Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge debate -
Wednesday, 29 Sep 2021

Cearta Teanga in Éirinn agus Tuarascáil Bhliantúil 2020 agus Tuarascáil Faireacháin 2020-2021: An Coimisinéir Teanga

Tá leithscéalta faighte ón Seanadóir Clifford-Lee agus ón Teachta Pa Daly, a raibh súil aige a bheith anseo. B'fhéidir go mbeidh sé i láthair roimh dheireadh an chruinnithe. Tá na Teachtaí Dara Calleary, Joe McHugh, Fergus O'Dowd agus Eamon Ó Cuív, agus na Seanadóirí Sean Kyne agus Barry Ward i láthair ar líne. Anseo sa seomra cruinnithe tá an Teachta Catherine Connolly agus an Teachta Aindrias Moynihan linn.

Cuirfidh mé tús lenár bplé inniu maidir le cearta teanga in Éirinn, tuarascáil bhliantúil 2021 an Choimisinéara Teanga agus a thuarascáil faireacháin 2020-21. Fearaim fáilte roimh Rónán Ó Domhnaill, an Coimisinéir Teanga; Órla de Búrca, bainisteoir cumarsáide; agus Séamas Ó Concheanainn, stiúrthóir, mar ionadaithe ó Oifig an Choimisinéara Teanga. Gabhaimid buíochas leo as teacht chuig an gcoiste inniu agus as an gcúnamh a thug siad dúinn go dtí seo agus a thabharfaidh siad dúinn le linn an chruinnithe seo.

Ba mhaith liom a thaifeadadh go bhfuil na finnéithe lonnaithe i seomra coiste 4 linn le linn an chruinnithe seo agus a chur ar aird na bhfinnéithe, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh, 2009, go bhfuil siad faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo chomh fada is atá siad lonnaithe sa seomra coiste féin. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh, ámh, éirí as an bhfianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cáilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Iarraim anois ar an gCoimisinéir Teanga a chur i láthair a dhéanamh don chomhchoiste.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus na comhaltaí coiste uile. Is mian liom mo bhuíochas a chur in iúl duitse agus don choiste seo as an gcuireadh teacht in bhur láthair agus plé a dhéanamh ar an ábhar cearta teanga in Éirinn. Ní foláir dom a rá gur mór agamsa agus ag m'oifig aird an choiste seo ar gach gné den bheartas náisiúnta teanga agus cearta teanga phobal na Gaeilge go háirithe.

Tá forléargas ar an obair iniúchta, imscrúduithe agus faireacháin sa leagan cuimsitheach den ráiteas tosaigh atá curtha ar fáil do chomhaltaí an choiste. Tá teacht ar fhaisnéis bhuin sna foilseacháin atá eisithe ag an oifig ó thús 2021, idir thuarascálacha bliantúla, faireacháin agus Oireachtais. Tá míle fáilte roimh cheisteanna i dtaca le gné ar bith d'obair na hoifige.

Is téama thar a bheith uileghabhálach é cearta teanga in Éirinn agus níor mhiste beachtú áirithe a dhéanamh air. Dá bhféadfainn dhá mhórcheist shonracha a chur faoi chaibidil sa ráiteas tosaigh seo, creidim go gcuideodh sé le brí a thabhairt don phlé. Cén tábhacht a bhaineann le fís na gceart teanga? Cén chaoi ar cheart feidhm a thabhairt don fhís sin? Is ceart tús áite a thabhairt do cheist na físe. Éascaíonn teangacha an chumarsáid; cuireann teangacha lenár dtuiscint ar chultúir a chéile; agus ligeann teangacha dúinn dul i mbun plé, cainteanna agus idirbheartaíocht ar cheisteanna móra amhail féiniúlacht, flaitheas agus fís. Níor ghá ach oiread go mbeifí taobh le fís chúng i dtaca le féiniúlacht agus flaitheas i ndáil leis an bhfeidhm a thugtar don fhís chéanna. Is é dúshlán seasta ár gcuid comhlachtaí poiblí agus m'oifige é freastal tráthúil a dhéanamh ar chearta an tsaoránaigh.

Tá fís dóchais ag pobal na teanga i dTuaisceart Éireann. Beart praiticiúil atá sna moltaí maidir leis an oifig úr um léiriú féiniúlachta agus cultúrtha. Tugaim faoi deara go bhfuil beannacht na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas, CATT, le comhaontú an Túis Úir agus leis an gcreatlach polasaí Ré Nua, Cur Chuige Nua a bhfuil meas, ómós agus dínit mar bhunsraith aige.

Má dhéantar reachtaíocht teanga a thabhairt chun cinn faoina gceapfar Coimisinéir Teanga agus faoina mbunófar oifig nua um léiriú féiniúlachta agus cultúir, níl aon amhras orm ach go gcuirfear le stádas na Gaeilge i dTuaisceart Éireann.

Maidir leis an dara mórcheist - cén chaoi a dtugtar feidhm d’fhís na gceart teanga - tá ábhar plé agus machnaimh sa reachtaíocht reatha atá ar fáil don Stát seo agus sna próisis agus sna dúshláin a tháinig chun cinn go mór le bliain go leith anuas, in aimsir éigeandála na paindéime. Is ábhar bróid dúinn uile mar shaoránaigh agus mar sheirbhísigh phoiblí, sa chiall is leithne den téarma sin, an teacht aniar a léirigh an pobal agus an Stát araon chun rochtain ar bhunseirbhísí ardchaighdeáin a chinntiú ainneoin na srianta sláinte poiblí. É sin ráite, tugadh ceithre cinn d’imscrúduithe chun críche le linn na bliana 2020 agus bhain péire acu siúd go díreach le seirbhísí don phobal nár cuireadh ar fáil go dátheangach ar bhonn comhuaineach le linn na paindéime. Ó thús na paindéime go deireadh 2020, rinneadh gearáin le m’oifig 86 uair faoi ghníomhartha comhlachtaí poiblí a bhain le paindéim Covid-19 ar shlí éigin.

Bhain bunáite na ngearán le modhanna cumarsáide éagsúla chun eolas a chur ar fáil don phobal, idir chomharthaí, leabhráin eolais, shuíomhanna gréasáin agus fógraíocht sna meáin agus an tslí nár soláthraíodh ábhar don phobal as Gaeilge. Bhraith go leor de na gearánaithe go raibh leithcheal á dhéanamh ar an nGaeilge nó ar lucht a labhartha sa dioscúrsa náisiúnta in aimsir éigeandála. Os a choinne sin, aithním le buíochas an comhoibriú a fuair m’oifig ó fhormhór na gcomhlachtaí poiblí a rabhthas i dteagmháil leo agus a ghlac leis gur chóir an tseirbhís nó an t-eolas a bhí faoi chaibidil a chur ar fáil sa dá theanga, go mór mór sna cásanna nár léir go raibh aon dualgas sonrach reachtúil i gceist lena leithéid a dhéanamh. Sna cásanna ina raibh dualgas soiléir reachtúil i gceist agus a d’fhiosraigh m’oifig, feictear dom go bhfuil téamaí coiteanna sna freagraí a tugadh: go mb’éigean gníomhú go práinneach agus i gcúinsí fíoreisceachtúla na géarchéime sláinte; cinneadh na dualgais reachtúla teanga a chur i leataobh nó iad a chur ar atráth; nó níor tugadh aird ar na dualgais sin ar chor ar bith toisc go gcuirfeadh sé moill ar an ngníomh a chur i gcrích. Dá nglacfaí leis nach raibh dlite ar chomhlacht poiblí na seirbhísí seo a chur ar fáil go dátheangach ar an údar nárbh acmhainn dó é sin a dhéanamh gan moill a chur leo, d’fhéadfaí a fhorléiriú as sin go bhfuil an teidlíocht reachtúil seirbhís a fháil as Gaeilge ag brath ar thosca nó acmhainn an chomhlachta phoiblí. Ba dhócha, i gcás mar sin, nuair ba thábhachtaí agus ba phráinní an tseirbhís nó an chumarsáid, gur lú an seans go gcuirfí ar fáil as Gaeilge í.

Mar thoradh díreach ar ghearáin ón bpobal, b’éigean do m’oifig idirghabháil a dhéanamh leis an Roinn Oideachais, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, an Roinn Sláinte agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Is ceart a rá go soiléir nach bhfuil an teidlíocht reachtúil seirbhís a fháil as Gaeilge ag brath ar thosca, tosaíochtaí nó acmhainn an chomhlachta phoiblí. Níor cheart go mbeadh coimhlint idir na gníomhartha tromchúiseacha náisiúnta a bhí, agus atá, idir lámha agus dualgais i dtaca le cearta teanga. Ba chóir go n-aithneofaí gaisce cheannaireacht agus foireann na seirbhísí sláinte in aimsir ghéarchéime agus is maith a thuigtear go raibh móréileamh gan choinne ar an uile acmhainn a bhí faoi stiúir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, FSS. San am céanna, nuair is mó an riachtanas eolas agus faisnéis iontaofa a scaipeadh ar an bpobal trí chéile is ceart nach ndéanfaí loiceadh ar bhuncheart teanga an tsaoránaigh agus an fhaisnéis chéanna a chur ar fáil ag an am céanna i nGaeilge agus i mBéarla. Ní léir go bhfuil dualgas reachtúil ar FSS i dtaca le roinnt mhaith de na hábhair ghearáin a cuireadh faoi bhráid m’oifige mar nach bhfuil scéim teanga náisiúnta aontaithe ag an eagraíocht fós. Áirítear an aip rianaithe teagmhálaithe a chuir FSS ar fáil sa réimse gearán seo. Socraíodh an aip a chur ar fáil i nGaeilge den chuid is mó, cé nach raibh dualgas reachtúil i gceist. B’amhlaidh a tharla i gcás na bhfoirmeacha agus na gcóras idirghníomhach ar líne.

Ocht gcineál gearáin a tháinig chun cinn ón bpobal agus a cuireadh faoi bhráid FSS. Baineann na gearáin ar fad le heaspa seirbhíse i nGaeilge ar bhealaí difriúla. Cuimsítear idir dhualgais reachtúla agus neamhreachtúla sna gearáin seo agus tá teagmháil leanúnach i scríbhinn ag m’oifig le FSS ó lár mhí Feabhra i mbliana agus fuarthas an comhfhreagras is deireanaí uathu mí Lúnasa. Aithnítear an t-ualach a bhí ar FSS le linn na paindéime agus an dúshlán a bhain le leanúnach seirbhíse a sholáthar i ndiaidh an chibirionsaithe go speisialta. Mar sin féin, ní thagann dualgas seirbhíse teanga salach ar aon dualgas seirbhíse eile. Ina theannta sin, ba léir go raibh baint ag an gcóras Eircode le brú an Bhéarla i gcuid de na gearáin a cuireadh faoi bhráid na hoifige.

