Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge debate -
Wednesday, 20 Oct 2021

An Ghaeilge mar Theanga Teaghlaigh: Plé

Tosóimid an cruinniú anois agus leanfaimid ar aghaidh, más gá, go dtí 4.30 p.m. Tá leithscéal faighte againn ón Seanadóir Ó Donnghaile, atá ag freastal ar choiste eile ó Thuaidh inniu. Beidh an Teachta Connolly mall mar tá sí gafa sa Dáil.

Is mian liom fáilte a fhearadh roimh chomhaltaí an chomhchoiste. Meabhraím do gach duine na púicíní a chaitheamh fad is atá siad anseo agus iad a bhaint díobh nuair a bheidh siad ag labhairt. Níl aon duine ar líne faoi láthair ach má tá aon duine amhlaidh caithfidh siad a bheith i bpurláin Thithe an Oireachtas agus an ceamara a bheith ar siúl.

Inniu táimid ag bualadh le Pat Carey, cathaoirleach; Lorcán Mac Gabhann, ceannasaí; agus Marcas Mac Ruairí, bainisteoir forbartha seirbhísí teaghlaigh; ó Ghlór na nGael. Chomh maith leis sin tá Sorcha Ní Chéilleachair, ceannasaí; agus Meadhbh Ní Ghaora, oifigeach forbartha Connacht/Laighean; anseo mar ionadaithe ó Thuismitheoirí na Gaeltachta. Is iad na hábhair atá á phlé againn inniu ná an Ghaeilge mar theanga theaghlaigh, na dúshláin atá i gceist sa chomhthéacs sin, agus suirbhé ar sheirbhísí teaghlaigh sa Ghaeltacht agus na torthaí as sin a d’fhoilsigh Tuismitheoirí na Gaeltachta i mí Aibreáin 2021.

Tá dualgas orm aird an chruinnithe a dhíriú ar roinnt rialacha agus treoracha. I dtús báire meabhraím do dhaoine na fóin phóca a mhúchadh i dtreo is nach bhfuil siad ag cur as don taifeadadh agus na púicíní a choimeád orthu fad is nach bhfuil daoine ag labhairt.

Meabhraím d’fhinnéithe, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, go bhfuil siad faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Má ordaíonn an comhchoiste dóibh, ámh, éirí as an bhfianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cáilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm ar shlí a bhféadfaí é nó í a aithint. Fiafraítear de finnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Fiafraítear de finnéithe agus de chomhaltaí gan aon rud a rá a bhféadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfaí na ráitis tosaigh a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordaítear do na finnéithe éirí as na ráitis láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfeadh siad leis an ordú sin láithreach más gá.

Iarraim ar na finnéithe ó Ghlór na nGael an ráiteas tosaigh a léamh agus ansin casfaidh mé ar Thuismitheoirí na Gaeltachta. Tar éis sin tógfaimid ceisteanna ó na comhaltaí.

Mr. Pat Carey

Is mór an pribhléid dúinn go léir í a bheith anseo. Ócáid speisialta is ea í. Tá a lán taobhanna de ach iarrfaidh mé ar dtús ar cheannasaí Glór na nGael, Lorcán Mac Gabhann, an cur i láthair a dhéanamh ar ár son agus ansin beidh Marcas Mac Ruairí réidh ceisteanna a fhreagairt agus tuilleadh eolais a thabhairt don choiste.

Mr. Lorcán Mac Gabhann

Seo an chéad uair go bhfuil Glór na nGael os comhair aon chineál coiste Oireachtais. Táimid 60 bliain d'aois i mbliana agus seo an chéad chuairt atá tugtha dúinn ar Thithe an Oireachtais. Níl a fhios agam an rud maith nó dona sin ach le blianta fada choinníomar muid féin faoin radar agus rinneamar é sin d'aon ghnó. I mbliana táimid tar éis tús a chur le feachtas faoinár gcuid oibre féin mar ní leor a bheith i mbun oibre maithe; is gá go minic é sin a rá freisin.

Táimid anseo le labhairt faoi chúrsaí teaghlaigh agus an obair atá ar siúl againn i measc teaghlaigh ach níor mhaith liom go bhfágfadh comhaltaí an seomra ag ceapadh gur obair theaghlaigh amháin atá ar siúl againn. Tá trí réimse oibre againn: forbairt pobail; forbairt úsáid na Gaeilge i measc teaghlaigh; agus forbairt ar úsáid na Gaeilge i measc fiontraíochta agus gnó. Sin trí remit oibre ollmhór ann féin agus ba dheas dá bhfaigheadh muid cuireadh teacht ar ais anseo agus díriú isteach ar cheann de na réimsí eile, ach go háirithe an réimse forbartha pobal. Ann féin is réimse ollmhór é mar ní tharlaíonn aon rud i measc an pobal nach bhfuil san áireamh ansin.

Leis na réimsí sin ar fad le clúdach, tá 21 duine againn fostaithe le Glór na nGael; tá 17 fostaithe le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge; tá triúr fostaithe le maoiniú ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; agus tá duine amháin fostaithe le maoiniú a thagann ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG. Tá spré tíreolaíoch na foirne réasúnta maith. Tá daoine a bhfuil lonnaithe i gcontaetha áirithe a bhfuil ag plé le contaetha eile. Mar shampla, tá daoine fostaithe i gContae Dhún na nGall, i gContae Ard Mhacha, i gContae Thír Eoghain, i gContae an Dúin, i gContae na Mí, i mBaile Átha Cliath, i gContae Chill Dara, i gContae Chill Mhantáin, i bPort Láirge, i gContae Thiobraid Árann, agus i gContae na Gaillimhe. Tá trí folúntas eile le líonadh an mhí seo. Mar sin beidh an spré tíreolaíoch sin níos faide fós. Ceapadh muid mar cheanneagraíocht i 2014, mar aon leis an gceithre eagras eile, Cumann na bhFiann, Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge agus Gaeloideachas. Tá gaol mhaith comhoibritheach againn leis na heagrais sin agus ba mhaith liom sin a aithint.

Chun an obair a chur i gcrích, faighimid maoiniú ó réimsí nó eagrais éagsúla. Ó Fhoras na Gaeilge faighimid i mbliana nó faightear i mbliana €1,131,038. Ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faighimid €215,000. Ó COGG faighimid €70,000. Déanann Páirc an Chrócaigh infheistíocht €40,000 i bhFondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Faighimid €18,000 ón Roinn Oideachais, agus trí urraíocht agus díolachán ábharach tá thart ar €70,000 againn mar ioncam. I mbliana beidh thart ar €1.5 milliún againn mar ioncam. Tá naonúr ar an mbord stiúrtha. Tá Pat Carey anseo mar chathaoirleach agus tá mé buíoch dó as ucht an obair a dhéanann sé go deonach. Tá coiste iniúchóireachta inmheánaí againn le ceathrar ball agus tá dhá fhóram deonach againn a thugann aiseolas dúinn faoinár gcuid oibre. Chomh maith leis sin tá fóram tuismitheora agus fóram ó na coistí pobail atá againn fud fad na tíre.

An dá réimse oibre eile atá againn ná forbairt pobail agus forbairt úsáid na Gaeilge i measc gnó. Is í an crói-obair a dhéanann Glór na nGael ná an obair thimireachta. Sin an tseirbhís is luachmhaire agus is lárnaí atá ag teacht do Ghlór na nGael. Obair í nach bhfaigheann an spotsolas riamh. Ní bhíonn sí riamh os comhair ceamaraí teilifíse mar tarlaíonn an obair seo san oíche agus ag an deireadh seachtaine. Obair í atá ar fáil ó cheann ceann na bliana agus tá sí ar fáil ag amanna neamhshóisialta do ghrúpaí Gaeilge fud fad na tíre. Tá an fhoireann ag clúdach 32 contae ag soláthar cúnamh agus comhairle do choistí deonacha Gaeilge, do chlubanna an Cumann Lúthchleas Gael, CLG, agus do ghrúpaí deonacha eile, ina measc na grúpaí Teanga Tí. Mar a dúirt mé, tarlaíonn an obair seo lasmuigh d'uaireanta oibre san oíche agus ag na deirí seachtaine. Ní obair ghnéasach í. Níl sí go mór sna meáin chumarsáide ach is í bunobair na heagraíochta í. I mbliana bhí teagmháil gníomhach againn le 188 club CLG agus le breis agus 100 coiste pobail fud fad na tíre, ach go háirithe leo siúd atá ag lorg stádas limistéar pleanála teanga, stádas baile seirbhíse Gaeltachta nó stádas mar líonra Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Táimid ag ceiliúradh 60 bliain de Ghlór na nGael i mbliana. Beidh moltóireacht an chomórtas 60 bliain d'aois ag tarlú an mhí seo. Fuair comhaltaí léarscáileanna agus léiríonn siad an 40 coiste atá ag dul faoi mholtóireacht. Léiríonn sin spré tíreolaíoch na coistí sin agus tá an cuid is mó acu i gCúige Uladh. Tá cúis leis sin agus d'fhéadfaimis dul isteach air sin ar lá éigin eile. Tá siad ag cur isteach ar dhuaischiste €80,000 i mbliana agus le trí bliain anuas tá €270,000 bronnta againn i bhfoirm duaiseanna ar na coistí pobail fud fad na tíre. An scéim is deireanaí agus is mó rath atá bunaithe againn le cúpla bliain anuas ná Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Léiríonn an léarscáil a bhaineann leis an bhfondúireacht cá bhfuil na clubanna ó a cuireadh tús leis sin. Tá rud éigin comónta sna léarscáileanna ar fad, is é sin go bhfuil strip i lár tíre atá lag ó thaobh cúrsaí forbartha pobal Gaeilge, fiú nuair a bhreathnaítear ar na clubanna CLG. Tá lár na tíre réasúnta lag.

