Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge debate -
Wednesday, 16 Jun 2021

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): An Roinn Oideachais

Cuirim fáilte roimh Evelyn O’Connor, príomhoifigeach san aonad curaclaim agus measúnachta beartais, Eibhlín Ní Scannláin, cigire sinsearach, agus Dr. Treasa Kirk, príomhchigire cúnta agus ceannasaí ar an aonad um oideachas Gaeltachta, mar ionadaithe ón Roinn Oideachais. Gabhaimid buíochas leo as a bheith linn anseo chun cuidiú linn san obair atá á déanamh againn.

Ba mhaith liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe lonnaithe i Seomra na Dála le linn an chruinnithe seo. Sula nglaoim ar na finnéithe a n-aitheasc tosaigh a thabhairt, ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh, 2009, faoi chosaint lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo chomh fada is atá siad lonnaithe sa seomra coiste féin. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh, ámh, éirí as an bhfianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cáilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Ms Evelyn O'Connor

Gabhaim buíochas as an gcuireadh ionchur a bheith againn i gcruinniú an lae inniu ar an gcuraclam nua Gaeilge, T1 agus T2, don ardteistiméireacht. Is príomhoifigeach sa Roinn Oideachais mise. I láthair freisin tá mo chomhghleacaithe, Eibhlín Ní Scannláin, cigire sinsearach, agus Treasa Kirk, príomhchigire cúnta agus ceannasaí ar an aonad um oideachas Gaeltachta.

Tá ról lárnach ag an Roinn Oideachais maidir le tacú leis an Rialtas aidhmeanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a bhaint amach. Tá sé mar aidhm bhunúsach ag forbairtí curaclaim na Gaeilge do gach leibhéal inár scoileanna feabhas a chur ar eispéireas agus torthaí foghlama foghlaimeoirí na Gaeilge. Aithníodh sa straitéis litearthachta agus uimhearthachta don fhoghlaim agus don saol nach ndearna curaclaim na Gaeilge freastal leordhóthanach ar riachtanais Ghaeilge daltaí agus scoláirí agus go háirithe iad siúd a bhí ag foghlaim trí mheán na Gaeilge agus a raibh an Ghaeilge mar chéad teanga acu.

Is é an sainmhíniú a tugadh don tagairt do Ghaeilge T1 sa straitéis ná múineadh na Gaeilge mar chéad teanga i scoileanna a bhíonn ag teagasc trí mheán na Gaeilge, agus an sainmhíniú a tugadh don tagairt do Ghaeilge T2 ná múineadh na Gaeilge mar dhara teanga i scoileanna ina bhfuil Béarla mar an phríomhtheanga theagaisc.

Is í an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, CNCM, an eagraíocht reachtúil a chuireann comhairle ar an Aire Oideachais maidir le curaclam agus measúnú don oideachas luath-óige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Le blianta fada tá curaclaim idirdhealaithe ar fáil do na bunscoileanna. Go dtí 2017, bhí na siollabais Ghaeilge chéanna á leanúint ag gach scoláire ag an tsraith shóisearach i ngach iar-bhunscoil. Rinneadh sonraíochtaí T1 agus T2 a fhorbairt le cur i bhfeidhm ag an tsraith shóisearach mar fhreagairt ar thorthaí comhairliúcháin in 2015 ar dhréachtshonraíocht amháin do Ghaeilge na sraithe sóisearaí.

Tharla an t-athbhreithniú mór deireanach ar an gcuraclam do Ghaeilge na hardteistiméireachta sna 1990aidí. Rinneadh na cáipéisí siollabais reatha a nuashonrú in 2010, go príomha chun ardú a cheadú go 40% don scrúdú béil. Cé gur tharla leibhéil mhéadaithe rannpháirtíochta ag an ardleibhéal mar thoradh ar 40% a thabhairt isteach don scrúdú béil, níor fheabhsaigh cáilíocht na foghlama. Mar chuid den timthriall leanúnach ar athbhreithniú agus ar athfhorbairt curaclaim, bhunaigh an CNCM grúpa forbartha ábhair in 2018 chun sonraíochtaí Gaeilge T1 agus T2 don ardteistiméireacht a fhorbairt. Cuimsíonn an grúpa forbartha ábhair ainmnithe, mar shampla COGG, Foras na Gaeilge agus ceardchumainn múinteoirí. Cruthaítear deis, trí thógáil ar shamhail an tsoláthair churaclaim don Ghaeilge ag leibhéil na bunscoile agus na sraithe sóisearaí, eispéireas foghlama leanúnach a chinntiú do dhaltaí ar mhaithe lena bhforbairt teanga agus a ndul chun cinn i gcoitinne.

Chuir an CNCM tús leis an gcomhairliúchán i bhFeabhra. Tá an CNCM tar éis leas a bhaint as raon teicnící comhairliúcháin chun dearcthaí, tuairimí agus eispéiris rannpháirtithe an chomhairliúcháin a thaifeadadh. Fanfaidh an comhairliúchán ar oscailt go dheireadh Lúnasa. Is eol don Roinn gur ardaigh páirtithe leasmhara ábhair imní faoin bpróiseas comhairliúcháin. Tá iarrtha ag roinnt eagraíochtaí Gaeilge go ndéanfaí an comhairliúchán a chur siar go dtí go ndéanfar athbhreithniú ar fheidhmiú na sonraíochtaí T1 agus T2 ag an tsraith shóisearach. Bhí cruinniú ag an CNCM le heagraíochtaí Gaeilge in Aibreán agus cuireadh in iúl do chomhairle an CNCM na hábhair imní a ardaíodh agus tugadh faisnéis freisin faoin bpróiseas comhairliúcháin. D’aontaigh an chomhairle gur cheart go leanfadh an comhairliúchán mar a bhí beartaithe, go fóill, agus go mbeadh tuilleadh plé aici ag an gcruinniú i Meitheamh faoin tslí le gluaiseacht ar aghaidh sna míonna atá le teacht. Tá an chéad chruinniú eile den chomhairle le tarlú amárach.

Baineann na saincheisteanna sistéamacha le bearta a d’fhéadfaí a sholáthar chun glacadh sonraíocht T1 a spreagadh. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, áfach, gur dréacht-cháipéisí iad na sonraíochtaí reatha do Ghaeilge na hardteistiméireachta. Mar sin, tá na dréacht-sonraíochtaí faoi réir athraithe, bunaithe ar thorthaí rannpháirtíochta na bpáirtithe leasmhara leis an bpróiseas comhairliúcháin. Caithfidh aon bhearta a d’fhéadfaí a sholáthar chun glacadh T1 a spreagadh na sonraíochtaí deiridh a chur san áireamh mar aon leis na bearta atá ann cheana féin chun tacú le rannpháirtíocht scoláirí le foghlaim na Gaeilge.

Tá tuilleadh eolais ar fáil sa nóta faisnéise. Táim féin agus mo chomhghleacaithe sásta aon cheist a d’fhéadfadh a bheith ag Comhaltaí a fhreagairt agus má tharlaíonn nach féidir linn ceist aonair a fhreagairt, beimid sásta cibé faisnéisiú breise is gá a shocrú chun dul i ngleic le haon ábhair a bhíonn fós le réiteach.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Le bheith soiléir, tá an Roinn ag moladh go mbeadh an ardteistiméireacht níos éasca do dhaoine taobh amuigh den Ghaeltacht atá ag freastal ar mheánscoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla agus go mbeadh sí ag leibhéal níos airde do dhéagóirí ón nGaeltacht agus ó Ghaelscoileanna. Bheadh an caighdeán níos airde agus mar sin bheadh an meán náisiúnta i bhfad níos airde do na páistí sin ó thaobh torthaí de. An bhfuil bagairt ann go n-athróidh páistí le Gaeilge ó na scoileanna Gaeilge go scoileanna eile chun an ardteistiméireacht T2 a dhéanamh? An bhfuil seans ann nach mbeidh an méid céanna páistí ag freastal ar an nGaeltacht gach samhradh mar nach mbeadh an ardteistiméireacht ag leibhéal T2 chomh deacair agus a bhí? Bheadh impleacht mhór ansin ó thaobh eacnamaíocht na Gaeltachta. Sin cuid de na ceisteanna a chuir muintir Chonamara orm. Nuair a rinne an Roinn an t-athrú go 40% don scrúdú béil in 2010, cuireadh níos mó béime ar an teanga labhartha. Bhí sé sin ag teastáil agus déanann sé ciall ach dúirt na finnéithe nár fheabhsaigh cáilíocht na bhfoghlaimeoirí. Ar fheabhsaigh na torthaí don scrúdú béil? An raibh níos mó béime air sna scoileanna nuair a bhí siad ag múineadh na Gaeilge, ó thaobh rote learning agus rudaí mar sin? Ar bhain na scoláirí amach torthaí níos fearr, cé nár fheabhsaigh an cháilíocht?

