith ar riachtanais na hearnála lán-Ghaeilge. Freastalaíonn sé ar an-chuid de na pointí a d'ardaigh an Teachta, agus comhlíonann sé na caighdeáin uilig le hoideachas tosaigh múinteoirí. Ar an gcaoi sin, is féidir leis na céimithe ón gcúrsa sin poist a lorg in aon scoil sa tír, scoileanna lán-Ghaeilge san áireamh, ach beidh sain-oiliúint faighte acu a leagan béim ar riachtanais na hearnála. Dá mbeadh forbairt bhreise le déanamh ar an soláthar sin, agus b’fhéidir go mbeadh gá leis sin, bheadh sé an-tábhachtach nach ndéanfadh muid an soláthar a chúngú. Nílimid ag iarraidh go mbeadh daoine ag rá leo féin go bhfuil suim acu san earnáil ach nach bhfuil siad ag iarraidh cúrsa a dhéanamh mar nach gcáileodh sé iad ach amháin le haghaidh na hearnála sin. Is féidir le múinteoirí foghlaim. Tá Droichead tábhachtach le go bhfaigheadh múinteoirí tuiscint dáiríre ar na caighdeáin atá ag teastáil.

Maidir leis na caighdeáin atá leagtha síos againn le haghaidh socrúcháin scoile ar an gcúrsa céanna, is gá do gach ábhar oide an socrúchán scoile a dhéanamh in ar a laghad dhá láthair éagsúil agus d’fhéadfadh an earnáil lán-Ghaeilge a bheith san áireamh ansin. Mar a dúirt mé níos túisce, léiríonn mo thaithí féin ag obair san earnáil oideachais tosaigh múinteoirí go mbeadh an-deiseanna agus an-bhuntáiste ann d’earnáil na Gaelscolaíochta dá gcuirfidís fáilte bhreise roimh na deiseanna sin. Má tá scoileanna lán-Ghaeilge ag rá go gcuirfidís fáilte roimh ábhar oidí le socrúchán scoile a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, tá mé siúráilte go gcuirfeadh an Chomhairle Mhúinteoireachta agus na coláistí féin an-fháilte roimhe sin chomh maith. Is ag iarraidh cur le héagsúlacht na socrúchán atáimid. Mar sin, feicim go bhfuil deiseanna iontacha ann ag cur leis an bhfás atá tagtha ar líon na nGaelscoileanna sa tír seo le blianta anuas. Má tá áiteanna breise ar fáil d’ábhar oidí sna scoileanna sin le go mbeidís in ann an taithí chuí a fháil go dtuigfidís na caighdeáin agus an cur chuige teagaisc atá de dhíth, is cinnte go mbeadh an-suim ag na coláistí agus na hollscoileanna sa tairiscint sin.

Má thuig mé ceart an rud atá ráite, tá mearbhall orm. De réir mar a thuig mise, ní féidir dul ag múineadh in aon bhunscoil mura bhfuil an duine cáilithe mar bhunmhúinteoir. An rud a bhí mise ag rá ná dá mbeadh duine ag dul ag múineadh i mbunscoil a bhí ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge, go gcaithfeadh cáilíocht bhreise a bheith acu ó thaobh na Gaeilge de, ag tógáil san áireamh an fhírinne atá ann nach bhfuil sé ar a gcumas ag go leor múinteoirí oilte múineadh trí Ghaeilge. Níor chas mise riamh ar mhúinteoir a bhí cáilithe go hiomlán mar mhúinteoir nach raibh a dóthain Béarla acu le múineadh trí Bhéarla. Is áiféiseach an rud é a rá dá mbainfeadh duine an cháilíocht seo amach nach mbeadh siad in ann múineadh sna scoileanna Béarla. Sin an bhrí a bhain mise as an bhfreagra sin. Nuair a dúradh é sin bhí mé ag smaoineamh ar Alice in Wonderland. Is í fírinne an tsaoil ná nach bhfuil a leithéid de rud ann in Éirinn le múinteoir atá in ann teagasc trí Ghaeilge nach mbeadh in ann teagasc trí Bhéarla, ach tá go leor múinteoirí sa tír seo atá in ann teagasc trí Bhéarla agus nach bhfuil in ann teagasc trí Ghaeilge.