Bunaíodh Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha in ainm Joe McDonagh, comhghleacaí linn ar fad as Contae na Gaillimhe, agus bunaíodh sin i bpáirtnéireacht leis an CLG. Tá an-rath ar an bhfondúireacht seo de thoradh rannpháirtíocht le clubanna agus an spéis ghníomhach atá ag teacht as Páirc an Chrócaigh. Tá mé go mór faoi chomaoin iar-uachtaráin an chumainn: John Horan, as Baile Átha Cliath, Aodhán Ó Fearghaíl, as Contae an Chabháin, agus Liam O'Neill, as Contae Laoise. Gan an triúr uachtarán sin ní bheadh Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha bunaithe riamh, gan trácht ar an 300 club a bhfuilimid ag plé leo.

Go minic cuirtear ceist orm cá chaithfinn aon airgead sa bhreis a bhfaigheadh muid. Chaithfinn é ar Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha gan amhras. Tá thart ar 1,400 club ag an CLG agus tá muid ag plé le 300 acu. Tá an sprioc sin ardaithe anois go dtí 700. Tá an toradh a thagann as an obair seo dochreidte. Níl sé ar siúl ach ar feadh trí bliana ach cheana féin tá coistí pobail ag fás amach as na clubanna CLG, ceann amháin thuas i gContae Mhuineacháin agus cúpla ceann eile. Is í an aidhm atá ag an bhfondúireacht ná go mbunófaí grúpaí Gaeilge pobal lasmuigh den chlubtheach agus go mbeadh siad ag tabhairt seirbhís Gaeilge. Dá mbeadh airgead breis againn, cuirfinn ansin é agus cuirfinn i dtreo cúrsaí Teanga Tí é freisin.

Lé trí bliain anuas tá €290,000 infheistithe againn i scéimeanna agus gníomhaíochtaí Gaeilge i gclubanna an CLG, ach lasmuigh den €290,000 sin, is scéim aitheantas í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha.

Cuireann clubanna isteach ar ghradam cré-umha, airgead nó ór ag brath ar cé chomh maith agus atá siad ag forbairt úsáid na Gaeilge sa chlub. Ó 2016 tá 109 bonn cré-umha agus 43 bonn airgead bronnta ach níl ach trí bonn ór bronnta ar aon chlub sa tír. Léiríonn sin go bhfuil ardchaighdeán ann, gur ardghradam é agus go bhfuil sé an-deacair teacht ar bhonn ór mar chlub CLG. Is iad na naoi gclub sin ná CLG Ghaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall; CLG Bhaile an Doirín, Contae na Gaillimhe, club Sheosamh Mhic Dhonncha féin; Cumann na Sairséalaigh Cill Laobháin CLG, Contae Mhuineacháin; CLG Na Fianna, Baile Átha Cliath; CLG na Rinne, Port Láirge; Cumann Mícheál Breathnach CLG, Indreabhán, Contae na Gaillimhe; CLG Naomh Anna, Leitir Móir, Contae na Gaillimhe; agus Naomh Éanna CLG, Glengormley, tuaisceart Bhéal Feirste.

Tá scéim eile againn darbh ainm céimeanna agus déanann ceann de na léarscáileanna cur síos air. Tá 17 pobal cláraithe leis an scéim seo atá ann do choistí nuabhunaithe agus neamhfhorbartha. Seo an áit go bhfuil Glór na nGael an-mhaith. Tá sé ciúin agus ní fhaghaimid mórán preasa ach táimid an-mhaith ag dul isteach i pobail, áit go bhfuil coistí nuabhunaithe agus neamhfhorbartha ann, agus thar tréimhse de bhlianta déanaimid na coistí nó grúpaí pobail sin a fhorbairt. Tháinig roinnt mhaith de na coistí is mó sa tír, Thuaidh agus Theas, ón mbúnus sin nó fréamhadh iad in obair Glóir na nGael 20 nó 30 bliain ó shin. Tagann an toradh as an obair chomhairleoireachta agus tacaíochta a chuireann foireann Glór na nGael ar fáil do na coistí beaga sin tar éis 20 nó 30 bliain. Mar a dúirt mé, tá roinnt de na coistí fud fad na tíre ag fostú triúr, ceathrar, cúigear nó seisear in áiteanna agus tá foirgneamh acu freisin. Is as an obair seo a thagann an obair sin.

Tagraím don réimse oibre a bhaineann le cúrsaí gnó. Tá scéim nua á sheoladh ag an Taoiseach dúinn ar an 4 Samhain. Scéim aitheantas don lucht gnó cosúil le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha atá ann. Beidh bonn ór, airgead agus cré-umha ar fáil do chomhlachtaí nó do shiopaí a chuireann úsáid na Gaeilge chun cinn ina measc. Níl an scéim beo fós ach cheana féin tá 62 pobal sa tír sásta dul i ngleic leis agus í a fhorbairt. Má éiríonn leis an 62 pobal sin fiú cúig siopa a fháil ina mbailte, ina pharóistí nó ina gceantair, faoin am seo an bliain seo chugainn beidh 300 comhlacht nó 300 siopa tar éis gníomh éigin dearfach a dhéanamh i leith na Gaeilge i dtéarmaí comharthaíochta, margaíochta agus seirbhísí béil. Sin 300 aonad eile a bheas tar éis iarracht a dhéanamh taobh istigh de bhliain amháin. Táimid ag súil le rudaí móra ón scéim nua sin darbh ainm gradam. Tagraím do chúrsaí fiontraíochta. Táimid tar éis sraith iomlán de chluichí bord a fhorbairt le b'fhéidir deich mbliana anuas, ina measc Scrabble, Monopoly agus Cluedo, go léir as Gaeilge. Tá siadsan ar fáil fud fad na tíre agus fud fad an domhain tríd an siopa ar líne atá again, udar.ie.

Tá Glór na nGael gníomhach le breis agus 300 aonad pobal sa 32 contae idir choistí pobail, clubanna CLG agus grúpaí teaghlaigh. Má éiríonn leis an scéim, agus éireoidh leis an scéim gnó gradam, beidh níos mó ná 300 comhlacht nó siopa tar éis gníomh dearfach a dhéanamh i leith na Gaeilge an bliain seo chugainn. Go minic cuirtear ceist orm conas a dhéanaimid luacháil ar ár gcuid oibre. Le cúpla bliain anuas táimid tar éis an córas Salesforce a úsáid. Suas go dtí dhá bhliain ó shin ní rabhamar ró-chinnte cá rabhamar, cé chomh minic a bhíomar ann, cad a bhí ar siúl againn agus cá raibh airgead á chaitheamh. Tríd an córas nua atá againn, Salesforce, táimid in ann a dhearbhú cá bhfuil airgead á caitheamh, ar cén réimsí, ar cén aoisghrúpa, cé mhéad duine atá ag baint tairbhe as agus cé chomh minic. Tá sin fíorthábhachtach dúinn agus don chéad uair le fada tuigimid go díreach cá bhfuil an t-airgead á caitheamh. Ní bheadh rath ar iarrachtaí Glór na nGael nó ar aon eagraíocht eile gan an obair iontach ghairmiúil a dhéanann daoine aonair agus grúpaí deonacha lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine agus bliain i ndiaidh a chéile.

Mr. Marcas Mac Ruairí

Is mise bainisteoir fhoireann rannóg Teanga Tí de chuid Glór na nGael. Is í Teanga Tí an brandáil a bhainimid úsáid aisti don obair nuair a táimid ag obair le teaghlaigh. Ó thaobh na pleanála teanga de, má táimid chun saibhreas labhartha na Gaeilge mar theanga phobal a chinntiú do na glúnta atá romhainn, is sna teaghlaigh a bhainfear sin amach. Is minic a bhíomar ag caint ar an tábhacht a bhaineann le scoileanna agus le hoideachas agus tá sin iomlán fíor ach i bhfírinne is í an teaghlach na buncloiche má táimid chun cinnte a dhéanamh go mbeidh páistí an lá atá inniu ann ina gcainteoirí líofa ag tógáil clainne s'acu le Gaeilge amach anseo agus á dtógáil le saibhreas teanga.

San obair a bhíonn idir lámha againn bímid ag cruthú lionraí agus ag tabhairt tacú dóibh. Is é croílár na hoibre ná ag tabhairt teaghlaigh le chéile le go gcuirfeadh siad aithne ar a chéile ionas go gcruthófaí cairdeas eatarthu agus go bhfásfadh na páistí in aois agus iad ag cur aithne ar pháistí eile atá á dtógáil trí mheán na Gaeilge. Is trí eagrú imeachtaí agus grúpaí súgartha a dhéantar seo. Taobh leis an obair sin, agus muid ag eagrú líonraí, bíonn obair feasachta idir lámha again le lánúineacha óga a spreagadh an Ghaeilge a roghnú mar theanga teaghlaigh.

Ba mhaith liom roinnt figiúirí a thabhairt don choiste faoin obair atá á déanamh againn leis na teaghlaigh. Ina dhiaidh sin, ba mhaith liom díriú isteach ar na dúshláin a bhíonn roimh thuismitheoirí agus iad ag iarradh clainne a thógáil le Gaeilge sa lá atá inniu ann. Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin ghá le taighde ar bhonn leanúnach agus ansin déarfaidh mé cúpla focal faoi na dúshláin a bhíonn romhainn féin agus muid ag iarraidh an tairbhe is fearr a bhaint as na cúraimí atá orainn. Le linn na bliana seo agus muid ag plé le dianghlasáil, d'éirigh le Glór na nGael 371 imeacht a eagrú, thart le 313 acu siúd ar líne, mar de ghnáth gan dianghlasáil bímid amuigh sa ghort ag eagrú na himeachtaí seo sna contaetha agus sna pobail sin ina bhfuil líonraí teaghlaigh, ach bhí orainn bogadh ar líne. Chomh maith leis sin, de réir agus a bhí na sriantaí á scaoileadh leo i rith an tsamhraidh, bhí orainn dul amach chuig na teaghlaigh arís agus d'éirigh linn 58 imeacht beo a eagrú timpeall na tíre.