Ms Eibhlín Ní Scannláin

Tá roinnt mhaith ceisteanna luaite ag an Seanadóir agus déanfaidh mé mo dhícheall dul tríothu. Féadfaidh sé iad a mheabhrú dom más mian leis. Ag an bpointe seo, tá sé an-tábhachtach a chur in iúl gur próiseas comhairliúcháin atá ar bun faoi láthair ar dhréacht-shonraíochtaí atá forbartha ag an meitheal forbartha de chuid CNCM. Is cuid de phróiseas forbartha agus athbhreithnithe curaclam é sin ann féin. Mar sin, tá dréacht-sonraíochtaí curtha amach faoi láthair atá dírithe ar thaithí fhoghlama oiriúnach a sholáthar do scoláirí i scoileanna T1 agus T2. Mar a luaigh Evelyn níos luaithe, tá an leanúnachas seo ón mbunleibhéal go dtí an iar-bhunleibhéal an-tábhachtach. Tá sonraíochtaí difriúla tugtha isteach le fada ag leibhéal na bunscoile agus tugadh isteach iad in 2017 ag leibhéal na sraithe sóisearaí. Tá an múnla sin ann. Is próiseas comhairliúcháin atá ar bun faoi láthair.

Maidir leis na torthaí foghlama atá leagtha amach, is nádúr na dtorthaí foghlama in aon ábhar a bheith an-leathan ionas gur féidir le múinteoirí foghlaim agus riachtanais gach aon scoláire a bhíonn os a gcomhair a chuimsiú sna torthaí sin. Is saghas contanam a bhíonn ann trínár bhféidir leis an múinteoir an fhoghlaim a bhíonn le déanamh ag na scoláirí a bhriseadh síos le bheith in oiriúint dóibh.

Maidir leis an mbagairt go mbeidh páistí ag bogadh ó scoileanna T1 go scoileanna T2, tá na torthaí foghlama ann agus beidh tacaíocht ar fáil do mhúinteoirí ina dtaobh. Cuirfear tacaíocht chuimsitheach ar fáil do mhúinteoirí chun dul i ngleic leis na sonraíochtaí. Tá sé sin leagtha amach sa tsonraíocht atá ann i gcás na sraithe sóisearaí faoi láthair agus bheadh an rud céanna i gceist i gcás na hardteistiméireachta. Tá a fhios agam go mbíonn scoláirí ag foghlaim trí mheán na Gaeilge sna scoileanna T1 chomh maith agus go bhfuil an t-am a chaitheann siad ar na ceachtanna Gaeilge nó ranganna Gaeilge thar a bheith tábhachtach dóibh chun tacú lena gcuid foghlama agus lena ndul chun cinn sna hábhair eile ar an gcuraclam.

D’fhiafraigh an Seanadóir an mbeadh páistí fós ag freastal ar an nGaeltacht. Ón méid is eol dom, agus bheadh sonraí níos fearr le fáil ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, tá méadú tagtha ar líon na scoláirí atá ag freastal ar na coláistí Gaeilge, go háirithe idir 2015 agus 2019, nuair a reáchtáladh na cúrsaí sin go deireanach sna suímh sin.

Tá an-bhéim i gcónaí ann agus, in éineacht le forbairt curaclaim, tá béim ar labhairt na Gaeilge, ach ní díreach ar labhairt na Gaeilge ach ar fhorbairt scileanna eile na bhfoghlaimeoirí chomh maith. Beidh gá i gcónaí le deiseanna do na scoláirí chun a gcuid Gaeilge a chleachtadh i suíomhanna difriúla lena gcomhaoisigh féin le taithí a fhail ar chultúr agus ar shuíomhanna Gaeltachta chomh maith.

Maidir leis an gceist a bhí ag an Seanadóir Kyne i dtaobh an athraithe ó 40%, san anailís a rinneadh sna tuarascálacha a choimisiúnaigh an CNCM, rinneadh anailís i dtuarascáil Uí Churraín ar thorthaí scoláirí idir 2011 agus 2015 agus ní raibh aon athrú mór suntasach i gceist ar an leibhéal sin. Níl aon sonraí le fáil agam ina thaobh sin faoi láthair. B’shin an tátal a bhí ag teacht as na tuarascálacha sin nach raibh aon athrú mór déanta ag an athrú sin go dtí 40% sin ar ghnóthachtáil.

Faoi dheireadh tá cothromaíocht inscne againn sa Dáil. Gabhaim buíochas. Is iontach triúr ban a fheiceáil anseo. Gabhaim buíochas as na cáipéisí. Tá mórán eolais laistigh díobh. Tá sé ráite go mion minic agam nach saineolaí mé agus táim anseo chun éisteacht. Chuala mé faoin bpróiseas comhairliúcháin agus faoi na hathruithe seo ar na meáin. Is maith an rud go bhfuil ár bhfinnéithe anseo chun taobh na Roinne a chur os ár gcomhair.

Ceapaim i gcónaí go bhfuil an Ghaeilge ag feidhmiú i bhfolús i ndáiríre. Ba mhaith liom tuairim ár bhfinnéithe a chloisteáil faoi sin mar luann siad an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus tiocfaidh mé ar ais chuici sin.

Táimid ag díriú isteach anois ar chóras nua T1 agus T2 agus fanfaidh mé le deireadh an chomhairliúcháin agus leis an aisfhreagra ó na ngrúpaí éagsúla ar an talamh. Tá sé ráite go bhfuil cruinniú amárach ag an Roinn, agus tá súil agam go mbeidh ar a laghad síneadh ama i gceist mar is é sin an rud is bunúsaí chun deis a thabhairt do dhaoine a gcuid tuairimí a chur in iúl.

Níl a fhios agam an bhfuil T1 agus T2 ceart ach ritheann sé liom go bhfuil baol ann go mbeidh tuilleadh imeallaithe ar an nGaeilge seachas díriú isteach ar an nGaeilge mar ábhar iontach agus suimiúil chun daoine a mhealladh chun é a dhéanamh ar bhealach dearfach. Arís, tá sé cosúil le bheith ag caint faoin nGaeilge a bheith éigeantach nó gan a bheith amhlaidh. Ceapaim nach í sin an díospóireacht atá ag teastáil uainn ach go bhfuil an Ghaeilge ag feidhmiú i bhfolús.

Ar mo bhealach suas anseo bhreathnaigh mé ar an bhfoirgneamh atá taobh linn san ionad comhdhála agus is comhlacht mór millteach cuntasaíochta é. Tá comhartha iontach i mBéarla ann a deir "Shine. Be Yourself. Be Different." agus neart oibre tugtha ag Rialtais éagsúla don chomhlacht sin. Arís, cuireann sé sin in iúl dom gur ag obair i bhfolús atáimid mar níl aon chúis go bhfuil an rud uilig i mBéarla. Is comhartha mór millteach é agus neart spáis ann.

Ag filleadh ar an ábhar anseo inniu, ar a laghad ba cheart go mbeadh síneadh ama i gceist mar is í seo bliain Covid-19.

Ag breathnú níos faide ar aghaidh sa cháipéis a thug an Roinn dúinn, in alt 7 luaitear comhoibriú idir-rannach. Deir sé go bhfuil an Roinn tiomanta maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, go bhfuil obair idir-rannach ar siúl agus gur cuireadh coiste idir-rannach le chéile le déanaí. Táim ag fiafraí díom féin cén fáth gur cuireadh coiste le chéile le déanaí. Tá an straitéis ann, táimid leathbhealach tríd an straitéis agus níl an coiste idir-rannach ach ag feidhmiú anois.