Ábhar mór díomá don phobal teanga an samhradh seo atá imithe tharainn ab ea an chaoi inar eisíodh teastas digiteach Covid an Aontais Eorpaigh. Ní raibh comhstádas ag an nGaeilge leis an mBéarla ar na teastais a cuireadh amach agus ní dhearnadh próiseáil cheart ar an síneadh fada. Cuireadh ainmneacha Gaeilge as a riocht mar thoradh díreach air sin, agus níor cheart go mbeadh an scéal amhlaidh.

Tugadh faoi dhá thuarascáil théarmacha ó thús na bliana seo. Seoladh tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas maidir le líon na ngardaí atá ar dualgas i limistéar Gaeltachta Dhún na nGall, agus táim buíoch de Choimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris, agus den choiste seo as iniúchadh mion a dhéanamh ar ábhar na tuarascála sin i mí na Bealtaine agus den tuarascáil a d’eisigh an comhchoiste i mí Iúil. Creidim go gcuideoidh na cúig mholadh atá sa tuarascáil sin leis An Garda Síochána feidhm a thabhairt do mo chuid moltaí féin.

Tabharfaidh mé forléargas ar an tuarascáil Oireachtais maidir leis an gcóras Eircode agus logainmneacha Gaeltachta a leagtar faoi bhráid an choiste inniu. Is ceart a mheabhrú go dtiteann an dualgas reachtúil ar an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide sa chás seo agus ní ar Eircode féin, ná ar An Post, a dháil na héirchóid. Is í an Roinn atá freagrach as an gconradh don chóras a bhronnadh agus a stiúradh. Dá mhínádúrtha agus dá thútaí é mar nós ag comhlachtaí Stáit logainmneacha Béarla a úsáid do sheoltaí daoine lasmuigh den Ghaeltacht ainneoin gur mian leo go n-úsáidfí an logainm Gaeilge, ba léir nach raibh sárú reachtaíochta i gceist leis. Is léiriú eile an neamhréir seo ar easpa cosanta ar bhuncheart teanga in Acht na dTeangacha Oifigiúla.

I mí Iúil na bliana seo, thug an Rialtas le fios go gcuirfear breis is 30 leasú suntasach ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla faoi bhráid an Oireachtais. Ba mhaith liom fáilte eatramhach a chur roimh mhianaidhm na leasuithe uile atá molta ag an Rialtas ar an mBille. Go deimhin, agus m’oráid á chur faoi bhráid an choiste agam seachtain roimh an chruinniú seo, níor foilsíodh téacs na leasuithe go fóill ach dá thúisce a rithfear an Bille is amhlaidh is téagartha a bheidh an reachtaíocht teanga a bheidh ar fáil chun cearta teanga a chosaint. Dá ghaire fís agus feidhm na gceart teanga dá chéile is amhlaidh is fearr é.

Mar fhocal scoir, fillfidh mé ar an dá mhórcheist - tábhacht na físe agus feidhm na físe. Is maith a aithnítear an tábhacht a bhaineann le stádas, siombalachas agus comhionannas measa. Is cóir gach leas a bhaint as an dea-mhéin agus an chomhthoil chun go gcuirfí lenár dtuiscint choitianta ar chearta teanga in Éirinn. San am céanna, má dhaingnítear ceart teanga go reachtúil is ann don tnúthán réasúnach go mbainfí lánúsáid as an gceart céanna agus go ndéanfadh an Stát agus comhlachtaí poiblí freastal dá réir ar an bpobal teanga. Is mian liom, mar fhocal scoir, aitheantas a thabhairt do dhíograis an choiste, agus buíochas a ghlacadh leis an gCathaoirleach agus le comhaltaí uile an choiste as a ndúthracht.

Is ábhar misnigh domsa go pearsanta go bhfuil próiseas maoirseachta agus monatóireachta i réim a láidríonn rialachas teanga an Stáit. Táimid uile faoi chomaoin an choiste dá bharr.

Gabhaim buíochas leis an gcoimisinéir agus a fhoireann as ucht a gcuid oibre agus as a bheith i láthair inniu. Tá Rónán Ó Domhnaill ina choimisinéir anois le seacht mbliana agus tá sé tar éis an-jab a dhéanamh. Conas a mhothaigh sé nuair a chonaic sé cad a tharla ag tús agus i rith na paindéime? I mí Iúil, bhí sé ag caint faoin teastas Covid nuair nach raibh leagan ceart Gaeilge ann. Nach léiríonn sé sin an bhearna a bhí ann i leith cúrsaí Gaeilge i rith na paindéime? Dúirt an coimisinéir go raibh 86 gearán faighte aige. Ceapaim go mbeidh i bhfad níos mó daoine ag gearán faoi seo. Nach léiríonn sé sin gur item faoi "any other business" í an Ghaeilge i meabhair a lán daoine a n-oibríonn le haghaidh an Stáit agus sa státseirbhís? Ní thuigeann siad cé chomh tábhachtach is atá cearta Gaeilge don tír agus do na daoine a bhaineann úsáid as an teanga. Phléigh muid é seo sa chomhchoiste. Bhí orainn troid chun eolas a fháil faoin bpaindéim as Gaeilge. Bhí sé soiléir nach raibh daoine ag smaoineamh faoin nGaeilge nuair a bhí rudaí á bhfoilsiú. Bhí gach sórt leithscéal ann. Bhí siad ag caint faoin mbrú a bhí ann agus dúirt siad nach raibh siad ag iarraidh moill a chur ar chúrsaí. An gceapann an coimisinéir go mbeidh aon athrú ann i leith na Gaeilge de bharr na taithí a bhí againn i rith na paindéime? An bhfuil aon cheachtanna foghlamtha ag na daoine seo nó ag an státseirbhís? An gcaithfimid troid le haghaidh seasamh na Gaeilge, ardán don Ghaeilge agus cearta Gaeilge?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Labhair an Teachta faoi líon na ngearán a fuair mé, 86, agus dúirt sé go bhfaighimid níos mó i mbliana. Agus muid i mí Meán Fómhair, tá 76 gearán faighte againn cheana féin i mbliana maidir le Covid agus níl an bhliain caite fós. Is féidir liom dul tríd sin leis an Teachta más mian leis. Bhain 40 acu sin le FSS agus 17 leis an tairseach cláraithe. Bhain trí cinn le heaspa eolais ar shuíomh an chórais mhalartaigh ar an bhfón. Bhain cúig cinn le fógraí réamhthaifeadta béil agus bhain naoi gcinn le bileoga eolais i mBéarla. Leanann sé ar aghaidh agus ar aghaidh. Ansin bhí 36 gearán a bhain leis an Roinn Sláinte. Bhain siad sin go sonrach leis an teastas Covid, litreacha i mBéarla amháin, easpa síntí fada, mí-aistriúchán, seirbhísí fóin i mBéarla amháin agus é sin ar fad. Níor chuir aon phioc dóibh sin aon iontas orm faraor. Is i dtreo na ceiste a chuir an Teachta orm maidir leis mo seacht mbliana in oifig é sin mar tharraing muid aird air seo siar in 2017 nuair a d'eisigh muid tuarascáil ar chóras na scéimeanna teanga. Phléigh muid an fhadhb a bhí ann le córas na scéimeanna agus síntí fada a bheith in easnamh. Faighimid go leor gearán faoi easpa síntí fada agus mar sin de. Chuir an Teachta an cheist orm, an dtarlódh an rud céanna arís? Le bheith ionraic, dá mbeadh paindéim nua ann ag deireadh na bliana seo, shamhlóinn go dtarlódh an rud céanna arís i go leor cásanna mar, go minic, níl ar chumas an Stáit tús áite a thabhairt don Ghaeilge ná caitheamh léi go féaráilte, mar ba chóir. Is ar cheann de na príomhchúiseanna leis sin, atá leagtha amach agam le blianta fada, ná nach bhfuil an reachtaíocht atá ann sách láidir le bundualgais a leagan ar chomhlachtaí poiblí. Tá fadhb an-bhunúsach faoina bhun sin. Baineann sé sin le líon leordhóthanach daoine le Gaeilge a bheith ag obair sa tseirbhís phoiblí agus sa státchóras atá ar a gcumas feidhmiú trí Ghaeilge.

Le cead an Chathaoirligh, léifidh mé píosa beag as tuarascáil a d'eisigh oifig an choimisinéara teanga i gCeanada. Bhí go leor de na fadhbanna céanna ag daoine i gCeanada ó thaobh seirbhís a fháil sa dá theanga sa tír sin. Is alt beag é seo a chuaigh i bhfeidhm go mór orm sa phíosa a scríobh an coimisinéir. Dúirt sé:

Once an emergency is declared, it is too late to learn English or French, and auxiliary resources—financial or material resources, translation and interpretation services—become less available than during normal times. It is therefore vital that the federal government have a sufficiently bilingual workforce at all times that is able to perform essential tasks such as supervising staff in designated bilingual regions and communicating with the public in both official languages in areas where there is significant demand.

Téann sé ar aghaidh go dtí céard a tharla go minic agus tá sé an-chosúil le céard a tharla sa tír seo:

Federal institutions tend to justify releasing information in only one official language [cé chomh minic is a tharla sé sin anseo?] during crises by noting that in an emergency, waiting for communications to be translated simply takes too long. In other words, these institutions are conducting an ad hoc cost-benefit analysis, wherein the cost of violating the Act is outweighed by the benefit of providing information quickly to at least those Canadians who can speak the official language most used by the institution. The logic of the cost-benefit analysis is, of course, of little solace to speakers of the other official language, who not only have to wait to receive important information, but also see their trust in their government begin to waver as the institutions mandated to protect them disregard their language rights and communication needs.

Tagann sé sin 100% leis na gearáin a sheol daoine chuig m'oifig le beagnach dhá bhliain anuas anois. Mothaíonn siad ligthe síos ag an Stát, nach bhfuil an Stát ag caitheamh leo go féaráilte agus nach bhfuil sé ag cur na seirbhísí ar fáil i nGaeilge mar ba chóir. Ní fheicim aon réiteach gearrthéarma air sin ach is é an réiteach is bunúsaí, agus is réiteach fadtéarmach é, ná go mbeadh a ndóthain daoine le Gaeilge ag feidhmiú sna hinstitiúidí seo. Ghabhfadh sé sin cuid mhaith den bhealach chun cúrsaí a chur ina gceart amach anseo.