Déanaim iarracht a bheith praiticiúil faoi seo. B’fhéidir go bhfuil míthuiscint iomlán bainte agamsa as a chuid cainte. An rud atá mise ag moladh ná go gcaithfeadh daoine an clár iomlán bunmhúinteoireachta a dhéanamh ach, dá mbeadh siad ag iarraidh dul ag múineadh i scoil lán-Ghaelach, go gcaithfeadh cáilíocht bhreise a bheith acu, mar atá luaite sa straitéis 20 bliain maidir le múineadh trí mheán na Gaeilge. Bhainfeadh an rud céanna leis an dara leibhéal freisin.

Mr. Tomás Ó Ruairc

Is fiú an soiléiriú sin a fháil. Tá sé an-úsáideach domsa. Más ag caint ar cháilíocht bhreise atáimid, is léir go bhfuil an soláthar ansin cheana féin ó thaobh an chúrsa de. Tá an cúrsa MEd trí mheán na Gaeilge i gColáiste Oideachais Mhuire gan Smál dírithe ar theagasc na Gaeilge agus earnáil na Gaelscolaíochta agus cuirtear ar fáil é trí mheán na Gaeilge. Ní dhéanaimid an cúrsa sin a chreidiúnú mar níl na cumhachtaí reachtúla againn fós. Tá ceist thábhachtach ardaithe ag an Teachta. Má thuigim é, tá sé ag moladh go mbeadh sé mar riachtanas le hoibriú i scoil lán-Ghaeilge an cháilíocht sin a bheith ag an duine roimh ré. Tuigim an tuairim sin agus tá sé an-choitianta. Mar chomhairle, tá leanúntas in oideachas tosaigh múinteoirí mar pholasaí againn. Ní stopann foghlaim mhúinteora ag leibhéal a gcéad cháilíocht. Tá an tréimhse ionduchtúchán, atá curtha in oiriúint d’earnáil Gaelscolaíochta ag an earnáil féin, fíorthábhachtach. Dá gcuirfí tacaíocht ar fáil agus dá meallfaí múinteoirí i dtreo an chúrsa sin agus iad ag obair ar an láthair, b’fhéidir go mbeadh sé níos tairbhí mar chur chuige.

Is dóigh go n-aontaíonn muid uilig faoin bprionsabal go mbeadh sé tairbheach don chóras agus do na Gaelscoileanna go mbeadh an cúrsa sin ann agus go ndéanfadh múinteoirí é agus iad ag obair san earnáil Gaelscolaíochta. Tá sé ann. An t-aon cheist atá fágtha ansin ná cén uair a dhéanann siad é. Ar chóir dóibh é a dhéanamh roimh an fhostaíocht a thosú - b’fhéidir nach mbeadh sé sin iomlán praiticiúil - nó tar éis dóibh an post a fháil, le linn bheith ag obair? Is dóigh go mbeadh sé sin níos éifeachtaí mar go dtuigfeadh na múinteoirí a gcuid riachtanais foghlama féin agus iad ag obair ar an láthair agus d’fhéadfadh siad iad sin a chur in oiriúint don chúrsa agus vice versa. Tá an cúrsa sin ann agus tá an soláthar sin ag tosú i gColáiste Oideachais Mhuire gan Smál. Níl aon amhras ach go bhfuil an ceart ag an Teachta go mbeadh sé an-tairbheach don earnáil dá ndéanfadh múinteoirí an cúrsa sin. An t-aon cheist ina dhiaidh sin ná cén uair go díreach a dhéanfadh siad é agus cén cur chuige a b’fhearr a thabharfadh luach airgid don Stát agus don mhúinteoir féin agus a bheadh éifeachtach don scolaíocht agus muid ag lorg múinteoirí go práinneach faoi láthair ó thaobh na hionadaíochta agus ó thaobh poist a líonadh in earnáil na hiar-bhunscolaíochta.

Gabh mo leithscéal as a bheith déanach. Bíonn na ráitis thosaigh cabhrach dúinne. De ghnáth bheadh an ráiteas léite agam roimh an chruinniú ach níor éirigh liom é a léamh inniu. Ba mhaith liom dul ar ais aige nuair a bheidh am agam. Tá sé suntasach go ndeir sé faoi dhó ar leathanach 3, “Más ar scoil a mhúintear an Ghaeilge, is i mbaclainn an phobail a bhláthaítear í.” An féidir teacht ar ais agus díriú air sin go sonrach? Léimeann sé amach ón leathanach.

Tá cúpla ceist phraiticiúil agam. Tá duine atá bainteach liom – níl mé chun é a náiriú – atá in ainm is a bheith ina ábhar oide ach, de bharr Covid, níor éirigh leo freastal ar aon chúrsa sa Ghaeltacht an bhliain seo agus is dócha go mbeidh an scéal mar an gcéanna an bhliain seo chugainn. Cén moltaí atá ag an gcomhairle chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin? Tuigim nach féidir aon rud a dhéanamh faoi láthair ach nach mbeidh easpa oideachais, taithí agus Gaeilge i gceist? Bhí cúrsa ar líne ach ní leor é sin don eispéireas uilig a bheith ag duine óg.