Bhí cúpla ceist eile agam freisin. Tá sé ráite anseo go bhfuil daoine ar an talamh, na múinteoirí agus na tuismitheoirí, is dócha. Má dhéanann an Roinn an deighilt idir T1 agus T2, cad iad na buntáistí do na daltaí a chuireann dua orthu féin T1 a dhéanamh nó cad iad na beartais atá ag an Roinn chun scoláirí a mhealladh?

Maidir leis an gcóras atá ann faoi láthair suas go dtí an tríú bliain, an bhfuil aon athbhreithniú déanta nó an bhfuil an t-athbhreithniú sin ar an gcóras go dtí an tríú bliain críochnaithe? B’fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais arís le tuilleadh ceisteanna.

Ms Eibhlín Ní Scannláin

Maidir leis an gcéad phointe a luaigh an Teachta mar gheall ar an gcinneadh a chur siar nó ar a laghad síneadh ama a chur leis an bpróiseas comhairliúcháin, is comhairliúcháin de chuid CNCM atá i gceist agus, mar a luaigh an tUasal O’Connor ansin níos luaithe, tá cruinniú eile de chuid na comhairle ag tarlú amárach, agus mar a luadh sa doiciméad faisnéise a cuireadh ar fáil, cuireadh na hábhair imní in iúl do CNCM ag an gcruinniú a bhí aici an mhí seo caite chomh maith.

Maidir leis an gcoiste idir-rannach, tá an Roinn Oideachais páirteach ann leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Aithnítear go bhfuil saincheisteanna áirithe ó thaobh an oideachais agus, mar sin, cinneadh gur ghrúpa idir-rannach a phléifeadh le cuid de na saincheisteanna sin chomh maith. Phléifidh an grúpa seo an t-oideachas, an Ghaeilge sa chóras agus, níos leithne ná sin chomh maith, na rudaí eile arbh fhéidir tacú le foghlaim na Gaeilge agus le forbairt na foghlama sin.

Maidir leis na beartais, tá sé leagtha amach sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017–2022 go ndéanfar breathnú ar bheartais éagsúla chun tacú le spreagadh a thabhairt do scoláirí tabhairt faoi shonraíocht T1. Táthar ag féachaint i láthair na huaire ar na beartais sin agus tá bearta ar nós 10% d’áiteanna i gcoláistí oiliúna, sparánachtaí agus a leithéidí sin luaite sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017–2022. Ar ndóigh, tá próiseas comhairliúcháin ar siúl faoi láthair agus is dréacht-doiciméad curaclaim atá ann anois. Táim cinnte go dtuigfidh an coiste go mbeidh sé tábhachtach go mbeidh pé beartas a chuirfear ann ag freagairt do na sonraíochtaí a bheidh ann ag deireadh an lae. Toisc go bhfuilimid amuigh le haghaidh comhairliúcháin anois, d’fhéadfaí go dtiocfaí athruithe orthu, ag brath ar an sórt aiseolais a thiocfaidh ó rannpháirtithe. Mar sin, nuair a bheidh breis aiseolais ar fáil agus nuair a bheifear níos cóngaraí do shonraíochtaí níos críochnúla a bheith ar fáil, bheifí ábalta na beartais éagsúla a shainaithint ar bhealach níos fearr agus níos oiriúnaí do na sonraíochtaí agus an sórt foghlama sin a bhaint amach.

Maidir leis an athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na sonraíochtaí le bheith sa tsraith shóisearach, tháinig Covid-19 aniar aduaidh ar gach éinne gan dabht ach bhí múinteoirí páirteach i bhforbairt na ndréacht-sonraíochtaí don ardteistiméireacht. Tá moill ar an gcomhairliúchán faoi láthair. Is cinnte go raibh a dtuairimí agus a dtaithí ar na sonraíochtaí i gcás na sraithe sóisearaí ag teacht chun cinn agus, mar bhonn eolais freisin do na tuairimí, do na dearcthaí agus do na moltaí a bhí á ndéanamh acu siúd le linn an phróisis sin. Is cinnte chomh maith go bhfuil a bhfreagairt don chomhairliúchán reatha bunaithe cuid mhaith ar chuid den taithí sin chomh maith.

Tá dhá chohórt de scoláirí tar éis trí bliana an timthrialla ag an bpointe seo. Is é an t-aon chuid amháin de nár cuireadh i bhfeidhm i ndáiríre ná an scrúdú deiridh nó seachtrach a bheadh deartha agus marcáilte go seachtrach ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Bhí scoláirí ábalta dul i ngleic leis na measúnuithe ranga atá bunaithe mar dhlúthchuid den taithí foghlama atá le bheith ag scoláirí ag leibhéal na sraithe sóisearaí agus tá an taithí sin acu dá réir. Tá an CNCM, mar chuid dá próiseas comhairliúcháin, ag bualadh le scoláirí, le múinteoirí, le tuismitheoirí agus le lucht bhainistíocht na scoile. Tá deiseanna ansin le heolas a bhailiú ar na réimsí sin ar fad chomh maith.

Má ghlacfaimid leis an mbóthar seo, T1 agus T2, nach bhfuil baol mór ann go mbeidh imeallú déanta ar an nGaeilge?

Ms Eibhlín Ní Scannláin

Má théimid siar go dtí 2015, ag an am sin cuireadh aon doiciméad amháin sonraíochta amach le haghaidh an comhairliúcháin seo don tsraith shóisearach. Ba léir ón bhfreagairt a fuair an CNCM an uair sin ar an doiciméad amháin sin a bhí le cur i bhfeidhm i ngach aon scoil nach raibh pobal na Gaeilge ná geallsealbhóirí eile sásta lena leithéid. Freisin, ba léir go raibh éileamh ann do shonraíocht ar leith do na scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge agus ceann eile do na scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla ionas go mbeadh sonraíocht iomlán ábhar ag na scoileanna sa dá earnáil sin le cur i bhfeidhm. Lean an próiseas comhairliúcháin sin ar aghaidh ina fheabhas. Cuireadh roinnt moltaí maidir le múnlaí soláthar i láthair geallsealbhóirí ag fóram ar leith tar éis an tsamhraidh in 2015. Ba é T1 agus T2 an múnla a cinneadh air mar thoradh air sin. Fiú amháin, ina dhiadh sin ar fad, sular críochnaíodh na sonraíochtaí deiridh agus sular cuireadh iad le fáil le cur i bhfeidhm sna scoileanna, lean an CNCM ar aghaidh le dianchomhairliúchán leis na múinteoirí agus le daoine eile a bhí bainteach leis na hearnálacha difriúla sin chun go mbeidís ag teacht leis an sórt ionchas a bhí acu d'fhoghlaim na scoláirí sna scoileanna sin. Tugann sé deis do na scoileanna sin an Ghaeilge a chur chun cinn maidir le conas mar a thacaíonn sí le foghlaim scoláirí sna hábhair eile ar an gcuraclam chomh maith. Arís, tá próiseas comhairliúcháin ar siúl agus is faoi na rannpháirtithe atá sé a dtuairimí agus a dtaithí a chur in iúl, agus moltaí a dhéanamh ina leith seo ar fad. Beidh sé sin ar fad le cur san áireamh ag an CNCM nuair a dhúnfaidh an comhairliúchán.

Tá fáilte roimh na finnéithe. Dúirt an Teachta Connolly go raibh sí ag moladh na finnéithe toisc gur mná iad ach tá sloinnte ó Chontae Ciarraí ag an mbeirt acu agus, mar sin, b'fhéidir go mbeidh mise ag moladh na finnéithe dá bharr sin chomh maith.