Cuirim fáilte roimh an gcoimisinéir, Rónán Ó Domhnaill, agus roimh Séamas Ó Concheanainn óna oifig. Tá ceist agam atá cosúil leis an gceist a bhí ag an Teachta Calleary. An gcreideann an coimisinéir go raibh easpa tuisceana ag eagraíochtaí Stáit maidir le húsáid an tsínidh fhada ar an teastas Covid, ar chomharthaí maidir le Covid agus ar chóid phoist Eircode nó an neamhaird a bhí i gceist? An gceapann sé go raibh daoine ina suí thart ar bhord agus ag rá nár chóir bac leis an nGaeilge, go mbeadh rudaí ceart go leor agus gur cheart leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas nó an é nach raibh siad ar an eolas? An dóigh leis go mbeidh athrú air seo nuair a bheidh an tAcht curtha i bhfeidhm? Tá a fhios agam go bhfuil moill ar an 30 leasú suntasach, a rinne an coimisinéir tagairt dóibh, atá geallta ag an Aire Stáit. Tá súil agam go mbeidh siad os ár gcomhair chomh luath agus is féidir. An gceapann an coimisinéir go mbeadh chuile rud i gceart nuair atá an tAcht nua curtha i bhfeidhm agus ag obair?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Sílim go raibh meascán i gceist. Bhí easpa tuisceana in áiteanna. Is é an rud a dúradh linn sna freagraí a cuireadh faoinár mbráid ná go mba ghá gníomhú go práinneach i gcás éigeandála agus, mar gheall air sin, go mba ghá an t-eolas a chur ar fáil i mBéarla amháin go minic. Is é an léamh gur féidir a bhaint as sin ná go bhfuil an Stát ag rá go bunúsach nach bhfuil tú chun eolas tábhachtach agus práinneach a fháil i nGaeilge ag an am céanna leis an leagan Béarla.

Níl sé sin sásúil. Tagann sé ar ais don mhéid a dúirt mé faoin ad hoc cost-benefit analysis a bhíonn ar siúl, ar bhealach, faoi céard gur ceart a dhéanamh.

Ó thaobh easpa tuisceana, tagann sé sin ar ais arís go dtí an córas atá againn faoi láthair, córas na scéimeanna teanga. Bhí an coincheap taobh thiar den chóras sin go maith agus is léir dúinn nach bhfuil sé ag feidhmiú. I gcás FSS, mar shampla, in 2007, 14 bliain ó shin, lorgaíodh scéim teanga reachtúil ó FSS ina leagfaí síos na seirbhísí i nGaeilge a chuirfeadh an fheidhmeannacht ar fáil don phobal. Níl aon scéim teanga náisiúnta ag FSS. Is léir nach raibh na dualgais ann. Tá scéim teanga ag FSS i limistéar an iarthair. Tá sé gafa in éag ó 2008, is é sin, le 13 bliain anuas. Is léir go bhféadfadh an mhíthuiscint seo a bheith ann.

Is é bun agus barr an scéil agus an rud a bhfaigheann muidne ó na freagraí ná go bhfuil daoine ag rá go raibh práinn le rudaí, go raibh orthu iad a chur amach agus go dtiocfaidh siad ag an leagan Gaeilge nuair a thiocfaidh siad aige. Is é an chaoi chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo ná dul i ngleic le struchtúr na faidhbe ó thaobh an chórais earcaíochta chun go mbeidh a ndóthain daoine le Gaeilge istigh sa gcóras sna háiteanna cearta. Is eol dúinn, ón anailís atá déanta, nach bhfuil ach níos lú ná 1% de phoist sa státchóras sainaitheanta le riachtanais Ghaeilge. Ní fheictear don chóras go bhfuil riachtanas ann do phoist le Gaeilge. Ba cheart go mbeadh sé sin soiléir anois i bhfianaise na ndeacrachtaí ar fad a tháinig chun cinn.

Ó thaobh rudaí a shimpliú, tá réiteach na faidhbe ann, cé nach dtarlóidh sé go sciobtha fiú i gcóras nua seachas córas na scéimeanna. Táim ag caint faoi chóras na gcaighdeán ina leagfaí síos bundualgais faoi na caighdeáin sin, mar shampla i leith seirbhísí idirghníomhacha. Chiallaíodh sé sin nach mbeadh aon cheist ná aon mhíthuiscint, fiú más ann dóibh, faoi sheirbhísí idirghníomhacha, mar shampla an tseirbhís chlárúcháin don vacsaín. Cuireadh an tairseach don vacsaín amach i mBéarla amháin. Dá mbeadh caighdeáin leagtha síos d'fhoirmeacha agus do sheirbhísí fóin, ní bheadh muid ag brath ar scéim teanga agus ní bheadh aon cheist an bhfuil scéim ann nó an bhfuil sé gafa in éag.

Is é sin réiteach na faidhbe sa deireadh thiar ach tógfaidh sé am. Táim ag teacht ó áit atá chomh dona sin gur léir go dtógfaidh sé sin am. Is é sin an fáth gur luaigh mé i m'óráid an phráinn a bhaineann leis an Acht nua agus an tábhacht go n-achtófar an tAcht nua chomh luath in Éirinn agus is féidir chun go mbeidh muid in ann tosú dul i ngleic leis seo. Ní bheidh ann ach tús. Tá a fhios againn go mbeidh sé mhí ann sula mbunófar an coiste comhairleach agus go mbeidh dhá bhliain ann go dtí go mbeidh an plean ann. I ndiaidh sin, beidh anailís le déanamh maidir leis na Gaeltachtaí. Is é sin mo phríomhtheachtaireacht. D'fhéadfadh sé go mbeadh toradh maidir le go leor de na fadhbanna san Acht nua ach tá sé in am dúinn anois tabhairt faoi agus é a achtú agus seirbhís níos fearr a chur ar fáil ná mar atá ar fáil faoi láthair.

Cuirim fáilte roimh an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, agus a fhoireann, go háirithe Séamas Ó Concheanainn, a ndéanaim comhghairdeas leis. Cuirim fáilte roimh Órla de Búrca freisin. Tugann siad spreagadh dom i gcónaí. Tá sé deacair leanúint ar aghaidh. Nuair a fheicim fís, agus cur i bhfeidhm na físe, tugann sé spreagadh dom. Tá frása sa ráiteas, "Dá ghaire fís agus feidhm na gceart teanga dá chéile is amhlaidh is fearr é." Is dóigh go mbeidh an coimisinéir in ann teacht ar ais air sin. Cé chomh fada óna chéile is atá an fhís agus an cur i bhfeidhm ó thaobh na teanga de? Gabhaim buíochas as an tuarascáil agus an dá ráiteas thosaigh. Tá an ceann atá níos faide an-chabhrach. Tá a lán eolais istigh ann. Gabhaim míle buíochas as sin.

Cuirfidh mé mo chéad cheist phraiticiúil. An bhfuil tuarascáil á leagan os comhair na Dála inniu maidir leis na cóid phoist Eircode? B'fhéidir gur féidir leis an gcoimisinéir soiléiriú a thabhairt dúinn maidir leis an tuarascáil sin.

Tá cúpla ceist eile agam. Bhí fadhb ann i leith Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. De réir mar a thuigim, d'oibrigh an chomhairle leis an gcoimisinéir. Fuair sé gearán agus bhí dea-thoil in ann ó thaobh an fhadhb a chur ina ceart. Bhí an coimisinéir ag brath ar ghearán agus ansin bhí air dul i ngleic leis an gcomhairle cathrach. Rinneadh botúin maidir le comharthaí. Ardaíonn sé sin ceist i mo cheann. Cé mhéad údarás áitiúil eile, nach bhfuil gearáin faighte ag an gcoimisinéir fúthu, atá ag déanamh na botúin ceannann céanna? Ní mór dom a rá go gcuireann sé beagán díomá orm gur tharla sé seo i gcathair dhátheangach. Má tá sé seo ag tarlú i gcathair dhátheangach, ardaítear an cheist, cé chomh fairsing nó chomh leathan is atá an fhadhb seo?

Luaigh an coimisinéir agus an Seanadóir Kyne an Roinn Sláinte. An féidir leis an gcoimisinéir soiléiriú a thabhairt dom ar an gcuid dá ráiteas scríofa dar teideal "Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte"? Deirtear sa ráiteas "Ní léir go bhfuil dualgas reachtúil ar FSS i dtaca le roinnt mhaith de na hábhair ghearáin a cuireadh faoi bhráid m’Oifige mar nach bhfuil scéim teanga náisiúnta aontaithe ag an eagraíocht fós." Is dócha go bhfuil folús ansin. De réir mar a thuigim, más rud é go bhfuil scéim teanga ann, is cuma má tá sé imithe as dáta, tá dualgais ar an eagraíocht go fóill. Muna bhfuil scéim teanga ann, áfach, níl aon dualgais air. An féidir leis an gcoimisinéir é sin a shoiléiriú?

Tá marc mór agam ar an dara leathanach den ráiteas scríofa. Is rud é sin a luaigh an coimisinéir. Deirtear:

D’iarr Aire na Gaeltachta ar an FSS [Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte] scéim náisiúnta teanga a dhéanamh chomh fada siar le 2007. Tá Scéim Teanga daingnithe le Limistéar an Iarthair den Fheidhmeannacht ó 2005, ach leag an Oifig seo tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais sa bhliain 2011 de bharr easpa cur i bhfeidhm na Scéime sin.

Ar lámh amháin, níl aon scéim teanga ag FSS go náisiúnta agus, ar an lámh eile, tá scéim ann go háitiúil ach níor cuireadh i bhfeidhm é agus bhí ar an gcoimisinéir agus a oifig tuarascáil a leagan os comhair na Dála. Tá sé sin dochreidte, más é sin an scéal. An féidir leis an gcoimisinéir teacht ar ais chugam maidir leis sin?

Luadh an teastas digiteach Covid. Níl mé chun dul isteach ann. Bhí praiseach déanta de sin.

Maidir leis an bhForas Taighde ar Oideachas, cuireann sé iontas orm go bhfuil an dlí sáraithe ag an bhforas. Cad a tharla anseo? An bhfuair an coimisinéir gearán? Cén chaoi ar cuireadh ar an eolas é faoin rud seo? Ar thug sé faoi sin as a stuaim féin nó de bharr gearáin?

Tá dul chun cinn déanta maidir le hOifig na nOibreacha Poiblí agus is maith an rud é sin. Feicim go bhfuil an oifig anois ag déanamh a dícheall.

Déanfaidh mé tagairt do na húdaráis áitiúla. Tá buachaillí agus cailíní maithe ann agus tá buachaillí agus cailíní dána ann, de réir mar a thuigim. Bhí deich n-údarás faoi staidéar ag an gcoimisinéir. D'oibrigh cúig údarás, na cinn i gContae Shligigh, i gContae Mhuineachán, i gContae Ros Comáin, i gContae Chorcaí agus i bhFine Gall, leis an gcoimisinéir agus lena oifig. Ar leathanach 10 dá ráiteas, deireann an coimisinéir:

Is ann chomh maith céanna don easpa dul chun cinn agus don neamhaird iomlán in amanta. Is dona liom go mór an cur chuige a ghlac cúig údarás áitiúla chucu féin maidir le próiseas faireacháin agus iniúchta na bliana seo.

An bhfuil sé féaráilte domsa a rá nach bhfuarthas aon chabhair ó na húdaráis áitiúla seo? An bhfuil mé ródheacair orthu? Luaigh an coimisinéir Comhairle Cathrach Chorcaí, Comhairle Contae na hIarmhí, Comhairle Contae Cheatharlach, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus Comhairle Contae Uíbh Fhailí. Arís, ba mhaith liom beagán soiléirithe.