De réir mar a thuigim, tá trí choláiste ag feidhmiú trí Ghaeilge d’ábhar oidí: i Luimneach, i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh. Feidhmíonn na cúrsaí eile trí Bhéarla. Cé mhéad múinteoir atá ag teacht as na coláistí sin nach bhfuil ag feidhmiú trí Ghaeilge, cosúil leis an gceann i Marino, atá Gaeilge ar a dtoil acu? An bhfuil na finnéithe ag rá go bhfuil na múinteoirí sin ag teacht amach le Gaeilge líofa agus go bhfuil siad in ann daoine a spreagadh? Níl mé ag caint faoi líofacht i ndáiríre. Uaireanta níl botúin ró-dhona má tá duine in ann daoine eile a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid agus muinín a chothú. Nach bhfuil sé sin i bhfad níos tábhachtaí? Tá mé ag breathnú ar Marino ach tá coláistí eile ann freisin. An bhfuil siad ag teacht amach leis na scileanna sin?

Luaigh Tomás Ó Ruairc saol foghlama fadsaolach agus aontaím go huile leis. Tá foghlaim fhadsaolach i gceist le gach ábhar agus déanaimid dearmad go rialta ó thaobh na Gaeilge de gur foghlaim fhadsaolach atá i gceist. An bhfuil na múinteoirí ag teacht amach tar éis dhá bhliain nó trí bliana leis an scil sin chun daoine a mhealladh chun an Ghaeilge a úsáid? Tá géarchéim ann. Bhí géarchéim ann ó thaobh caighdeán na múinteoireachta de agus tá fós. Tá dul chun cinn déanta ó thaobh na dtrí chúrsa agus tá sé sin go maith ach táimid i dtrioblóid.

D’fhiafraigh mé faoin abairt atá sa ráiteas faoi dhó ach tá ceann eile ag an deireadh a léimeann amach. Níl sé ag caint faoi na hábhar oidí nó faoi chaighdeán na Gaeilge nó aon rud mar sin. An rud atá ráite ná:

An dá dhúshlán is mó atá againn? Meon a chothú a thuigeann gur próiseas saoil is ea foghlaim de chineál ar bith, sealbhú teanga san áireamh; agus tacaíochtaí pobalbhunaithe dár múinteoirí a neartú go mór.

Bheinn buíoch dá bhféadfá é sin a leathnú amach dom.

Mr. Tomás Ó Ruairc

Bhí an Teachta an-ghéarchúiseach ansin. Tá an abairt ann faoi dhó le go leagfaí béim uirthi. Sin an áit is mó a thugtar dúinne mar chomhairle. Cé nach bhfuilimid ach freagrach as clárú múinteoirí agus as na caighdeáin atá acu agus mar sin de faoina ngairm agus a dtréimhse fhoghlama, feicimid an córas uilig le chéile chomh maith. Cuir san áireamh an soláthar, an infheistíocht atá déanta i gcuraclam agus áiseanna ag leibhéal na bunscolaíochta, na hiar-bhunscolaíochta, an tríú leibhéal, soláthar na gcúrsaí Gaeltachta go ginearálta agus d’ábhar oidí go pointeáilte, agus an soláthar pobail. Ní déarfainn nach ndéanfadh tuilleadh infheistíochta maitheas. Dhéanfadh, ach caithfidh muid a bheith an-chinnte faoi na bearnaí atá ann sula ndéanfadh muid é sin.