Níl m'aigne déanta suas agam mar gheall ar an bpróiseas seo. Ba chóir dom a rá ar dtús go bhfuil beirt leanbh agam i nGaelcholáiste. Beidh triúr agam ann an bliain seo chugainn agus beidh duine amháin acu ag déanamh an ardteistiméireacht an bliain seo chugainn. Níl m'aigne déanta suas agam ach bhí mé ag caint le múinteoirí agus le tuismitheoirí i rith na seachtaine agus tá imní orthu mar gheall ar an bpróiseas seo. Bhí plé againn sa choiste seo mar gheall ar na fadhbanna atá ag Gaeilgeoirí ag déileáil le státseirbhísigh, le bancanna, le comharthaí bóithre agus mar sin. Le blianta fada, bhí buntáistí ann ag baint le Gaeilge a dhéanamh sna scoileanna ach níl an Ghaeilge ag formhór na ndaltaí sna Gaelcholáistí ón gcliabhán agus bíonn siad ag labhairt Béarla sa bhaile. Dúirt a lán de na múinteoirí a raibh mé ag caint leo go bhfuil dainséar go mbeidh míbhuntáiste ag baint leis an nGaeilge a fhoghlaim nó a dhéanamh don ardteistiméireacht. Sin iad na tuairimí agus na ceisteanna atá ag na daoine sin. Tá an imní sin ann mar gheall ar an athrú sin. Tá imní ann go mbeidh míbhuntáiste ag baint leis agus go mbeidh an Ghaeilge ar an imeall mar a dúirt an Teachta Connolly. An bhfuil aon tuairimí ag na finnéithe faoi sin?

Dr. Treasa Kirk

Is féidir liom rud éigin a rá chun cuid de na ceisteanna seo maidir leis an bpolasaí don oideachas Gaeltachta agus a bhfuil ag tarlú maidir leis an scéim aitheantais scoileanna Gaeltachta sna scoileanna a fhreagairt. Ón staidéar taighde agus meastóireachta atá déanta againn ar na scoileanna sin, is léir go bhfuil an scéim aitheantais sin ag obair i scoileanna agus go bhfuil dóchas ann ó thaobh na Gaeilge de. Tá dúshlán fós ann agus beidh tuarascáil á foilsiú againn le cuid de na príomhthorthaí ón staidéar sin.

Tá sé go maith go bhfuil an sonraíocht T1 don teastas sóisearach á cur i bhfeidhm ag formhór na scoileanna sa Ghaeltacht agus go bhfuil ag éirí go maith léi. Tá sé sin le feiscint ó shuirbhé, cé nach bhfuil tuairim gach múinteoir san áireamh ann. Bhí céatadán beag go leor i gceist de bharr Covid ach é sin ráite, is léir go bhfuil tuiscint agus feasacht níos fearr ar litríocht scríofa áitiúil agus ar an litríocht ó bhéal sna ceantair Ghaeltachta. Is léir freisin go bhfuil tuiscintí ar chultúr na Gaeilge méadaithe agus go bhfuil níos mó feasachta ann maidir le canúintí éagsúla i measc na scoláirí. Arís, tháinig an t-aiseolas seo ó na múinteoirí Gaeilge féin. Céatadán beag de na múinteoirí a bhí ann, mar a dúirt mé cheana, ach é sin ráite, tá dóchas faoi sin.

Is léir freisin go bhfuil na straitéisí agus na cuir chuige gníomhacha ag obair sna seomraí ranga. Tá an taighde sin bunaithe ar aiseolas ó na cigirí ó chás-staidéar in iarbhunscoileanna, cé nach raibh ach seacht iarbhunscoil as 29 iarbhunscoil sa Ghaeltacht i gceist. Is léir mar sin go bhfuil rudaí ag tarlú. Tógann sé am ach é sin ráite, tá an sonraíocht T1 á cur i bhfeidhm ag na scoileanna. Fós féin, tá níos mó oibre le déanamh ach sin cuid den fhreagra ar na ceisteanna a bhí ag na Teachtaí níos luaithe.

Ms Eibhlín Ní Scannláin

Tabharfaidh mé freagra ar an méid a bhí le rá ag an Teachta Daly. Aithnítear go bhfuil imní ar dhaoine maidir leis na moltaí atá ann faoi láthair. Tá an próiseas comhairliúcháin ar siúl. Tá sé an-tábhachtach go ndéanfadh daoine a dtuairimí, a ndearcthaí agus aon mholtaí a bheadh acu i leith na ndréachtaí atá ann faoi láthair, agus aon tuairimí eile a bheadh acu, a chur in iúl don CNCM mar chuid den phróiseas sin. Is í sin an tslí an moladh sin a thaifeadadh.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe agus ba mhaith liom fáilte a chur rompu. Sula dtiocfaidh mé chuig an gceist ar T1 agus T2, ba mhaith liom a rá go gcreidim go bhfuil fadhb ann le múineadh na Gaeilge sna scoileanna i gcoitinne. Céard air a bhunaím é sin? Ar an gcéad dul síos, bíonn Gaeilgeoirí ag fanacht sa teach s'againne le píosa maith de bhlianta agus cuireann sé iontas ormsa go dtagann gasúir atá tar éis an teastas sóisearach a dhéanamh, mar shampla, nó atá sa bhliain roimh an ardteistiméireacht go dtí an teach agus gur ar éigean go bhfuil siad in ann trí abairtí a chur in éineacht. Shílfeadh duine, dá mbeadh duine ar bith ag foghlaim teanga le chomh fada sin, go mbeadh siad in ann déanamh níos fearr ná sin. I mo thuairim, níl aon amhras ann ach go bhfuil an cruinneas, an líofacht agus an saibhreas tite sa Ghaeltacht. Is minic nach mbíonn eolas ar an ngramadach ró-láidir ach an oiread. Mar sin, má táimid ag breathnú ar shiollabas a thabharfaidh cumas labhartha agus scríofa cruinn ceart saibhir, caithimid breathnú amach don rud atá ar bun i láthair na huaire. Tá a fhios agam go mbeidh daoine gortaithe, b'fhéidir, go ndeirim an méid seo ach is fírinne an tsaoil í.

Maidir le ceist na sonraíochtaí, tá tagairt á déanamh an t-am uilig maidir leis an teastas sóisearach. Níl i gcluiche an teastas sóisearaigh ach cluiche dúshláin. Níl aon chorn ná brabach dá bharr. Mar sin, má dhéanann scoláirí T1 nó T2 ag leibhéal an teastas sóisearaigh, cén difríocht a dhéanann sé? Bíodh muid fírinneach réadúil faoin saol atá amuigh ansin. Ba chóir go mbreathnaímid air sa chaoi ina mbreathnaíonn tuismitheoirí agus scoláirí air nuair a théann daoine isteach sna ranganna sinsearacha sa mheánscoil agus nuair a roghnaíonn siad na hábhair le haghaidh na hardteistiméireachta. Tá corn le gnóthú as an gcluiche seo, corn na bpointí. Díríonn chuile shórt ar chorn na bpointí ag an bpointe sin. Smaoiníonn siad ar cé mhéad pointe is féidir leo a fháil ar an mbealach is éasca. Tá siad cosúil le daoine sa chluiche ceannais. Déanann siad cibé rud gur chaithfidh siad a dhéanamh le gnóthú, go mórmhór iad siúd atá ag iarraidh cúrsaí dúshlánacha a dhéanamh san ollscoil. Is faoi sin atá an plé seo i ndáiríre.

Is féidir leis an Roinn a bheith ag caint thuas san aer go brách na breithe ach más rud é go bhfuil dhá rogha ag gasúir nó scoláirí óga, T1 agus T2, más rud é go bhfaigheann siad 100% gan stró, gan anró agus gan aon deacracht má dhéanann siad T2 agus an fhéidearthacht ann nach bhfaigheann siad marc chomh maith le T1, agus más rud é go bhfuil siad ag iarraidh pointí arda a fháil, mar aon le chuile ghasúr, is féidir dearmad a dhéanamh ar Newman agus teoiricí oideachais ag an bpointe seo mar, fad is atá an CAO ann, is rás na bpointí a bheidh i gceist. Tuigeann aon duine a raibh gasúr aige nó aici riamh a rinne an ardteistiméireacht é sin. Fad is atá sé níos éasca níos fearr a dhéanamh le T2 ná le T1, agus fad is gur féidir a bheith cinnte faoi na marcanna, céard a dhéanfadh daoine atá ag iarraidh leigheas, dlí nó rud mar sin a dhéanamh san ollscoil ach an ceann a thugann marcanna arda ar an mbeagán oibre a roghnú? Is faoi sin atáim ag plé anseo. Is féidir linn dul timpeall ar shonraíochtaí agus go leor leor rudaí deasa, agus is faoi sin atá sé seo. Is air sin a dhéanann daoine a gcuid roghanna.

