Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge debate -
Wednesday, 23 Jun 2021

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): Plé

Bogfaimid ar aghaidh chuig an ábhar eile atá ar an gclár oibre inniu, is é sin curaclam nua na h-ardteistiméireachta, T1 agus T2. Táimid ag gabháil don ábhar seo le roinnt cruinnithe anois. Ba mhaith liom fáilte a chur roimh Moira Leydon, ardrúnaí cúnta agus Anne Loughnane atá ina múinteoir i bpobalscoil Inbhear Scéine, Contae Chiarraí, atá ina n-ionadaithe anseo ar son Chumann Múinteoirí Meánscoile na hÉireann. Cuirim fáilte chomh maith roimh John MacGabhann, ardrúnaí cúnta, David Duffy, oifigeach oideachais agus taighde, agus Claire Markey, comhairleoir i leith na Gaeilge agus múinteoir, atá ina n-ionadaithe anseo thar ceann Aontas Múinteoirí Éireann. Ba mhaith liom ár mbuíochas a ghabháil leo as teacht anseo inniu.

Sula dtosóidh muid, cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, faoi chosaint lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo chomh fada is atá siad lonnaithe sa seomra coiste. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh, ámh, éirí as an bhfianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú, nár chóir más féidir daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Meabhraítear chomh maith do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Ar dtús báire, tá ardrúnaí cúnta ó Chumann Múinteoirí Meánscoile na hÉireann chun labhairt os ár gcomhair.

Ms Moira Leydon

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an gcuireadh seo a thabhairt dúinn. Fuair sé ár ráiteas tosaigh i mBéarla agus i nGaeilge agus ní bheidh mé ag dul tríd na pointí ar fad. Bheadh sé sin ró-leadránach. Ba mhaith liom cúpla rud a rá faoi cén fáth a bhfuilimid anseo, cén sórt phríomh-imní atá againn agus cén sórt réitigh a fheicimid don fhadhb seo. Beidh mo chomhghleacaí, Anne Loughnane, atá ina múinteoir Gaeilge, ag caint ón chalkface mar a déarfá.

Tá sé soiléir, toisc go bhfuil an coiste ag éisteacht linn agus cuireadh tugtha aige dúinn, go bhfuil imní ann faoi na rudaí atá ar siúl i churaclam Gaeilge na h-ardteistiméireachta. Is rud an-mhaith é nuair atá Oireachtas na hÉireann ag tabhairt suime don Ghaeilge agus, go háirithe, don Ghaeilge sna scoileanna. Tá na scoileanna chomh tábhachtach chun an Ghaeilge a choimeád beo agus a neartú i measc na ndaoine óga agus na sochaí ar fad.

Mar a dúirt mé, bhí raic faoi seo. Tharla sé go tobann. Bhí rudaí ag dul ar aghaidh. Chuir an NCCA na dréachtsonraíochtaí amach chun comhairliúcháin agus ansin bhí freagra an-diúltach ar fad. Bhí trí rud bainteach leis an bhfáth go raibh an freagra sin an-diúltach ar fad. Bhí an-eagla ar na múinteoirí nach raibh go leor ama acu an comhairliúchán ceart a dhéanamh chun rudaí a phlé. Toisc go raibh gach rud ag dul ar aghaidh ar líne, ní raibh seans ag daoine bualadh le chéile. Bhí na múinteoirí róghnóthach ar aon nós leis na accredited grades agus gach rud eile. Bhí siad an-bhuartha faoin am don chomhairliúchán.

Tá an-inmí ar múinteoirí faoi shamhail T1 agus T2 a chur ar siúl san ardteistiméireacht. Tá sé ar siúl sa teastas sóisearach ach tá fadhbanna ann agus tá na múinteoirí go léir ag rá nach bhfuil siad ag iarraidh an tsamhail chéanna sin san ardteistiméireacht. An fáth le sin ná go ndeireann gach duine gur scrúdú high stakes é an ardteistiméireacht. Caithfimid a bheith an-chúramach nuair atáimid ag athrú an churaclaim sa teastas sinsearach.

Rinneamar suirbhé agus bhí comhairliúchán againn ar líne. As sin, is léir go bhfuil na múinteoirí ar fad i ngréasán na múinteoirí Gaeilge, na heagrais oideachais Ghaeilge agus baill ASTI ag rá gur chóir go mbeadh taighde déanta ar dtús. Caithfear aimsiú conas atá teanga 1 agus teanga 2 ag oibriú don teastas sóisearach sula ndéanfar aon chinneadh faoin gcuraclam sa teastas sinsearach agus scrúdú na h-ardteistiméireachta. Is é sin ceann de na príomh-imní, nach bhfuil taighde, spás ná am agus nár cheart dul ar aghaidh le hathrú chomh mór sin gan an taighde sin a dhéanamh.

Is é an dara rud atá ag cur isteach ar na múinteoirí ná an moladh sna dréachtsonraíochtaí na marcanna don chumas labhartha a ísliú ó 40% go dtí 35%. Tá réabhlóid faoi sin mar gurb é an t-ardú marcanna don scrúdú béil ceann de na rudaí is fearr a tharla sa churaclam Gaeilge sna meánscoileanna toisc go gcothaíonn sé sin suim na ndaltaí sa chaint agus in úsáid na Gaeilge agus go gcoinníonn sé an teanga beo. Mura bhfuil cuspóir ar bith eile againn mar thír don Ghaeilge, ba chóir ar a laghad go mbeadh sé an Ghaeilge a dhéanamh ina theanga bheo. Ba chóir go mbeadh daoine ábalta cúpla focal a rá, caint le chéile, féachaint ar TG4 tráthnóna Dé hAoine agus gach rud atá á rá ag an réiteoir sa rugbaí a thuiscint. Tá na múinteoirí á rá go mbeidh baol ann má tá na marcanna sin le bheith athraithe.

Is é an tríú rud a chuireann isteach ar múinteoirí ná rud maidir leis scoileanna a fhaigheann áiseanna breise. Tá scéim aitheantais do scoileanna Gaeltachta faoina bhfaigheann siad áiseanna breise. Is scéim an-mhaith í - tá mise ag suí ar an gcoiste sin - agus tá jab iontach á dhéanamh ag an Roinn Oideachais. Mar sin féin, tá an-eagla ar na múinteoirí sna scoileanna sin nach mbeidh rogha acu maidir le teanga 1 agus teanga 2.

Go teoiriciúil ba chóir go mbeadh teanga 1 dhúshlánach agus éasca go leor do gach duine i scoil lán Ghaeilge. In reality, tá éagsúlacht an-mhór sna ability levels do na daltaí sna scoileanna sin. Tá imní ann nach mbeidh an rogha ann do na scoileanna sin an dá churaclam a chur ar siúl agus tá na múinteoirí ag rá, má thagann an rogha sin isteach agus má bhíonn dhá shaghas curaclaim ag dul ar siúl, ba chóir go mbeadh áiseanna breise ag teacht isteach dó sin. Bheadh sé an-deacair do na múinteoirí teanga 1 agus teanga 2 a dhéanamh i seomra amháin agus ní bheadh sé sin fairsing in aon slí.

Sin iad na príomhphointí atá sna cóipeanna. Beidh Anne Loughnane ag caint mar mhúinteoir.

Ms Anne Loughnane

Ar dtús, gabhaim mo bhuíochas leis an gCathaoirleach agus le baill an chomhchoiste as an gcuireadh a fuaireamar teacht anseo inniu. Tugann sé deis iontach dúinn tuairimí agus moltaí an cheardchumainn a chur faoi bhráid an chomhchoiste. Is ionadaí ábhair mé don Ghaeilge don chumann. Tá taithí fhada agam ar mhúineadh na Gaolainne agus táim ag plé le cúrsaí Gaolainne ar feadh mo shaol múinteoireachta. Mhúin mé gach leibhéal ag amanna éagsúla ón chéad bhliain ar aghaidh go dtí an idirbhliain, agus Gaeilge chumarsáideach don ardteistiméireacht fheidhmeach suas go dtí ardteistiméireacht ardleibhéal. Ina theannta sin, tá taithí agam ar scrúdaitheoir don bhéaltriail.

Nuair a fhéachaim siar ar mo thaithí féin sa seomra ranga, is fíor a rá go bhfuil athruithe móra tagtha ar an teanga ó thosaigh mé ag múineadh. Braithim féin go bhfuil an tsuim sa Ghaeilge i measc daltaí i gcoitinne laghdaithe agus tá a gcumas sa teanga níos laige ná mar a bhíodh, agus ar ndóigh cuireann sé sin brón ormsa.

Ba mhaith liom díriú anseo inniu ar dhá ghné den ábhar atá curtha isteach againn: an bhéaltriail agus an gá práinneach do shos machnaimh sa phróiseas seo. Is é mo chuspóir féin don Ghaolainn ná daoine a chloisteáil ag labhairt, fiú amháin blúiríní beaga den teanga, go nádúrtha ina saol laethúil ag dul timpeall.

Faoi mar a dúramar sa ráiteas tosaigh, céim mhór ar aghaidh don Ghaolainn a bhí ann nuair a ardaíodh na marcanna don bhéaltriail. Tharla sé sin sa bhliain 2007, ceapaim. Chuir sé sin béim shuntasach ar labhairt na teanga agus chabhraigh sé go mór le meon na ndaltaí a mhúnlú i dtreo Gaolainn a labhairt, fiú amháin na daltaí a raibh an-leisce orthu triail a bhaint as.

Anois, tá cinntí móra le déanamh mar shochaí againn, cinntí a rachaidh i bhfeidhm go mór ar thodhchaí na Gaolainne ar feadh i bhfad amach anseo. Tá am againn fós machnamh dáiríre a dhéanamh ar na cinntí sin. Impím anseo ar aon daoine ag a bhfuil tionchar ar an bpróiseas seo tús áite a thabhairt do labhairt na Gaolainne.

Is breá liom féin an litríocht. Tá grá agam don litríocht, agus táim cinnte go bhfuil daoine ar an gcoiste agus anseo inniu ar aon aigne liomsa sa mhéid sin, ach is mionlach beag muid agus caithfimid é sin a aithint. Má theastaíonn uainne an Ghaolainn a chóiméad nó í a chur i mbéal an phobail, caithfimid díriú ar mhodhanna chun é sin a chur i gcrích, modhanna atá réalaíoch agus a thuigeann daltaí agus a bhfuil daltaí sásta teacht leo.

Is minic a chloisimid daoine ag rá, amuigh sa phobal, gur chaith siad ocht mbliana sa bhunscoil agus cúig nó sé de bhlianta i seomraí ranga i mbun staidéir ar an nGaolainn ach fós níl Gaolainn acu. Ar shlí, tá sé sin dochreidte, ach fós tuigimid go léir go bhfuil sé fíor i gcás an-chuid daoine. I mo thuairim féin, tá sé sin náireach agus brónach agus tá sé ag tarlú le blianta fada. Cé go bhfuil sé mall anois, níl sé ródhéanach fós. Má chuirimid chuige go fonnmhar agus go ciallmhar, is féidir linn dul chun cinn a dhéanamh i labhairt na Gaolainne inár sochaí.

Ní cáinteoir dúchais mise. Níor rugadh sa Ghaeltacht mé agus d’fhoghlaim mise an chuid is mó de mo chuid Gaolainne sa bhunscoil. Is cuimhin liom go maith go raibh an-bhéim nádúrtha ar labhairt na teanga ó aois an-óg agus go raibh sé nádúrtha í a labhairt agus nach raibh aon leisce ná rudaí mar sin ag cur isteach ar dhaoine óga.

Ag caint faoi fhoghlaim na Gaolainne, ní gá go mbeadh uallach mór oibre ag baint leis. A mhalairt atá ag teastáil i ndáiríre. Sin pointe an-láidir ar mhaith liom a dhéanamh anseo: an t-ualach oibre a laghdú. I mo thuairim féin, maraíonn an t-ualach suim an dalta. Tá sé sin soiléir ón méid daltaí maithe a roghnaíonn an cúrsa gnáthleibhéil do scrúdú na hardteistiméireachta toisc go mbraitheann siad go bhfuil an iomarca oibre scríofa agus oibre foghlamtha ag baint leis agus go bhfuil sé deacair grád ard a fháil san ábhar sin. Céim dhiúltach don Ghaolainn is ea an t-ísliú go dtí 35% don bhéaltriail. Ní dhéanfadh sé ciall ar bith.