Mar a luaigh Lorcán cheana, oibríonn Glór na nGael i gcomhpháirtíocht leis an CLG ag tabhairt tacaíochta agus spreagadh do na clubanna an Ghaeilge a lárnú in imeachtaí s'acu. Tarlaíonn an comhoibriú sin faoi scáth Fondúireachta Sheosaimh Mhic Dhonncha. Tá scéim nua seolta againn i measc na gclubanna chun go n-aithneoidís féin an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge sa teaghlach, agus táimid i ndiaidh 12 club a earcú atá chun teaghlaigh sa chlub féin a tharraingt le chéile le go mbeidh líonra de theaghlaigh sna clubanna. Is rud nua é seo dúinn agus tá dóchas againn má tá rath leis agus má tá ar ár gcumas amach anseo go n-éireoidh linn é sin a spré amach chuig clubanna eile san am atá le teacht.

Tagraím don obair feasachta. Tá suíomh Idirlín againn, teangati.ie, agus is é sin croílár na hoibre feasachta. Ar an suíomh sin bíonn teacht ag tuismitheoirí ar eolas a bhíonn ag cuidiú leo. Bíonn teachtaireachtaí comhairle agus eolas faoi na hacmhainní, na tacaíochtaí, na scéimeanna agus na himeachtaí a bhíonn ann do theaghlaigh. Cuirimid 26 nuachtlitir amach in aghaidh na bliana. Sin ceann gach coicíos. Ag an bpointe seo tá breis agus 1,500 duine ar an bhunachar sin.

I measc na hoibre feasachta chomh maith bhí dianfheachtas sé seachtaine againn ag tús na bliana, agus is féidir liom mioneolas faoi sin a roinnt. Bhí podchraoltaí, agallaimh ar Facebook agus feachtais ar na meáin shóisialta trí chéile. Bhí sin dírithe ar lánúineacha óga atá ag smaoineamh ar chlann a bheith acu agus ag iarraidh iad a spreagadh an Ghaeilge a roghnú mar theanga clainne. Bhí feachtas feasachta eile againn, scéim gaisce ghlór. Thugamar dúshlán do thuismitheoirí 30 gníomhaíocht a roghnú agus iad a dhéanamh leis na páistí chun an nósmhaireacht teanga a iompú ó Bhéarla go Gaeilge sa teach agus faisnéis a chur chugainn. Bhí duaiseanna ag éirí as sin. Bhí an-rath air sin, agus i measc na freagraí a fuaireamar, duirt tuismitheoirí go ndeachaigh na dúshláin i bhfeidhm ar na páistí, gur bhain siad sult astu, agus go mbíonn na páistí níos toilteanaí anois an Ghaeilge a úsáid ná mar a bhíodh roimhe sin.

Chomh maith leis sin, bhí feachtas cheisteanna coitianta againne ar líne. Chuireamar ceisteanna amach amhail: cad a dhéanfaidh mé má dhiúltaíonn na páistí Gaeilge a labhairt liom? Thugamar cuireadh do thuismitheoirí na freagraí a thabhairt do na ceisteanna, agus ag éirí as sin, tá tobar saineolais curtha le chéile againn ar an suíomh.

Go minic, bíonn ceardlanna againn le tuairimí agus taithí tuismitheoirí a mhealladh agus fáil amach faoi na riachtanais atá acu. Ní mór dúinn a rá go mbíonn siad don chuid is mó ag insint dúinn gur chúrsaí sláinte is mó a chruthaíonn deacrachtaí dóibh. Is é sin, chun an t-eispéireas tógtha clainne le Gaeilge a iomlánú, tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil teacht ar sheirbhísí sláinte as Gaeilge agus ní hamhlaidh atá. Bíonn sé sin níos deacra nuair atá riachtanais speisialta amhail deacrachtaí urlabhartha ag na páistí. Tugann na tuismitheoirí le fios dúinn gurb é sin an áit is mó a bhfuil tacaíocht de dhíth.

Táimid i mbliana i ndiaidh an treoirleabhair seo a fhoilsiú agus is féidir liom cóipeanna a fhágáil anseo má tá suim ag daoine. Agus na páistí ar an saol ag na tuismitheoirí, tá sé tábhachtach go mbíonn deis ag na páistí a bheith ag foghlaim conas a bheith ag sóisialú le páistí eile trí mheán na Gaeilge, is é sin trí na grúpaí súgartha. Is comhairle é seo do na tuismitheoirí conas an grúpa súgartha a bhunú, conas é a riar agus an-chuid eolais eile faoi na rannta agus dánta agus trealamh a bheidh de dhíth agus cúrsaí sláinte agus sábháilteachta ag na grúpaí súgartha.

Beimid ag caint ar ball faoi thaighde atá déanta ag Tuismitheoirí na Gaeltachta ar na limistéir Gaeltachta. Táimid i mbun tionscadal mar sin don limistéar taobh amuigh den Ghaeltacht. Is oth liom nach bhfuil an taighde sin réidh le foilsiú go fóill. Tá dóchas againn go mbeidh sé gan mhoill. Tá dréacht den taighde á bheachtú againn anois. Is féidir liom a insint don choiste nuair a bheidh sé sin réidh againn, beidh an saothar críochnaithe ag déanamh coimrithe ar an taighde agus an litríocht atá ar fáil go dtí seo. Beidh sé ag déanamh rianaithe ar líon agus lonnaíocht na dteaghlach atá ina gcónaí taobh amuigh den limistéar Gaeltachta. Beidh conclúidí ann faoin fhaisnéis atá ar fáil anois, agus beidh moltaí ann faoi na bealaí go bhféadfaí bearnaí san eolas sin a líonadh. Beidh moltaí ann faoi na ceisteanna gur chóir dúinn a bheith ag cur orainn féin amach anseo.

Ceapadh Glór na nGael mar cheanneagraíocht sa bhliain 2014. Tá go leor bainte amach againn sna réimsí atá luaite ag Lorcán Mac Gabhann cheana agus táimid an-bhuíoch as an tacaíocht a fhaighimid ó Fhoras na Gaeilge agus ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chuige sin. Ba mhaith liom cúpla rud a rá anois faoi na dúshláin a bhíonn roimh theaghlaigh, na riachtanais do thuilleadh taighde ar an ábhar seo, an tábhacht leis an tacaíocht atá ag fáil ag Glór na nGael, agus na bearnaí atá ann sa tacaíocht sin.

Mar a luaigh mé, is teacht ar sheirbhísí sláinte trí mheán na Gaeilge is mó a chruthaíonn deacrachtaí do thuismitheoirí. Deireann siad linn, ar bhonn iontach bunúsach, bíonn siad ag iarraidh ar sheirbhísí dochtúirí agus bunseirbhísí eile amhail fiaclóireacht agus nach bhfuil teacht orthu in an-chuid áiteanna. Nuair a bhíonn riachtanais speisialta ag páistí, tá sé an-deacair ar fad. In amanna, bíonn an-chuid aineolais i measc oibrithe sláinte a thabharfadh comhairle gur chóir páistí a thógáil trí mheán an Bhéarla má tá riachtanais speisialta ann, agus níl aon bhunús eolais ná leighis leis an moladh sin. Léiríonn sé go bhfuil gá le feachtas feasachta i measc oibrithe sláinte.

Seachas Béal Feirste, níl fáil ar ionad chúram leanaí ná naíolainne taobh amuigh de na limistéir Gaeltachta. Tá éileamh ann dá leithéid, go speisialta i mBaile Átha Cliath agus na cathracha móra. Bheimis ag moladh do na daoine sin a bhfuil cúramaí sláinte orthu gur chóir go mbeadh ionad chúram leanaí mar phríomhaíocht do na cathracha móra. Chomh maith leis sin, bíonn géarghá le feighlithe linbh a bhfuil cumas labhartha na Gaeilge acu. Tá géarghá le gréasán fheighlithe linbh a fhorbairt. Tá bunachar sonraí d'fheighlithe linbh ag Tusla agus Childminding Ireland agus ba chóir go mbeadh líofacht sa Ghaeilge luaite ar an liosta sin do na feighlithe linbh sin a bhfuil cumas labhartha na Gaeilge acu agus a bheadh sásta seirbhís den chineál sin a sholáthar.

Beidh taighde atá déanta ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ar ár son le foilsiú againn, bheadh dóchas agam, an mhí seo chugainn. Ardaítear roinnt ceisteanna sa taighde seo. Ceann dóibh siúd ná nach dtugann an cheist reatha sa daonáireamh eolas dúinn faoi úsáid na Gaeilge mar theanga theaghlaigh, agus mar sin, táimid ag moladh go ndéanfar anailís ar cé chomh úsáideach agus atá foclaíocht na ceiste faoin Ghaeilge a bhíonn sa daonáireamh, le feiceáil an dtiocfaí ar fhoclaíocht eile níos fearr agus muid ag pleanáil tacaíochta Stáit don Ghaeilge amach anseo.

Moltar go ndéanfar anailís chriticiúil ar an dóigh a ndéanann tuismitheoirí cinneadh maidir le rogha teanga agus beartas teanga a chuireann siad i bhfeidhm dá gclanna.

Éiríonn le tuismitheoirí agus caomhnóirí beartas teanga teaghlaigh a fheidhmiú a fhad is atá na páistí óg, ach éiríonn sé níos deacra de réir mar a théann na páistí in aois. Is gá anailís a dhéanamh air seo agus acmhainní cuí a chur in áit chun an claonadh seo a mhaolú.

Moltar taighde níos leithne ar bhonn níos buaine agus níos leanúnaí chun monatóireacht a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge sna teaghlaigh agus chun tuiscint fheidhmiúil a fháil ar na slite chun tacú leo agus cur le líon na dteaghlach atá ag tógáil clainne le Gaeilge.