Feicim sa leagan Béarla, cé nach bhfuil sé ráite sa leagan Gaeilge, gur féidir go ndéanfar cúiteamh nó go dtabharfar sparánachtaí. Níl aon mhaith sparántacht mura bhfuil daoine ag déanamh na n-ábhar a theastaíonn uathu san ollscoil toisc nach raibh na pointí acu le fáil isteach sa rud gur theastaigh uathu a dhéanamh. Cén mhaith sparánacht? Is ar an mbeagán a bheadh na sparánachtaí ach bheadh na pointí ann do chuile dhuine. Cuirfidh mé sin as an áireamh, ar nós Maggie Thatcher fadó. Deireann sé ansin go mbeidh cúrsaí faoi leith ina mbeidh Gaeilge den scoth ag teastáil. Tá cuid mhaith de na gasúir nó scoláirí is mó, ón nGaeltacht agus ó thaobh amuigh di, éirimiúil. Táim ag caint faoi dhaoine a labhraíonn Gaeilge sa mbaile i gcónaí. Níl fonn dá laghad orthu Gaeilge acadúil a dhéanamh san ollscoil. Bíonn siad ag iarraidh an rud ceannann céanna a dhéanamh agus a dhéanann gasúir a labhraíonn Béarla sa mbaile. Tá an céatadán céanna acu seo ag iarraidh an rud céanna. Ní bheadh le déanamh ach dul amach thart ar na scoileanna agus fiafraí díobh chun é seo a fheiceáil. Níl aon mhaith ansin.

Deirtear anseo "the Department is aware of a call from stakeholders for the awarding of CAO bonus points to encourage uptake". Níor mhealladh atá i gceist anseo ar chor ar bith. Ní bheadh na daoine á mhealladh chun é a dhéanamh. Má táthar ag déanamh cúrsa níos deacra, ba cheart go mbeadh marcanna níos airde ar fáil. Luíonn sé le réasún. Má tá cúrsa amháin éasca agus cúrsa eile níos deacra, agus má táthar chun an brabach céanna a fháil as an dá rud, táimid ar ais timpeall an chiorcail arís. Dhéanfadh scoláirí an rud is éasca. Mar a dúirt mé nuair a bhí muid ag caint air seo cheana anseo sa Dáil, dá mba rud é go bhfaighfí pointe amháin i gcluiche pheil Ghaelach as an liathróid a chur san eangach nó as é a chur thar an trasnán, ní bheadh éinne ag triail é a chur san eangach. Chuirfeadh siad thar an trasnán é chuile uair mar beidh siad i bhfad níos cinnte go bhfaighidh siad an scór. Ar ndóigh, tá brabach ann as é a chur san eangach. Faightear trí phointe mar tá sé níos deacra agus mar tá cúl báire leis an liathróid a stopadh. Is é an prionsabal céanna atá i gceist anseo. Tá sé an-simplí.

Ní fheicim gur mór an mhaith an plé seo ar fad ó thosaigh má táthar, ag an deireadh, chun dul ag rá na ceiste a bhfuil chuile thuismitheoir agus chuile scoláire fud fad na tíre chun é a chur. Dála an scéil, níl aon chúis faoin spéir nach ndéanfadh daoine a fuair a gcuid oideachais i meánscoileanna atá ag múineadh trí Bhéarla cúrsa deacair Gaeilge. Is iomaí duine le togha na Gaeilge sa Teach seo a fuair a gcuid oideachais trí Bhéarla. Táimse ina measc. Fuair mé mo chuid oideachais i mBaile Átha Cliath. Is miotas é nach féidir le daoine i scoileanna Béarla atá ag múineadh na Gaeilge go maith mar theanga, ach an oiread leis an matamaitic nó aon ábhar eile, a leithéid de chúrsa a thabhairt leo go maith. Cinnte dearfach, bheinn ag súil go mbeadh go leor spéise ag go leor gasúr i scoileanna Béarla i gcúrsa dúshlánach a dhéanamh.

An bhfuil mórán céille le bheith ag plé ceist na sonraíochtaí sula mbeidh a fhios againn cén brabach breise nó cén cúiteamh a bheidh i gceist as cúrsa níos deacra a dhéanamh seachas an cúrsa éasca? Go dtí go mbeidh freagra ar an gceist seo, ní bheidh an Roinn in ann réamhbhreithiúnas a fháil ó éinne sa phobal a bhfuil fíorspéis agus leas acu sa scéal seo, is é sin, tuismitheoirí agus scoláirí atá ag teacht i dtreo na hardteistiméireachta. Ní bheifear in ann freagra a fháil uathu because níl a fhios acu céard faoi atáthar ag caint. Sin í an cheist.

Ms Eibhlín Ní Scannláin

Is i lár próisis chomhairliúcháin atáimid. Táimid i lár próisis fhorbartha ar churaclam na Gaeilge ag leibhéal na sraithe sinsearaí don ardteistiméireacht freisin. Arís, táim cinnte go mbeidh rannpháirtithe ag cur a dtuairimí in iúl maidir leis na bearta éagsúla atá leagtha amach sa pholasaí don oideachas Gaeltachta agus maidir leis na pointí bónais atá luaite ag an Teachta. Tá sé tábhachtach a lua go mbaineann pointí bónais agus a leithéid seo, atá nasctha le cúrsaí CAO, leis an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta. Is ceist í sin nach féidir a phlé i ndáiríre ag an bpointe seo mar nach bhfuil doiciméid dheireadh againn mar gheall ar an bpointe ag a bhfuilimid sa phróiseas comhairliúcháin féin.

Dr. Treasa Kirk

Chun tacú leis an méid atá ráite ag Eibhlín Ní Scannláin, caithfimid uile a bheith oscailte go dtí go gcloisimid ón bpobal, ó na tuismitheoirí agus ó na scoláirí féin. Tuigim an pointe atá á dhéanamh ag an Teachta Ó Cuív go bhfuil gá ann. Tuigimid uilig é sin.

Beidh an CNCM lán-oscailte. Is é sin an fáth go bhfuil an próiseas comhairliúcháin sínithe. Tá sé sin tábhachtach. Ón phróiseas féin, b'fhéidir go mbeidh tuairimí éagsúla ag daoine agus tá sé ríthábhachtach go gcuirtear na tuairimí sin faoi bhráid an CNCM ionas go mbeidh sé mar chuid den phlé agus de na cinntí deireanacha a bheidh á ndéanamh ag an Roinn.

Cén chaoi is féidir le haon duine breithiúnas a dhéanamh idir an dá chúrsa mura bhfuil a fhios aige nó aici cad iad na buntáistí a chuirfear ar fáil as an nua breise? Tá daoine praiticiúil. Tá daoine, go mór mór tuismitheoirí agus scoláirí, thar a bheith praiticiúil nuair a thagann sé go dtí an pointe seo. An bhfuil an Roinn Oideachais tar éis dul ag plé leis an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta maidir leis an gceist seo agus leis an CAO maidir le cúiteamh ar obair bhreise, mar atá i gceist anseo?

Ms Eibhlín Ní Scannláin

Mar atá luaite sa doiciméad ansin, tá na bearta á bplé agus bhí an Roinn i dteagmháil le heagraíochtaí amhail Irish Universities Association, IUA, ach tá roinnt comhráite eile le déanamh sa chás sin chomh maith.

Gabhaim buíochas as an gcur i láthair. Tá brón orm go raibh mé déanach. Bhí mé thall sa Dáil agus b'fhéidir go bhfuil roinnt de na ceisteanna atá agam freagartha cheana féin, agus más amhlaidh atá, iarraim ar na finnéithe a bheith foighneach. Is ábhar é atá ag cur as do go leor daoine, idir thuismitheoirí, dhaltaí agus scoileanna. Tá scoileanna Gaeltachta agus muintir na Gaelscoileanna tagtha arís is arís eile chugainn mar gheall air. Is é an tuiscint atá agam, nó a bhí agam, mar gheall air ná dá mba rud é go raibh claonadh ag dalta i dtreo amháin nó i dtreo eile, go mbeadh sé nó sí in ann ábhar a roghnú a bheadh oiriúnach agus go mbeadh buntáiste aige nó aici as sin.