Is é an dara pointe ar mhaith liom tagairt leis ná an cúrsa nua don Ghaeilge sa tsraith shóisearach. Ón taighde atá déanta againne sa chumann leis na baill, is é sin na múinteoirí Gaolainne sa cheardchumann againne, tá sé soiléir go lagmhisneach ar thromlach mór na múinteoirí a thug faoin gcúrsa nua a mhúineadh. Tagann mo thaithí féin leis an taighde sin áfach. Sin é an fáth go bhfuil sé práinneach athbhreithniú dáiríre a dhéanamh ar fheidhmiú na sraithe sóisearaí roimh aghaidh a thabhairt ar athruithe fadtéarmacha sa tsraith shinsearach.

Ba mhaith liom a rá go gcaithfimid a bheith macánta faoi na fadhbanna, na laigí agus na botúin a rinneadh san am atá thart má theastaíonn uainn dul chun cinn a dhéanamh amach anseo. Má leanaimid ar aghaidh ag déanamh na rudaí céanna, is cinnte go bhfaighimid na torthaí céanna. Tá sé in am dúinn go léir a bheith oscailte faoi staid na teanga, curaclam na Gaolainne mar atá sé faoi láthair, múineadh na teanga agus na riachtanais chun an scéal a fheabhsú don Ghaolainn.

Bhí roinnt tuairimí spéisiúla ansin ó chleachtadh an fhinné. Casfaimid anois ar ardrúnaí Aontas Múinteoirí Éireann, John MacGabhann.

Mr. John MacGabhann

Gabhaim buíochas leis na Teachtaí Dála agus Seanadóirí. Táimid thar a bheith buíoch díobh as an gcuireadh a thabhairt dúinn a bheith anseo inniu agus ár ndearcadh ar churaclam na Gaeilge a chur in iúl dóibh. Ba chóir dom a rá gur cheardchumann é Aontas Múinteoirí Éireann, TUI, a dhéanann ionadaíocht do bhreis is 15,000 múinteoir iar-bhunscoile chomh maith le 5,000 oideachasóir agus léachtóir ag an tríú leibhéal, agus luíonn cuid acu sin isteach ar an nGaeilge chomh maith. Tá baill ag TUI i bhformhór na scoileanna a sholáthraíonn an ardteistiméireacht agus is í an ardteistiméireacht atá faoi chaibidil inniu.

Mar sin, is údar mór spéise dúinn an siollabas atá ar fáil do dhaltaí sa Ghaeilge agus, dá bhrí sin, is mór linn an deis seo a bheith againn inniu dearcadh TUI i leith an tsiollabais, lena dtugtar sonraíocht anois air, a chur faoi bhráid an choiste.

Mar is eol don choiste, táthar i mbun comhairliúcháin maidir le sonraíocht chuí don Ghaeilge sa tsraith shinsearach i láthair na huaire. Chuige sin, agus tá sé seo ríthábhachtach dúinn, tá an TUI tiomanta do chomhionannas deise sa chóras oideachais agus do dhaonlathas i gcúrsaí curaclaim.

Sna leasuithe atá molta go dtí seo, beidh dhá shonraíocht ar fáil: T1 agus T2. Baineann T1, faoi mar atá an scéal i láthair na huaire, le Gaelcholáistí sna Gaeltachtaí agus sa Ghalltacht. Is ábhar buartha dúinne sa TUI é go bhfuil eagraíochtaí áirithe ag iarraidh pointí breise - pointí bónais - do dhaltaí a thabharfadh faoi shonraíocht T1. Bheimis in aghaidh a leithéid de mholadh mar go mbronnfadh sé buntáiste breise áit a bhfuil neart buntáistí cheana féin. I scoileanna nárbh fhéidir leo T1 a chur ar fáil, mar shampla, scoileanna sa scéim DEIS ach go háirithe, chuirfí na daltaí sna scoileanna sin níos faide chun cúil ná mar atá siad cheana féin.

Tá imní orainn freisin maidir le cruth na sonraíochtaí, atá fíor lag maidir leis na torthaí foghlama, faoi mar atá an scéal i láthair na huaire. Ba chóir go mbeadh tuiscint shoiléir ag múinteoirí agus daltaí céard atá le déanamh acu. Tá na sonraíochtaí do TI agus T2 ró-scaoilte, agus de dheasca sin, is iad na foilsitheoirí leabhair a chuirfidh a leagfaidh an caighdeán síos go pointeáilte, rud a sháraíonn an próiseas comhairliúcháin.

Chun toradh míchuí mar sin a sheachaint, ba cheart tuilleadh sonraithe a bheith luaite sna dréachtsonraíochtaí ar mhaithe le treoir shoiléir a thabhairt do mhúinteoirí agus do scoláirí. Tá sé molta go laghdófaí cion na marcanna a théann don scrúdú cainte ó 40% go 35%. Ní lear mór marcanna iad na cúig mharc sin ach tá siombalachas an mholta sin thar a bheith dainséarach. Ní luíonn sé le réasún. Is teanga í an Ghaeilge agus ba chéim siar é an laghdú seo marcanna don teanga labhartha, faoi mar atá ráite ag mo chomhghleacaithe.

Maidir leis an tsraith shóisearach, is léir go bhfuil easpa leanúnachais idir an dá shraith, sóisearach agus sinsearach, ó thaobh labhairt na teanga de ach go háirithe. Ba cheart, dá bhrí sin, athbhreithniú a dhéanamh air seo agus ar an tsraith shóisearach ar dtús, sula ndéanfar aon chinneadh cinniúnach i leith na sraithe sinsearaí.

Maidir leis an gcinneadh ag meitheal National Council for Curriculum and Assessment, NCCA, nach mbeidh ceist litríochta ar an bpáipéar scrúdaithe ag an ngnáthleibhéal, ní dhéanfaidh sé seo aon mhaitheas do theagasc na litríochta ag an leibhéal sin. Tá an moladh seo déanta, faoi mar a thuigimid an scéal, toisc go bhfuil sé molta chomh maith nach mbeadh aon bhonnleibhéal ag teastáil. Ach tá bonnleibhéal ag teastáil agus beidh sé ag teastáil i gcónaí. Gach seans go mbeidh an gnáthleibhéal nua fós ró-dhulshlánach do na daltaí is laige agus ba chóir an bonnleibhéal a chaomhnú sa chaoi go mbeidh cúrsa atá feiliúnach ar fáil do na daltaí sin. Tá sé de cheart acu cúrsa Gaeilge a bheith acu. Tá bonnleibhéal fós ag teastáil agus ba chóir é a chaomhnú.

Tá amhras ann faoi cheann scríbe na sonraíochtaí chomh maith, de dhíth ganntanas eolais a bheith orainn. I measc na bhfadhbanna eile, mar a fheictear do TUI iad, tá ganntanas eolais agus bearnaí cumarsáide ann, mar shampla, níl aon pháipéar samplach curtha ar fáil go fóill.

Maidir leis an litríocht, níl aon liosta litríochta curtha ar fáil ach oiread, cé gur chuid lárnach de shonraíochtaí na Gaeilge í an litríocht. Tá tuiscint níos iomláine ag teastáil go géar ó gach uile dhuine, múinteoir agus dalta, ar spéis leo an t-ábhar seo.

Fáiltímid roimh an gcinneadh stuama atá déanta le déanaí ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta an tréimhse ama don phróiseas comhairliúcháin maidir leis na dréachtsonraíochtaí a shíneadh amach go deireadh na bliana seo. B'fhéidir go mbeidh breis ama air sin ag teastáil chomh maith. Ní foláir dul ar aghaidh de réir a chéile go stuama sa tionscadal tábhachtach seo, seachas imeacht ó rás reatha agus praiseach a dhéanamh de.

Tá moltaí áirithe ag TUI: go mbeidh na torthaí foghlama níos soiléire agus níos sonraithe le treoir shoiléir a thabhairt do mhúinteoirí agus scoláirí; go mbeidh an cúrsa bonnleibhéal ar fáil do na scoláirí atá á iarraidh; go bhfágfar an scrúdú cainte ag 40% ar a laghad nó fiú an marc sin a ardú roinnt; lena chois sin agus dá réir sin, go ndéanfar scóip an scrúdú cainte a leathnú agus fad an scrúdaithe féin a mhéadú; go gcuirfear scrúdú cainte ar fáil don tsraith shóisearach chun béim ar labhairt na teanga a hathbheochan agus chun leanúnachas teagaisc agus foghlama idir an dá shraith a chur i bhfeidhm; go mbeidh an litríocht ar fáil leis na sonraíochtaí T1 agus T2; go mbeidh páipéir shamplacha ar fáil freisin leis na sonraíochtaí; nach mbronnfar pointí nó marcanna breise ar scoláirí a thugann faoi T1; agus go mbeidh an dá shonraíocht - agus tá sé seo ríthábhachtach dúinn - agus an dá leibhéal sa dá shonraíocht, ardleibhéal agus gnáthleibhéal, gan trácht ar an mbonnleibhéal, ar fáil i ngach scoil más mian agus más féidir leis an scoil iad a chur ar fáil, ar mhaithe le freastal cuí foirfe a dhéanamh ar uaillmhian agus riachtanais daltaí na scoile áirithe sin.

Táimid buartha faoi chaighdeán na Gaeilge faoi mar a fheictear dúinn é i láthair na huaire i gcuid mhaith de na bunscoileanna. Ní ag caitheamh anuas ar bhunmhúinteoirí atáimid ach tá easpa ann sna cúrsaí oiliúna, i gcuid acu ach go háirithe. Rud eile é a bhfuilimid buartha faoi agus a bhíomar buartha faoi riamh ná na díolúintí a fhaigheann cuid de na daltaí. Tá sé ró-éasca na díolúintí seo a fháil. Is eol dúinn go bhfuil daltaí atá cumasach go leor ag déanamh Fraincise agus Gearmáinise agus ag fáil díolúine maidir leis an nGaeilge. Ní luíonn sé sin le réasún. Ba chóir é sin a iniúchadh go preas.

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis agus beidh breis le rá ag mo chomhghleacaí, Claire Markey, atá ina múinteoir i dTeach na Giúise i mBaile Átha Cliath.

Beidh ceisteanna againn anois ón Seanadóir Ward ar dtús báire.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe go léir agus gabhaim buíochas leo as ucht teacht anseo inniu agus a bheith i láthair. Is múinteoirí iad mo mháthair, mo dheirfiúr, col ceathracha, aintín agus uncail agus ar aile. Tá a lán múinteoirí i mo chlann. Tuigim an deacracht atá ag na múinteoirí nuair atá an curaclam ag athrú mar sin. Tá sé deacair dóibh a bheith ag athrú an méid atá le déanamh acu don ardteistiméireacht agus ar aile. Tuigim an fhadhb sin.

Bhí Julian De Spáinn ó Chonradh na Gaeilge linn cúpla seachtain ó shin agus bhí mé ag rá leis go bhfuil buntáiste nádúrtha ag na daoine atá ar scoileanna agus choláistí lán-Ghaeilge. Nuair atáimid ag labhairt faoi na daltaí sin, an bhfuil an buntáiste sin le bheith scriosta má tá T1 agus T2 ann do scoláirí na scoileanna nó na gcoláistí eile? Maidir leis an mbuntaiste sin atá ag duine atá ag déanamh a chuid nó a cuid oideachais trí Ghaeilge, ag labhairt Gaeilge agus ar aile, agus dar liom tá sé níos éasca a bheith ag dul i mbun ardteistiméireachta sa Ghaeilge thraidisiúnta, má tá T1 agus T2 le bheith ann anois, an mbeidh an buntáiste sin scriosta do na daoine atá i gcoláistí lán-Ghaeilge?

Bhí mé ag éisteacht le John MacGabhann agus tá eagla orm anois nach dtuigim i gceart cad atá i gceist toisc go raibh sé ag labhairt faoin mbonnleibhéal atá ann. An bhfuilimid ag déanamh difríochta leis an mbonnleibhéal don Ghaeilge thraidisiúnta atá ann faoi láthair agus an mbeidh bonnleibhéal fós ann ag T1 nó T2? Sin fadhb nár thuig mé go dtí seo. Sin fadhb mhór domsa. Aontaím go hiomlán le John MacGabhann gur cheart go mbeadh scrúdú ann do gach aon duine ar mhaith leis nó léi é a dhéanamh. Caithfimid an element sin a choimeád do gach aon duine ar mhaith leis nó léi Gaeilge a dhéanamh ar scoil don ardteistiméireacht agus dul go dtí an coláiste.