Is léir go bhfuil rath níos fearr ag iarrachtaí ghrúpaí éagsúla Gaeilge mais chriticiúil de chainteoirí Gaeilge a fhorbairt. Is fiú a nótáil go bhfuil infheistíocht ard á dhéanamh sna ceantair seo, agus léiríonn rath na n-iarrachtaí sin tábhacht na hinfheistíochta sin. Tá iarrachtaí láidre pobalbhunaithe in áiteanna eile nach bhfuil an rath céanna ag éirí astu. Táimid ag moladh go ndéanfar taighde comparáideach ar an ábhar seo le feiceáil an féidir linn a rá go heolaíoch cén fáth a bhfuil ag éirí i gceantar amháin agus nach bhfuil ag éirí i gceantar eile. Creidimid go dtabharfadh an t-eolas a éiríonn as na cúig mholadh thuas ó thaobh taighde de, deis dúinn a bheith ag pleanáil na dtacaíochtaí agus seirbhísí atá de dhíth ar na teaghlaigh.

Ba mhaith liom labhairt faoi na dúshláin atá ag Glór na nGael agus muid i mbun na hoibre seo. Bhí 26 líonra ag feidhmiú i 2014 in áit 42 sa bhliain 2021. Is iad sin na sé bliana a raibh na cúraimí seo ar Ghlór na nGael. Léiríonn an fás sin ó 26 go dtí 42 i mbliain dheacair. Bhí 67 againn roimh ghéarchéim Covid-19. I 2014 chomh maith, eagraíodh 67 imeachtaí agus tá sé sin ardaithe againn i mbliana go dtí 371. Léiríonn an fás seo dianobair agus dílseacht fhoireann Ghlór na nGael. Léiríonn sé an luach a fhaightear as an airgead a bhronntar ar Ghlór na nGael. Mar sin féin, ní féidir linn freastal ar an ráchairt de na seirbhísí leis an maoiniú sin.

Tá foireann de 4.5 oifigeach forbartha ag an rannóg Theanga Tí agus iad ag clúdach an Tríocha Dó Contae. Ní leor an clúdach sin le freagra ceart a thabhairt ar an éileamh ná leis na seirbhísí a fhorbairt amach anseo. Tar éis costais foirne a ghlanadh, tá sa bhreis ar €34,000 fágtha dúinn leis na seirbhísí a sholáthar, agus ní leor sin le freastal ar na riachtanais. Is dúshlán ar leith é agus is dúshlán é nach ligean dúinn na seirbhísí a fhorbairt.

Mar fhocal scoir, mar a luadh mé ag an tús, cuimhnímis gurb é an teaghlach an bun-ionad pleanála leis an teanga a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile agus a chaomhnú mar theanga labhartha sa phobal. Agus muid ag pleanáil agus ag beartú don teanga amach anseo, ní mór dúinn áit lárnach a thabhairt don Ghaeilge mar theanga clainne.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach, na Teachtaí, na Seanadóirí agus na daoine uaisle as an deis seo teacht os a gcomhair inniu le labhairt faoin ábhar ríthábhachtach seo, an Ghaolainn mar theanga theaghlaigh agus na dúshláin. Tá dualgas ar thuismitheoirí na Gaeltachta i leith na Gaeltachta agus is faoin Ghaeltacht amháin a bheidh mo chuid cainte inniu. Mar a deirtear i gConamara, ar ndóigh, is mar a chéile muid, agus más tuismitheoir thú atá ag tógáil do chlann le Gaolainn, is cuma cá bhfuil cónaí ort, is tuismitheoir fós thú atá ag tógáil do chlann le Gaolainn agus is cainteoir dúchais do pháiste.

Tá cosúlachtaí idir na dúshláin nó na deacrachtaí atá ag an dá dhream, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, ach ar ndóigh tá difríochtaí suntasacha agus sonracha sa chomhthéacs Gaeltachta agus caithfear é sin a aithint. Nílim anseo inniu le maíomh as éachtaí Thuismitheoirí na Gaeltachta. Tá an coiste ar an eolas fúinn. Bímid i dteagmháil leis go minic. Táimid tagtha os a chomhair cúpla babhta agus tá cur amach aige ar ár gcuid oibre. Bheadh súil againn gur léiriú í an obair sin ar an eagraíocht, ar ár gcumas agus ar a bhfuil bainte amach againn agus nach fúmsa é sin a aithris arís inniu.

Tá dúshláin nó deacrachtaí ag baint le clann a thógáil le Gaolainn sa Ghaeltacht agus beidh an méid sin á phlé inniu, ach tá sé le rá chomh maith gur mór an pléisiúr é, gur ábhar mórtais é, gur ardú croí agus meanma é agus gur cúis bhróid é do chlann a thógáil le Gaolainn, agus níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh air sin. Tá meas agus ómós tuillte ag na teaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaolainn, agus tá gach aon tacaíocht atá ar fáil dlite dóibh. Is iad slánú na Gaeltachta iad agus is bun agus barr na pleanála teanga iad.

Ag filleadh ar ais ar na deacrachtaí, agus táimid ceanúil ar na drochscéalta, is dócha, ar an gcéad deacracht nó dúshlán atá againn sa Ghaeltacht, níl an deacracht féin á aithint nó níl sí á aithint go cruinn. Tá uamhan agus eagla roimh an bhfocal "géarchéim". An bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht? An bhfuil géarchéim sna ceantair laga? Cad is géarchéim ann? Níos tábhachtaí fós, conas a d'aithneofaí géarchéim? Tá sé deacair plean ceart tarrthála, caomhnaithe, athbheochana nó feabhsaithe a chur i bhfeidhm mura n-aithnítear an méid sin.

Tá dhá cháipéis shuntasacha foilsithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta le déanaí. Is iad Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta, a fhoilsíodh i mí Iúil, agus roimhe sin Torthaí Suirbhé ar Sheirbhísí Teaghlaigh sa Ghaeltacht, a fhoilsíodh i mí Aibreáin. Díreoidh mé ar dtús ar an gcéad cheann de na cáipéisí agus is é sin an Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta. Tá teideal an-fhada air. Tá cóip de sin faighte ag na comhaltaí ar fad sa phost. Rinneadh mionscrúdú ar thorthaí dhaonáireamh 2016 sa cháipéis seo, agus ag úsáid leaganacha oibre atá aitheanta ag an bPríomh Oifig Staidrimh féin, léiríodh nach bhfuil ach 2,889 teaghlach ag tógáil a gclann le Gaolainn laistigh de na limistéir oifigiúla Gaeltachta. Tá 12,586 teaghlach a bhfuil páistí faoi 18 acu ag cur fúthu sa Ghaeltacht de réir an daonáirimh chéanna. Ciallaíonn an méid seo go bhfuil díreach os cionn 23%, ar an meán, de theaghlaigh ag tógáil a gclann le Gaolainn sa Ghaeltacht.

Ní hiad Tuismitheoirí na Gaeltachta a leag amach teorainneacha oifigiúla na Gaeltachta, agus b'éigean cloí leis an leagan amach oifigiúil dá réir. Aontaímid, ar ndóigh, go bhfuil éagsúlacht ollmhór idir na ceantair Ghaeltachta éagsúla, go háirithe iad siúd a bhfuil céatadán fíor-íseal de chainteoirí laethúla Gaolainn iontu agus go bhféadfadh go mbeadh cúrsaí curtha as a riocht dá bharr. Le léiriú agus tuiscint níos fearr a fháil ar na figiúirí seo go háitiúil, is fiú féachaint ar an mbriseadh síos a dhéantar sa staidéar seo de réir limistéir pleanála teanga, LPT. Tá an Ghaeltacht roinnte anois ina LPTanna ar mhaithe le cúrsaí pleanála teanga agus tá na limistéir sin aitheanta ag an bPríomh Oifig Staidrimh sa daonáireamh.

Leagadh amach trí chatagóir mar léiriú ar úsáid na Gaolainne mar theanga phobail sa staidéar cuimsitheach teangeolaíochta a fhoilsíodh in 2007: catagóir A, is é sin go mbeadh 67% nó os a chionn den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaolainne; catagóir B, idir 44% agus 66%; agus catagóir C, aon rud faoi bhun 44%. Má úsáidimid an tslat tomhais sin, agus tá mise á úsáid de réir mo chomhairle féin inniu, ní bheadh ach ceithre limistéar pleanála teanga áirithe i gcatagóir A sa Ghaeltacht, is é sin go mbeadh líon na gcainteoirí laethúla Gaolainne os cionn 67% den phobal iomlán nó céatadán na dteaghlach atá ag tógáil a gclann le Gaolainn sa chás seo. Is iad na limistéir sin oileán Thoraigh, a bhfuil 80% de theaghlaigh ag tógáil a gclann le Gaolainn ann de réir an daonáirimh; Ceantar na nOileán, a bhfuil 77% de theaghlaigh ag tógáil a gclann le Gaolainn; Oileáin Árann, amach ó chósta na Gaillimhe, a bhfuil 71% ag tógáil a gclann le Gaolainn, agus An Cheathrú Rua, áit a bhfuil mé féin i mo chónaí, a bhfuil 69% de theaghlaigh ag tógáil a gclann le Gaolainn.

Ní bheadh ach ceithre LPT eile i gcatagóir B, is é sin go bhfuil líon iomlán na gcainteoirí laethúla nó an céatadán atá ag tógáil a gclann le Gaolainn sa chás seo idir 44% agus 66% den phobal. Is iad na limistéir sin Conamara Láir, ceantar Charna, Iorras Aithneach, Ros Muc agus Chamais, a bhfuil 65% de theaghlaigh ag tógáil a gclann le Gaolainn de réir an daonáirimh; Árainn Mhór i dTír Chonaill a bhfuil 59% de theaghlaigh ag tógáil a gclann le Gaolainn; Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir, a bhfuil 55% de theaghlaigh ag tógáil a gclann le Gaolainn, agus Cois Fharraige, is é sin ceantar Indreabháin, Spidéil agus mar sin i gConamara, a bhfuil 51% de theaghlaigh ag tógáil a gclann le Gaolainn. Bheadh na ceantair eile ar fad i gcatagóir C, faoi bhun 44%. Is 18 LPT iad sin ar fad agus ceantair aitheanta Ghaeltachta ina measc ar nós Chorca Dhuibhne i gCiarraí Thiar, Ráth Chairn, Thiarna Mhúscraí agus, mo cheantar dúchais féin, ceantar na nDéise.