Mar shampla, dá mba rud é go raibh claonadh ag dalta i dtreo na matamaitice, bheadh sé nó sí in ann páipéar ardleibhéal na hardteistiméireachta a shuí agus go mbeadh an páipéar matamaitice feidhmí ar fáil aige nó aici. Sa chaoi sin bheadh dhá ábhar agus buntáiste aige nó aici toisc go raibh sé nó sí láidir sa treo sin. Mar an gcéanna leis an nGaolainn nó le teangacha eile, dá mba rud é go raibh suim faoi leith agat agus claonadh ann, bheadh deis agat an Ghaolainn a dhéanamh agus bheadh buntáiste agus ábhar sa bhreis agat chun an T2 agus an T1 a dhéanamh le chéile.

Ní dóigh liom gur mar sin atá cúrsaí ag dul agus is ábhar buartha é sin. Is amhlaidh go bhfuil rogha ag daltaí leagtha os a gcomhair cúrsa compordach nó cúrsa deacair a dhéanamh agus ní gá rud a thabhairt chun cinn. N'fheadar cén fáth go roghnódh daltaí nó a dtuismitheoirí tabhairt faoin ualach breise sin? Ba mhaith liom cloisteáil ó na finnéithe cén fáth go mbraitheann siad go rachadh daltaí nó tuismitheoirí sa treo sin.

Is amhlaidh go bhfuil siad dírithe ar phointí agus na hábhair is oiriúnaí dóibh féin a bhailiú le chéile chun go mbeadh an CAO is láidre acu chun brú ar aghaidh. Mar sin, cad é tuairim na bhfinnéithe? Cén fáth go mbraitheann siad go mbeadh daoine ag dul i dtreo an chúrsa níos deacra agus ualach breise a ghlacadh orthu féin nuair atá sé soiléir nach mbeadh aon bhuntáiste ag baint leis?

Tuigim go bhfuil cúrsa comhairliúcháin ar siúl mar go bhfuil tuismitheoirí, scoileanna agus daltaí glórmhar go maith mar gheall air. An bhfuil na finnéithe ag cloisteáil uathu? Cad é atá á chloisteáil acu uathu? An bhfeiceann na finnéithe go bhfuil míshástacht ann agus nach bhfuil daoine sásta leis an treo atá molta ansin? Cad é an dearcadh ar an feedback sin ón phobal? Cén fáth go nglacfaidís le hualach níos mó seachas a bheith in ann an dá ábhar a thabhairt le chéile agus buntáiste a bheith acu toisc go bhfuil claonadh acu i dtreo teangacha agus na Gaolainne ach go háirithe?

Ms Eibhlín Ní Scannláin

Maidir leis an gceist an bhfuil an Roinn ar an eolas maidir leis na hábhair imní atá á lua ag tuismitheoirí agus geallsealbhóirí eile, táimid agus tá sé sin luaite sna doiciméid a cuireadh ar fáil don choiste seo. Mar a luaigh mé, tá próiseas comhairliúcháin ann. Is comhairliúchán poiblí é atá oscailte roimh gach aon duine. Tá sé an-tábhachtach gur tríd an bpróiseas sin a chuirfeadh tuismitheoirí, scoláirí agus gach aon duine a dtuairimí, a dtaithí agus a moltaí i leith na ndoiciméad agus ó thaobh an teagaisc agus foghlamtha go speisialta in iúl, agus aon mholtaí eile a bheadh acu chomh maith maidir le spreagadh agus a leithéid de sin a d'fhéadfaí a thabhairt do scoláirí.

Tá an dá ábhar ansin. Tá na moltaí ag teacht ón phobal. Cén mheáchan a bhfaighidh siad sa phróiseas comhairliúcháin? Cén éisteacht a bhfaighidh siad? Cad go díreach é an plean amach anseo chun a chinntiú go mbeidh cúrsa a bheidh oiriúnach do na daltaí agus do riachtanais na gcoláistí? Cén mheáchan a bhfaighidh na hacmhainní sin ó na daltaí, tuismitheoirí, scoileanna, pátrúin agus gach aon duine eile?

Maidir leis an gceist eile nár fhreagraíodh í, cad é tuairim na bhfinnéithe ar an bhfáth go mbacfadh aon duine leis an ualach breise a ghlacadh air nó uirthi féin? Tá sé sofheicthe go mbeadh daltaí ag tarraingt ualaigh bhreise orthu féin agus nach mbeadh aon bhuntáiste ann má tá siad chun cúrsa níos deacra a tharraingt orthu féin. Cad é tuairim na bhfinnéithe maidir leis an tslí a bhfuil sé molta? Cén fáth go mbacfadh aon duine leis an ualach breise a tharraingt orthu féin, nó an bhfuil sé dáiríre in aon chor?

Dr. Treasa Kirk

Caithfimid fanacht go dtí go bhfeicimid céard a thiocfadh isteach tríd an bpróiseas comhairliúcháin. Mar chéad chéim, beidh an dualgas ar an CNCM chun athbhreithniú a dhéanamh ar a bhfuil ann. Is cinnte go ndéanfar an-anailís agus an-mhionscrúdú ar a dtiocfadh ar ais. Níl aon dabht faoi sin. Mar shampla, maidir leis an gcoiste comhairleach atá againn don pholasaí don oideachas Gaeltachta, ní théann aon rud amach chuig aon scoil riamh gan chomhairle agus aiseolas ón choiste sin.

Bíonn na próisis chéanna i gceist maidir le cúrsaí curaclaim. Caithfear a chinntiú go mbeidh sé indéanta sna scoileanna agus réalaíoch do na scoláirí agus, sa deireadh thiar thall, go bhfuilimid uile ag iarraidh tionchar dearfach agus go mbeidh sé ag díriú isteach ar riachtanais na scoláirí. Tá an leanúnachas foghlamtha sin an-tábhachtach ag gach uile leibhéal, bíodh an scoláire ina chainteoir dúchais nó ina fhoghlaimeoir Gaeilge. Beimid uile oscailte maidir leis an méid a thiocfadh ar ais.

Má tá na finnéithe go hiomlán oscailte, an bhféadfar a chinntiú go mbeidh dalta ábalta an dá ábhar a dhéanamh le chéile? An bhfuil sé sin san áireamh?

Ms Eibhlín Ní Scannláin

Chonaiceamar an t-athrú suntasach a tháinig ar an múnla soláthair a bhí á mholadh i gcás na sraitheanna sóisearacha.

Ní bheadh sé i gceist ach an oiread le haon obair eile ag leibhéal na ardteistiméireachta go bhféadfadh scoláirí an dá ábhar, T1 agus T2, a dhéanamh in aon bhliain amháin don scrúdú.

Cosúil leis an tslí go mbeadh matamaitic fheidhmeach agus matamaitic ag ardleibhéal á ndéanamh ag dalta le claonadh i dtreo na matamaitice.

Ms Eibhlín Ní Scannláin

Dréacht-shonraíochtaí atá againn faoi láthair agus, bunaithe ar sin, is dá shonraíocht ábhar iad, ceann do scoileanna T1 agus ceann do scoileanna T2. Ní bheadh sé i gceist go mbeadh siad ag tabhairt faoi dhá shonraíocht do chúrsa nó do scrúdú ardteistiméarachta.

Is amhlaidh mar sin nach bhfuil gach rogha san áireamh.

Ms Eibhlín Ní Scannláin

I gcás na sraithe sóisearaigh, déanann duine ceann amháin nó an ceann eile. Caitear cuimhneamh ar acmhainní agus a leithéid sin a bhíonn ar fáil ag scoileanna chomh maith. Tá an próiseas comhairliúcháin oscailte agus baineann an méid a dúrt ansin leis an múineadh reatha atá ann ach gan dabht d'fhéadfadh sé sin athrú.

Cloisim go bhfuil an próiseas oscailte agus go bhfuil na finnéithe oscailte. Is maith an rud é sin. Níl mé chun na ceisteanna céanna a chur ach tagraím don pholasaí don oideachas Gaeltachta, an polasaí ba dhearfaí a tháinig os ár gcomhair ar an gcoiste. Is iontach an rud é go bhfuil sé ann agus go bhfuil dul chun cinn iontach á dhéanamh. Bheadh sé áisiúil dá mbeadh deis ag na finnéithe teacht os ár gcomhair arís maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh.