Cuireann muid in iúl go praiticiúil agus go pointeáilte go gcaitheann na hábhar oidí ceithre seachtaine, nó dhá thréimhse choicíse, sa Ghaeltacht le linn a gcúrsaí ceithre bliana. Is ceist shimplí atá ann, ach le tús a chur leis an bplé, céard a tharlaíonn nuair a fhilleann siad ar phobal labhartha Béarla ina bhfuil grúpaí pobal ag tacú leis an teanga? B’fhéidir go bhfuil siad á maoiniú ag Foras na Gaeilge nó an Roinn Ghaeltachta. Feictear dúinne mar chomhairle nach easpa infheistíochta nó tacaíochta ón Stát an fhadhb ach go dteastaíonn uainn na ceangail agus na naisc idir na tacaíochtaí sin a neartú go mór. Go praiticiúil, mar shampla, tá clubanna ag Cumann na bhFiann ar fud fad na tíre ina bhféadfadh na daoine óga tréimhse thumtha sa teanga a chaitheamh tar éis dóibh na cúrsaí Gaeltachta a chríochnú. Bheadh siad i bpobail labhartha Béarla ach bheadh na himeachtaí ag an gclub trí mheán na Gaeilge. Sin sampla praiticiúil amháin. Cén fáth nach bhféadfaí é sin a leathnú amach do na hábhar oidí? Bheadh siad cúpla bliain níos sine ná an dream atá sna clubanna ach tuigimid an tábhacht a bhaineann le deiseanna breise úsáide a chur ar fáil. Rinne comhalta éigin tagairt don tionscnamh atá ag an Roinn Oideachais ag breathnú ar na féidearthachtaí maidir le corpoideachas a mhúineadh trí mheán na Gaeilge. Teastaíonn an cineál sin cur chuige, ach níos leithne. Sin an rud a bhí i gceist againn leis an abairt, “Más ar scoil a mhúintear an Ghaeilge, is i mbaclainn an phobail a bhláthaítear í.”

Cé go bhfuil trí cheist ar leith leagtha amach ag an Teachta, tá siad uilig nasctha le chéile. Tá na coláistí ag comhlíonadh na gcaighdeán atá leagtha síos againne mar chomhairle agus mar rialtóir ar an earnáil. Déanann siadsan na scrúduithe a chur ar na hábhar oidí agus a chinntiú go mbaineann siad amach na caighdeáin chuí le pas a bhaint amach.

Tá cúrsa comónta atá bunaithe ar chomhchreat tagartha na hEorpa aontaithe ag na soláthraí oideachais ar fad san earnáil seo, agus tá siadsan ag deimhniú dúinn go mbainfidh na hábhair oide na caighdeáin sin amach.

Is dócha go bhfuil an cheist ag díriú ar rud éigin atá beagnach níos tábhachtaí fós, is é sin an meon agus an dearcadh le go mbeadh siad sásta agus go mbeadh an muinín agus an fuinneamh acu na páistí a mhealladh i dtreo na teanga. Feictear dúinne go bhfuil, ach amháin nach leor é a fhágáil ansin. Sin an fáth go bhfuil polasaí le haghaidh leanúnachais oideachais múinteoirí ag an gcomhairle mar ní stopann sé ag geata an choláiste nó ag geata na scoile ach an oiread. Tá an tréimhse ionduchtúcháin fíor-thábhachtach le go dtaobhaí isteach na múinteoirí nua-cháilithe i gcomhthéacs agus i dtimpeallacht na scoileanna lán-Ghaeilge agus na scoileanna Béarla a mhúineann an Ghaeilge - ná déanaimís dearmad orthu siúd - agus ansin tá cosán na creatlaí náisiúnta le haghaidh foghlama múinteoirí.

Sin an áit a bhfuil sé tábhachtach don cheist a bheith ag foghlaim fhad saoil agus foghlaim ghairmiúil mhúinteoirí. Táim cinnte go bhfuil sé cloiste againn uilig go bhfuil múinteoirí ag iarraidh freastail ar chúrsaí, agus má tá ionadaí ag teacht isteach, b'fhéidir go mbeadh na tuismitheoirí buartha faoi cén fáth nach bhfuil an múinteoir sa rang ag múineadh. Aithníonn an saol uilig go bhfuil an-tábhacht ag baint le foghlaim ghairmiúil le haghaidh aon ghairme. Caithfidh siad foghlaim agus caithfidh siad deiseanna éagsúla a fháil leis an teanga. Mar a bhí an Teachta ag tabhairt le fios níos túisce, ní h-amháin go bhfuil sé tábhachtach an teanga a fhoghlaim ach tá sé tábhachtach í a úsáid agus iad á thumadh sa teanga. Tá deiseanna mar sin ann ach b'fhéidir nach bhfuil siad á n-úsáid chomh minic agus gur cheart.