Is measa fós an scéal nuair a fheicimid ar na staitisticí a bhaineann le líon na ndaoine óga faoi 18 atá ag labhairt na teanga go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht. Is slat tomhais é seo a nglactar leis mar chomhartha ar úsáid na teanga sa phobal. Tá 25,207 páiste agus duine óg faoi bhun 18 ina gcónaí sa Ghaeltacht oifigiúil de réir an daonáirimh. Labhraíonn 4,090 acu sin an Ghaolainn go laethúil lasmuigh den chóras oideachais. Is é sin díreach os cionn 16% de phobal na Gaeltachta atá faoi bhun 18. Ní labhraíonn ach 16% de dhaoine óga sa Ghaeltacht an Ghaolainn go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais.

Caithfear aghaidh a thabhairt ar an gceist a bhaineann le teorainneacha oifigiúla na Gaeltachta agus ar na ceantair a bhfuil líon na gcainteoirí i bhfad níos ísle nó airde ná a chéile. Fiú má dhéanaimid tochailt beagán níos doimhne, faraor, ní hé an dea-scéal atá i ndán dúinn. Níl ach dhá LPT fágtha sa tír a bhfuil céatadán níos airde ná 50% de na páistí nó daoine óga faoi 18 ina gcainteoirí laethúla Gaolainn lasmuigh den chóras oideachais. Is iad sin An Cheathrú Rua agus Ceantar na nOileán i gConamara.

Fillim ar ais ar an deacracht nach bhfuil á aithint mar sin - an ghéarchéim. An ann di? Ní maith linn a bheith ag caint faoi ghéarchéim, ar ndóigh, agus mura dtaitníonn sé linne, tá col ag an Rialtas léi. Cad eile atá anseo ach géarchéim? Is géarchéim é an 23% agus má tá ceantair áirithe chomh híseal is go bhfuil siad ag cur rudaí as a riocht, bhuel níl an scéal mórán níos fearr tar éis roinnt tochailte. Agus murar géarchéim é an 16%, ní lá fós é.

Tá na hAirí ag géilleadh anois go bhfuil géarchéim sna ceantair is laige. Is focal nach maith liom ná "lag". Níl aon duine againn lag, ach i bhfianaise na bhfigiúirí seo, cad is lag ann? Má éirímid níos laige, cá mbeimid? Ní maith le haon duine againn an chaint seo agus ní mór dúinn a bheith dóchasach. Tá a fhios againn an méid sin ach tá sé ag éirí níos deacra a bheith dóchasach lá i ndiaidh lae. Tá na teaghlaigh ann go fóill agus is mór an méid é sin féin. Níl an cath caillte go fóill.

Is deacracht nó dúshlán eile é ná seirbhísí i nGaolainn do theaghlaigh sa Ghaeltacht agus seirbhísí Stáit san áireamh. Tá uaireanta an chloig caite ag an gcoiste seo, bail ó Dhia air, ag plé Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Tá fianaise sa dara cáipéis a d'fhoilsigh Tuismitheoirí na Gaeltachta i mbliana, is é sin Suirbhé ar Sheirbhísí Teaghlaigh sa Ghaeltacht: Torthaí, go bhfuil úsáid á bhaint as seirbhísí Gaolainn, seirbhísí Stáit go háirithe, sa Ghaeltacht. Tá fianaise ann go bhfuil éileamh ar a leithéid agus go bhfuil daoine thar a bheith sásta nuair a bhíonn seirbhísí ar fáil i nGaolainn. Tá fianaise ann i dtorthaí an tsuirbhé chomh maith nach bhfuil seirbhísí Gaolainn, seirbhísí Stáit go háirithe, ar fáil go héasca do theaghlaigh Ghaeltachta.

Ghlac 1,057 teaghlach páirt sa suirbhé seo ó gach aon cheantar Gaeltachta sa tír.

Na haidhmeanna a bhí leis an suirbhé ná eolas a bhailiú faoi sheirbhísí teaghlaigh atá nó nach bhfuil ar fáil sa Ghaeltacht agus cén teanga ina bhfuil na seirbhísí sin ar fáil; cén úsáid a bhaintear as na seirbhísí teaghlaigh i nGaolainn; cén t-éileamh atá ar sheirbhísí teaghlaigh i nGaolainn; agus cé chomh sásta is atá teaghlaigh le cúrsa teanga na seirbhísí teaghlaigh a bhí ar fáil i nGaolainn. Suirbhé uaillmhianach a bhí ann agus is ábhar spéise iad na torthaí. As na seirbhísí ar fad a luadh sa suirbhé seo, agus bhí réimse leathan seirbhísí i gceist idir sheirbhísí pobail, sóisialta, litríochta, teanga, ranganna ceoil, spóirt, áiseanna spraoi agus leictreonach, oideachas, sláinte agus cúram leanaí, bhí seirbhísí i nGaolainn ar fáil do 30% de theaghlaigh sa Ghaeltacht. Mar sin féin, léirigh 81% de theaghlaigh go mbaineann siad úsáid as seirbhísí i nGaolainn nó go mbainfeadh dá mbeadh siad ar fáil. Ón líon teaghlaigh a bhain úsáid as na seirbhísí Gaolainne sin, dúirt 93% go raibh siad sásta nó thar a bheith sásta le cúrsaí teanga. Ón líon teaghlaigh nach raibh seirbhísí Gaeilge ar fáil dóibh, dúirt 69% go n-úsáidfidís na seirbhísí sin dá mbeidís ar fáil.

I gcás na seirbhísí sláinte a chuirtear ar fáil sa Ghaeltacht, mar a dúirt Marcas Mac Ruairí níos luaithe, taobh amuigh de sheirbhísí oideachais, seo iad is mó a luaitear leis an Stát. Ní raibh na seirbhísí seo ar fáil i nGaolainn ach do 21% de phobal na Gaeltachta. Seo dochtúirí teaghlaigh, banaltraí poiblí agus seirbhísí tacaíochta sláinte, urlabhra agus fisiteiripe agus rudaí mar sin. Mar sin féin, as na teaghlaigh a dúirt go raibh na seirbhísí seo ar fáil dóibh i nGaolainn, bhain 94% úsáid astu nó dúirt siad go mbainfeadh dá mbeadh gá leo. As na daoine sin a bhain úsáid as na seirbhísí Gaolainne, léirigh 94% arís go rabhadar sásta nó thar a bheith sásta le cúrsaí teanga. Ábhar suntais chomh maith ná, i gcás na ndaoine a dúirt nach raibh seirbhísí Gaolainne ar fáil dóibh, go ndúirt 71% de na teaghlaigh seo go mbainfidís úsáid as seirbhísí Gaolainne dá mbeadh siad ar fáil. Tá éileamh ar na seirbhísí seo más ea. Níl aon tuismitheoir chun raic a tharraingt mar nach bhfuil seirbhís riachtanach ar fáil i nGaolainn, go háirithe os comhair a gcuid páistí, agus tráth ina bhfuil seirbhísí riachtanacha gann mar atá. Tá daoine buíoch go bhfuil seirbhís ann, ní áirím seirbhís i nGaolainn. Ní sin le rá nach bhfuil éileamh orthu nó nár mhaith leis na tuismitheoirí céanna go mbeadh a leithéid ar fáil.

Tá cáipéis eile le foilsiú againn go luath a bheidh chomh cinniúnach céanna leis an dá cheann a chuaigh roimhe. Tugadh deis do thuismitheoirí a gcuid tuairimí a chur in iúl sa suirbhé seo ar sheirbhísí teaghlaigh agus glacadh go fonnmhar leis an deis seo. Léiriú pearsanta, ón gcroí amach, uaigneach agus brónach ar uairibh, ach mar sin féin dóchasach, atá sa mhéid a bhí le rá ag na tuismitheoirí seo. Cinneadh ag an am gan na tuairimí seo a fhoilsiú in éineacht leis na torthaí mar go raibh an oiread le rá agus an oiread ann. Tá tuarascáil á réiteach ina mbeidh na mianta seo á gcur in iúl agus tá súil againn í a fhoilsiú go luath. Tabharfaidh an méid a bhí le rá ag tuismitheoirí, a bheidh á fhoilsiú sa tuarascáil seo, léargas maith don choiste. Dúirt tuismitheoir amháin:

Bunriachtanas é go mbeadh na seirbhísí seo ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht. Glacann go leor den phobal leis mar gur b’shin mar a bhí riamh agus ní maith leo [bheith] ag casaoid ar fhaitíos nach mbeadh seirbhís ar bith ar fáil. Baineann sé seo an misneach ó dhaoine a gcuid bun riachtanas a éilimh i nGaeilge faraor.

Dúirt tuismitheoir eile:

Is cóir go mbeadh siad ar fáil i nGaeilge gan cheist. Níos tromchúisí fós, breathnaítear go bhfuil dhá chloigeann ort má dheireann tú nach bhfuil ag do ghasúr ach Gaeilge má bhíonn aon deacrachtaí urlabhra acu agus moltar dhuit iompú ar an mBéarla, go mbeidh sé níos éasca dóibh. Tá sé seo mícheart go hiomlán. Ní bhraitheann tú ar do chompord ná go bhfuil fáilte roimh úsáid na Gaeilge faraor.

Dúirt tuismitheoir amháin eile:

Is jóc é seo. Tá an oiread cleachtaidh ar easpa seirbhíse go nglactar leis más go drogallach féin é. Náire shaolta agus tá muintir na Gaeltachta ligthe síos go hiomlán ag an stát ina thaobh seo.

Is léir ón méid atá ráite ag na tuismitheoirí seo gur saoránaigh den dara grád sinne nó aon duine atá ag lorg seirbhísí i nGaolainn ón Stát. Aontaím leo. Tá sé náireach mar a chaitear linn mar thuismitheoirí atá ag tógáil ár gclann le Gaolainn.