Tá mo dhóthain ráite faoin nGarda Síochána. Tá an dlí á shárú aige fós muna bhfuil athrú suntasach ann ón uair dheireanach. B'fhéidir go bhfuil mé mícheart ach tháinig an Garda os comhair an choiste le déanaí.

Is dócha nach raibh tuiscint acu go raibh an dlí á shárú acu. B’fhéidir go bhfuil mé róláidir faoi sin ach cheap mé go raibh easpa tuisceana ó thaobh an dlí a bheith sáraithe acu.

Maidir le Eircode, deir an ráiteas tosaigh go bhfuil an locht nó an fhreagracht ar an Roinn as an gconradh don chóras a bhronnadh agus a stiúradh. Níl an locht ar Eircode féin nó ar An Post, de réir mar a thuigim, ach ar an Roinn. Tá conradh i gceist agus níor smaoinigh siad ar bhéim a chur ar chearta bunúsacha ó thaobh ainmneacha daoine. An bhfuil mé ceart nó mícheart?

Ó thaobh cúrsaí earcaíochta, i dtuairim an choimisinéara, tá dul chun cinn déanta mar go bhfuil sprioc 20% don todhchaí maidir le hinniúlacht sa Ghaeilge agus mar go bhfuil spriocdháta de 2030 ann anois. Is dúshlán mór é sin agus tuigim sin ach tá gá le bearta difriúla. Cad mar gheall ar ardú céimeanna laistigh den chóras? An bhfuil smaoineamh ag an gcoimisinéir faoi dhaoine a mhealladh chuig ardú céime? Ar chóir go mbeadh coinníollacha ann ó thaobh na Gaeilge de le cúrsaí earcaíochta taobh amuigh den chóras chomh maith?

Maidir le leasuithe ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla, tá sé ráite ag an gcoimisinéir go bhfuil 30 leasú suntasach beartaithe. Deir sé go gcuireann sé “fáilte eatramhach” rompu agus tugaim suntas do na focail sin. Beidh cumhacht bhreise ag an gcoimisinéir. An bhfuil sé sásta go mbeidh a dhóthain cumhachtaí breise aige, i bhfianaise na taithí atá aige leis na blianta anois agus chomh deacair atá sé monatóireacht a dhéanamh? An mbeidh a dhóthain cumhachta aige? Faraor, níl na leasuithe foilsithe fós, agus tá sé sin deacair dúinn go léir dá bhrí sin, ach tá geallúintí faighte agus tá súil agam go gcomhlíonfaidh an Rialtas a bhriathar. Tá gá le spriocdháta, nach bhfuil? Is gá aitheantas a thabhairt go bhfuil géarchéim ann faoi láthair. Gan dabht tá géarchéim ann ó thaobh cúrsaí earcaíochta agus ó thaobh cearta bunúsacha. An bhfuil sé féaráilte ceist mar seo a chur ar an gcoimisinéir? Cad eile atá ag teastáil chun an fhís a chur i bhfeidhm?

Tá réimse mór ceisteanna ansin don choimisinéir.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tosóidh mé le Eircode agus an tuarascáil atá muid ag leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais inniu. Is ábhar tromchúiseach é don oifig go mbeadh tuarascáil á leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Faoin reachtaíocht, nuair a dhéantar imscrúdú agus déantar moltaí, má bhraithim nár cuireadh na moltaí i bhfeidhm, an rogha atá tugtha san Acht ná tuarascáil ar an ábhar sin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus sin atá tarlaithe sa chás seo. An chúis go raibh an t-imscrúdú ann ná nuair a dáileadh na cóid ar dtús bhí daoine ag fáil na cóid leis na hainmneacha aistrithe go Béarla nó leis na seoltaí i mBéarla amháin. An t-aon áit go raibh dualgas reachtúil á shárú ná i scéim teanga na Roinne, a dúirt go n-úsáidfí logainmneacha Gaeltachta chun críche oifigiúla agus corparáideacha. Faoin Acht, leanann dualgas atá geallta i scéim teanga ar aghaidh go tríú páirtí de chuid na Roinne. Sin a tharlaigh sa chás seo. Fuair siad tríú páirtí, Capita, leis an gcóras Eircode a dháileadh agus a stiúradh ach sáraíodh an tAcht mar gheall go raibh sé á chur amach do dhaoine gan na logainmneacha Gaeltachta á n-úsáid. Ní raibh aon sárú ann faoi logainm i mBéarla do dhuine i nDún Laoghaire, mar shampla, a bhí ag iarraidh go n-úsáidfí an logainm i nGaeilge. Ní raibh aon sárú reachtaíochta ansin, nó ó thaobh ainm duine a bheith i mBéarla seachas i nGaeilge, aisteach go leor. Is bocht an scéal é sin. Sin an áit go raibh an sárú. Rinne muid moladh go dtéifí i ngleic leis sin agus go gcuirfí an sárú reachtaíochta ina cheart.

Rinne an Roinn roinnt mhaith iarrachtaí é a chur ina cheart sa mhéid agus go bhfuil an leagan Gaeilge de na logainmneacha ar an leagan Gaeilge den leathanach Eircode don chuid is mó ach má théann tú isteach go dtí an leathanach Béarla tá an seoladh fós i mBéarla. An léamh atá againne ar an reachtaíocht, agus pléadh é seo aimsir an imscrúdaithe, ná gurb iad na logainmneacha Gaeltachta a úsáidfear, ní na logainmneacha i mBéarla. Smaoinigh go dtéann fear ón Spidéal isteach ar líne agus ceannaíonn sé rud eicint le teacht sa phost. Cuireann sé isteach a sheoladh i nGaeilge, agus cuireann sé isteach an cód poist leis, agus tagann an beartas chuige sa phost leis an seoladh i mBéarla, mar tá an rogha ag an duine atá ag dáileadh an phostas pé ceann a úsáid. Rinne an Roinn roinnt mhaith oibre air sin agus rinne siad iarracht é a chur ina cheart. Dúirt siad gur labhair siad leis An Post faoi agus bhí cruinnithe acu faoi. Go bunúsach, an argóint atá An Post ag déanamh ná nach féidir leo é a dhéanamh leis na leaganacha Gaeilge amháin mar go gcuirfeadh sé sin as do na hiarrachtaí atá ar bun acu an post a dháileadh go cruinn agus in am. Deir siad go bhfuil dualgais eile orthu faoi ComReg agus mar sin de an post a dháileadh agus mura mbeadh fáil ach amháin ar na logainmneacha Gaeltachta, ní fhéadfaí é sin a dhéanamh. Tá sé ina staic ar bhealach ach ó mo thaobhsa de, is léir nár cuireadh phríomh-mholadh an imscrúdaithe i bhfeidhm agus sin an fáth go bhfuil mé á leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

Ó thaobh Comhairle Cathrach na Gaillimhe, is oifig bheag muid, mar is eol don Teachta. Mar gheall air sin, bíonn muid ag brath ar ghearáin ón bpobal muid a chuir ar an eolas nuair a fheiceann daoine rud atá ag cur as dóibh ó thaobh na Gaeilge de agus ansin breathnaíonn muidne an bhfuil sárú reachtaíochta i gceist. Sin a tharlaigh i gcás Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Ní hiad an t-aon údarás áitiúil go ndearnadh gearán fúthu. Rinneadh gearán faoi sé nó seacht n-údarás áitiúil eile agus cúrsaí comharthaíochta ach seo an ceann go ndearnadh imscrúdú faoi. An chúis go ndearnadh imscrúdú faoi, más buan mo chuimhne, go bunúsach, ná mar nach raibh muid ag fáil an comhfhreagras go raibh muid ag súil leis i amtráth le dul i ngleic leis an bhfadhb ar bhonn a bhí praiticiúil. Téann muid ag imscrúdú nuair nach gcuirtear an rud atá ag sárú na reachtaíochta i gceart in am réasúnta gairid. Níor tharlaigh sé sin sa chás seo agus sin an fáth go ndeachaigh muid ag imscrúdú.

Ó thaobh an Roinn Sláinte agus FSS, tá an ceart ag an Teachta faoin scéim teanga. Bhí mé ag caint leis an Seanadóir Kyne faoin mhíthuiscint a d’fhéadfadh a bheith ar bhaill den phobal ó thaobh seirbhísí san áit seo. Lorgaíodh scéim teanga ó FSS in 2007. D’iarr an tAire orthu scéim teanga a aontú agus a dhaingniú, ina leagfaí síos na seirbhísí, agus níor tharla sé sin riamh. In 2005, dhá bhliain roimhe sin, d’aontaigh limistéar an iarthair de chuid FSS scéim teanga don limistéar sin amháin. De réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, an plean a bhí ann, agus rinne sé go leor céille, ná go dtógfaí ar an scéim chuile thrí bliana, go mbeadh an dara scéim agus an tríú scéim ann agus go leanfaí leis na dualgais. Mura dtarlaíonn sé sin, an rud a deirtear san Acht ná go bhfuil an scéim imithe in éag, ach leanann na dualgais atá sa chéad scéim. Níor daingníodh an dara scéim riamh i gcás limistéar an iarthair. D’aithin mo réamhtheachtaí Seán Ó Cuirreáin i 2011 go raibh fadhb mhór anseo agus chuir sé an tuarascáil sin faoi bhráid Thithe an Oireachtais in 2011 nuair a rinne sé imscrúdú ar easpa chur i bhfeidhm na scéime maidir le limistéar an iarthair de chuid FSS. Is faoin gcoiste, agus, is dóigh, faoi Thithe an Oireachtais, atá an tuarascáil sin fós.

Ó thaobh mo ról mar Choimisinéir Teanga, go bunúsach an chéim dheireanach gur féidir le Coimisinéir Teanga a thógáil ná an tuarascáil a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus a rá gur fhéach muid ar an dualgas, chinn muid go raibh sárú ann, rinne muid moltaí, níor cuireadh i bhfeidhm iad, agus anois táimid á chur sin faoi bhur mbráid.