Tagraím do na scoileanna. Tá sé maíte anseo sa chaipéis go bhfuil 29 iar-bhunscoil ann agus is rud iontach é sin. Tá páirt glactha acu sa scéim. Tá 105 as 132 bunscoileanna páirteach nó 80%. An bhfuil díomá ar na finnéithe faoi sin nó an raibh siad ag súil leis sin? Cad iad a thuairimí go bhfuil 80% de na bunscoileanna ag glacadh páirt?

Luaigh an Teachta Ó Cuív caighdeán na múinteoireachta agus is dócha go bhfuil dul chun cinn déanta. Tá sé leagtha amach ag na finnéithe leis an máistreacht san oideachas agus tá ceithre cinn i gceist. Cé mhéad múinteoirí le líofacht sa Ghaeilge a bheidh an Roinn ag súil leo as na ceithre ollscoile atá luaite?

Dr. Treasa Kirk

Is féidir liomsa na ceisteanna sin a fhreagairt. Bhí cúpla cruinniú againn inné. Bhí cruinniú monatóireachta againn maidir leis an M.Oid i Luimneach agus ansin an B.Oid trí mheán na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino. Táimid an-sásta go deo leis an spéis atá léirithe ag na mic léinn sa dá chúrsa sin.

Tagraím don B.Oid trí mheán na Gaeilge. Sa dara bhliain tá 35 scoláire ag críochnú an dara bliain i mbliana agus tá 35 eile ag teacht isteach sa chéad bhliain. Tá Institiúid Oideachais Marino ag súil go mbeidh an líon céanna ag teacht isteach sa chéad bhliain i mí Meán Fómhair seo chugainn. Tá na huimhreacha ard agus tá spéis an-mhór léirithe cé go bhfuil critéir iontrála agus fágála ard agus sa bhreis ann freisin. Táimid sásta leis sin agus is léir go bhfuil an caighdeán an-ard chomh maith. Sin an t-aiseolas atá faighte againn ó Institiúid Oideachais Marino.

Tagraím don M.Oid trí mheán na Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál. An fáth go bhfuil an t-éileamh ann sa dá chúrsa ná go bhfuil na feachtais margaíochta thar barr sa dá institiúid. I gColáiste Mhuire gan Smál, tá 18 iarchéimithe agus tá 14 duine ag díriú isteach ar PhDs a dhéanamh as an gcéad cohórt agus as an dara cohórt. Tá sin go hiontach agus fós féin tá na mic léinn sin ag múineadh i scoileanna; níl siad imithe ón gcóras oideachais. I mbliana tá 29 duine sa chéad bhliain agus 29 duine sa dara bhliain san M.Oid i gColáiste Mhuire gan Smál. Tá éileamh ann agus tá sin go hiontach; táimid an-sásta. Chomh maith leis sin, sa Máistir Gairmiúil san Oideachas, MGO, in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, tá na huimhreacha méadaithe freisin de bharr na tacaíochtaí breise atá curtha ar fáil don institiúid sin. Tá na huimhreacha slán ag an iar-bhunleibhéal ansin chomh maith. Sin an cúrsa lán-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Céard faoi na bunscoileanna atá ag glacadh páirt?

Dr. Treasa Kirk

Tá 105 scoil fós ag glacadh páirt, mar a dúirt an Teachta. Níl 27 scoileanna, nó aon chúigiú, de na scoileanna ag glacadh páirt. Is dócha nach bhfuil ionadh orainn. Bhí díomá orainn ag an tús nár roghnaigh siad páirt a ghlacadh, ach is dócha go ndearna siad an cinneadh ón tús agus lean siad leis an gcinneadh céanna, cé go bhfaigheann siad deis gach uile bhliain teacht isteach sa scéim leis na tacaíochtaí breise. Fós féin, tá an cinneadh déanta ag na scoileanna agus tá suirbhé déanta againn ar na cúiseanna nach bhfuil siad sásta páirt a ghlacadh sa scéim. An chúis is mó ná nach bhfuil tuismitheoirí le Gaeilge sa cheantar. Chomh maith leis sin, bíonn líon an-bheag cainteoirí dúchais i gceantar ar leith. Sin leithscéal a thug siad. Dúirt na múinteoirí chomh maith go raibh easpa muiníne acu agus go raibh traidisiún tagtha isteach sna scoileanna sin a bheith ag múineadh trí Bhéarla. Dúshlán an-mhór a bheadh is gceist chun iompú go dtí cur chuige lán-Ghaeilge. Sin iad na cúiseanna is mó a bhí i gceist leis sin.

Ar iompaigh aon scoil, tar éis an cinneadh a dhéanamh, gan páirt a ghlacadh?

Dr. Treasa Kirk

Ag an iar-bhunleibhéal, tháinig scoil amháin isteach in 2019. Sin an t-aon scoil agus níor iompaigh aon scoil eile. Fós féin, tá na seisiúin comhairliúcháin ar siúl ag na cigirí mar sin tá an-iarracht déanta, ní hamháin ag an Roinn Oideachais ach ag Údarás na Gaeltachta agus ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chomh maith chun iad a mhealladh agus a spreagadh chun páirt a ghlacadh.

An féidir liom nóta a fháil ón Roinn maidir leis na figiúirí do líon na scoláirí ar na cúrsaí? Tá siad scríofa agam go sciobtha.

Dr. Treasa Kirk

Cinnte dearfa; is féidir.

Bheadh sé áisiúil mar bhíomar ag caint faoi cheisteanna cáilíochtaí múinteora chomh maith. Tá an cheist sin á phlé againn i gcoitinne.

Tá cúpla ceist agam féin mar gheall air seo. Cuireadh a lán de na ceisteanna a bhí breactha síos agam cheana féin, mar sin ní dhéanfaidh mé iad a athrá. Glacaim as an méid a dúirt na finnéithe go bhfuil siad ag impí ar dhaoine atá meon nó tuairimí acu faoi T1 agus T2 dul ag scríobh agus acmhainní nó aighneacht a chur isteach ar an gcomhairliúcháin. Dá réir, d'fhéadfadh siad an méid atá ráite acu anseo nó áit éigin eile a phlé.

Glacaimse leis gur fíor-chomhairliúcháin é. Tá fadhb agam ó thaobh an ama atá i gceist. Níor chóir go mbeadh sé ann in aon chor ag an staid seo go dtí go raibh achoimre nó athbhreithniú ar T1 agus T2 ag staid an teastais sóisearaigh. Ní raibh aon bhealach go bhféadfadh muid a thuiscint conas mar a bhí T1 agus T2 ag oibriú ag an leibhéal sin, ach go háirithe le dhá bliain de pandemic. Ní raibh aon scrúdú ann agus táimid ag déanamh rud éigin faoi dheifir nach bhfuil gá a dhéanamh faoi láthair. Tá gá le deifir ó thaobh na Gaeilge de agus tá gá le deifir ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge de. Tá ár dtuairimí againn an éireoidh leis seo caighdeán níos fearr a fháil ó thaobh páistí nó daltaí ag teacht amach ó mheánscoileanna le caighdeán níos fearr cainte ó thaobh na Gaeilge de nó le caighdeán liteartha níos fearr. Níl mé dearfa. Tá mo thuairim féin agam agus beidh mise agus mo pháirtí ag déanamh aighneacht a chur isteach ar an gcomhairliúcháin.

Níl a fhios agam an bhfuil aon ualach ag na finnéithe ó thaobh cur ina luí ar an CNCM amárach gur féidir leis síniú ama a thabhairt don chomhairliúcháin seo.