Níl tugtha agam anseo inniu ach dhá cheann de liosta na ndeacrachtaí nó na ndúshlán agus níl ann ach a thús. Faraor nach bhfuil cúpla uair an chloig eile breise againn, agus faraor nach bhfuil cúpla uair an chloig eile lena chois sin arís againn leis na pléisiúir, na cúiseanna áthais, iontais agus mórtais a bhaineann le tógáil clainne le Gaolainn a chur os comhair an choiste. Lá níos faide anonn b’fhéidir. Tá rud amháin cinnte: caithfear aghaidh a thabhairt ar an scéal seo, más géarchéim é nó murab ea. Is cuma linne cén teideal a thugtar air. Tá sé in am tascfhórsa a chur ar bun faoi chathaoirleacht neamhspleách, a thabharfadh na heagrais éagsúla atá ag obair i réimse an teaghlaigh sa Ghaeltacht le chéile, eagrais Stáit ina measc, a dhéanfadh iniúchadh ar an bhfreastal atá á dhéanamh ar theaghlaigh, agus a leagfadh amach plean gnímh do na blianta atá le teacht. Tá sé in am féachaint ar mholtaí éagsúla mar chuid den tascfhórsa seo, moltaí an Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta agus an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ina measc, iad a chur i bhfeidhm laistigh den chóras atá againn faoi láthair, agus an córas sin a leasú lena thuilleadh a chur i bhfeidhm amach anseo. Tá sé in am moltaí praiticiúla eile a phlé mar chuid den tascfhórsa seo, mar scéim cuairteoirí baile a chur ar bun ar fud na Gaeltachta agus scéim labhairt na Gaeilge a leasú agus a chur i bhfeidhm arís, mar shampla.

Tá an cur chuige "mair, a chapaill, agus gheobhaidh tú féar" ag baint le dearcadh an Stáit i leith cúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht faoi láthair - taighde eile, straitéis nua, pleananna deasa, briathra caoine, moladh is plámás, cúpla pingin anseo agus cúpla pingin eile ansiúd. Mar sin féin, tá an capall fós ina bheatha agus tá an Ghaolainn fós á labhairt mar theanga bhaile sa Ghaeltacht. Tá an capall seo beo, in ainneoin triomach, gorta, ganntanas, sciúrsáil, gátar, neamhaird, drochíde, sciolladh is feannadh agus cluas bhodhar. Ach má tá an capall beo, tá an tseitreach ag maolú agus na heasnacha le feiscint. Tá sé lag faoin tsrathair agus faoin diallait agus níl féar suaithinseach na Gaeltachta mar a bhí. Iarraim ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge de Thithe an Oireachtais rún a rith ag tacú le bunú an tascfhórsa seo leis na grúpaí ar fad i réimse an teaghlaigh sa Ghaeltacht a thabhairt le chéile chun deis a thabhairt dúinn comhoibriú le chéile ar mhaithe leis an gcéad ghlúin eile de phobal na Gaolainne sa Ghaeltacht a chaomhnú agus a neartú. Níl an cath caillte go fóill ach níl ach méid áirithe gur féidir linne agus teaghlaigh mhisniúla na Gaeltachta a dhéanamh. Tá tacaíocht uainn.

Go raibh maith agat. Anois bogfaimid go ceisteanna. Tógaim an deis seo aithint go bhfuil an Teachta Calleary linn go fíorúil. An bhfuil am ag an Teachta Ó Cathasaigh ceist a chur? Tá sé ag deifriú go dtí an Dáil.

Caithfidh mé dul isteach sa Dáil chun labhairt. Is deas an rud é Gaolainn na Rinne a chloisteáil anseo, fiú go bhfuil Sorcha ina cónaí i nGaillimh faoi láthair. Tá an-chuid le plé anseo. Aontaím go huile agus go hiomlán go bhfuil meas agus ómós tuillte ag na teaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge. Ní raibh an fhéinmhuinín agam féin mo chlann a thógáil trí mheán na Gaolainne. Bhí sé ródheacair dom so aontaím go huile agus go hiomlán leis an ráiteas sin.

Deir Sorcha ina cur i láir go bhfuil col ag an Rialtas admháil go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht. Bhíos ag féachaint ar an tuarascáil a d’fhoilsigh Tuismitheoirí na Gaeltachta. Ar dtús báire dhírigh mé isteach ar Ghaeltacht na Déise mar is í an Ghaeltacht is gaire dom. Ar an leathanach in aice leis sin, taispeántar Oileán Chléire agus deir sé faoi líon na dteaghlach le páistí faoi 18 a labhraíonn Gaeilge go laethúil nach bhfuil ach trí cinn ann. Muna bhfuil géarchéim ann, níl a fhios agam céard é sin. Mar Theachta Dála atá sa Rialtas faoi láthair, táim lánsásta glacadh leis go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht.

B’fhéidir gur féidir leis na finnéithe labhairt liom ar feadh tamaillín beag faoin ábhar seo. Tá na grúpaí súgartha ríthábhachtach. Glacaim leis an tsárobair atá déanta ag an gCumann Lúthchleas Gael. Tá obair den scoth déanta aige sa Rinn, mar shampla. Déanann siad beagnach gach rud trí mheán na Gaeilge agus tá sé ríthábhachtach ó thaobh na Gaolainne laistigh den Ghaeltacht sin.

Tá deacrachtaí ann san earnáil chúram leanaí go ginearálta - tá a fhios againn é sin - ach go háirithe i gceantair nach bhfuil mórán daonra ann. Táim ar an gComhchoiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin freisin agus déileálann an coiste le cúrsaí oileán freisin. Tá an fhadhb chéanna ar na hoileáin ó thaobh cúraim leanaí. Tá sé deacair cúpla pingin i mbrabús a dhéanamh as má táthar ag iarraidh cúram leanaí a chur ar fáil. Conas is féidir dul i ngleic leis sin chun go mbeidh cúram leanaí ar fáil ar na hoileáin agus sna ceantair nach bhfuil mórán daonra ann, go háirithe laistigh den Ghaeltacht, ionas go mbeidh tuismitheoirí in ann dul amach ag obair agus a fhios a bheith acu go bhfuil a leanaí fós ag labhairt na Gaolainne?

An bhfuil na finnéithe in ann beagáinín níos mó sonraí a thabhairt dom ó thaobh riachtanais speisialta? Is múinteoir bunscoile mé. An bhfuil na seirbhísí, speech and language therapy, mar shampla, ann sa Roinn? An mbeadh siad ar fáil dá mba rud é go raibh páiste agam le deacrachtaí ó thaobh speech and language? Muna bhfuil, conas is féidir linn a bheith cinnte go mbeidh siad ann as seo amach?

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Ar an gcéad dul síos, gabhaim buíochas leis an Teachta as ucht a bheith chomh hionraic agus macánta agus as glacadh leis go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht. Táim ag ceapadh go bhfuil sé stairiúil go bhfuil Teachta de chuid an Rialtais sásta glacadh leis sin. Is céim an-mhór í sin. Níl ach an cúnamh agus an tacaíocht chuí atá ag teastáil uainn.

Ó thaobh an dá cheist a chuir an Teachta ó thaobh cúraim leanaí de, ceapaim go bhfuil sé aitheanta go ndírítear isteach ar an gcúram sa bhaile nó ar chúramóirí ócáideacha sa suirbhé a rinneamar ó thaobh cúraim leanaí de. Tá córas chúram leanaí an-mhaith sa Ghaeltacht faoi láthair. Tá sé faoi chúram Chomhar Naíonraí na Gaeltachta. Tá ionaid chúraim leanaí ann ar fud na Gaeltachta ach tá tuismitheoirí ann nach bhfuil deis acu a leanaí a chur isteach sna hionaid seo ar chúis amháin nó ar chúis eile. B'fhéidir gur fearr leo daoine éigin a thabhairt isteach, comharsan nó daoine éigin mar sin. Is é sin an fhadhb atá ann. Níl aon chóras ceart leis na daoine sin. Is é próifíl na ndaoine sin, an-chuid den am, gur daoine áitiúil a bhfuil saibhreas teanga acu iad. B'fhéidir gur daoine iad a bhfuil a gclann féin tógtha acu agus atá ag iarraidh rud éigin beag a dhéanamh gach aon lá. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh ugach éigin ag na daoine sin. B'fhéidir gur féidir scéim ar nós scéim na mban tí a chur ar bun. Is air sin a bhíomar ag díriú sa suirbhé seo.

Ó thaobh riachtanais speisialta de, go bhfios dom, níl aon chóras foirmeálta i bhfeidhm trína bhfaigheann páistí le riachtanais speisialta cúram nó aon saghas seirbhísí go hoifigiúil i nGaolainn. Tá sé ag tarlú. Tá fianaise ann go bhfuil sé ag tarlú agus go bhfuil na cúramóirí seo nó na seirbhísí ag moladh do thuismitheoirí a gclanna a thógáil le Béarla mar go mbeidh sé níos éasca teacht ar sheirbhísí i mBéarla. Baineann sé seo le Bille na dteangacha oifigiúla. Go minic, bímid ag cuimhneamh ar dhaoine fásta a bheadh ag cur glaoch ar oifig éigin agus ag iarraidh duine éigin a labhróidh Gaolainn leo. Tá sé sin déanta againn ar fad. Tá muidne ag cuimhneamh ar na daoine óga agus ar pháiste nach bhfuil imithe ar scoil fós. Bíonn an teagmháil is mó ag na tuismitheoirí leis na seirbhísí sláinte ag an staid sin. Bíonn orthu dul i gcomhair vacsaínithe agus leis na tástálacha forbartha a dhéanamh agus, an-chuid den am, níl aon Bhéarla ag na páistí sin. Tugtar isteach in oifigí, i gclinicí agus i seirbhísí dochtúra agus eile agus ní bhíonn aon Ghaolainn ag an dochtúir. Tá sé thar a bheith simplí. Conas is féidir tástáil forbartha a chur ar leanaí nach bhfuil aon Bhéarla acu mura bhfuil Gaolainn ag an dochtúir? Ba mhaith liom a chur ar an taifead nach bhfuil aon locht againn ar na dochtúirí ná ar na daoine atá ag obair sna seirbhísí seo. Is daoine iontacha iad. Déanann siad a gcuid oibre agus cabhraíonn siad linne, ach níor cuireadh aon choinníoll i bhfeidhm agus ní dúradh go bhfuil riachtanais orthu Gaolainn a bheith acu. Is í sin an fhadhb, seachas na daoine iontacha atá ag obair sna seirbhísí.