Tá an ceart ag Anne Loughnane. Cloisimid an t-am ar fad go ndearna duine éigin Gaeilge ar scoil agus nach bhfuil sé nó sí in ann Gaeilge a labhairt anois, nuair atá sé nó sí 20 bliain d'aois nó mar sin. Is ceist chompoird é sin. Ní raibh mise ar scoil trí Ghaeilge. Bhí mé sa Rinn nuair a bhí mé níos óige. Nuair a bhí mé ar scoil, bhí mé sna gasóga mara trí Ghaeilge agus bhí cairde agam a labhair Gaeilge an t-am ar fad agus a bhí i nGaelscoileanna agus Gaelchloláistí. Bhí seans agam an Ghaeilge a chleachtadh agus a labhairt le mo chairde. Mura bhfuil an seans ann do dhuine éigin, níl sé nó sí compordach leis an teanga. Níl an seans aige nó aici í a chleachtadh. Sin fadhb nach bhfuil ann ag an leibhéal céanna le Fraincis ná Gearmáinis ná na teangacha ag an leibhéal Eorpach sin, nuair atá seans ag duine dul go dtí Beirlín ar feadh míosa nó mar sin.

Tá sé sin beagáinín níos deacra. Fiú go bhfuil an Ghaeltacht anseo in Éirinn, tá sé níos éasca dul go dtí Páras nó áit éigin mar sin chun an teanga Eorpach a chleachtadh. Aontaím le Anne Loughnane go hiomlán gur cheart go mbeadh curaclam, cúrsa agus scrúdú ann do gach aon duine ar mhaith leis nó léi é a dhéanamh. Sin rud an-tábhachtach is fad agus b'fhéidir an rud is tábhachtaí as an bpróiseas seo.

An bhfuil an buntáiste atá ann do dhaoine atá ar scoil trí Ghaeilge chun bheith scriosta le T1 agus T2? Is í sin an cheist atá agam.

Ms Claire Markey

Beidh, go pointe, ach é sin ráite, tá daoine maithe ó thaobh na Gaeilge de i scoileanna T2 mar a ghlaoimid ar na scoileanna Béarla faoi láthair. Go traidisiúnta, bhí Gaeilge acu ó thaobh labhairt na Gaeilge gach uile lá sna Gaelcholáistí.

Gan dabht, bíonn buntáiste ag roinnt daoine ag brath ar an sórt scoil ina bhfuil siad agus an leibhéal Gaeilge atá acu. Go pointe, beidh an buntáiste sin imithe má tá siollabas faoi leith ann dóibh. É sin ráite, óna bheith ag éisteacht le mo chuid cairde atá ag múineadh freisin, tá a fhios agam go bhfuil daoine laga ann sna Gaelcholáistí mar atá sé. In ainneoin an méid suime atá acu sa Ghaeilge, beidh an cúrsa T1 ródhúshlánach dóibh. Ag brath ar na scoileanna, beidh an buntáiste atá ag na daoine a dhéanann an ardteistiméireacht chéanna a dhéanann gach duine eile imithe freisin.

Ó thaobh an bhonnleibhéil, tá cinneadh déanta ag an Roinn Oideachas go mbeidh sé imithe amach anseo. Cuirfear deireadh leis. Cránn sé sin mé mar ba chóir go mbeadh deis ag gach uile dhuine sa tír seo, mar a dúirt John MacGabhann. Tá an Ghaeilge riachtanach mar ábhar scoile. Mar mhúinteoir, tá eagla orm do na daoine laga sin atá suim acu sa Ghaeilge ach nach bhfuil ar a gcumas staidéar a dhéanamh ar an litríocht ná tabhairt faoin ngnáthleibhéal mar atá sé i láthair na huaire. Ní bheidh an deis chéanna acu. Táimid chun dúshlán ollmhór a thabhairt dóibh siúd. Beidh muidne, mar mhúinteoirí, ag troid le daoine nach suim leo leanúint ar aghaidh inár gcuid ranganna ag déanamh an leibhéal a bheidh le déanamh acu amach anseo.

Ms Anne Loughnane

Maidir leis an gceist a cuireadh orainn, tá sé deacair a rá faoi láthair mar níl aon rud socraithe fós. Tá sé fós á phlé againn. Beidh sé an-chasta mar tá daoine an-mhaith ag teacht isteach ó Ghaelscoileanna agus Gaelcholáistí a bhfuil Gaolainn an-láidir acu ach níl siad sa Ghaeltacht anois. B'fhéidir go bhfuil siad i scoil eile nach bhfuil oideachas lán-Ghaelach ar siúl ann. Bheadh sé an-chasta. Mar a dúirt Moira Leydon, bheadh gá leis an dá chúrsa, T1 agus T2, a bheith ar siúl i ngach aon scoil. Ní fheadar conas a oibreoidh sé seo amach. Tá gach rud istigh sa mheascán faoi láthair. Níl mé ag tabhairt freagra díreach ach is ceist an-mhaith é. Ba chóir an rud seo a oibriú amach sula dtosóimid ar an gcúrsa a thabhairt isteach. Is é an imní atá ar dhaoine ná nach mbeadh na rudaí go léir seo pléite amach sula ndéanfar na cinntí dearfacha. Tá áthas orainn an rud seo a phlé agus níos mó eolais a fháil faoi agus rudaí mar sin. Mar atá scríofa sa ráiteas tosaigh atá againn, tá comhairliúchán ar siúl againn chun a fháil amach an taithí atá ag na baill atá againn na scoileanna éagsúla. Tá baill againn sna Gaeltachtaí agus na scoileanna ina bhfuil an Ghaolainn lag. Braitheann sé ar an gcúrsa nó ar na dréachtshonraíochtaí a chuirfear ann do T1 agus T2. Caithfimid a bheith aireach.

Ms Moira Leydon

An féidir liom rud a rá? Ní maith liom é seo a rá ach b'fhéidir go bhfuil an Seanadóir ag úsáid an focal mícheart agus é ag caint faoi bhuntáiste do na daltaí sna scoileanna lán-Ghaeilge. Ní hé cuspóir an churaclaim buntáiste a thabhairt d'aon dream nó aon duine amháin. Is é cuspóir an churaclaim ná taithí fhoghlama a thabhairt dóibh. Ba cheart go mbeadh dúshlán ann ach nach mbeadh scoláirí buailte leis an dúshlán. Is é sin an cuspóir ó thaobh an tsamhail teanga 1 agus teanga 2. Go teoiriciúil, tá daoine atá ag labhairt Gaeilge agus ag foghlaim tríthi ábalta do theanga 1. Tá na múinteoirí ag rá, agus tá sé díreach ráite ag Anne Loughnane, go bhfuil éagsúlacht mhór ann ó thaobh caighdeán labhartha agus caighdeán tuisceana sna scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge. Baineann sé sin le complexities na teanga agus the sociolinguistic contexts ina bhfuil Gaeilge ann sna scoileanna. Tá brón orm faoin mBéarla seo. Bheadh sé i bhfad níos fearr an cheist a chur an bhfuil sé oiriúnach do na daltaí in ionad an bhfuil buntáiste ann. Nuair a chloiseann múinteoirí an saghas cainte sin, bíonn imní orainn faoi chuspóir an churaclaim.

Mr. David Duffy

I thank the Senator for his question. It is very interesting. There are a few aspects to it. The first relates to equality of opportunities for all, which is very important. We want to make sure Irish is a living oral language. If we are to do that, we must promote the language to all. A real danger arises from the absence of a foundation level course. Students who would traditionally have done foundation level in Irish and who would have had some meaningful exposure to the language will now not have that exposure. They will instead be in an ordinary level group and struggling to swim. Foundation level is important.

The oral aspects of the language are crucial if we are going to promote it to everybody. As John has referred to, the proposed change from 40% to 35% sends a very serious, symbolic and negative message. While it depended on the school to a degree, an oral examination used to be a possible part of the junior certificate Irish examinations. It no longer counts for any marks for junior certificate Irish, although it does count as part of a classroom-based assessment. That does not form part of the junior certificate issued by the State. That sends a very poor message.

The Senator quite rightly mentioned students who can access Irish language courses in the Gaeltacht. He mentioned he was on such a course himself. Similar language exchanges are available to study French, German and so on abroad. In the context of equal opportunities, such courses are realistically only available to families who can pay for them. Extensive scholarships might go some way towards levelling the playing field. If we want Irish to be a spoken language promoted and available to all, we need to ensure a significant oral component and that a foundation level course is available so that everybody can have access.

Ms Anne Loughnane

Tá an pointe céanna an-tábhachtach dúinn. Ba mhaith liom dul siar go dtí ceist an T1 agus T2. Níl mórán cleachtadh againn fós ar an T1 agus T2 don tsraith shóisearach ach is féidir é sin a oibriú mar níl mórán ag brath ar an tríú bliain ag deireadh an lae. Tá sé róshimplí ar fad a rá go bhfuil T1 agus T2 againn don teastas sóisearach agus, mar sin, gur féidir linn dul ar aghaidh. Cé go bhfuilimid ag lorg leanúnachais ó na déagóirí óga go dtí an tsraith shinsearach, níl sé chomh simplí agus T1 agus T2 a thógáil isteach díreach mar atá sé. Ní oirfeadh sé d'aon duine é a thabhairt ar aghaidh go dtí an tsraith shinsearach mar atá sé.

Ag teacht ar ais go dtí an bonnleibhéal, tacaímid leis an gcomharchumann eile sa mhéid go bhfuil sé práinneach go mbeadh an bonnleibhéal ann. Tá taithí leathan agam a bheith ag múineadh daoine laga. Bíonn ranganna laga agat. Nuair a bhíonn na scoláirí ag an leibhéal céanna, bíonn siad compordach dul sa seans agus dul ag labhairt. Tá siad maith go leor ag labhairt nuair a bhíonn siad compordach lena chéile. Luadh gur ceist chasta í agus go bhfuil an Ghaolainn difriúil ón bhFraincis agus rudaí mar sin. Tagann lagmhisneach ar dhaoine nuair a chloiseann siad daoine atá níos fearr leo ag labhairt. Deireann siad nach féidir leo é sin a dhéanamh agus nach bhfuil siad leath chomh maith leis na daoine sin. Bíonn siad cúthalach. Luaigh mé sa chéad ráiteas go gcaithfear tosú leo agus iad an-óg chun go mbeidh siad compordach dul sa seans agus labhairt. Bíonn an seans againn sa chéad bhliain tosú leis an rud seo. Caithfimid an bhéim a chur ar an rud go nádúrtha agus gan a bheith buartha faoin ngramadach agus faoi na botúin. Caithfimid béim a chur ar a bheith ábalta rudaí simplí a rá agus gan a bheith buartha faoi.

Luamar sa ráiteas tosaigh an chabhair mhór a tháinig ó na Gaelscoileanna nuair a tháinig siad isteach. I mbailte áirithe, cloistear grúpaí daoine nó grúpaí déagóirí ag dul timpeall ag labhairt na Gaeilge eatarthu féin mar tá taithí acu air sin. Caithfidh an cuspóir a bheith againn go mbeidh daoine sásta rudaí simplí a rá ar dtús. Ní bheidh gach aon duine ar an leibhéal céanna líofachta ach caithfimid an tábhacht a chur ar an nGaolainn líofa. Má theastaíonn ó dhaoine an-láidre litríocht a thástáil, is scil eile é sin. Ní bhaineann sé le tromlach an phobail.

Mr. John MacGabhann

Tá dhá phointe sa bhreis ar an méid atá ráite cheana féin agam a thagann go hiomlán lena bhfuil ráite. Maidir le buntáiste, cuimhnímis i gcónaí go mbeidh fáil ar mharcanna breise dóibh siúd a dhéanann na hábhair eile trí mheán na Gaeilge.