Caithfimid uilig, mar eagraíochtaí Stáit, mar ghrúpaí pobail agus mar Ranna Stáit, fiafraí dúinn féin cén fáth nach bhfuil siad á n-úsáid, agus má tá bearna ann, is féidir linn feabhas a chur orthu agus tugaimis aghaidh orthu siúd. Beidh sé an-simplí an fhadhb sin leis na naisc idir na hábhair oidí agus na tréimhsí sa Ghaeltacht a réiteach. Tá na grúpaí pobail ann a bhfuil ag tacú leis an nGaeilge sna bailte. Tá siad ag múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta. Tá na hábhair oidí ag freastail ar an nGaeltacht agus ag filleadh ón nGaeltacht agus ag cur futhú sna bailte céanna. Ní léir dúinne go dtógann sé an oiread sin dua na naisc sin a chothú mar chéim tosaigh. Caithfear cur san áireamh chomh maith go maíodh i dtuarascáil an phríomhchigire ar an iomlán go raibh feabhas tagtha ar na caighdeáin mhúinteoireachta. An pointe imní is mó a bhí i dtuarascáil an phríomhchigire ná an difríocht idir an céatadán ranganna ina raibh caighdeán teagaisc ar fheabhas agus go maith i gcás an Bhéarla, na matamaitice agus na Gaeilge. Sin an fáth go bhfuil an fhoghlaim ghairmiúil chomh tábhachtach. Tá súil agam go bhfuil freagra tugtha agam ar cheisteanna an Teachta.

Chuir mé ceisteanna praiticiúla maidir leis an Covid.

Mr. Tomás Ó Ruairc

Is taithí dhifriúil í. Bhí an-phlé idir-----

Tá a fhios agam gur taithí difriúil atá inti agus go bhfuil fadhbanna ann, ach amach anseo cad atá molta ag an gComhairle Mhúinteoireachta do na hábhair oidí sin chun go n-éireoidh leo freastail ar an nGaeltacht?

Mr. Tomás Ó Ruairc

An raibh an taithí sin acu nó na hábhair oidí sa tréimhse atá romhainn?

Ní raibh na hábhair oidí in ann freastail ar an nGaeltacht an bhliain seo agus ní bheidh siad. Mar sin beidh an cúrsa críochnaithe acu agus ní bheidh an taithí acu. An bhfuil moladh ag an gComhairle Mhúinteoireachta ó thaobh na n-ábhar oidí sin?

Mr. Tomás Ó Ruairc

Tuigim an cheist níos fearr anois. Bhí taithí Ghaeltachta acu ach ar líne.

Mr. Tomás Ó Ruairc

Tá sé déanta againne, ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus ag an Roinn Oideachais go gcomhlíonfadh sé sin an coinníoll sin ar bhonn eisceachtúil.

Bheinn díomách faoin bhfreagra sin. Tá gá le taithí sa Ghaeltacht-----

Mr. Tomás Ó Ruairc

Tá.

-----agus tá a fhios againn go bhfuil géarchéim ann, ach ní mór dúinn smaoineamh cén chaoi is féidir deis a thabhairt do na hábhair oidí sin freastail ar chúrsa sa Ghaeltacht amach anseo.

Mr. Tomás Ó Ruairc

Tar éis dóibh cáiliú, mar shampla?

Mr. Tomás Ó Ruairc

Tagann sé sin faoi réim na foghlama fad saoil.

Ní bhaineann sé leis sin.

Tá an ceart ag an Teachta.

Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Cuív.

Chreid mise go mba cheart cáilíocht shealadach a thabhairt dóibh agus dhá bhliain a thabhairt dóibh chun dul go dtí an Ghaeltacht mar ní mar a chéile rang a dhéanamh ar líne i Sínis agus dul go dtí an tSín ag foghlaim Sínis. Tá a fhios ag chuile dhuine dá dtiocfaí go dtí an tSín ag foghlaim Sínis go bhfoghlaimeofaí i bhfad níos mó. In aon teanga is é an chaoi le hí a fhoghlaim ná a bheith i gcomhluadar daoine atá á húsáid mar ghnáth-mheán cumarsáide. Tacaím go hiomlán leis an Teachta Connolly faoi seo.

An fhadhb atá agam leis an méid atá ráite go dtí seo ná go bhfuil sé go maith agus go bhfuil rudaí leagtha síos but tá fadhb mór millteach ann. Tá mise cáilithe mar mhúinteoir agus ní dhearna mé ach sealanna beaga oibre mar mhúinteoir anseo agus ansiúd. Níor cáilíodh mé riamh chun Gaeilge a mhúineadh but is í an Ghaeilge a bhí mé ag múineadh don chuid is mó. Ag an am, bhí orm teastas breise a dhéanamh chun múineadh i scoileanna Gaeilge. Tá an cuma ar an scéal nach bhfuil sé sin ann anois, agus bhí sé sin ar pháipéir, so bhí sé sin seafóideach ann féin.