Maidir leis an bhForas Taighde ar Oideachas, seo cás a bhí thar a bheith dúshlánach don oifig. Bhí go leor tochailt ann ó thaobh an imscrúdú seo. Déanfaidh mé iarracht cur síos a dhéanamh air go beacht gan dul i bhfad scéil leis. Go bunúsach, rinneadh trialacha nua do bhunscoileanna do léitheoireacht i mBéarla agus i matamaitic. Le teacht ar chaighdeán a bhí mar mheán-scór, mar shampla, do léitheoireacht, rinne an Foras Taighde ar Oideachas tástáil ar scoileanna roimh ré le go bhfaighidís an caighdeán, trí shamplaí trialacha. Nuair a bhí siad á dhéanamh sin, bhris siad síos na scoileanna i réimsí éagsúla - de réir mar a chuimhním air, scoileanna cathracha agus cinn tuaithe, scoileanna cailíní nó buachaillí, scoileanna DEIS, agus scoileanna a bhí ag teagasc trí Ghaeilge. Nuair a bhí sé sin déanta, leis an gcaighdeánú a dhéanamh bhain siad amach na scoileanna a bhí ag feidhmiú trí Ghaeilge agus rinne siad an caighdeánú ar na cinn eile mar ní raibh siad ullamh é a dhéanamh i nGaeilge. Go bunúsach, sin an t-imscrúdú a bhí ann agus sháraigh an fhoras an tAcht Oideachais dá bharr. Táimid ag déileáil leo go leanúnach ó shin chun cinntiú nach dtarlóidh sé arís. Tá moltaí curtha faoinár mbráid agus táimid ag oibriú leo le teacht go staid go mba cheart nach dtarlódh sé arís.

Maidir leis na húdaráis áitiúla, seo fadhb mhór a tháinig chun cinn le linn na hoibre ar an dtuarascáil faireacháin. Luaigh an Teachta an cúig údarás áitiúil nach raibh ag tacú linn. Ceisteanna sách bunúsach a bhí ann faoin obair a bhí ar siúl ag na húdaráis áitiúla, ach an rud a dúirt mé sa tuarascáil bhliantúil ná go bhfuil foráil san Acht a cheadaíonn dom mar Choimisinéir Teanga an dlí a chur ar chomhlacht poiblí de bharr easpa comhoibrithe agus iad a thabhairt chuig na cúirteanna mura bhfuil siad ag comhoibriú liom. An rabhadh a thug mé ná go bhfuil mé ag obair ina threo sin anois mar níl sé féaráilte ar na húdaráis áitiúla eile atá ag tacú linn agus atá ag freagairt na ceisteanna agus ag cur eolais ar fáil. Tá imní nó aiféala orm faoi seo. B’fhéidir gur rud é gur cheart a tharlú - go mbeidh orm seans feidhme a thabhairt don fhoráil sin san Acht de bharr easpa comhoibrithe.

Ó thaobh an Gharda agus easpa tuisceana, níl aon bhealach gur cheart go mbeadh aon easpa tuisceana ar an nGarda Síochána faoin dualgas reachtúil atá orthu ó thaobh na Gaeilge de agus ó thaobh líon na ngardaí le Gaeilge sa Ghaeltacht. Bhí muid ag scríobh acu ar feadh deich mbliana faoi seo agus tá siad go maith ar an eolas faoin dualgas atá orthu. Molaim an bealach go ndeachaigh an coiste i ngleic leis an tuarascáil trí Choimisinéir an Gharda a thabhairt isteach agus tuarascáil bhliantúil a lorg faoin dul chun cinn atá á dhéanamh. Tá súil agam go mbeidh sé sin ina chabhair.

Ní dhearna mé an oiread sin machnamh go dtí seo faoin earcaíocht agus arduithe céime. B’fhéidir gur cheart go mbeadh sé sin ann. Tá mé ag cuimhneamh os ard anseo. Is léir go mba cheart go mbeadh sé mar bhuntáiste do dhuine atá ag iarraidh ardú céime go bhfuil Gaeilge acu, go mór mór má tá poist ann ina bhfuil gá leis an nGaeilge. Ba cheart breathnú ar an nGaeilge mar bhuntáiste breise atá ag duine agus ba cheart go mbeadh sé sin san áireamh chomh maith. An rud atá ag teastáil ó thaobh earcaíochta de, go ginearálta, ná go mbeadh daoine le Gaeilge ag chuile leibhéal den státchóras agus den tseirbhís phoiblí. Sílim go gcuideodh sé sin go mór.

Bhain an cheist dheireanach leis na leasuithe agus na ceannteidil. Dúirt mé go raibh mé ag cur fáilte "eatramhach" rompu mar nach bhfuil siad feicthe agam. In 2017, sa tráchtaireacht ar chóras na scéimeanna teanga, luaigh mé na rudaí a bhí ag teastáil, dar liom, agus luaigh an comhchoiste na moltaí a bhí ag teastáil ina thuarascáil chomh maith. Ón méid atá feicthe againn, tá an Rialtas ag dul i ngleic le go leor de na moltaí atá déanta leis na leasuithe, de réir mar atá feicthe againn sa ráiteas, ach níl na leasuithe feicthe againn fós agus sin an fáth go ndúirt mé go gcuireann mé fáilte "eatramhach" rompu. Tá sé tábhachtach go mbeadh spriocanna ama cinnte sna leasuithe agus nach mbeadh siad lán le díolúintí. Níor chóir go mbeadh sé ró-éasca díolúine a fháil ó na leasuithe má tá dualgas ar chomhlacht poiblí a lógó a bheith i nGaeilge, fógraíocht a dhéanamh trí Ghaeilge nó, go sábhála Dia sinn, go gcaithfidís síneadh fada a chur san áit go gcaithfidh síneadh fada a bheith. Ba chóir go dtarlódh sé sin go sciobtha agus nach mbeadh siad ag fáil díolúintí ar feadh blianta a chuirfeadh moill ar a leithéid. Sílim go bhfuil na prionsabail leagtha síos ach - agus deirim é seo le mór-mheas - caithfidh an coiste Oireachtais agus Baill an Oireachtais a bheith ag faire amach dóibh nuair atá an reachtaíocht seo á phlé san am amach romhainn.

Is léir go bhfuil bearna mhór mhillteach idir an fhís agus an méid atá ag tarlú. Deirtear go leor faoin Ghaeilge i ráitis de chuid an Stáit agus an Rialtais ag dul siar go 2006, sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus in Acht na dTeangacha Oifigiúla. An áit inar féidir feidhm a thabhairt don fhís sin, ag deireadh an lae, ná trí dhaoine le Gaeilge a chur san áit go bhfuil siad ag teastáil, sa státchóras agus sa tseirbhís phoiblí, le seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil do dhaoine a theastaíonn siad uathu, chun nach mbeadh orthu a bheith ag streachailt nó anró a bheith ann ag fáil seirbhísí. Sin an áit dó sin agus is réiteach fadtéarmach atá ann gur féidir dul i ngleic leis sin amach anseo.

Gabhaim buíochas leis an gcoimisinéir as an gcur i láthair agus na tuairiscí éagsúla. Fáiltím roimhe agus roimh a fhoireann. Aontaím go láidir leis an tuairim gur fágadh an Ghaolainn i leataobh le linn na paindéime. Bhí sé ann b’fhéidir nuair a d’oiriúnaigh sé do na comhlachtaí éagsúla. Sheol an tslí inár láimhseáladh an ardteistiméireacht, agus an tairseach ina chomhair an chéad uair, teachtaireacht an-láidir chuig glúin nua Gaeilgeoirí. Cé go ndeachadar ar aghaidh, feabhsaíodh é agus ceartaíodh rudaí níos déanaí sa bhliain, bhí an teachtaireacht soiléir chuig an ghlúin sin go raibh an Ghaolainn san áit thánaisteach.

Nuair a cuireadh an cheist níos luaithe mar gheall ar cheachtanna a fhoghlaim, chuir sé fearg orm a chloisteáil gur bhraith an coimisinéir go dtarlódh an rud ceannann céanna arís. Surely tá ceachtanna éigin foghlamtha ag na heagraíochtaí éagsúla. An iad na gearáin ceannann céanna atá ag teacht isteach chuig an gcoimisinéir anois i mbliana nó an bhfuil difríocht ansin? An bhfuil aon cheacht foghlamtha ag na heagraíochtaí éagsúla? Ní chuireann sé ionadh orm go bhfuil bearnaí ann ach caithfidh go bhfuil solas éigin á lasadh istigh ann.

Luaitear sa tuarascáil bhliantúil go raibh laghdú ar na gearáin a fuarthas anuraidh ach fós bhí thart ar 60% de na gearáin nach rabhthas ábalta fiosrú toisc nach raibh siad ag sárú aon reachtaíocht. Léiríonn sé sin dom go bhfuil bearna idir an tseirbhís atá daoine ag súil leis agus an reachtaíocht nó na riachtanais atá ann.

An bhféadfá aon eolas a thabhairt ar an mbearna sin agus ar na gearáin éagsúla nach raibh oiriúnach nó nach raibh Oifig an Choimisinéara Teanga in ann a fhiosrú mar gheall go raibh siad faoi eagraíocht éigin faoi leith nach bhfuil clúdaithe nó an raibh an deacracht faoin gcur chuige atá ann? Cad go díreach í an chúis atá ann go bhfuil siad fágtha agus nach bhfuil siad oiriúnach?

Maidir leis an tuarascáil faireacháin, luamar na húdaráis áitiúla agus an tslí a bhfuil an liosta de na buachaillí maithe agus de na buachaillí nach bhfuil amhlaidh agus na cailíní atá ag brú ar aghaidh agus iad siúd nach bhfuil á déanamh amhlaidh. Feicim ón liosta go bhfuil foirmeacha iarratais mar cheann de na rudaí móra atá mícheart i measc na húdaráis nach bhfuil ag déanamh go maith. Shamhlóinn go mbeadh an-chuid de na foirmeacha iarratais ag teacht ón Roinn agus go mbeadh an fhoirm chéanna ag gach údarás i gcomhair tithíochta, deontas, tobar uisce agus mar sin de. Cad atá ar siúl ansin? An é go bhfuil cuid de na húdaráis áitiúla ag cur foirmeacha iarratais dá chuid féin le chéile? Cad go díreach atá ar siúl? Cén fáth go raibh an deacracht ag teacht chun cinn chomh minic sin?

Tá dul chun cinn maith á dhéanamh ag Oifig an Choimisinéara Teanga le cúpla comhairle, cosúil le Comhairle Contae Chorcaí, atá sa liosta dearfach. Tá rudaí níos diúltaí i gcás eagraíochtaí eile cosúil le Comhairle Cathrach Chorcaí. An bhféadfadh an coimisinéir eolas a thabhairt dúinn ar na hiarrachtaí agus na deacrachtaí atá tagtha chun cinn maidir leis na grúpaí nach bhfuil ag dul chun cinn?

Mar fhocal scoir, bhí plé maith againn ar an mBille níos luaithe sa bhliain. Táim ag súil go mbeimid in ann brú ar aghaidh leis agus leis na leasuithe. Beidh mé ag déanamh gach iarracht ó mo thaobh agus tá a fhios agam go bhfuil an-chuid de bhaill den choiste seo ag tnúth leis. Beimid ag brú ar aghaidh leis sin go luath.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Ó thaobh ceist na hardteistiméireachta agus rudaí a bheith curtha ina cheart, bhí siad curtha ina cheart ach dúirt mé leis an Roinn Oideachais anseo ag an am go raibh sé ró-dheireanach. Má bhíothas ag súil go mbeadh sé úsáideach nuair a chuirfí brú agus iallach agus nuair nár tugadh rogha do dhaoine ach an leagan Béarla a úsáid chun clárú don ardteistiméireacht ar dtús, nuair a chaithfí é sin a athdhearbhú an dara huair, ná bímis ag súil go n-iompóidh daoine ar an leagan Gaeilge nuair nach raibh sé ar fáil dóibh mar ba cheart go mbeadh sé ar fáil ar an gcéad dul síos. Is é sin an pointe a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh.