Cuirim fáilte roimh na feidhmeannaigh ó Ghlór na nGael agus ó Thuismitheoirí na Gaeltachta agus gabhaim buíochas leo as an gcur i láthair atá déanta acu maidir leis na scéimeanna, an tacaíocht agus na dúshláin atá leagtha amach ag Tuismitheoirí na Gaeltachta anseo.

Ar dtús báire, tá ceist agam do Ghlór na nGael. Mhol an eagraíocht go ndéanfaí taighde agus monatóireacht ar úsáid na Gaeilge sa teaghlach. Cén chaoi a gceapann na finnéithe go bhféadfaí é sin a dhéanamh? Cén próiseas a d'úsáidfí? Tá a fhios againn go bhfuil an daonáireamh ann ach b'fhéidir nach bhfuil sé sin feiliúnach. B'fhéidir go dteastaíonn níos mó. Cén chaoi a gceapann na finnéithe gur féidir é seo a dhéanamh?

Tréaslaím an chomhpháirtíocht atá ar siúl idir an eagraíocht agus an Cumann Lúthchleas Gael trasna na tíre. Bhí taithí agam ar Fhóndúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Tá tábhacht leis an scéim sin. Ag breathnú ar an mapa, is léir go bhfuil a lán clubanna i mBaile Átha Cliath, Cill Chainnigh, Loch Garman agus áiteanna mar sin ag glacadh páirte sa scéim sin. Tá sé sin le feiceáil i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil líon maith peileadóirí ann atá líofa sa Ghaeilge agus a chuaigh tríd an bpróiseas Gaelscolaíocht i mBaile Átha Cliath. Is rud amháin é sin.

Níl gach aon teaghlach atá ina chónaí sa Ghaeltacht mar a chéile. Tá Gaeilge líofa ag formhór na dtuismitheoirí i ngach Gaeltacht láidir ach tá tuismitheoirí eile ann nach bhfuil focal Gaeilge acu. Uaireanta, bíonn Gaeilge líofa ag tuismitheoir amháin agus Gaeilge lag nó réasúnta ag an tuismitheoir eile. Níl i gceist ach tuismitheoir amháin i gcuid de na teaghlaigh. Mar sin, níl aon pholasaí amháin ann gur féidir é a úsáid chun rudaí a fheabhsú. Muna bhfuil Gaeilge ag tuismitheoir amháin sa teach, céard is féidir a dhéanamh? Má tá an Ghaeilge ag beirt thuismitheoirí nó duine amháin acu ach ní úsáideann sé nó sí é, céard is féidir a dhéanamh? Má cheannaíonn duine gan Ghaeilge teach sa Ghaeltacht faoin tuath, céard is féidir a dhéanamh? Ní bheidh Gaeilge á labhairt go laethúil sa teach sin. Is cuid de na deacrachtaí a bhí mise ag breathnú orthu nuair a bhí mé i m'Aire Stáit. Níl sé éasca déileáil leis na rudaí sin. Tá sé an-deacair creidiúint go bhfuil tuismitheoirí ann a tógadh le Gaeilge nach n-úsáideann í lena gcuid páistí ach tá siad ann. Is rud mór é sin.

Tá na finnéithe ag moladh go mbunófar task force chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhfreastal atá a dhéanamh ar theaghlaigh agus chun plean gnímh a leagadh amach do na blianta atá le teacht. Tá an cuma ar an scéal nach gcreideann siad go bhfuil an polasaí oideachais don Ghaeltacht nó an plean gnímh don straitéis 20 bliain ag obair. B'fhéidir go gcreideann siad go dteastaítear níos mó. Má chreideann, b'fhéidir go mbeidh siad in ann é sin a rá. Moladh staitisticí agus na categories A, B agus C. An gcreideann na finnéithe gur cheart teorainn oifigiúil na Gaeltachta a atarraingt?

An gceapann ár bhfinnéithe go bhfuil na cúrsaí sin réasúnta mar atá siad chun go mbeadh siad in ann na rudaí atá á dhéanamh acu a dhéanamh? Chuir ár bhfinnéithe na staitisticí sin i láthair agus tá difríocht mhór idir cheantair láidre agus cheantair laga. Ag an am céanna, má dhéanann an Stát é sin, ní bheimid ag cur áiteanna cosúil le Cnoc Na Cathrach san áireamh, áiteanna ina bhfuil an bunscoil Ghaelscoil Mhic Amhlaigh agus meánscoil Choláiste na Coiribe ann atá ag déanamh sárobair ar son na teanga san áit sin i lar na cathrach. Tá na ceisteanna sin le plé anois le toil na n-aíonna agus gabhaim buíochas lenár mbeirt finnéithe as a gcur i láthair.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Bhain na trí ábhar a phléigh an Seanadóir ansin leis an easpa Gaolainne i dtaca leis an teaghlach féin, agus ní faoi Thuismitheoirí na Gaeltachta nó faoi aon duine eile é breithiúnas a thabhairt ar dhuine nó cén teanga a labhraíonn sé nó sí, go háirithe cén teanga a labhraítear sa bhaile. Bímid ag iarraidh daoine a spreagadh inár gcuid oibre. Is é an rud is mó a bhímid ag iarraidh ná go rachadh daoine i mbun machnaimh agus go dtiocfaidís ar a gcinneadh féin agus an cinneadh atá ceart dóibh féin. Más rud é gurbh é a dteaghlach a thógáil le Gaeilge toradh an chinnidh sin, táimid ar fáil chun cúnamh a thabhairt dóibh. Is beag eile gur féidir a dhéanamh mar ní féidir aon teanga a bhrú ar aon duine. Ní maith linn é nuair a bhrúitear an Béarla orainn agus ní ceart go mbeimid ag brú na Gaeilge ar aon duine eile. Is é sin an chéad phointe.

Tá go leor tacaíochta sa phobal Gaeltachta don té nach bhfuil aon Ghaeilge aige nó aici. Tá an córas oideachais féin iontach do na páistí, tá naíonraí agus an polasaí oideachais Gaeltachta ann, agus tá an córas tumoideachais ann a oireann do phaistí atá ag foghlaim agus do chainteoirí dúchais araon. Is é sin an rud is fearr a bhaineann leis an tumoideachas. Tuigim, mar sin, cad atá i gceist ag an Seanadóir ach tá tacaíocht sa phobal agus tá ciorcail chomhrá agus ranganna Gaeilge agus mar sin ann. Tá tacaíocht agus comhairle ar fáil don teaghlach, abair, nach mbíonn Gaeilge ach ag duine amháin acu agus Béarla ag na daoine eile, agus tá straitéisí éagsúla atá molta do na teaghlaigh sin. Níl an cheist chomh simplí sin agus dúirt an Seanadóir nach n-oirfeadh polasaí amháin do gach uile dhuine. Creidim go bhfuiltear in ann meascán rudaí a bheith istigh in aon pholasaí amháin.

Luaigh an Seanadóir an tascfhórsa agus mar sin. Ní hé nach gceapaimid nach bhfuil aon rud ag obair. Is a mhalairt atá an scéal mar tá ag éirí go hiontach leis an bpolasaí oideachais Gaeltachta. Tá mo pháistí féin ag dul tríd an gcóras agus táim sásta leis. Tá an plean gníomhaíochta cúig bliana chomh mór leis an bpolasaí sin, ach ní dhéileálann ach cuid an-bheag de leis an teaghlach féin. Mar sin, is tascfhórsa a bheadh dírithe go sainiúil ar chúrsaí teaghlaigh seachas ar gach uile rud eile a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta a bheadh i gceist againn, seachas aon rud eile. Is iad na heagrais dhifriúla a bheadh ag teacht isteach ansin agus ní hé go mbeadh an polasaí seo á chur in áit aon pholasaí eile ach go mbeadh sé comhthreomhar leo.

Mair leis an rud deireanach a dúirt an Seanadóir maidir le teorainneacha na Gaeltachta, nílimid ag iarraidh nó i bhfabhar aon áit a chaitheamh amach as an nGaeltacht, ach caithfear aghaidh a thabhairt ar na héagsúlachtaí atá ann ó cheantar go ceantar. Luaigh mé na catagóirí A, B agus C sa staidéar cuimsitheach teangeolaíochta, agus léiriú maith é - má táthar ina fhabhar nó ina choinne - ar an saghas pobail nó ar an bpróifíl teanga atá ag an bpobal. Ba cheart cur chuige éagsúil a bheith ann do na próifílí teanga éagsúla atá ann mar ní oibreodh rudaí a bheadh oiriúnach do chatagóir A, mar shampla, do chatagóir C, nó vice versa. Ní hé, mar sin, go bhfuil aon duine ag iarraidh teorainneacha na Gaeltachta a atarraingt nó aon rud mar sin, ach féachaint air arís agus ar na próifílí teanga atá sna pobail dhifriúla.

Mr. Marcas Mac Ruairí

Ba mhaith liom teacht ar ais go dtí an cheist faoin daonáireamh. Is é an rud a bhíonn i gceist le daonáireamh, Béarla nó Gaeilge, ná gur acmhainn pleanála é don Stát a thugann le fios dúinn cad atá ag tarlú sa tsochaí agus an áit ina bhfuil acmhainní agus caiteachas Stáit de dhíth. Is í an cheist atá againn faoin daonáireamh faoi láthair, mar a dúirt mé, ná más é an teaghlach an áit is tábhachtaí chun saibhreas teanga a chinntiú do na glúine atá romhainn, ní insíonn an daonáireamh rud ar bith dúinn. Má táimid chun pleanáil a dhéanamh conas acmhainní an Stáit seo a chaitheamh chun úsáid na Gaeilge mar theanga chlainne a chaomhnú, tá gá le heolas a ligfeadh dúinn é sin a dhéanamh. Níl an daonáireamh, mar atá sé, ag tabhairt an eolais sin dúinn. Is é an rud mholfainn ná go mbeadh oifig an daonáireamh féin oscailte do chomhrá le comhpháirtithe cuí agus go mbeadh plé ann faoi conas gur féidir linn ceist reatha na foclaíochta a leasú chun go mbeadh an t-eolas le fáil atá de dhíth orainn le freastal ar na teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge.