Is sna Gaelcholáistí agus sna scoileanna Gaeltachta a bheadh an tromlach dóibh. Chomh maith leis sin, tá tóir iontach agus tréan ar áiteanna sna Gaelcholáistí, is cuma cá háit sa tír atá siad. Ní ar mhaith le buntáiste ó thaobh marcanna de a chuireann tuismitheoirí a n-iníonacha agus a mic chuig na scoileanna sin ach toisc gur mhaith leo go mbeadh fáil ag na daoine óga ar oideachas trí mheán na Gaeilge. Tá an-chuid daltaí idirnáisiúnta sna scoileanna. Tá sé sin le feiceáil i mBaile Átha Cliath ach go háirithe agus in áiteanna nach é chomh maith. Tá an bonnleibhéal thar a bheith tábhachtach dóibhsean toisc go dtugann sé deis dóibh teacht i láthair ar an nGaeilge. Tá bealach isteach acu ar chultúr na tíre, rud atá ríthábhachtach dóibh agus do gach éinne. Tuigim an Seanadóir sa mhéid agus a bhfuil amhras air ach ní dóigh linn go mbeadh sé oiriúnach leath mhór de na daltaí a scoilteadh amach agus míbhuntáiste a chur mar ualach orthu.

Tá brón orm. Tá orm dul amach do chruinniú eile ag 1.30 p.m. Tá an ceart ag Moira Leydon gur bhain mé mí-úsáid as an bhfocal "buntáiste" ansin. Gabh mo leithscéal as sin. Ní raibh mé ag iarraidh a rá go bhfuil buntáiste ann. Is é an rud is tábhachtaí ná nach bhfuilimid ag rá le daoine atá sna Gaelcholáistí go mbeadh sé níos éasca a bheith i scoil lán-Bhéarla. Is í sin an fhadhb. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh daoine sna Gaelcholáistí compordach agus nach mbeadh fadhbanna acu. Tá cónaí orm i nDún Laoghaire, áit a bhfuil Coláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin ann, agus tá a fhios agam go bhfuil daltaí ann sna coláistí sin nach labhraíonn Gaeilge sa bhaile. Is deacracht é sin dóibh, chun an fhírinne a rá. Caithfimid gach rud a dhéanamh dóibhsean ionas go mbeadh sé chomh héasca is a bheadh sé dá mba rud é gur i scoil Bhéarla a raibh siad. Tuigim an méid atá ráite. Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Tá brón orm go bhfuil orm dul amach.

Cuirim fáilte roimh gach duine. Táim ag iarraidh cúpla pointe a dhéanamh i dtús báire. Beidh cúpla ceist agam ina dhiaidh sin. Ar an gcéad dul síos, táimid ag iarraidh ardchaighdeán Gaeilge a bhaint amach as an gcóras oideachais. Ní hé an cúpla focal atá á lorg againn. Tuigim an pointe a rinneadh maidir leis an lagmhisneach a chuireann an córas ar dhaoine laga ach, ar an lámh eile, cuirfear an cúrsa sin agus an easpa pointí breise lagmhisneach ar dhaltaí a bhfuil ardchaighdeán acu. Is pointe tábhachtach é sin. Chuir ráiteas John MacGabhann ionadh orm, chun an fhírinne a rá. D'fhreastail mise ar scoil de chuid na scéime delivering equality of opportunity in schools, DEIS. Bhí múinteoirí an-mhaith ann. Bhí an cuspóir acu ardchaighdeán Gaeilge a thabhairt do na daltaí. Níl sé ceart a rá nach bhfuil Gaeilge mhaith sna scoileanna DEIS. Níl sé ceart a rá nach bhfuil cumas ag na daltaí sna scoileanna sin ardchaighdeán Gaeilge a bhaint amach. Bhí mé ar scoil i lár chathair Phort Láirge agus bhain mé caighdeán ard amach. Chuaigh mé chuig an ollscoil agus bhain mé céim amach sa Ghaeilge. Bhí an t-ádh orm. Ní raibh an t-airgead ag mo thuismitheoirí mé a sheoladh chuig an nGaeltacht ach bhain mé scoláireacht amach gach uile bhliain agus chuaigh mé ann. Is masla é sin a rá faoi dhaltaí sna scoileanna DEIS. Tá cúpla ceist agam. Cad é dearcadh na finnéithe maidir leis na pointí bónais atá ar fáil don mhatamaitic? Is dócha go bhfuil 25 pointe breise ar fáil.

Ar mhaith leis an Seanadóir a ceisteanna a chur le chéile agus ansin deis a thabhairt do na finnéithe freagra a thabhairt? Is féidir léi dul ar aghaidh pé bealach gur mhaith léi.

Ms Moira Leydon

Tá brón orm as a bheith ag léim isteach. Leis an fhírinne a rá agus lena bheith oscailte leis an Seanadóir, ní raibh gach duine sásta nuair a tháinig na pointí bónais isteach don mhata. Bhí an Roinn Oideachas agus an díospóireacht i measc an phobail go láidir taobh thiar an corporate world a bhí ag lorg bealaí inar féidir muid an caighdeán sa mhata a ardú. Ceapadh go raibh sé sin an-tábhachtach. Is é sin an rud a tharla. Óna bheith ag caint leis na daoine atá ag múineadh agus atá ag obair sa chóras oideachais, tá a fhios agam nach bhfuil aon chomhaontú ann gur rud maith é. Maidir leis na torthaí atá ag teacht amach, tá i bhfad níos mó daltaí ag tabhairt faoin ardleibhéal ach, de réir na marcanna atá ag teacht amach le bliain nó dhó anuas, níl an leibhéal chomh hard sin. Tá na daltaí ag tabhairt faoin ardleibhéal ach níl siad ag déanamh rómhaith. Faoin seanchóras, bheadh siad ag déanamh go han-mhaith ag an mbunleibhéal. Tá taighde déanta ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, DCU, atá ag iarraidh a fháil amach an bhfuil sé ag obair. Ba é an t-aon fháth amháin a tugadh isteach é ná chun níos mó daltaí a mhealladh chun ardleibhéal a dhéanamh ach an bhfuil siad ag teacht chuig an gcaighdeán ba chóir a bheadh acu? Is ceist oscailte é sin. B'fhéidir gur rud maith é dá bpléifí an cheist seo os comhair an choiste oideachais. Bíonn mise buartha nuair a chloiseann mé daoine ag rá gur chóir go mbeadh pointí breise ar fáil dóibh siúd a dhéanann an cúrsa T1 mar níl comhaontú sa chóras oideachas gur rud maith é d'aon ábhar.

Níl na finnéithe i bhfabhar pointí bónais le haghaidh na matamaitice.

Ms Moira Leydon

Níl sé seo pléite ag an ASTI. Caithfidh mé a bheith an-soiléir faoi sin. Tá a fhios againn go bhfuil a lán eagras ag rá gur chóir é seo a bheith againn ach níl sé pléite againn san ASTI inár gcuid coistí ná inár gcuid struchtúr. Níl an ceart agam a rá go bhfuil nó nach bhfuil muid i bhfabhar na pointí breise seo. Níl sé pléite againn. Is cinnte go mbeidh orainn é a phlé as seo amach mar tá sé amuigh ansin ach, ag an bpointe seo inniu, níl sé pléite againn.

Ar an bpointe sin, an bhfuil pointí bónais maidir leis an gcúrsa T1 á bplé ag an ASTI?

Ms Moira Leydon

Níl pointí bónais pléite againn ar chor ar bith. Ní raibh aon díospóireacht ann san ASTI faoi phointí breise don Ghaeilge. Mar a dúirt mé, tá saghas campa scoilte san ASTI i dtaobh pointí breise don mhatamaitic. Níl muid ar aon intinn go bhfuil an cuspóir á bhaint amach. Tá mé an-oscailte maidir leis sin.

Mr. John MacGabhann

Tá dul amú ar an Seanadóir má cheapann sí gur mhaslaigh mé éinne. Chaith mé breis ar 40 bliain mar mhúinteoir i scoil DEIS. Mhúin mé an-chuid daltaí a bhí cumasach amach is amach sa Ghaeilge, sa Bhéarla, sa mhatamaitic agus i ngach aon ábhar eile.

Dúirt John MacGabhann-----

Mr. John MacGabhann

Ní dúirt mé.

Mr. John MacGabhann

Is é an rud a léigh mé ná mar seo a leanas:

Sna leasuithe atá molta ... beidh dhá shonraíocht ar fáil: T1 agus T2. Baineann T1 ... le Gaelcholáistí sna Gaeltachtaí agus sa Ghalltacht.

Baineann sé leosan amháin. Ní bhaineann sé leis na scoileanna eile mar atá sé i láthair na huaire. Is ábhar buartha don TUI é go bhfuil eagraíochtaí áirithe ag iarraidh pointí breise. Is é sin le rá go bhfuil deighilt ann cheana féin maidir leis an moladh. Faoi mar atá an scéal i láthair na huaire, beidh an cúrsa T1 ar fáil i scoileanna Gaeltachta agus i nGaelscoileanna amháin.

Luaigh an finné scoileanna DEIS.

Mr. John MacGabhann

An rud-----

Tá nótaí agam agus tá an taifead ann.

Mr. John MacGabhann

Ós rud é-----

Tá ceist amháin eile agam.

Mr. John MacGabhann

No, gabh mo leithscéal. Ós rud é-----

Tá easaontas. Chuala mé an méid sin.

An ligfidh an Seanadóir don fhinné críochnú?

Mr. John MacGabhann

Tá sé curtha i mo leith ag an Seanadóir-----

Tá ceist amháin eile agam.

Ligfimid don fhinné críochnú agus ansin tiocfaimid ar ais chuig an Seanadóir.

Mr. John MacGabhann

Tá sé curtha i mo leith gur mhaslaigh mé scoileanna DEIS. B'fhéidir go mbeadh sé úsáideach an rud a dúirt mé a léamh: "Is ábhar buartha ... [don] TUI é go bhfuil eagraíochtaí áirithe ag iarraidh pointí"-----

Ní sin a dúirt an finné.

Mr. John MacGabhann

B'in go díreach a dúirt mé.

Mr. John MacGabhann

Bhí siad:

... ag iarraidh ... pointí bónais - do dhaltaí a thabharfadh faoi shonraíocht T1. Bheimis in aghaidh a leithéid de mholadh ... [Bh]ronnfadh sé buntáiste breise áit a bhfuil neart buntáistí ... [faoi láthair]. I scoileanna nárbh fhéidir leo T1 a chur ar fáil ... scoileanna sa scéim DEIS ach go háirithe, chuirfí na daltaí ... níos faide chun cúil.

Chuirfí chun cúil iad - b'in a dúirt mé - mar nach mbeadh fáil acu ar an gcúrsa T1. Ní ligfí dóibh an cúrsa sin a dhéanamh. Is é sin an moladh atá ann i láthair na huaire. Maidir le pointí bónais nó pointí breise, tá sé ráite againn go neamhbhalbh nár chóir a leithéidí a bheith ar fáil don chúrsa T1. Dá cuirfí ar fáil iad, leathnófaí an deighilt atá ann cheana féin idir chuid de scoileanna na tíre seo agus an chuid eile. Ní luífeadh sé le réasún agus ní thiocfadh sé le daonlathas sa chóras dá ndéanfaí amhlaidh. Níor-----

An bhfuil John MacGabhann i bhfabhar na bpointí breise le haghaidh na matamaitice?

Mr. John MacGabhann

Níor mhaslaigh mé scoileanna DEIS. Níor mhaslaigh mé na scoláirí ná na múinteoirí sna scoileanna sin. Ní hamháin sin ach bhí mé ag labhairt ar a son.

Tá ceist curtha ag an Seanadóir.

An bhfuil an finné i bhfabhar na bpointí breise le haghaidh na matamaitice?

Mr. John MacGabhann

Mar atá ráite ag Moira Leydon, níl an díospóireacht sin tar éis a bheith againn go dtí seo.

In ainneoin sin, tá an finné i gcoinne pointí bónais le haghaidh na Gaeilge.

Mr. John MacGabhann

Dá ligfí dom freagra a thabhairt b'fhéidir go dtabharfainn freagra. Ar an gcéad dul síos, níl an díospóireacht tar éis a bheith againn cheana féin. Maidir le pointí bónais don chúrsa T1, faoi mar atá an moladh ann i láthair na huaire, ní bheadh an cúrsa sin ar fáil ach do chuid de na scoileanna. Bheimis i gcoinne na bpointí bónais sa chás sin, mar atá ráite againn.