Roinnt den fhadhb atá ann anois ná go bhfuil a lán den chúrsa ó thaobh bunmhúinteoirí de dírithe ar litríocht seachas ar labhairt na Gaeilge. Má táthar ag déileáil le páistí, táthar ag triall grá a chothú iontu ó thaobh na Gaeilge de i scoileanna Béarla agus siúd atá Gaeilge nó beagán Gaeilge acu a mhealladh i dtreo na Gaeilge. Ní gá go mbeadh an cúrsa dírithe ar litríocht nó a bheith ró-acadúil. Sin an tslí a rinne múinteoir cur síos air agus sé nó sí ag caint liom le linn na seachtaine. Caithfimid díriú isteach air sin. Níl a fhios agam an bhfuil ról na Comhairle Mhúinteoireachta chun cuidiú leis na hinstitiúidí atá an cúrsa comónta acu féachaint an féidir leo é sin a athrú ionas go mbeidh siad dírithe ar oidí a bheith acu a bheidh in ann labhairt i nGaeilge. Nílim ag caint ar chomhrá beag gairid, mar tá Tomás Ó Ruairc tar éis a rá, má tá duine cáilithe, tá cead aige nó aici a bheith mar mhúinteoir i nGaelscoil agus tá an ceart ag an mbord bainistíochta nó ag an bpríomhoide an duine sin a roghnú.

An fhadhb is mó atá ag teacht chun cinn le tamall de bhlianta anuas, sna Gaelscoileanna i mBaile Átha Cliath ar aon chaoi, agus tá mise ag déileáil leo, ná nach bhfuil go leor daoine a bhfuil inniúil ar an nGaeilge ag cur isteach ar na poist. Níl siúd atá ag cur isteach líofa ó thaobh labhartha le páistí nó fiú ó thaobh labhartha agus mar sin bíonn deacrachtaí ann. Más léir do pháiste go bhfuil deacracht ag an múinteoir agus nach bhfuil an sruth ann leis an tslí atá siad ag labhairt, bíonn sin deacair. B'fhéidir go mbíonn ionadaíocht ag teastáil. Is minic a chuala mé faoi mhúinteoirí ag teacht isteach i nGaelscoileanna agus i nGaelcholáistí a raibh cúpla focal acu ach nach raibh maith go leor chun an t-ábhar a raibh acu a mhúineadh. Níl an locht orthu mar tá siad ag lorg post agus tá siad sásta cur isteach air. B'fhéidir go bhfuil an iomarca féinmhuinín acu. Dúradh go raibh daoine ann go raibh easpa féinmhuiníne acu. Tá fadhb ann leis sin.

B'fhéidir gur cóir suirbhé a dhéanamh ar an leibhéal atá ann agus conas is féidir leo siúd ar mhaith leo go mbeadh siad cáilithe don Ghaelscolaíocht é a dhéanamh. Tá an ceart ag an Teachta Ó Cuív. B'fhéidir go bhfuil gá le cáilíocht breise ach ní hé go mbeadh cosc ar dhaoine múineadh sa Ghaelscolaíocht ach go mbeadh aitheantas breise ann do dhaoine a dhéanann cúrsaí breise. Ní gá gur baitsiléir nó máistreacht a bheadh ann ach cúrsa breise a léiríonn gur féidir le duine seasamh os comhair ranga lá i ndiaidh lae ag labhairt le páistí nó le daltaí trí Ghaeilge agus go bhfuiltear in ann an t-ábhar a mhúineadh trí Ghaeilge, rud atá go hiomlán difriúil. Ní féidir le gach Gaeilgeoir ábhar a mhúineadh i nGaeilge. Má táthar ag múineadh staire, caithfear an bhuncháilíocht staire a bheith ann agus mar an céanna le tíreolaíocht, agus sin na cáilíochtaí atá agam.

An chuid is mó den am a bhí mise ag múineadh bhí mé ag múineadh Gaeilge nó Béarla ar an ardleibhéal agus ní raibh an ardleibhéal ach díreach agam. Bhí mé ag múineadh ábhair nár oir dom i slí amháin ach post a bhí ann agus bhí mé ag lorg cíosa. Tá súil agam go ndearna mé jab maith agus tá roinnt díobh siúd a raibh mé ag múineadh staire dóibh ag tréimhse fós ag déanamh iriseoireachta. Glacaimid leis gur féidir le duine dul isteach agus múineadh trí Ghaeilge toisc go ndearna siad an cuid seo den chúrsa comónta.