Ó thaobh ceachtanna a foghlaim agus mar sin de, má tá rud curtha ina cheart, agus tá an tairseach curtha ina cheart anois, ba cheart go mbeadh sé curtha ina cheart agus is é sin deireadh an scéil, ach bogann cúrsaí ar aghaidh agus tagann seirbhísí nua i bhfeidhm go minic. Is iad sin seirbhísí idirghníomhacha go mór mór. Go minic níl aon dualgas ag go leor comhlachtaí poiblí maidir le seirbhísí idirghníomhacha mar gheall nach bhfuil aon dualgas díreach san Acht ann. Is í an imní atá orm ná dá dtarlódh a leithéid de phaindéim nó d’éigeandáil arís, d'fhéadfadh an rud céanna tarlú arís mar nach bhfuil dualgas reachtúil láidir leagtha síos go neamhbhalbh i bhfoirm chaighdeáin, mar shampla, ó thaobh seirbhísí idirghníomhacha.

Ó thaobh an laghdú a tháinig ar líon na ngearán sa tuarascáil bhliantúil, tháinig laghdú ar go leor oifigí cosúil le m’oifig féin mar gheall ar Covid-19. Thit líon na ngearán agus is beag nár stop siad ar fad i mí an Mhárta nuair a thosaigh an ghéarchéim. De réir a chéile, nuair a chonaic daoine nach raibh an Stát ag caitheamh leo go féaráilte ó thaobh na Gaeilge de, tar éis dóibh deis a thabhairt don Stát é sin a dhéanamh, mhéadaigh lion na ngearán ansin. Tá líon na ngearán atá ag teacht faoi mo bhráid agus nach bhféadaim a fhiosrú ard. Tá sé os cionn 50% nó 60%, mar a dúirt an Teachta, agus is dóigh liom iad go bhfuil sé ag méadú. Léiríonn sé sin arís an easpa dualgais atá ann i gcás seirbhísí idirghníomhacha, mar shampla. Tá go leor gearán faoi sheirbhísí idirghníomhacha. Is é sin ceann de na háiteanna ina bhfuil an fhadhb seo soiléir.

Is áit eile é foirmeacha iarratais, leis an dá cheist sin a chur le chéile. Fuaireamar gearáin nach raibh daoine in ann foirmeacha iarratais a fháil i nGaeilge. Arís, níl aon dualgas díreach san Acht faoi rudaí mar sin agus táthar ag brath ar scéim teanga. Is minic nach ann don scéim, agus fiú más ann don scéim, b’fhéidir nach mbeidh a leithéid aontaithe inti.

Maidir leis an gceist a d’fhreagair mé faoi easpa chomhoibrithe agus cás Chomhairle Cathrach Chorcaí, chuireamar ceistneoir chuici agus thug an comhairle cathrach le fios i gcumarsáid ghutháin ar an 23 Márta 2020 nach mbeadh ar a cumas freagra a thabhairt de bharr ghéarchéim Covid-19. D’eisíomar roinnt mhaith meabhrachán agus roinnt teagmhála gutháin leis an gcomhairle idir mhí an Mheithimh agus mí na Samhna 2020 agus, ainneoin admhálacha a bheith faighte ón gcomhairle, ní bhfuaireamar aon fhreagra ar an gceistneoir go fóill. Is é an seasamh a bhí ann.

Mar a dúirt mé, is é an rud is mó a chuireann isteach orm faoi sin ná na húdaráis áitiúla eile a bhíonn toilteanach agus a thuigeann an dualgas reachtúil atá orthu agus a théann i ngleic leis na fadhbanna atá ann. Caithfear dul i ngleic leis sin ar bhealach agus tá cumhacht tugtha san Acht ó thaobh easpa chomhoibrithe agus is sa treo sin atáimid ag dul.

Glaoim ar an Teachta Ó Cuív anois.

Fearaim fáilte roimh an Coimisinéir Teanga anseo agus tá áthas orm go bhfuil sé anseo inniu.

Caithfimid tuiscint a fháil ar dhearcadh na seirbhíse poiblí agus, más féidir liom a rá, dearcadh go leor de phobal na hÉireann ar an nGaeilge. Ní cheaptar gur fíortheanga í a labhraíonn daoine chuile lá agus a úsáideann daoine i mbun gnó sa bhaile, agus mar sin de. Feictear í mar ornáidíocht nó maisiúchán de shaghas éigin atá go deas ach nach bhfuil mar bhundualgas ar aon duine. Dar liom, tá fadhb ollmhór againn anseo leis an meon aigne. Is cuma cén rialacha a thabharfar isteach mar tabharfaidh sé tamall an meon aigne sin a athrú.

B’fhéidir go bhfuil sé rófhada thart ach is cuimhin liom treoirlínte Bhord na Gaeilge, nuair a bhí an bord sin ann, a thug Mícheál D. Ó hUigínn, atá ina Uachtarán anois, isteach nuair a bhí sé mar Aire. Bhí siad uaillmhianach amach is amach agus i bhfad níos uaillmhianaí ná mar atá, fiú amháin, an Bille teanga atá os ár gcomhair i láthair na huaire.

Nuair a bhí mise ag stiúradh an chéad reachtaíocht tríd an Dáil, bhí gearán ón taobh istigh sa chóras faoin mhéid a bhí ann. Bhreathnaigh mé ar an duine sinsearach a bhí do mo cheistiú agus dúirt mé go raibh i bhfad Éireann níos mó i dtreoirlínte an iarAire. Dúirt an duine sin liom gurbh ea agus gur aontaigh siad iad sin gan stró ar bith mar níor cheap siad riamh go gcuirfeadh siad i bhfeidhm iad. Bhí an cineál ruda sin ann go raibh sé go deas Acht agus chuile shórt a bheith ann agus ní raibh aon duine dáiríre go gcuirfear i bhfeidhm é. Thuig mé é sin agus is é sin an fáth go bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga ann anois. Thuigeamar ag an am sin go raibh gá le duine éigin le bata mór - le cumhacht reachtúil - a bheith ann. B’fhéidir nár tugadh dóthain cumhachta don choimisinéir ag an am, ach mura mbeadh a leithéid ann le rá nach bhfuil eagraíocht Stáit ag déanamh an rud atá sa dlí, is léir go bhféadfaí dlí iontach a scríobh ach nach gcuirfí i bhfeidhm é. Is ábhar é seo rud a bhfuilimid ar fad ag plé leis le fada. Tá go leor le déanamh fós i dtaobh na ceiste seo mar caithfear dul i ndiaidh daoine an t-am ar fad, fiú amháin maidir leis na dualgais atá soiléir taobh istigh den Acht a chomhlíonadh, mar shampla, chun freagra a fháil i nGaeilge ar litir a cuireadh isteach i nGaeilge agus mar sin de.

Bíonn tathant le déanamh ar chuile dhuine agus is sampla é seo den rud a tharla le Covid-19. Bhí sé chomh héasca na leabhráin a dhéanamh go dátheangach. Níl le déanamh ach glaoch ar cheann de na comhlachtaí aistriúcháin agus bheadh míle fáilte roimh an duine le chuile shocrú agus a rá leis nó léi go mbeadh cúpla lá i gceist leis é seo a aistriú. Is minic a rinne mé féin é leis na comhlachtaí aistriúcháin agus déanfaidh siad é. Ach níor fhéadfadh na húdaráis a bheith botheráilte. Tá nós beagáinín den "cuma-liomachas" ann faoi seo ar fad. Is é sin san áit a bhfuil dualgas láidir sa dlí ó thaobh rudaí a scaipeadh i ngach uile theanga is atá in Éirinn, chomh fada agus is eol dom.

Is bun-dlí é sin atá againn. Caithfear é sin a dhéanamh agus clúdaíonn sé sin na comhlachtaí Stáit ar fad ansin.

Tá an rud céanna i gceist maidir leis an teastas Covid-19 a bhí thar a bheith lochtach. Ní thuigim cén chaoi a bhféadfaí é a dhéanamh go lochtach. Ní raibh siad in ann fiú amháin ainm na tíre a fháil i gceart. Bhí mé i mo chónaí i dtír nua ar fad nuair a chonacthas go raibh a leithéid d’áit ann darb ainm “Republic of Ireland”. An chéad lá a tháinig ceann amach, chuir cara liom ceann chugam agus d’fhiafraigh sé díom ar cheap mé gur teastas bréagach nó fíortheastas a bhí ann. Bhreathnaigh mé air agus bhí cuma de chineál cirte air agus ansin chonaic mé an "Republic of Ireland" agus chuir mé téacs aige ar an bpointe agus dúirt mé leis an rud a sheachaint mar cheap mé, b’fhéidir, gur scam a bhí ann mar ní hé sin ainm an Stáit agus ní úsáidfeadh Roinn Stáit "Republic of Ireland" go brách. Mó léan géar nach orm a bhí an díchiall.

Tá súil agam go n-achtófar an Bille. Tá Acht ann agus ní dóigh liom go bhfuil aon duine ag argóint anois gur cheart deireadh a chur leis an Acht. Caithfimid cuimhneamh go raibh sé i gceist in 2010 lagú a dhéanamh air. Is é sin an fáth gur thosaigh caint ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus na dualgais atá isteach san Acht i láthair na huaire a bhaint as. Ná bíodh aon duine ag ceapadh gurbh é á láidriú a bhí i gceist ag an am sin.

Chomh maith leis sin, más buan mo chuimhne - sílim go raibh an coimisinéir ag obair do RTÉ ag an am – bhí moladh ann go gcuirfí Oifig an Choimisinéara Teanga isteach leis an Ombudsman. Táim ag ceapadh go bhfuil dhá rud bainte amach idir an dá linn. Tá an tAcht le láidriú agus tá Oifig an Choimisinéara Teanga le fágáil ann. B’fhéidir go bhfuil tuilleadh foirne á lorg ag an oifig agus bheinn thar a bheith tacúil le hiarratas mar sin. Bíonn gach tosach lag, ach tá an oifig ann le píosa fada agus tá go leor oibre le déanamh.

Ba cheart dul ar aghaidh agus an tAcht nua a achtú chomh sciobtha agus is féidir, ach táim cinnte de nach mbeidh chuile shórt ar mhaith linn nó a bhféadfaí a chur san Acht ann. Níl aon chosc orainn teacht ar ais laistigh de dhá bhliain nó trí bliana le breis forálacha, mar is de réir a chéile a thógtar na caisleáin. Is é an rud ba mheasa a bhféadfaí a dhéanamh i mbliana ná an iomarca ama a chailleadh anois ag an bpointe seo. Tá an tAcht ag teastáil go géar agus creidim féin gur feabhas maith é ar an méid atá ann. Láidríonn sé gnéithe áirithe ach ní dóigh liom go mba é sin deireadh an scéil.