Tá ceist amháin eile agam. An raibh comhairliúchán déanta ag na comharchumainn leis na múinteoirí sna scoileanna Gaeltachta agus sna Gaelcholáistí sular tháinig siad ar an tuairim nár chóir na pointí bónais a bheith ann? An bhfuil sé ar intinn acu dul i dteagmháil leis na múinteoirí sin?

Ms Anne Loughnane

Agus muid ag caint faoi rudaí atá déanta againn, thosaíomar ar chomhairliúchán a dhéanamh. Bhí cruinniú oscailte ar líne againn leis na baill, na múinteoirí Gaolainne, timpeall na tíre. Tháinig siad ó na scoileanna éagsúla agus labhair siad linn go hoscailte. B'in an chéad rud a rinneamar chun blais de na tuairimí a fháil. Nuair a raibh sé sin déanta, bhíomar ábalta na pointí móra a aithint. Chuireamar ceistneoir le chéile. Chuireamar é sin amach mar shuirbhé. Fuaireamar freagraí. Bhí dhá cheist oscailte ann agus bhí na baill in ann a dtuairimí a thabhairt. Bhí sé sin an-suimiúil mar thug siad ailt fhada dúinn inar thug siad cur síos ar na tuairimí a bhí acu féin. Is rud saibhir é. Ní dhéanfaimid i rith an tsamhraidh é ach tá sé ar intinn againn suirbhé eile a dhéanamh i mí Mheán Fómhair agus comhairliúchán eile a chur ar siúl chun cur leis an eolas atá againn agus chun cabhrú linn cinntí a dhéanamh maidir le polasaí an chumainn i leith na rudaí seo. Táimid ag dul céim ar chéim. Mar a dúirt Moira Leydon, tharla an réabhlóid seo go tobann. Táimid ag iarraidh a bheith chomh leathan agus is féidir linn leis na baill go léir atá againn chun na tuairimí a fháil uathu.

Más féidir liom, ba mhaith liom teacht ar ais ar phointe eile. Bhí mé ag caint faoi mhisneach a thabhairt do dhaoine dul sa seans agus an Ghaolainn a labhairt. Níl mise ag caitheamh anuas ar chaighdeáin ard. Ba bhreá liomsa caighdeán ard Gaolainne a bheith ag gach duine. Mar a luaigh mé ag an tús, cuireann sé brón agus díomá orm nuair a fheicim daoine a bhfuil caighdeán an-láidir acu in an-chuid ábhar ag déanamh rogha, ag deireadh na cúigiú bliana nó tús na séú bliana, an Ghaolainn ag an ardleibhéal a ligean amach agus iad ag déanamh ardleibhéal sna hábhair eile. Níl na figiúirí agam ach tá sé sin feicthe againn. Is teip é sin don chóir agus don Ghaolainn. Briseann sé mo chroí é sin a fheiceáil. Cuirim brú ar dhaoine leanúint leis an nGaeilge ach deir siad nach bhfaighidh siad na pointí arda agus go bhfuil sé ródheacair. Nílim ag rá go bhfuil sé sin ar siúl ag gach aon duine ach tá líon daoine ann a dhéanann é sin agus is trua é sin. Ba mhaith liom foghlaim ón rud sin agus cúrsa a bheith ann a bheadh dúshlánach ach go mbeadh daltaí sásta dul ar aghaidh leis, go mbeadh greim acu air agus go mbeidís muiníneach dul isteach sa scrúdú leis.

Conas is féidir linn na daltaí sin a mhealladh isteach?

Ms Anne Loughnane

Ba mhaith linn iad a mhealladh isteach agus ansin iad a bheith compordach leanúint leis an ardleibhéal.

Nach é an tslí is fearr é sin a dhéanamh ná pointí bónais a chur ar fáil dóibh siúd? Tuigimid an leas a bhaineann le hardchaighdeán mata a bhaint amach agus, mar sin, cuirimid pointí bónais ar fáil. An bhfuil éileamh ann é sin a dhéanamh ó thaobh na Gaelscoileanna agus na gnáthscoileanna Béarla ina bhfuil múinteoirí agus daltaí le caighdeán ard Gaeilge?

Ms Anne Loughnane

Gabh mo leithscéal; céard é an cheist?

An bhfuil aon leas gur féidir a bhaint amach as pointí bónais a chur ar fáil chun daltaí a mhealladh chun ardchaighdeán Gaeilge a bhaint amach?

Ms Anne Loughnane

Tá an tuairim sin ag daoine áirithe agus tá a mhalairt de thuairim ag daoine eile. Caithfimid plé níos fearr a bheith againn air. Mar a mhínigh Moira Leydon, níl gach aon duine sásta leis na pointí bónais sa mhata. Tá daoine áirithe sásta ach níl sé cothrom do gach aon ábhar. Is féidir le duine san eolaíocht a rá go ndéanfadh sé an-mhaitheas don ábhar sin pointí bónais a chur ar fáil. Níl freagra cinnte againn air. Tá an-chuid tuairimí ann faoi. Níl sé meáite go hiomlán againn fós. Níl mise sásta a rá go ndéanfadh pointí bónais an-mhaitheas don Ghaolainn. Níl sé chomh simplí sin.

Ms Claire Markey

Ba mhaith liom ceist a chur. Tá mise ag múineadh i scoil Bhéarla agus bheadh dúshláin roimh mo scoláirí san ardteistiméireacht díreach mar a bheadh dúshláin roimh scoláirí i scoileanna sa Ghaeltacht dá mbeadh scoileanna T1 agus T2 ann. Bheadh an dúshlán céanna acu an t-ardleibhéal a bhaint amach ag T2 agus atá ag daltaí i scoileanna T1 toisc go bhfuil Gaeilge acu ó dhúchas, ón mbunscoil agus ó áit eile. B'fhéidir nach bhfuil an deis sin ag mo scoláirí. Más rud é go mbeadh an dúshlán céanna roimh na scoláirí, cén fáth go bhfaigheadh scoláirí i scoileanna T1 pointí breise? Níl mise ag caint ar son múinteoirí ach ar son mo scoláirí féin i mo scoil féin mar níor phléigh mé an cheist. Mar mhúinteoir Gaeilge, ceapaim nach bhfuil sé ceart go mbeadh pointí bónais do dhaoine áirithe agus an dúshlán céanna roimh gach aon duine.

Mr. David Duffy

Before I became education officer with the TUI, I was a maths teacher. Even among the maths teaching community, the whole issue of bonus points is quite a contested space, as our ASTI colleagues have said. There was a debate quite recently as to whether bonus points should be offered for physics and chemistry, for example. There has also been debate as to whether priority of some form or another should be given to other subjects. This presents a difficulty in that it can, to some extent, end up in a debate on what subjects are most important. Such subjects may or may not be seen as so important in a few years' time. If bonus points are brought in for any subject, should they be time-limited? What is it sought to achieve with them and over what timeframe? If bonus points are brought in for any given subject, how can they be taken away later? The teachers and communities involved in other subjects will, quite understandably, say their subjects are also very important. All of them will be correct because every subject is very important. There is a danger of sending a message that one is, in some way, more important than others.

Even among the maths teaching community, the issue of bonus points has proved to be quite controversial. There are different views on whether they have worked.

We mentioned the issue of equal opportunities earlier. One of the fundamental flaws with bonus points for any subject, not specifically Irish, is that they are only good if the person is planning on going to higher education. It does nothing whatsoever to incentivise the one third of students who do not intend to go to higher education but whose individual pathways, whether further education, an apprenticeship, joining the workforce or travelling, are equally important to them and should be equally important to the education system. Providing bonus points creates an incentive at a point in time for some students, but the question is how to taper that incentive over time if, for whatever reason, and it is always for a very good reason, some other subject becomes a national priority. There is an issue around that and there is also the equity issue. It is also important to point out that almost since the foundation of the State, students who do their leaving certificate exams through Irish can avail of bonus marks in other subjects. There is an incentive in the system already but where bonus points have, quite understandably, been brought in, they have been controversial even in those areas. Even if we do bring them in, we will be doing nothing for the one third of students who do not intend to go to higher education immediately.

Gabhaim buíochas as an gcur i láthair. Bhí deis agam roinnt de a léamh. Glacaim leis go bhfuil roinnt mhaith comhairliúcháin agus plé déanta ag na finnéithe agus nach bhfuil siad go hiomlán sásta fós go bhfuil gach rud pléite. Tá sé sin éasca le tuiscint. Tá an-chuid ann agus tá tuairimí láidre i ngach treo.

Is é mo thuairim féin ná gur beagnach dhá ábhar a bheadh i gceist agus go mbeadh sé cosúil leis an mhatamaitic, ní ó thaobh pointí bónais ach ó thaobh matamaitic ardleibhéal agus matamaitic fheidhmeach. Bíonn deis ag daoine go bhfuil claon nó bua faoi leith acu sa mhatamaitic rud breise a dhéanamh, agus bheadh sé mar an gcéanna ó thaobh na dteangacha, agus an Ghaolainn go háirithe. Bheadh deis ag daoine go raibh bua acu ó thaobh teanga de an t-ábhar T a dhéanamh agus ansin bheadh siad ábalta ábhar breise T eile a thógáil. Sa chaoi sin bheadh rudaí níos compordaí dóibh. B’fhéidir go mbeadh pointí breise acu de bharr go raibh ábhar breise acu ach ní bonus points, mar a thuigim iad, a bheadh i gceist.

An bhfuil plé déanta ag na ceardchumainn agus na baill mar gheall ar an dearcadh sin maidir leis an dá ábhar? Cé mhéad plé? Conas a láimhseálfadh na múinteoirí é sin sa scoil dá mba rud é go raibh an dá ábhar á meascadh ann? Bheadh deis ag scoil T1 agus T2 a chur ar fáil i gcomhair daltaí agus d’fhéadfadh daoine go bhfuil an claon nó bua acu dul ar aghaidh agus an dá cheann a dhéanamh. An ndearnadh plé conas é sin a láimhseáil? Cén dearcadh atá ag na baill agus na ceardchumainn maidir leis sin?

Ms Anne Loughnane

Tá sé pléite againn ar shlí agus tá sé sa chomhrá atá ar siúl. Bhíomar ag caint faoi seo níos luaithe. Ba cheart go mbeadh seans ag na daltaí go léir an T1 a dhéanamh má theastaíonn uathu, pé áit sa tír a bhfuil siad nó pé saghas scoil ina bhfuil siad. Bheadh sé an-deacair go praiticiúil do mhúinteoirí an dá ghrúpa a bheith sa rang céanna. Cúrsa ar leith a bheadh i T1 nó T2. Tá na fadhbanna sin go léir ag baint leis agus caithfimid iad a oibriú amach sula rachaimid ar aghaidh leis an rud seo. Má thagann T1 isteach, ní féidir a rá go bhfuil sé do na Gaelcholáistí agus na Gaelscoileanna amháin. Mar a luaigh an Teachta, tá daoine an-mhaith agus an-láidir in aon rang ar bith timpeall na tíre. Tagann an grá sin ón dúchas atá acu nó pé rud agus b’fhéidir nach raibh seans acu dul chuig Gaelcholáiste. Ní féidir linn idirdhealú a dhéanamh idir na daoine seo gan an seans a thabhairt dóibh. Tá sé an-deacair le déanamh amach ó thaobh uimhreacha an líon múinteoirí sa scoil agus líon na ndaltaí sa rang. Tá sé an-chasta.

Mr. John MacGabhann

Go dtí seo, ní raibh plé rómhór againn ar a leithéid de sheift ach tá sé cloiste againn ó chuid de na baill gur chóir a leithéid sin de chóras a chur i bhfeidhm. Ar bhealach, b’fhéidir go mbeadh sé níos fírinní le rá go raibh an comhrá againn maidir leis an teastas sóisearach, mar tá comhrá ann le blianta anuas faoi chúrsaí gearra a chur ar fáil a bheadh sa bhreis ar chúrsa iomlán, mar shampla, sa Fhraincis, sa teicneolaíocht nó pé rud eile, agus an Ghaeilge san áireamh chomh maith. Níl a fhios agam go dtí seo an ndeachaigh aon scoil ag múineadh cúrsa mar sin. Faoi mar atá cúrsaí i láthair na huaire tá an fhéidearthacht ann leathnú amach sa teastas sóisearach agus a leithéid a dhéanamh, ach bheadh sé thar a bheith deacair é a chur in amchlár. Is spás thar a bheith cúng é amchlár na scoile agus sin an deacracht ba mhó a bhí le feiscint agus muid ag labhairt faoi chúrsaí gairide don teastas sóisearach. Bheadh sé níos casta fós ag leibhéal na hardteistiméireachta ach b’fhiú machnamh a dhéanamh ar an tseift sin. B’fhéidir go dtiocfadh sé salach ar chuid de na rudaí atá ar siúl i láthair na huaire, ach tá seans ann go dtabharfadh sé deis dúinn nach bhfuil againn i láthair na huaire chomh maith. Bheadh ar an Teachta labhairt leis na daoine atá i gceannas ar amchláir, agus is grúpa diongbháilte iadsan.