Tá múinteoirí, tuismitheoirí agus an domhan ar fad i gcoitinne gafa leis an bpaindéim. Níl muid ar fad dírithe isteach ar cheist na hardteistiméireachta. Más féidir in aon chor, ba cheart síneadh ama a thabhairt. Beidh cumainn na múinteoirí os ár gcomhair maidir leis an gceist seo an tseachtain seo chugainn agus glacaim go mbeidh siadsan á lorg freisin ach beidh an cinneadh déanta faoin am sin. Sin an fáth go bhfuil mé á ardú anois. Thabharfadh síneadh ama deis dóibhsean comhairliúchán ceart a bheith acu lena múinteoirí agus féachaint conas mar atá na hathruithe a tugadh isteach ag leibhéal an teastas sóisearaigh ag dul i gcion ar na múinteoirí, na daltaí agus an pobal i gcoitinne.

Tá ceist amháin agam. Seo ceann de na fadhbanna bunúsacha anseo. Táimid ag caint faoi scoileanna lán-Ghaeilge i gcoitinne, agus mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, tá an oiread sin daoine ar m’aithne, sa chathair seo go háirithe, a chuaigh trí scolaíocht go hiomlán trí Bhéarla agus a tháinig amach ón gcóras le Gaeilge den scoth. Bíonn siad níos fearr ná mé féin go minic, le gramadach agus tuiscint níos fearr. Tógadh mise le Gaeilge agus tá an t-ádh liom. Bhí scoileanna Gaeilge ar fáil dom ach tá a lán daltaí nach bhfuil scoileanna Gaeilge ar fáil dóibh. Is cainteoirí dúchais iad nach bhfuil sa Ghaeltacht so beidh sé deacair orthu má théann muid sa treo seo.

Tá súil agam go mbeidh na hacmhainní breise atá ar fáil do scoileanna Gaeltachta ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus go gcuideoidh sé sin leo daoine den sórt sin a mhealladh isteach sna coláistí lán-Ghaeilge sna cathracha nó lasmuigh den Ghaeltacht, agus go mbeidh níos mó spáis ann don éileamh atá ann. Tá an ceart ag an Roinn go bhfuil gá le níos mó meánscoileanna agus bunscoileanna lán-Ghaeilge so caithfidh muid i bhfad Éireann níos mó a dhéanamh chun an t-éileamh atá ann do Ghaelscolaíocht i gcoitinne a shásamh. Cuideoidh sé sin le pé cúrsa atá roghnaithe againn. Tá ábhar mór ann mar tá aithne agamsa ar dhaoine atá deacrachtaí acu teacht ar scoileanna sa chathair seo ag leibhéil dhifriúla, agus sin gan smaoineamh ar cén leibhéal de Ghaeilge - T1 nó T2 - a bheadh siad ag fáil sna scoileanna sin.

Faoi láthair, toisc go bhfuil daltaí ann le Gaeilge den scoth, mar theanga dhúchasach nó teanga foghlamtha, tá buntáiste éigin acu i gcomparáid le daltaí eile. Toisc an obair atá déanta acu agus a dtuismitheoirí, ba chóir go mbeadh siad in ann scrúdú béil maith a bhaint amach. Má athraítear an córas seo, bheadh muid ag baint an buntáiste sin uathu. Tá súil agam nach ndéanfaidh an CNCM an cinneadh sin nó beidh raic ann agus beidh an Roinn nó an tAire ag teacht isteach os ár gcomhair faoin gceist seo. Beidh an tAire os ár gcomhair i gceann coicíse ar aon chaoi maidir leis seo agus na cáilíochtaí teanga atá ag múinteoirí faoi láthair. Sin ceist a ardaíodh linn an tseachtain seo caite nó an tseachtain roimhe.

Tá brón orm go raibh me déanach don chuid is mó den chur i láthair. Bhí cruinniú eile agam. Tá ceist amháin beag agam. Luaigh an Teachta Connolly an 27 scoil nach bhfuil sa chóras. An gcuirtear aon acmhainní breise ar fáil chun na scoileanna sin a mhealladh isteach go dtí an córas chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin agus an meon sa cheantar a athrú? An gcuirtear tacaíocht bhreise ar fáil do na tuismitheoirí nach bhfuil muinín acu?

Dr. Treasa Kirk

Gach uile bhliain ó 2017 ar aghaidh chuireamar ar aghaidh an phacáiste de thacaíochtaí atá ar fáil do scoileanna eile. Mar shampla, dúramar leis na scoileanna dá mbeadh siad sásta tabhairt faoin scéim, tar éis dul i gcomhairle leis an bpobal scoile, go bhfaigheadh siad uaireanta breise. Sin an rud is mó a bhíonn scoileanna ag iarraidh, agus bhí siad á chur ar fáil againn dóibh má bhí siad sásta páirt a ghlacadh sa scéim. Bhí tacaíochtaí breise ar fáil ar nós uaireanta breise, tacaíocht bhreise ó COGG, seisiúin chomhairliúcháin ó na cigirí, agus deontas €1,200 in aghaidh na bliana. Bhí an pacáiste céanna i gceist ach, fós féin, níor ghlac siad páirt.

B’fhéidir go mbeadh buntáiste ann dá gcuirfí na hacmhainní ar fáil roimh an chinneadh, chun an meon a athrú roimh chinneadh buan a dhéanamh.

Dr. Treasa Kirk

Rinneamar é sin chomh maith. Ní dhearnamar é an chéad bhliain ach rinneamar é an dara bliain. Mar shampla, fuair na scoileanna an t-eolas agus ní amháin gur cuireadh imlitir amach ach chuir muid litir amach freisin agus bhí mearsheoladh de na hacmhainní a bhí i gceist ó Mheán Fómhair ann díreach ina dhiaidh sin. Rinneamar gach uile iarracht i ndáiríre. Chomh maith leis sin bhí cruinnithe réigiúnacha sna Gaeltachtaí éagsúla. Tá gach uile bhunscoil agus iar-bhunscoil i gCiarraí agus i gCorcaigh sa scéim, ach i gcúige Chonnacht agus in Uladh bhí cruinnithe poiblí éagsúla againn agus thugamar cuireadh ní amháin do bhainistíocht na scoileanna ach do na tuismitheoirí sa cheantar freisin, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta.

An gcuirtear aon tacaíocht ar fáil do na tuismitheoirí iad féin, ar nós ranganna breise, mar shampla?

Dr. Treasa Kirk

Cinnte dearfa. Tá an dualgas sin faoin Roinn Ghaeltachta agus Údarás na Gaeltachta sna limistéir phleanála teanga éagsúla. Tá 26 duine fostaithe agus tá na hoifigigh phleanála teanga ann chun a leithéid de rud a dhéanamh. Tá sé sin ag tarlú faoi láthair.

An mbíonn an Roinn i dteagmháil leis na hoifigigh phleanála teanga chun é sin a chinntiú leo?

Dr. Treasa Kirk

Cé nach mbíonn muid i dteagmháil leo, le déanaí tá treoir nua forbartha againn a bheidh á fhoilsiú le linn na seachtaine seo i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta. Sa treoir sin tá cur síos déanta againn ar ról na n-oifigigh phleanála teanga agus ar na tacaíochtaí praiticiúla gur féidir le scoileanna cur i bhfeidhm go háitiúil. Tá sé sin curtha le chéile againn i gcomhar leis an Roinn Ghaeltachta agus Údarás na Gaeltachta agus beidh sé sin ar fáil do na scoileanna.

An bhfuil aon acmhainní breise á lorg ag na scoileanna? An gcuireann siad ceisteanna ar an Roinn chun rudaí éagsúla a bhaint amach?

Dr. Treasa Kirk

Níl an mioneolas sin agam mar ní bhíonn muid ag déileáil go díreach leo, ach amháin trí na himlitreacha agus mar sin, ach b’fhéidir go mbeidh an t-eolas sin ag na hoifigigh phleanála teanga. Bíonn muid i dteagmháil leis an gceannaireacht in Údarás na Gaeltachta go réasúnta minic, ach níor chuala mé trácht go raibh na scoileanna á lorg sin.

Tá an plé críochnaithe so cuirfidh muid clabhsúr leis an díospóireacht. Gabhaim buíochas leis an triúir finné as a gcuid ama. Bhí an Teachta Connolly ag lorg roinnt eolais bhreise, so más féidir é sin a chur ar aghaidh i rith na seachtaine, bheadh muid buíoch.

Cuireadh an cruinniú ar athló ar 2 p.m. go dtí 12.30 p.m. Dé Céadaoin, 23 Meitheamh 2021.
End of Take
Top
Share