Cad iad na rudaí breise? Tá a fhios agam go raibh Tomás Ó Ruairc ag caint faoi na heagrais phobail agus sin ar fad, agus aontaím leis gur féidir linn múinteoirí a mhealladh chun ról a bheith acu ansin. Tá a lán múinteoirí tuirseach tar éis lae oibre agus iad ag dul abhaile. Go minic tá a pháistí féin acu agus níl siad ag iarraidh tabhairt faoi aon rud breise. B'fhéidir gur peileadóirí iad nó b'fhéidir go bhfuil siad ag gabháil do rud éigin eile agus táthar ag cur ualach orthu. Thar na blianta, an bealach chun é a dhéanamh gan ualach a chur orthu ná éarlais nó rud éigin dá shórt a chur ar fáil. Bhíodh aitheantas ann ó thaobh múinteoireachta. Dá mbeadh máistreacht ag duine, fuair sé nó sí £500 ag an am. Go bhfios dom tá sin imithe ach b'fhéidir go bhfuil gá le rud éigin mar sin. Ní gá gur airgead a bheadh ann. D'fhéadfaí go mbeadh sé mar voucher chun caitheamh sa Ghaeltacht nó rud éigin agus arís táthar ag tarraingt iad isteach sa bhealach sin.

Má aithnímid go bhfuil fadhb ann, conas gur féidir linn déileáil léi? Caithimid déileáil leis seo. An caint is mó a bhí againne anseo le bliana anuas ná an díospóireacht faoi Bhille na dteangacha oifigiúla. Tá sin bunaithe ar an gcoincheap go mbeidh Gaeilgeoirí ar fáil chun na poist sa státseirbhís a líonadh agus go mbeidh Gaeilgeoirí ann ag lorg na seirbhísí atá muidne ag iarraidh go mbeadh siad ag lorg. Níl sé seo ar fad ag cur an locht ar an gcóras oideachais, ach má tá fadhb sa bhealach, cuirfidh sé moill ar gach rud eile.

An príomh-rud ná go bhfuil go leor múinteoirí ag an mbunleibhéal agus ag an meánleibhéal ar fáil do Ghaelscoileanna agus do Ghaelcholáistí, ach go háirithe agus iad ag fás. Ní féidir Gaelscoileanna nó scoileanna sa Ghaeltacht a bheith ann gan múinteoirí nó oidí a bheith acu a bhfuil in ann pé ábhar a mhúineadh nó a bheith os comhair ranga. Tuigim na cúrsaí nua agus tá sé go hiontach go bhfuil siad ann. Bheadh sé go maith dá bhféadfaí níos mó díobh sin a chur ar siúl ionas go mbeidh cúrsaí ag bronnadh an cáilíocht iomlán go bhfuil múinteoirí cáilithe trí Ghaeilge a mhúineadh. Sin aitheantas ann féin go bhfuil leibhéal difriúil ann agus b'fhéidir amach anseo, má tá spéis ag duine a bheith i nGaelscoil nó sin, go mbeadh muid in ann é sin a lorg agus go mbeadh ar an gComhairle Mhúinteoireachta é sin a lorg. Níl go leor ann faoi láthair leis an gcáilíocht sin.

Mr. Tomás Ó Ruairc

Tosnóidh mé ag an deireadh leis an bpointe maidir le soláthar agus an obair atá ar siúl ag Tithe an Oireachtais le Bille na dteangacha oifigiúla agus oibreoidh mé droim ar ais. Feicimid an rud céanna i gcás soláthar múinteoirí go ginearálta, ní h-amháin don Ghaeilge agus do ghairm na Gaelscolaíochta. Sa dhá chás, caithimid breathnú ar a bhfuil againne mar sholáthar, is é sin le rá, an 109,000 duine atá ar chlár na múinteoirí. Ag an am céanna, tá an ceart ag an gCathaoirleach gur ceart breathnú ar a mbeidh ag teacht isteach amach anseo, is é sin le rá, na hábhair oidí sa todhchaí agus obair ar an dá cosán ag an am céanna. In amantaí, bíonn an plé agus an dioscúrsa taobh amuigh de na Tithe ag breathnú ar oideachas tosaithe múinteoirí amháin. Déanann sin dearmad ar na riachtanais phráinneacha atá ag scoileanna anois díreach.