Mr. David Duffy

It is a very good question. As Mr. MacGabhann has noted, there is a programme in junior cycle around Irish heritage and culture which can be done through the Irish language. It gives another level of interest in the whole area and practice to students whose level of Irish would already be quite good. There has been some preliminary discussion about something similar for the leaving certificate, but I have to emphasise it is very preliminary. Part of the reason behind that is we are all struggling with the idea of how T1 and T2 will interface in the first place, but the uptake of the course in heritage and culture at junior cycle has also been very low. We are trying to find out how low and why that is. The suspicion, and I need to emphasise that it is only at this stage a suspicion, is that it is an issue of resourcing, as Mr. MacGabhann and Ms Loughnane both made reference to. We are talking about more classes, which means more teachers, so that also has to be folded into the issue. The T1 and T2 courses will be premised on the issue of resourcing, and it will be important to provide the additional resources for them.

It is also important to note that on the day of the leaving certificate exam, regardless of whether a student has gone to a T1 school or a T2 school, they can ask for the other exam paper. A student in a T2 school could opt on the day for the T1 paper or students in a T1 school who struggle with T1 could choose at some point to take the T2 course, as is their right. We have a resourcing issue whereby we will have students in T1 schools doing T1 but we will also have students in T1 schools doing T2, which is their entitlement already. There will be a resourcing issue coming off that. The Deputy’s question also raises the importance of maintaining foundation level so that all students can access the course and have exposure to the language.

It is a language so it is very important we maintain the priority of the oral component in the leaving certificate for the purposes of marks because, whether we like it or not, if something acquires marks as part of the leaving certificate, it gains more traction.

We also need to be looking back. An initial review of junior certificate Irish is taking place at the NCCA, though it has not actually been examined yet because of Covid. The TUI made clear from the very beginning, five or six years ago, that a key element of any initial review of junior certificate Irish has to be the fact the oral component could, depending on school level, carry marks as part of the junior certificate and no longer does. It is important we also prioritise that as part of the initial review of junior cycle Irish.

Cad is brí le T1 school agus T2 school? Beidh cúrsaí T1 agus T2 ar fáil i ngach aon scoil, faoi mar atá sé faoi láthair leis an teastas sóisearach.

Mr. David Duffy

I will give the Senator what is officially the case but I must emphasise there is a bit of movement around the edges. In essence, a T1 school is a school in a Gaeltacht region or an Irish language school in a non-Gaeltacht region. However, around the boundaries of a region you get into the question of what is a T1 school. If a school operates through the Irish language but a lot of the students live outside the Gaeltacht, and that is their nearest school but they do not speak the Irish language at home, you get into the realm of the more difficult elements of what is, to use the Senator’s question, a T1 school versus a T2 school. It is around the boundaries that things start to get complicated.

Tá Gaeilge ar fáil agus tá Gaeilge á labhairt i ngach aon áit sa tír seo agus sa chathair seo. Tá meascán mearaí orm. Ní thuigim i gceart cad atá i gceist. Tá T1 agus T2 ar fáil don teastas sóisearach i ngach aon scoil.

Ms Anne Loughnane

Níl na huimhreacha agam ach tá a fhios agam ón gcomhrá a bhíonn agam le daoine, agus ó mo thaithí féin, cé nach ainm oifigiúil é scoil T1 nó scoil T2, tá siad scartha amach óna chéile. Is beag scoil ina bhfuil an dá rud ar siúl i ndáiríre. Is saghas leasainm-----

Is fadhb mhór í sin má tá sé sin fíor.

Ms Anne Loughnane

Go praiticiúil, tá sé fíor.

Is fadhb mhór í sin.

Ms Anne Loughnane

Deir daoine scoil T1 agus scoil T2 mar shaghas ainm gairid. Níl sé sin oifigiúil ach sin an rud atá ag tarlú ar an talamh. Mar a dúirt David Duffy ansin, sna scoileanna Gaeltachta agus sna Gaelcholáistí déanann siad T1. Is dócha go bhfuil scoileanna ann ina bhfuil T1 agus T2 ar siúl ag an am céanna ach ní féidir liom teacht ar aon cheann. B’fhéidir go bhfuil siad ann ar an imeall ach is beag scoil ina bhfuil sé sin ar siúl. Sin an rud a luaigh mé níos luaithe. Má táimid ag dul ar aghaidh go dtí an scrúdú ard-tábhachtach, sé sin, an ardteistiméireacht, tá sé an-tábhachtach nach mbeidh sé mar sin. Ba chóir go mbeadh seans ag na daoine atá ina ceann ag an Seanadóir, sé sin, na daoine maithe sna scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht, an cúrsa T1 a thógáil. Luaigh daoine eile an chastacht a bhaineann leis sin ó thaobh amchláir agus líon na múinteoirí agus na rudaí a bheidh ag titim amach ar an talamh.

An fadhb í sin a bhaineann le bainistíocht na scoileanna mar nach gcuireann siad T1 ar fáil?

Ms Anne Loughnane

Baineann sí le hacmhainní agus le bainistíocht. Go praiticiúil, is dócha nach mbeidh ach líon beag daoine, ó thaobh na huimhreacha go léir, ag dul isteach ar T1 sna scoileanna sin agus ní fheadar an mbeadh an bhainistíocht sásta na hacmhainní a chur isteach ann. Nílim ag rá nach mbeadh ach tá teorainn ar na hacmhainní atá ar siúl agus bíonn an-éileamh orthu. Nílim á rá sin go foirmeálta ach sin mar a tharlaíonn sé go laethúil sna scoileanna. Bíonn brú ann.

Ba mhaith liom teacht ar ais chuig an bpointe faoin mbéaltriail. Má táimid ag iarraidh an rud a dhéanamh níos fusa do na daoine gur mhaith leo T1 a thógáil, beidh seans níos fearr acu má tá béim ar an mbéaltriail. Ón suirbhé a rinneamar, bhí múinteoirí go hiomlán in aghaidh na gciorruithe ar na marcanna go 35% ó 40%. Chuir an-chuid acu tuairimí láidre isteach gur mhaith leo dul níos faide ná 40% agus é sin a ardú. Is dóigh liom gur chuala mé ón gceardchumann eile go bhfuil sé in aigne a mhúinteoirí freisin níos mó béime a chur ar an mbéaltriail ná mar atá, fiú leis an 40%.

Mr. John MacGabhann

Maidir le T1 agus T2, faoi mar a thuigimse an scéal i láthair na huaire, tá isteach agus amach 60 scoil T1 mórthimpeall na tíre. Cé go bhfuil sé sin beagáinín amhrasach mar theideal, tá thart ar 60 scoil atá i dteideal é sin a thabhairt orthu féin. An deacracht atá ann ná, faoi mar atá an moladh i láthair na huaire, gur cosúil nach mbeadh sé ceadaithe ag scoileanna nach iad scoileanna T1 atá iontu an tsonraíocht T1 a chur ar fáil. Maidir le cén fáth nach gcuirfí ar fáil sonraíocht T1 sna scoileanna eile, is é ár mór-thuairim gur chóir go mbeadh sé ar fáil i ngach scoil ach eascraíonn ceist as sin mar gheall ar acmhainní, go háirithe líon na múinteoirí. Tá líon na múinteoirí leagtha síos cuíosach docht i láthair na huaire. Mar is eol don saol, tá ganntanas múinteoirí Gaeilge ann i láthair na huaire. Tá sé thar a bheith deacair teacht ar mhúinteoir Gaeilge sa chathair seo. Tá sé thar a bheith deacair duine a fhostú mar mhúinteoir-----

Dá gcuirfí pointí bónais ar fáil, bheadh sé níos éasca.

Mr. John MacGabhann

Ní dhéanfadh sé-----

Mr. John MacGabhann

Tá a fhios agam. Dá gcuirfí tuarastal atá ar aon chéim le tuarastal a gcomhghleacaithe ar fáil, b’fhéidir go dtiocfar orthu. Bheadh acmhainní ag teastáil, ach go háirithe múinteoirí breise.

Guím síocháin don Seanadóir ós rud é go raibh muid in adharca a chéile níos túisce.

Mr. David Duffy

Mr. MacGabhann has basically said most of what I was going to say so I can be very brief. There are about 730 post-primary schools in the country. About 30 of those are in Gaeltacht regions and another 30 are not in Gaeltacht regions but teach through the Irish language or teach most of their subjects through the Irish language. They are the ones that tend to be referred to colloquially, as Ms Loughnane said, as T1 schools. It is not an official terminology but it is important whether a school is perceived as T1 or T2 because the Gaeltacht language strategy requires Gaelcholáistí and Gaeltacht schools to provide the T1 programme. As Mr. MacGabhann said, that does not mean other schools cannot do that but those are the schools that are required to provide the programme. That does not necessarily mean the students will take the exam in it. That becomes a student level decision at the point the exams are taken. The expectation is that the T1 programme would be more common in the Gaelcholáistí and Gaeltacht schools.

Ms Moira Leydon

Tuigim cén fáth go bhfuil an Seanadóir ag fiafraí cad é scoil T1 nó T2 mar sin í an fhadhb atá ann. Tarlaíonn sé seo go minic. Cuireann an NCCA dréacht-churaclaim amach agus bíonn siad ag iarraidh ar dhaoine féachaint orthu agus díospóireacht a bheith acu faoi na dréacht-churaclaim, ag smaoineamh ar chúrsaí oideachais.

Nuair a léann múinteoirí dréacht-churaclaim, tá siadsan ag smaoineamh ar conas a bheadh siad ábalta an rud sin a dhéanamh ina ranganna. Níl na múinteoirí ag smaoineamh ar na cuspóirí agus na ideals oideachais ach tá siad ag smaoineamh faoi cad a bheidh ar siúl nuair atá an curaclam sin ann ina rang, ina scoil, agus lena gcuid daltaí. Seo saghas fadhb atá ann leis an gcóras ina bhfuilimid ag déanamh athbhreithnithe ar an gcuraclam go léir. Déanann an NCCA an dréacht-churaclam ach, ag an am céanna, níl an Roinn Oideachais ag rá conas gur féidir é a chur ar siúl sna scoileanna ó thaobh na múinteoirí, na resources agus na hacmhainní breise a bheidh de dhíth. Sin an fáth go raibh an réabhlóid, mar a thug mé air, ann nuair a tháinig na dréacht-sonraíochtaí amach. Ní raibh aon eolas ag na múinteoirí conas a bheadh siad ábalta é seo a chur ar siúl mar tá ciúnas sa Roinn Oideachais faoi. An chéad uair eile atá an coiste seo ag plé curaclam na hardteistiméireachta, mholfainn daoine ón Roinn Oideachais a thabhairt isteach agus rá leo faoi na system issues atá na múinteoirí ag caint faoi agus fiafraí cén freagra atá acu orthu.

Chríochnaigh mé mo ráiteas oscailte ar nóta dearfach. Dúirt mé, toisc go bhfuil an comhairliúchán curtha siar anois go dtí am na Nollag, go bhfuil spás agus am ann dúinn réiteach a fháil ar an fhadhb seo. An rud is measa a d'fhéadfadh tarlú ná go mbeadh míshásamh agus aighneas ann an t-am ar fad faoin gcuraclam Gaeilge sna scoileanna. Tá am againn na fadhbanna agus na rudaí seo a phlé ach ba chóir go mbeadh an Roinn Oideachais mar pháirtí lárnach sa díospóireacht seo agus níl sí. Tá sí ciúin. Tá an NCCA i gcónaí ag cur an rud amach, tá raic mhór ann agus tá béal na Roinne druidte. Sin fadhb mhór agus ceapaim go n-aontaíonn na ceardchumainn eile liom faoi sin.