Tá an rud céanna seo i gceist maidir leis an Acht atá ann i láthair na huaire agus bainfidh sé leis an Acht nua sa mhéid is nár baineadh úsáid as na hionstraimí ar fad a bhí ann. Is é cás an HSE an sampla is fearr de sin. Ligeadh na pleananna teanga dul i léig agus níor tugadh pleananna teanga nua isteach nuair a bunaíodh eagraíochtaí nua agus mar sin de. Is dóigh liom go mba bunlocht é nár baineadh leath an oiread úsáide agus a bhféadfaí as ionstraimí reachtúla agus as rialacháin, cé go bhfuil soláthar sách fairsing díobh ann.

Tá faitíos orm leis an Acht nua maidir leis an rud céanna agus leis na caighdeáin. Faoin am go mbunófar coiste agus go dtabharfar caighdeáin isteach, is féidir go dtabharfar roinnt díobh isteach ach beidh orainn a bheith ag athrú na gcaighdeán ó mhí go mí, de réir mar a bheidh an saol ag athrú, agus is ag athrú a bhíonn an saol. De réir mar a bhíonn poill á n-aimsiú ag an státchóras atá ag iarraidh éalú as na rudaí seo agus as na rialacháin, mura bhfuil siad á stiúradh go gníomhach ag an Roinn, ní bheimid ag tabhairt na deiseanna don choimisinéir rudaí a chur i bhfeidhm.

Luafaidh mé rud amháin deiridh agus b’fhéidir go dtaispeánann sé fadhb eile maidir le dearcadh. Cuirtear an mana "Transport for Ireland" ar bhusanna agus ar dheiseanna iompair sa tír seo. Chuir mé ceist ar an Aire Iompair faoi sin. D'iarr mé air cén fáth nach bhfuil "Iompar Éireann" ann. Chuir sé an National Transport Authority, NTA, ar aghaidh, á rá nach raibh aon fhreagracht aige chun déileáil leis. Is é an dearcadh a bhí ag an NTA nach raibh aon dualgas air, is é sin an dearcadh nach ndéanfadh an t-údarás sin rud ar bith riamh mura mbeadh sé sa dlí go gcaithfidh siad é sin a dhéanamh. Chonacthas dom, agus an Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Stáit agus mar phríomhtheanga oifigiúil sa bhreis air sin, go mba aisteach an dearcadh é sin ag oifig náisiúnta de chuid an Stáit seo. Taispeánann sé nach bhfuil éirithe linn nó leis an Dáil, tar éis os cionn 100 bliain ó bunaíodh an Chéad Dáil, a chur ina luí ar an gcóras seirbhíse poiblí go bhfuil dualgas níos leithne air i leith na Gaeilge ná mar atá leagtha síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá an Ghaeilge, mar a dúirt an coimisinéir féin i ráiteas i ndiaidh ráiteas de chuid an Stáit, fíorthábhachtach agus fíorbhunúsach don Stát seo.

Is mian liom mo bhuíochas a chur in iúl don choimisinéir as an obair a dhéanann sé. Níl sé éasca agus le cúnamh Dé beidh tuilleadh armlóin aige go luath agus táim cinnte go mbainfidh sé spraoi as a bheith ag caitheamh na n-urchar.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Aontaím le gach a bhfuil ráite aige sa phíosa cainte sin agus táim buíoch as a dhea-mhéin i leith na hoifige.

Chuir an Teachta ceist theicniúil amháin faoin alt ó thaobh na leabhráin eolais agus cumarsáid leis an bpobal. Tá foráil dhíreach san Acht a leagann síos, i gcás ina ndéanann duine cumarsáid i dteanga oifigiúil le comhlacht poiblí, go bhfreagróidh an comhlacht sin sa teanga chéanna. Chomh maith leis sin, tá dualgas ann in alt 9(3) a deir:

I gcás ina ndéanfaidh comhlacht poiblí cumarsáid i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach leis an bpobal ... nó le haicme den phobal ... chun faisnéis a thabhairt ... gur i nGaeilge, nó i mBéarla agus i nGaeilge, a bheidh an chumarsáid.

Tá sé tráthúil gur luaigh an Teachta é sin i gcomhthéacs na leabhrán faoi Covid-19. Faoin Acht, tá cead ag comhlacht poiblí cás Ard-Chúirte a thógáil in aghaidh moltaí agus fionnachtana na n-imscrúduithe. Faoin alt 9(3) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla, is é an t-aon uair a tharla sé sin nuair a thóg na Coimisinéirí Ioncaim cás Ard-Chúirte i gcoinne fionnachtana a rinneadh in imscrúdú faoin alt sin maidir le cáin mhaoine. D’éirigh leis an oifig sa chás sin agus tá sé sin docht daingean ó thaobh an dualgais atá ann. Léiríonn sé sin nuair atá rud leagtha síos go soiléir agus go daingean i reachtaíocht, tá sé an-deacair éalú uaidh sin.

Ó thaobh na hoifige de agus an deich mbliana ó tosaíodh caint faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá an ceart ag an Teachta maidir leis na chéad-cheannteidil a tháinig amach. Is cuimhin liom iad mar ní raibh mé ach tosaithe mar Choimisinéir Teanga ag an am. Go bunúsach, bhí an méid a bhí san Acht nach raibh ag oibriú á dhaingniú agus ní raibh sé sin ceart sa mhéid is go raibh tréimhse ama níos faide le cur le scéimeanna teanga seachas córas na gcaighdeán a thabhairt isteach. Ní raibh aon rud ann faoi earcaíocht nó faoi fhoráil a dhéanamh don Ghaeltacht. Táimid tagtha cuid mhaith uaidh sin. Is í an imní atá orm go bhfuil an t-am ag sleamhnú thart an t-am ar fad agus caithfear dul i ngleic leis sin.

Mar fhreagra eile ar deireadh ansin ó thaobh cúrsaí foirne de, luaigh an Teachta an chónascadh le hOifig an Ombudsman á bhí molta. D’imigh sé sin agus is dea-rud é go bhfuil an oifig ag seasamh as a stuaim féin.

Fillfidh mé go han-sciobtha ar cheist a chuir an Teachta Connolly faoi bhreis cumhachtaí. Tagann an cheist sin isteach leis an gceist a chuir an Teachta Ó Cuív. Faoin mhéid atá beartaithe faoi láthair, beidh ról monatóireachta ag an oifig ar achtacháin eile chomh maith le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, rud nach bhfuil ann faoi láthair.

D’iarr an Teachta Connolly orm an bhfuil rud breise á lorg agam. Bhí agus tá rud breise á lorg agam - go mbeadh ról ag an oifig chomh maith maidir le breathnú ar reachtaíocht a thagann chun cinn agus maidir le polasaithe an Stáit agus an tionchar a bheadh acu siúd uile ar an nGaeilge. Ba mhaith liom, tráth éigin, go mbeadh ról ag m’oifig ansin agus go bhféadfaimid tabhairt faoin obair mhór thaighde. Níl aon chosc orainn go reachtúil ó thaobh obair mhór thaighde, go bhfios dom, ach níl sé ar ár gcumas tabhairt faoi ó thaobh cúrsaí foirne de.

Bhí mé ag léamh píosa amach ó Cheanada agus sílim go bhfuil 200 duine ag obair san oifig sin. Tá ochtar againn.

Measaim gur luaigh coimisinéir teanga na Breatnaise líon foirne 46 duine an tseachtain seo caite.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Is é sin sa Bhreatain Bheag. Tá difear mór ann. Shamhlóinn leis an Acht nua go mbeidh tuilleadh foirne uainn agus táim ag plé leis an Roinn a chuireann an fhoireann ar fáil dúinn lena haghaidh sin.

Aontaím leis a lán den mhéid atá ráite ag an Teachta Ó Cuív. Mar a dúirt an Teachta Aindrias Moynihan, táimid ar fad ag tnúth leis an mBille. Beidh sé os comhair na Dála an tseachtain seo chugainn go bhfios dúinn. Níor chóir go mbeadh moill orainn. Bhí plé an-fhada againn, tá ceisteanna móra le freagairt agus muna n-éiríonn linn déileáil leo sa reachtaíocht seo tiocfaimid ar ais chucu. Tá an díospóireacht le bheith againn agus glacaim leis an Aire Stáit, an Teachta Chambers, agus le gach duine eile go mbeidh muid in ann críoch a chur leis cuibheasach gasta sa Dáil agus sa Seanad. B'fhéidir go bhfuil seans ann go mbeidh sé achtaithe roimh dheireadh na bliana. Leagadh síos am roimhe seo agus níor shroicheadh aon spriocdháta go dtí seo.

Ó thaobh an reachtaíocht féin de, bhí an Coimisinéir ag caint faoi na scéimeanna agus faoin gcaighdeán. An bhfuil aon seans ann go mbeidh moilleadóireacht i gceist, mar shampla le FSS? Níl scéim ag FSS faoi láthair. An ndéanfaidh sé moill go dtí go mbeidh na caighdeáin leagtha síos? Ceann de na fadhbanna atá againne ná nach bhfuil a fhios againn cad atá sa chaighdeán mar níl dréacht againn ach glacaim leis gur cosúil leis an mBreatain Bheag a bheidh ann. Ciallaíonn sé sin nach mbeidh aon scéim nó riachtanas breise ag FSS go ceann dhá bhliain eile. Má smaoinítear air, má tá an Bille achtaithe ag deireadh na bliana beidh an coiste comhairliúcháin agus an tAire ag cur an caighdeán le chéile; mar sin, beidh bliain sa bhreis ann agus ansin pé lead-in time atá i gceist.

Bhí an coiste ag labhairt leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe mar gheall ar earcaíocht. Ceann de na ceisteanna a chuir mé ná an raibh aon earcaíocht dírithe ar Ghaeilgeoirí amháin ar nós coláistí Gaeltachta nó coláistí Gaeilge. Níl agus ní raibh. Ceann de na fáthanna ná nach raibh polasaí nó feachtas earcaíochta ann le tamall de bhlianta but just ní raibh siad tar éis smaoineamh air. Conas gur féidir daoine agus Gaeilgeoirí a mhealladh isteach sa státseirbhís chun na poist sin a líonadh muna bhfuil sé sin ann? Tá súil agam go dtiocfaidh sin as an obair atá ar bun againn.