Tá an ceart ag an gCathaoirleach go bhfuil céimeanna áirithe go bhféadfaimis tógáil anois díreach leis an soláthar atá ann a fhás, is é sin le rá, COGG agus an córas atá aici le haghaidh múineadh ábhair iar-bhunscoile a mhúineadh trí Ghaeilge mar shampla. D'fhéadfaí é sin a fhorbairt amach anseo. Tagraím don soláthar atá ag Institiúid Oideachais Marino, an chéim BEd, agus d'fhéafdaí breathnú ar cén chaoi a fheidmíonn sé sin. Dhá shampla an-mhaith iad an dá chúrsa sin den soláthar reatha, is é sin le rá, uasoiliúnt i gcás COGG agus, ag an am céanna, i gcás Institiúid Oideachais Marino, an soláthar don todhchaí. Bheadh an Chomhairle Mhúinteoireachta ag tacú go láidir leis an gcur chuige sin nó tá an cur chuige céanna a ghlacadh againne don soláthar go ginearálta. Má bhreathnaítear ar na cúrsaí uasoiliúnt atá ag an Roinn Oideachais do na hábhair a luaigh mé níos túisce agus ag an am céanna an obair mhór a dhéanann muid, tá beagnach 70 cúrsa oideachais tosaithe múinteoirí sa tír idir bhunscolaíocht, iar-bhunscolaíocht agus breisoideachas. Caithfidh an Chomhairle Mhúinteoireachta iad sin a athbhreithniú agus a chreidiúnú gach cúig bliana ar an meán.

Ceist eile a luaigh an Cathaoirleach ag an tús ná an teannas - más féidir liom an téarma sin a úsáid - idir Ghaeilge ghairmiúil agus Gaeilge acadúil nó an litríocht agus mar sin. Tá sin athraithe go mór ó 2011 mar b'shin ceann de h-athruithe ba mhó a bhí ann ag an am nuair a rinneadh an-athstruchtúrú ar an soláthar sna cúrsaí oideachais tosaithe múinteoirí don bhunscolaíocht leis an méid ama a bhí á chaitheamh ar an nGaeilge acadúil agus a mhéadú i dtreo na Gaeilge gairmiúla. Tugadh aghaidh ar leith ar an gceist sin ag an am sin.

Is cinnte go bhfuil an ceart ag an gCathaoirleach chomh maith céanna maidir le ceiste an aitheantais do na cúrsaí breise a dhéanfadh múinteoirí nó an cháilíocht breise mar a luadh níos túisce. Tá a fhios againne ón obair atá muidne ag déanamh le múinteoirí ó thaobh taighde de agus ó thaobh ionduchtúcháin agus mar sin de gur cinnte go bhfuil siad ag lorg aitheantais. Go minic tá siad ag lorg aitheantais soiléir agus sofheicthe. Táim ag caint ar nós suaitheantais digiteacha nó digital badges. Tá an-bhéim air sin ag an soláthar tríú leibhéal go ginearálta.

Mar a dúirt an Cathaoirleach, bíonn daoine gnóthach agus bíonn siad tuirseach tar éis lae oibre. Mar sin is minic a bhíonn daoine ag cuardach soláthair solúbtha ionas go bhféadfaidís na credits a mhéadú thar thréimhse ama, mar shampla, agus obair de réir a chéile i dtreo céime nó i dtreo iarchéime maidir le foghlama breise. Bheadh an-seans ag an gcur chuige sin.

Is cinnte go bhfuil sé á sholáthar do mhúinteoirí. Tá siad ag freastail ina mílte ar chúrsaí éagsúla. Táim ag caint ar an bhfoghlaim ghairmiúil go ginearálta. An rud is mó atá uathu ná go dtuigfeadh an pobal céard atá siad ag déanamh agus cén fáth le go bhfaighidís an t-am atá de dhíth leis an bhfoghlaim sin a dhéanamh, go háirithe i gcás sealbhaithe teanga mar tógann sé sin tamall réasúnta fada mar atá a fhios againn ar fad.

Níl aon cheisteanna eile mar sin cuirfimid clabhsúr leis an díospóireacht. Gabhaim buíochas le Tomás Ó Ruairc agus le Phil Fox as a bheith anseo linn. Gabhaim buíochas le Tomás Ó Ruairc as an méid a dúirt sé agus na tuairimí a roinn sé linn. Tá sé ábharach go bhfuilimid ag déanamh déileáil leis seo, agus má tá aon rud eile a ritheann leis gur cóir a chur chugainn, cuir chuig cléireach na coiste é agus gheobhaimid é. Bhí Tomás Ó Ruairc chun freagra a thabhairt ar cheist a chuir an Teachta Moynihan chomh maith. Bhí sé ag lorg figiúirí.

Mr. Tomás Ó Ruairc

Tabharfaidh cinnte.

Más féidir iad sin a chur aghaidh roinnfimid leis na baill eile iad.

Cuireadh an cruinniú ar athló ar 3.27 p.m. go dtí 12.30 p.m. Dé Céadaoin, 2 Meitheamh 2021.