Ba mhaith liom filleadh arís ar an bpointe mar gheall ar scoileanna ag cur an rogha ar fáil do na daltaí agus na hábhair bhreise ar fáil dóibh siúd le blas faoi leith ó thaobh teangacha de. Tuigim go bhfuil leibhéil dhifriúla de phlé déanta ag na ceardchumainn éagsúla agus tá an-suim agam sa tslí ina raibh comhrá acu le déanaí leis na múinteoirí. Bheadh an-suim agam cloisteáil cad iad na moltaí a tháinig ón gcruinniú sin. Braitheann na finnéithe go mbeadh sé deacair é seo a láimhseáil i rang amháin. In a lán scoileanna bíonn an t-ardleibhéal agus an gnáthleibhéal scartha amach óna chéile i ranganna difriúla, ach sna scoileanna beaga, agus tá go leor acu mórthimpeall orm, bíonn siad le chéile agus déantar é a láimhseáil go breá compordach. Cén tuairim atá ag na finnéithe faoi sin? Cé mhéad plé a bhí acu air? Rinne siad pointe an-láidir cruinn faoin tráthchlár a bheith lán agus packed faoi láthair agus cloisim é sin. Ní fheadar conas a dhéanfaí é a láimhseáil ach cén plé a bhí ann maidir leis? Cad iad na moltaí a tháinig ón gcruinniú sin? An bhfuil sé in aigne ag an gceardchumann eile na pointí céanna agus an t-ábhar céanna a phlé? Cad atá ina aigne aige?

Mr. John MacGabhann

Maidir leis an gcomhrá leis na baill laistigh den TUI, tá sé sin ag dul ar aghaidh i gcónaí mar tá coiste seasmhach againn a phléann cúrsaí oideachais agus cúrsaí na Gaolainne ina measc sin. Chomh maith leis sin, is ionadaí í Claire Markey don aontas ar son na múinteoirí ó thaobh na Gaeilge de. Tá ionadaíocht againn ar eagraíochtaí eile ar nós COGG, agus tugaimis linn chuig na heagraíochtaí sin an tuairimíocht atá againn féin agus tugaimis abhaile pé tuairimíocht nó tuairimí atá á nochtadh ag na heagraíochtaí sin chomh maith. Tá an baol ann go mbeidh an Teachta amhrasach faoi seo ach tá an comhrá sin ar siúl i gcónaí againn agus tá coiste seasmhach againn ag plé leis.

Glacaim leis go mbeadh comhrá leanúnach ar siúl ach an bhfuil aon conference nó cruinniú speisialta in aigne toisc gur rud chomh mór atá ann? An bhfuil plean ann chuige sin?

Ms Moira Leydon

Cinnte beidh, ach mar a dúirt mé, tá an comhairliúchán curtha siar go dtí an Nollaig. Beidh an NCCA ag fáil freagraí ar ais agus gach rud, agus ansin beidh interim tuairisc ann, b’fhéidir i Meán Fómhair. Nuair a thagann an tuairisc sin amach, beidh muidne ag eagrú comhdháil ar líne agus suirbhé breise. An teachtaireacht atá muid ag tabhairt ná nach bhfuil comhaontú i measc na múinteoirí faoi a lán ceisteanna. Mar gheall air sin, tá dualgas ar na ceardchumainn a bheith an-oscailte leis an díospóireacht agus éisteacht le gach glór. Ansin, nuair atáimid ag cur ár moltaí deireanach isteach ag an NCCA agus an Roinn Oideachais, ba chóir go mbeadh siad cuimsitheach agus fíor, bunaithe ar an speictream de na smaointe atá ann. Beidh muid ag eagrú rudaí ach ní bheidh muid ag eagrú aon rud go dtí go dtagann an tuairisc bhreise amach ón NCCA.

Mr. David Duffy

There is extensive consultation going on at the NCCA, in which the TUI has been heavily involved. That has been going on now since before the summer and the timelines have been extended to the end of November. That will be the first of two consultation processes. There will be another extensive consultation after Christmas, and the TUI and, I am sure, all the other education partners will be heavily involved in it again at that stage. Even as regards the preliminary responses, there has been a range of responses to the consultation across the Irish language community, from the very positive to the very negative and everything in between. When it comes to writing a report for the first consultation and, indeed, the second consultation, it is going to be quite challenging because I am not sure there will necessarily be one coherent view coming from the entire spectrum of views.

Tá roinnt ceisteanna agam féin, bunaithe ar an gcomhrá a bhí againn go dtí seo. Thuig mé roimhe seo go raibh ceist na Gaeilge an-chasta agus is léir go bhfuil ceist na Gaeilge sa chóras oideachais níos casta fós. Tá a lán ann. Labhair na finnéithe faoi na hacmhainní agus líon na múinteoirí lena bhfuil gá, ach má tá muid ag caint faoi chúrsa bhunleibhéal, bonnleibhéal agus ardleibhéal ag T1 agus T2, sin sé rang dhifriúil. Níl aon scoil in Éirinn, go bhfios domsa, ag an leibhéal sin a bheadh in ann sé rang dhifriúil Gaeilge a chur ar fáil. Sin ceann de na fadhbanna má tá sé i gceist ag an gcomhairliúchán seo go mbeadh dhá chúrsa Gaeilge ar fáil do gach uile pháiste agus gach uile dhalta a fhreastalaíonn ar scoil. Sin dúshlán don Roinn Oideachais. Má tá sí chun é seo a dhéanamh caithfidh sí na hacmhainní a chur ar fáil mar a rinne sí nuair a cuireadh mata feidhmeach ar fáil ar dtús. In a lán scoileanna bhí mata feidhmeach ann mar ábhar breise tar éis na scoile nó roimhe. Níor mhaith liom é sin a fheiscint riamh ó thaobh na Gaeilge de.

Ó thaobh DEIS, níl gach uile choláiste lán-Ghaeilge lasmuigh den chóras DEIS. Tá scoileanna agus coláistí ann atá istigh sa chóras DEIS. Sin rud a dhéanann an argóint beagán níos casta.

Caithfimid a bheith níos cúramaí nuair atá é sin á rá againn. Maidir le scoileanna DEIS, anois is arís, bíonn acmhainní breise ag dul toisc an stádas sin. Athraíonn sé anois is arís agus ní bhíonn go leor ar fáil. Ba chóir go mbeadh roinnt scoileanna lán-Ghaeilge aitheanta sa chóras. Uaireanta ní maith leo agus uaireanta ní éiríonn leo.

Bhí an ceart chomh maith ag an Seanadóir Ward, nuair a bhí sé anseo níos luaithe, agus ag an Seanadóir Clifford-Lee. Tugadh an sampla dóibh siúd atá go maith ag an nGaeilge i scoileanna Béarla. Tá sé sin tábhachtach chomh maith mar bíonn a lán dóibh siúd atá ar maith aithne ag iarraidh páistí a chur chuig scoil lán Gaeilge agus ní bhíonn spás ann nó teacht uirthi. Bheadh siad ábalta tabhairt faoi pé cúrsa dúshlánach a bheadh ann ag an deireadh, ach níl an deis acu, agus seasann siad amach i scoil Bhéarla.

Tá ceist eile a rith liom. Tarlaíonn sé seo go minic. Athraíonn páistí scoileanna tar éis na sraithe sóisearaí. Bogann siad bunaithe ar an gcleachtadh a bhí acu sa scoil, mar shampla, an raibh sé ró-acadúil, an bhfuil an scoil eile níos gaire dá mbaile, nó an bhfuil ábhar áirithe ar fáil ann. I mo chás féin, bhí díomá ar mo mhac nach raibh stair ar fáil dó sa scoil ina raibh sé. Bhí sé ag smaoineamh ar bhogadh óna scoil ach mhúin mise an stair dó mar is múinteoir mé. Bhí mise in ann é sin a dhéanamh ach bhí sé ag smaoineamh ar bhogadh. Cé mhéad dalta eile tar éis na sraithe sóisearaí atá ag smaoineamh ar bogadh? D’fhéadfadh a lán daoine bogadh as scoileanna T1 chuig scoil eile. Tá siad ag rá go bhfuil leibhéil a gcuid Gaeilge maith go leor cheana féin, nach mbeadh siad buartha faoi sin, agus go sroichfidh siad leibhéal H1 nó H2, nó pé leibhéal atá ann anois. Bhí sé i bhfad Éireann níos éasca nuair a bhí mise ar scoil mar go raibh figiúirí i gceist. Sin cinneadh a dhéanann daoine. Caithimid a bheith cúramach sa slí a leagann muid síos an tsraith shinsearach.

Ceann de na pointí a luaigh an dá cheardchumann ná nach bhfuil an comhairliúchán maith go leor toisc nach bhfuil an t-eolas ar fáil faoin sraith shóisearach. Níl na hábhair ar fáil; sin go díreach atáimid ag caint faoi. Bíonn muidne anseo agus tagann na finnéithe isteach. Bhí an Roinn os ár gcomhair. Bhí an an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, CNCM, os ár gcomhair, ach fós ní bhfuair muid na freagraí. Cad é go díreach atá i gceist sa pháipéar? Cad é an liosta don chúrsa litríochta? Tá muidne agus na múinteoirí ag iarraidh freagraí a fháil. Níl an tsraith shóisearach ach díreach críochnaithe agus ní raibh scrúdú, go fisiciúil, ann i mbliana. Conas is féidir review ceart a dhéanamh ar sin ionas gur féidir linn cinnte a dhéanamh nach ndéanfaimid na botúin chéanna ag an gcéad leibhéal eile más rud é go bhfuilimid ag dul sa treo sin?

Bhí cúpla seisiún againn ag caint faoi na díolúintí atá ann agus an bhuairt a bhíonn ar dhaoine faoi sin. Bhí grúpaí os ár gcomhair le déanaí ag caint faoin gcaighdeán sna coláistí ullmhúcháin agus, mar a dúradh, an fhadhb atá ann teacht ar mhúinteoirí le Gaeilge mhaith go leor chun dul os comhair ranga agus an Ghaeilge a mhúineadh nó ábhar éigin a mhúineadh trí Ghaeilge. Tá an tuiscint sin againne. Beidh an díospóireacht seo á roinnt againn leis an gcoiste oideachais, agus beidh an tAire Oideachais os ár gcomhair an tseachtain seo chugainn. Beimid ag labhairt léi faoi na ceisteanna seo. Déanfaimid cinnte go mbeidh na pointí a d’ardaigh na finnéithe aici chomh maith.

Tá sé i gceist againn ag deireadh an próiseas seo an t-ábhar ar fad a chur le chéile agus tuairisc a dhéanamh. Tá súil againn go mbeidh sé sin réidh i mí Mheán Fómhair nó i mí Dheireadh Fómhair, i lár an chomhairliúcháin, agus cuirfimid ar fáil é mar aighneacht chuig an CNCM.

Luadh na buntáistí atá agus a bheidh ann do Ghaelcholáistí agus Ghaelscoileanna ó thaobh marcanna de. Tá míbhuntáistí ann chomh maith ó thaobh téacsleabhair a thagann amach cúpla bliain níos déanaí, ábhar tacaíochta agus a leithéid. Sin é an fáth go gcuireann an Stát na pointí bónais nó pé rud atá ann faoi láthair. Is aitheantas é nach bhfuil an chur chuige ceart ann. Tá athraithe tarlaithe, ach is é sin an fáth atá leis an mbuntáiste sin.

Ó thaobh na pointí bónais de, measaim go mbeidh sé deacair orainn. Ní aontaím leis an TUI ar an bpointe seo nár chóir pointí bónais a thógáil isteach. Má tá T1 agus T2 sa tslí atá curtha faoinár mbráid faoi láthair, ní fheicim fáth ar bith, seachas grá don teanga, go mbeadh aon dalta ag glacadh le cúrsa atá níos dúshlánaí. Tá an cuid is mó de na daltaí atá aithne agam orthu idir 17 agus 18 mbliana d’aois ag staidéar don ardteistiméireacht. Tá siad ag rá gur féidir leo é sin a dhéanamh go héasca agus a gcuid ama a dhíriú ar ábhar eile atá níos deacra nó níos dúshlánaí dóibh. Muna bhfuil breis pointí ann, ní dhéanfaidh siad é.