Tá an ceart ag an gcoimisinéir nuair a deireann sé go bhfuil sé ró-dhéanach nuair atá foirm eisithe nó nuair atá rud éigin déanta agus ní féidir dul siar air. Tharla sé le mo hiníon agus í ag filleadh ar scoil i mí an Mhárta i mbliana. Bhí foirm de 60 focal ó FSS do pháistí ag filleadh ar scoil. Bhí mise in ann é a aistriú, b'fhéidir nach raibh sé go hiomlán cruinn, agus é a leagan amach i leathuair an chloig. Más féidir liomsa é sin a dhéanamh, ba cheart go mbeadh FSS in ann amhlaidh a dhéanamh. Níl sé ar fáil as Gaeilge d'aon scoil, go bhfios dom, agus tá m'iníon ag freastal ar scoil lán-Ghaelach. Sin an bunús. Mar a dúirt baill eile, is "cuma-liomachas" nó athsmaoineamh atá ann i gcónaí. Ní bhogann na comhlachtaí seo go dtí go ndéantar gearán.

Thit líon na ngearán agus mar sin toisc Covid ach tá aithne agam ar a lán daoine agus ní bhacfadh siad le gearán a dhéanamh, ní hamháin ó thaobh na Gaeilge de ach freisin ó thaobh rudaí eile mar ceapann siad nach dtiocfaidh aon leigheas ar an gceist agus nach dtugfar aird orthu. An sin atá ag tarlú nó an gceapann an gcoimisinéir, trí phoiblíocht a fháil ar cheist Eircode nó An Garda Síochána mar shampla, go meallfaidh sé sin daoine a gcearta a lorg agus a éileamh? Ní gearáin atá ann ach daoine ag lorg cearta mar is cancráin atá i gceist le gearáin. Caithimid an téarmaíocht sin a athrú, ní díreach ó thaobh Oifig an Choimisinéara Teanga de ach ó freisin thaobh Oifig an Ombudsman do Leanaí agus a leithéid. Tá daoine ag lorg agus ag éileamh cearta tríd an oifig seachas gur cranks nó cancráin iad.

Luaigh an Teachta Ó Cuív TII. Bhí mé taobh thiar de bhus inné agus TII atá ann. Tá na comharthaí ar fad eile ar chúl an bhus dhátheangach nó as Gaeilge agus as Béarla ar an taobh eile. Is féidir le TII é a dhéanamh más mian leis ach ní mhian leis. Sin an cheist.

Sin an difríocht idir TII agus Bus Átha Cliath. Tá an NTA i gceannas ar TII agus ní raibh aon smacht ag an gcomhlacht bus air.

Tuigim sin ach léiríonn sin gur cuma leis. Tá sé ag cur na fógraí suas ar an mbus agus caithfidh go bhfeictear go bhfuil na comharthaí eile ar chúl an bhus i nGaeilge agus go dhátheangach. Tá níos mó den sórt rud sin ag tarlú. Tá súil agam, nuair a bheidh an Bille rite mar Acht, go mbeidh cur chuige cuibheasach tapa ann ó thaobh an státchórais go mbeidh athrú meoin ann nó beimid ar ais ag éisteacht le tuarascáil faireacháin ón gcoimisinéir. Tá súil agam go mbeidh cumhacht sa reachtaíocht, ní hamháin chun monatóireacht a dhéanamh, ach freisin chun faireachán a dhéanamh ar na polasaithe atá ag teacht.

Déanaimid clár reachtaíochta ag tús gach uile téarma. Tá deich gcomhlacht nua le bunú má ritear na Billí sin ar fad. Tá siad ar fad luaite i mBéarla sa chaipéis sin. Uaireanta, bunaítear na comhlachtaí seo i ngan fhios dúinn agus ní bhíonn ach teideal Béarla acu. Má thosnaítear ar tús le TII nó Gas Networks Ireland, fanann na téarmaí sin i gcloigne daoine. Nuair a bhí mise óg, Córas Iompair Éireann agus Bus Átha Cliath a bhí ann ach tá athrú tar éis tarlú. Caithimid tosnú leis an teideal ó thús agus ansin tá aitheantas níos fearr ann agus tá sé níos soiléire agus níos craobhscaoilte ná mar atá na teidil atá ar chomhlachtaí Stáit faoi láthair.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Bhí an Cathaoirleach ag caint faoi TII agus chuir sé ceist mar gheall ar ghearáin a dhéantar agus rudaí a chur i gceart. Ní gearáin iad per se ach daoine ag lorg a gcearta teanga. Ceann de na rudaí atá go deas faoin jab seo agus rud a théann i bhfeidhm orm ná nuair a dhéantar gearán liom agus nuair atá sé indéanta rudaí a chur i gceart. Tugann sin ardú meanma dom agus do lucht na hoifige. Go minic bímid ró-dheireanach ach uaireanta is féidir go bhfuil an rud an-ghoilliúnach do dhuine aonar, gur chuir sé isteach air nó uirthi go pearsanta ó thaobh cúraim sláinte nó rud mar sin agus go mbímid in ann dul i ngleic leis sin agus cuidiú leis an duine sin. Sin an teachtaireacht a bheadh ann do dhaoine a deir nárbh fhiú gearán a dhéanamh. Is fiú teagmháil a dhéanamh linn i gcónaí. Ceann de na himní a bheadh orm mar Choimisinéir Teanga mar gheall ar na fadhbanna ar fad atá ann ó thaobh na reachtaíochta faoi láthair ná go gceapfadh daoine nach fiú é. Ní shin an argóint atá mé ag iarraidh a dhéanamh. An argóint atá mé ag iarraidh a dhéanamh ná gur gá an reachtaíocht a láidriú agus gur fiú gearán a dhéanamh.

Ba cheart dom aitheantas a thabhairt don obair atá déanta ag m'oifig chun gearáin a chur i gceart, go mór mór le Covid le deireanaí. Chuireamar ceist an teastais Covid i gceart inné ach tá sé thar a bheith deireanach agus sin an fhadhb a bhíonn ann. Tá mé chun fiafraí d'Órla de Búrca labhairt faoin NTA agus na comharthaí ar chúl na mbusanna agus faoin reachtaíocht. Bhí sé sa reachtaíocht bunaithe an chomhlachta sin go mbeadh lógó bunaithe-----

Ms Órla de Búrca

Ní raibh mise bainteach go sonrach leis an gceann sin ach an argóint a rinne an NTA ná gur ainm bhranda a bhí ann. Maíodh sa reachtaíocht dá chuid féin go raibh dualgas air ainm bhranda a leagan síos agus sin a rinne sé.

Dúirt an NTA nach raibh aon rud sa reachtaíocht a bhain le bunú an chomhlachta féin a mhaíodh go mbeadh air an t-ainm bhranda sin a bheith go dhátheangach. Mar sin, ghlac an NTA leis go bhféadfadh sé a bheith i mBéarla agus toisc gur ainm bhranda a bhí ann, fágadh i mBéarla é. Lena cheart a thabhairt dó, caithfidh mé a rá go bhfuilimid tar éis an-phlé a bheith againn leis an NTA le déanaí agus is iadsan atá ag cur an comharthaíocht nua ar na busanna nua, fiú más le Bus Átha Cliath nó le Bus Éireann na busanna sin. Táimid tar éis a bheith ag plé leis agus tá an NTA ag cinntiú go bhfuil an cuid eile ar fad dhátheangach ach tá sé ag rá nach bhfuil dualgas reachtúil ann maidir leis an gceist áirithe sin. Tá súil againn go leasófar sin agus tá mír sa reachtaíocht sin faoi lógónna ach níl sé siarghabhálach - níl sé ach ag caint ar lógónna nua agus má aistrítear iad, ach níl aon dualgas iad a aistriú.

An rud faoin gceist sin nach dtuigim ná nach bhfuil aon anró i gceist - ní mana an-chasta é. Taispeánann sé nach ndéanfar aon rud muna bhfuil an dualgas ann. Sin an dearcadh a bhíonn ag na comhlachtaí seo.

Ms Órla de Búrca

Níl sé sin fíor i ngach uile chás. Tá roinnt comhlachtaí nach bhfuil amhlaidh ach is fíor go bhfaighimid an fhreagra sin go measartha minic.

Ach sin an fhreagra i gcás an NTA. Sin an fhreagra scríofa a fuair mé. Dúirt sé nach bhfuil aon dualgas é a dhéanamh agus nach ndearna sé é.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Go ginearálta, léiríonn sé pé seans atá agamsa mar Choimisinéir Teanga, ag na baill mar Bhaill an Oireachtas agus ag baill den phobal seirbhís a fháil i nGaeilge, mura bhfuil dualgas reachtúil taobh thiar tá tú ag snámh in aghaidh an easa. Caithfear an dualgas reachtúil a bheith ann.

Tagraím do cheist na gcaighdeán, do na scéimeanna agus do FSS. D'fhéadfainn a bhí mícheart ach ó mo léamh den reachtaíocht níl aon chosc ar chaighdeán a thabhairt isteach go luath. Ní gá fanacht go dtí go mbeidh obair an choiste comhairliúcháin ar fad déanta ó thaobh na hearcaíochta agus seirbhísí Stáit de. D'fhéadfaí caighdeán a thabhairt isteach agus bheinnse ag súil go dtabharfaí na caighdeáin isteach go luath agus go bhféadfaí dul i ngleic le FSS ar an gcaoi sin. Ó thaobh feachtais earcaíochta de, thug mé suntas go raibh príomhoifigeach acmhainní daonna na Ranna Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe os comhair na coiste ag caint faoi sin agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór nuair a dúirt sé go raibh níos lú ná 1% de na ceapacháin a rinneadh idir 2017 agus 2021 déanta ó thaobh riachtanais teanga de. Luaigh sé an líon íseal iarratas a rinneadh do phoist mar oifigigh cléireachais chomh maith agus thagair an Cathaoirleach do sin ina cheist. Tá dualgas ar an Stát, má táthar ag iarraidh an sprioc 20% a bhaint amach faoi 2030. Is léir go dteastódh go leor oibre bolscaireachta chun é sin a dhéanamh. Is cuimhin liom a bheith ag breathnú ar www.publicjobs.ie, atá i gceannas ar earcaíocht, roinnt blianta ó shin nuair a bhíos ag plé cúrsaí earcaíochta leis an gcoiste. An chéad rud a tháinig suas ar an screen ná mythbuster ag maíomh "You need Irish to work in the Civil Service - No you don't". Seo an teachtaireacht a bhí á gcur amach seachas a mhalairt a mhaíomh agus a chur in iúl go bhfuil sé ag lorg daoine le Gaeilge. A mhalairt de theachtaireacht a bhí á thabhairt. D'fhéadfaí a lán oibre a dhéanamh ina threo siúd.

Ó thaobh Gas Networks Ireland agus a leithéid, níl leasú molta go mbeadh ainmneacha comhlachtaí nua ar fad i nGaeilge. D'fháilteoinn go mór roimhe sin freisin.

Gabhaim buíochas arís le Rónán Ó Domhnaill, Séamas Ó Concheanainn agus Órla de Búrca as a bheith linn ó Oifig an Choimisinéara Teanga. Chífimid sibh an t-am seo an bhliain seo chugainn arís, nó b'fhéidir níos luaithe.

Top
Share