An moladh a bhí ag Conradh na Gaeilge nuair a bhí sé os ár gcomhair ar an ábhar seo, agus moladh a rinne sé tamall de bhlianta ó shin, ná gur chóir go mbeadh dhá ábhar ann. Ba chóir go mbeadh ábhar amháin ann don teanga labhartha le 50%, nó níos mó, de mharcanna don scrúdú béil. D’fhéadfadh sé sin a bheith níos dúshlánaí. Bheadh an cúrsa eile ag déileáil le litríocht, stair agus a leithéid sin. B’fhéidir go mbeadh daoine sásta an dá rud a dhéanamh.

Sin iad mo thuairimí féin. Níl a fhios agam an raibh mórán ceisteanna ann.

Mr. David Duffy

There are three areas that I will address briefly which are important. The Chairman made reference to Irish language schools and how textbooks often come late in the day. I need to make it clear I am not criticising anyone who produces them, but that is a reality.

There is a problem in relation to all schools, both English and Irish language, in terms of support materials for teachers for new courses and continuing professional development for new courses. It is important this material comes out at the earliest possible stage so that people are ready when the course begins in the August-September of the following year and teachers feel confident in the new programme. That is clearly a very serious issue in the Irish language schools, but I argue it is sometimes an issue in the English language schools and we need to cater for both.

In On the availability of subjects, there are challenges there. There are very serious resourcing issues there. There are almost 40 leaving certificate examination subjects, which do not include subjects where there is not an examination component, for example, SPHE, personal development, RSE, and that type of area. I doubt that there is a single school in the country, be it Irish or English language, that can provide all 37 or 38 subjects. The resources are simply not there to do it. Resourcing is a very serious issue, not just for students moving schools but also across the entire spectrum.

On the issue of resources, it would be remiss of me not to mention that when it comes to percentage of GDP spent on second level education, Ireland is either the last or the second last in the entire OECD. If education is, as I believe it is, genuinely an investment in society as well as the economy, we need to invest in it. Saying it is satisfactory or acceptable in some way to Irish society and the Irish taxpayer that we should invest the lowest, or second lowest, in the entire OECD in our education system is quite shameful.

The third area I will come back to is that of equal opportunity.

It is vitally important we retain foundation level in order that all students can access the leaving certificate Irish programme. It is vital the priority attached to the oral component of the leaving and junior certificates is genuinely valued through the issue of percentage as part of the leaving certificate.

On bonus points, I accept there are very strong views on this. I accept people are debating how the T1 and T2 interface will work. My own view is it creates a distortion in the system, but I accept there are views on the other side.

Mr. John MacGabhann

Maidir leis na pointí bónais, tá an chontúirt ann nach mbeadh béim ar aon cheo ach amháin ar an rud sin. Tá sé tábhachtach, ar ndóigh. Is é an rud is tábhachtaí gur féidir le lucht na parlaiminte anseo, Seanadóirí agus Teachtaí ina measc, a dhéanamh ná go ndéanfaidís deimhin de go bhfuil daonlathas ar fáil ar fud na tíre. Má táthar chun pointí bónais a thabhairt do dhream éigin, caithfear deimhin a dhéanamh de ag an am céanna go bhfuil fáil ar an gcúrsa do gach aon duine, is cuma cén áit nó scoil ina bhfuil sé nó sí.

Ní aontaím le pointí bónais go bunúsach, ach más amhlaidh go bhfuil a leithéidí ann, caithfear deimhin a dhéanamh de go bhfuil fáil orthu ag gach uile scoil ar T1. Tagann sé sin díreach ar ais chuig an bpointe a rinneadh sa mhéid is go gcaithfidh an Stát na hacmhainní a chuir ar fáil ar bhealach éigin. B’fhéidir go mbeimid ag iarraidh malairt bealaigh chun é sin a dhéanamh, ach caithfear é a dhéanamh ar bhealach éigin.

Ní hé go bhfuil easaontas eadrainn ó thaobh é sin de, ach má tá T1 agus T2 ann, beidh fadhbanna ann maidir le daltaí a chur ina threo mura bhfuil buntáiste ann as cúrsa níos dúshlánaí a dhéanamh. Níl mise i bhfabhar pointí bónais. Tá mé níos mó i bhfabhar mholadh Conradh na Gaeilge, gur chóir go mbeadh dhá ábhar éagsúla ann. Tá an ceart ag John MacGabhann; ba chóir go mbeadh muid in ann aon ábhar a chur ar fáil. Tá roinnt ábhar ar sraith na hardteistiméireachta nach bhfuil ach deichniúr nó 30 duine sa tír, b'fhéidir, ag iarraidh tabhairt, mar shampla, an tSínis. Fiú i leith an matamaitic fheidhmeach, nil ann ach scoileanna áirithe ina bhfuil spéis ag na daltaí ann. Is féidir leo an scrúdú a shuí má tá teacht ar mhúinteoir nó oiliúint in áit éigin lasmuigh den scoil. Tá sé de cheart acu é sin a dhéanamh. Tá sé deacair dóibh, agus mar a dúirt tú, sa deireadh thiar thall, baineann sé le hacmhainní agus caithfidh an Stát seasamh sa bhearna.

Glaoim anois ar Anne Loughnane agus ansin ar an Teachta Moynihan atá ag iarraidh rud éigin a rá. Ina dhiaidh sin, caithfimid críochnú leis an gcuid seo de ghnó an choiste mar go gcaithfimid dul ar ais go dtí gnó eile.

Ms Anne Loughnane

Ceapaim go bhfuil ceist ag an Teachta Moynihan.

Tá ceist amháin tapa agam. Glacaimid leis go mbeidh T1 níos dúshlánaí agus go mbeidh níos mó oibre ann ó thaobh na ndaltaí de. Bhí plé maith ann agus tá tuairimí láidre cinnte ann mar gheall ar na pointí bónais. Is uirlis é chun daoine a mhealladh isteach. B’fhéidir go bhfuil uirlisí eile ar fáil chun daoine a mhealladh i dtreo ábhair níos dúshlánaí. Cad iad tuairimí na gceardchumann? Cad iad na huirlisí eile a d’fhéadfaí chur ar fáil, murach na pointí bónais, ionas go meallfar daoine i dtreo ábhair atá níos dúshlánaí? Ní thabharfaidh daoine faoin dúshlán, má tá an rogha ann, leis an ualach mór nuair a bhíonn deis acu brú ar aghaidh le hualach níos lú. Má tá uirlisí eile ann, tá suim agam cloisteáil fúthu.

Ms Anne Loughnane

Ba mhaith liom cúpla rud a rá chun críoch a chur lenár dtuairimí, ach ar dtús tiocfaidh mé ar ais chuig ceist ón Teachta Moynihan. Luaigh sé, agus táim ar aon intinn leis, an cás nuair a bhíonn rang beag ag múinteoir, gur féidir leis an dá ghrúpa a bheith le chéile. Glacaim leis sin, ach b’fhéidir nach mbeidh an rud céanna ar siúl amach anseo. B'fhéidir nach mbeidh sé mar a bhí. Má tá rang mór ag múinteoir, agus níl a fhios againn fós cad go díreach a bheidh i gceist i T1 agus T2, b’fhéidir nach n-oibreoidh sé amach chomh héasca sin san am atá le teacht.

Más rud é go mbíonn na ranganna measctha?

Ms Anne Loughnane

Sin é.

Ní ranganna beaga iad in aon chóir. Táimse ag caint faoi scoileanna beaga nach bhfuil an deis acu an dá rang a scaradh amach óna chéile. Maidir leis an rang measctha, ní gá gur rang beag é in aon chor. Go minic, is rang lán atá i gceist.

Ms Anne Loughnane

Tuigim. Bíonn sé níos fusa nuair a bhíonn an rang beag, ach má tá 30 dalta os do chomhair, bheadh sé dodhéanta. Caithfidh múinteoirí a ndícheall a dhéanamh do gach aon duine ann. Tá sé feicthe againn, leis an phaindéim, go bhfuil cuid de na ranganna níos lú, agus is rud maith é sin. Níl siad go léir níos lú ach tá cuid acu. Cabhraíonn sé sin le hoideachas a thabhairt dó dhaoine nuair a bhíonn líon na ranganna níos lú. B’fhéidir go mbeidh an rogha sin ann, ach ní féidir linn a bheith cinnte de go dtí go bhfeicfimid cad atá i gceist i T1 agus T2.

Táimid ag caint i gcoitinne faoi na topaicí go léir a bhaineann leis seo. Cé go bhfuil conspóid agus easaontas ann faoi rudaí áirithe, táimid ar aon aigne don chuid mhór de faoi thrí rud agus cuirfidh mé iad faoi bhráid an choiste sula gcríochnóimid. Má táimid ar aon aigne fúthu, is féidir guth láidir a chur leo agus muid ag caint leis na grúpaí eile, leis an Roinn agus leis an Aire. Tagraím don bhéaltriail. Braithim go bhfuilimid ar aon aigne nár cheart í a ísliú agus gur chóir í a choimeád ar 40%, nó níos mó, más féidir. Táimid ar aon intinn ar an mbonn leibhéal gur cheart é a bheith ann. Go háirithe, is é an rud is tábhachtaí ná gan dul ró-thapa agus athbhreithniú a dhéanamh ar an sraith shóisearach roimh aon rud eile. Luadh na deacrachtaí a bhaineann leis sin mar nár scrúdaíodh i gceart é fós. Ní dhéanfaidh sé aon mhaitheas d’aon duine má ritheann muid ar aghaidh ró-thapa gan an bhunobair a dhéanamh. Theastaigh uaim na trí rud sin a luaigh ionas gur féidir linn dul chun cinn a dhéanamh leo. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as gach rud.

Fadhb ar bith.

Ms Claire Markey

Ní choinneoidh mé an coiste i bhfad. Maidir leis an gceist sin, ag an bpointe seo, tá sé níos éasca a bheith ag plé le gnáthleibhéal agus ardleibhéal sa rang céanna toisc gurb é an cúrsa céanna atá i gceist, ach amháin go bhfuil breis oibre le déanamh ag an ardleibhéal ná má a bheadh ag gnáthleibhéal. Maidir leis an mbonnleibhéal agus an ardleibhéal, tá dhá chúrsa dhifriúla ann agus d’fhéadfadh grúpa amháin cailliúint amach. Go dtí go bhfuil a fhios againn cén sórt cúrsa atá i gceist le T1 agus T2 agus an difríocht eatarthu, tá sé an-deacair an cheist a fhreagairt. An mbeimid ag plé le hábhair go hiomlán difriúil nó an mbeidh aon chosúlachtaí idir an dá ábhar?

Tá sé ráite go bhfuil an cúrsa T1 níos dúshlánaí. Tá sé, gan dabht, go pointe, ach braitheann sé ar an duine atá á thabhairt faoi. Más rud é go bhfuil Gaeilge ag duine ó dhúchas, b’fhéidir nach mbeadh sé chomh dúshlánach dó nó di agus a bheadh sé do dhuine eile nach bhfuil Gaeilge aige nó aici ón gcliabhán. Bheadh sé cosúil leis sin sna scoileanna T2. Tá an Ghaeilge dhúshlánach do go leor daoine atá ag tabhairt faoin ardleibhéal agus nach bhfuil an taithí acu ag baint leis an nGaeilge. Tá an seans ann go mbeidh an dúshlán céanna os comhair scoláirí i T2 agus i T1, má thuigtear mé.

Cuirfimid críoch leis an gcuid seo den chruinniú. Tá dhá nóiméad agam chun an chéad chuid eile a dhéanamh. Gabhaim buíochas le gach duine a tháinig isteach agus a roinn a gcuid dtuairimí linn. Go n-éirí libh ag cur na dtuairimí sin in achainí chuig an gcomhairliúchán atá ar siúil agus go dtagtar toradh maith as an obair atá déanta againn. Nuair a bheidh an tuairisc curtha le chéile againn, cuirfimid chugaibh í. Táimid ag críochnú leis sin. Más mian leo, is féidir leis na finnéithe imeacht anois agus leanfaidh muidne ar aghaidh ar feadh cúpla nóiméad eile lenár gcuid oibre féin.

Top
Share