Gabhaim buíochas lenár n-aíonna. Chun an cruinniú a chur ar an eolas, tá daonáireamh an bhliain seo chugainn agus, go bhfios dom, tá na ceisteanna ar fad scríofa acu cheana féin. Bhíomar ag lorg ceisteanna breise. Más mian lenár bhfinnéithe nóta gairid eile a scríobh agus a chur chuig an CSO agus impí uirthi, más féidir in aon chor, athrú a dhéanamh. Tá an méid sin ar eolas agam mar go rabhamar ag lorg ceisteanna breise maidir le cad is ealaíontóir ann agus cé hiad na daoine atá ag obair mar ealaíontóirí agus atá ag déanamh oibre eile. Tá práinn leis an obair sin má tá aon athrú chun tarlú ansin. B’fhéidir go bhfuil an CSO chun roinnt de na nithe seo a thabhairt ar bord cheana féin, níl a fhios agam. Bhí an oifig sin le bheith anseo níos luaithe i mbliana ach cuireadh a freastal ar athló.

Mr. Lorcán Mac Gabhann

Chun cur leis sin, is í ceann de na bhunfhadhbanna atá ag Glór na nGael sa réimse oibre ná nach bhfuil a fhios againn cé mhéad duine nó teaghlach atá ag labhairt na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Níl a fhios againn cá bhfuil siad, cé chomh minic is a labhraíonn siad í, agus cé mhéad. Tá buille faoi thuairim gur 5,000 nó 6,000 iad ach níl a fhios againn-----

Ní dóigh liom go mbeadh a fhios acu anois.

Mr. Lorcán Mac Gabhann

-----agus ní féidir linn pleanáil chun tosaigh a dhéanamh gan an t-eolas sin.

Is géarchéim Ghaeltachta í agus táimid lasmuigh den Ghaeltacht i dtréimhse iar-ghéarchéime, más féidir liom tabhairt faoi mar sin, mar go bhfuil an ghéarchéim thart. Má táimid chun tabhairt faoi seo go straitéiseach, is gá dúinn atógáil a dhéanamh. Tá an t-am thart maidir le tascfhórsa agus níl aon mhaitheas leis sin. Tá gá le complete attitude change lasmuigh den Ghaeltacht.

Má tá na haíonna ag iarraidh nóta a chur chugam, scaipfidh mé é sin ar bhaill an chomhchoiste agus is féidir linn litir a scríobh chuig an CSO ag impí uirthi cé chomh práinneach is atá sé seo mar ní bheidh an chéad daonáireamh eile ann go ceann ceithre bliana, agus an chéad cheann eile naoi mbliana ina dhiaidh sin.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Rinneadh athbhreithniú dhá bhliain ó shin agus is cúis mhór díomá é. Moladh ceisteanna mar gheall ar an nGaeilge agus bhíomar féin ag caint leis an oifig ina dhiaidh sin ach diúltaíodh do na ceisteanna agus táimid féin den tuairim nach ndearnadh tástáil cheart ar na ceisteanna. Bhí ceist ann mar gheall ar an teanga bhaile, mar shampla, nó ceist an-chosúil leis sin, ach níor tástáladh í i gceantar Gaeltachta, áit a mbeadh dlús daonra ann agus a bhféadfaí tástáil cheart a dhéanamh air. Bhí an-díomá orainn mar gheall nach ndearnadh an tástáil sin agus nár tugadh seans di nuair a rinneadh an t-athbhreithniú dhá bhliain ó shin. Tá ceist bhreise Ghaeilge ann don bhliain seo chugainn ach ní hiad na ceisteanna a bhí uainn atá ann.

Gabhaim buíochas lenár n-aíonna go léir, leis an Uasal Mac Gabhann, an Uasal Carey, an Uasal Mac Ruairí, an Uasal Ní Chéilleachair agus leis an Uasal Ní Ghaora as teacht isteach. Aontaím leo go bhfuil géarchéim ann maidir leis na staitisticí de 16% agus is cinnte go bhfuil sé sin scanrúil. Ta súil agam nach bhfuil an cath caillte, mar a deir an tUasal Ní Chéilleachair, leis an díograis agus an greim chomh maith a léirigh sí freisin inniu.

Tá sé tábhachtach, chun an Ghaeilge a chothú sna teaghlaigh agus sna pobail chomh maith, go mbeadh paistí sna Gaeltachtaí agus in iarthar Chiarraí, go mór mór, in ann súgradh lena chéile. Bhí feachtas le déanaí chun clós súgartha a fháil i nDún Chaoin agus tá súil agam go bhfuil tacaíocht ag teacht ó Ionad an Bhlascaoid ansin.

Chomh maith leis sin, ba chóir go mbeadh sé taispeánta agus go mbeadh an Ghaeilge sofheicthe sna ceantair atá thall ansin. Chuala mé agus chonaic mé i rith na seachtaine faoi chaladh Ché an Dúinín. Bhí fógra curtha suas ag Comhairle Contae Chiarraí agus ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Bhí an fógra sin go léir i mBéarla. Bá chomhair go mbeadh zero tolerance againn i leith fógraí mar sin agus bhí díomá orm i rith na conspóide a bhí againn sa Dáil mar gheall ar an mBille nua nach mbeadh an Rialtas chun comhionannas a thabhairt don Ghaeilge sna comharthaí bóithre, mar shampla, agus sna seirbhísí chomh maith. Bhí Coimisinéir Teanga na Breataine Bige os comhair an chomhchoiste agus tá córais dhifriúla acu thall ansin. Tá orainn córas le comhionannas a thabhairt isteach anseo. Táim beagáinín níos dóchasaí tar éis an méid a bhí á rá ag ár n-aíonna a chloisteáil. Iarraim orthu an cath a choimeád suas mar níl sé caillte. Gabhaim buíochas leo go léir.

Níl a fhios agam an bhfuil ceist nó freagra ansin, a Theachta?

Bhí ceist agam ach d’fhreagair an tUasal Ní Chéilleachair í cheana féin.

Bhí sí in ann an Teachta a léamh, an ea? Bogfaimid ar aghaidh mar sin. Is é an chéad Teachta eile ná an Teachta Connolly.

Gabhaim buíochas, a Chathaoirligh, agus cuirim fáilte roimh an dá eagraíocht seo. Don chéad uair riamh le fada an lá bhí cathú mór orm bualadh bos a thabhairt dóibh as a gcur i láthair mar gur thug sé spreagadh dom leanúint ar aghaidh, agus gabhaim buíochas leo, go háirithe, mar go bhfuil siad ag díriú isteach ar an ngéarchéim atá ann, an drochfhocal sin nach féidir glacadh leis.

Táim ag breathnú agus ag díriú isteach ar dtús ar Thuismitheoirí na Gaeltachta. Tá an taighde léite agam a rinne an ollscoil i nGaillimh agus b’fhéidir gurbh é sin an fáth go bhfuil mé ag díriú isteach air. Comhghairdeas le Tuismitheoirí na Gaeltachta. Tá siad ar an bhfód le deich mbliana anois. An ar bhonn deonach a fheidhmíonn an eagraíocht nó an bhfuil sé sin athraithe? Nuair a bunaíodh an eagraíocht seo, is ar bhonn deonach a bhí sí, go huile is go hiomlán. Cén chaoi a bhfuil an eagraíocht deich mbliana ina dhiaidh sin? An féidir leis an eagraíocht teacht ar ais chugam le freagra na ceiste sin, lena toil?

Is léir an méid taighde, agus ar leathanach 2, alt a dó, tá cur síos déanta ar an neart taighde atá déanta go dtí seo. Nuair a chloisim faoi thaighde eile, bím beagáinín buartha ach tá gá le taighde i gcónaí ón dá eagaraíocht. Táim ag breathnú anseo ar an alt sin a deir, "Is léir ón taighde a rinneadh sa Ghaeltacht le roinnt blianta anuas go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht maidir le labhairt na Gaeilge." Nuair a tháinig mise ar an bhfód i gcúrsaí polaitíochta ó thaobh na Gaeilge de, bhuail mé leis an Ollamh Ó Giollagáin agus an Dr. Brian Ó Curnáin ag an am – táim ag dul siar anois - agus is in 2007 a rinne siadsan a bpíosa oibre agus is féidir dul ar ais go dtí Hickey in 2001, agus ar aghaidh agus ar aghaidh eile go dtí Muintearas agus tá neart oibre déanta ag an gcomhlacht sin. Tá beagáinín drogaill orm nuair a chloisim faoi neart taighde. Tá gá le beart, i ndáiríre, agus ba mhaith liom, más féidir, díriú isteach ar na bearta atá ag teastáil. Luaigh an tUasal Ní Chéilleachair tascfhórsa agus ba mhaith liom arís tuilleadh sonraí a fháil faoi sin. Thug sí sonraí agus aontaím léi go bhfuil gá le tascfhórsa sa bhealach srianta sin.

Maidir le feighlithe linbh, tá sé sin luaite ag an dá eagraíocht cé chomh tábhachtach is atá sé scéim feighlí linbh a chur ar bun go hoifigiúil. Tá a fhios agam ó dhuine atá ag obair in éineacht liom – níl mé chun an t-ainm a lua – an méid fiúntais atá ag baint le duine le Gaeilge atá ag obair le daoine óga. Tá sé feicthe agus cloiste agam ón ngasúr beag agus ón méid Gaeilge atá aici agus nach bhfuil trí bliana d'aois bainte amach aici fós. Is é sin scéim amháin is féidir a lua. Tá géarchéim ann, tá gá á léiriú agus tá frustrachas orainn go léir, mé féin san áireamh. Is é sin scéim dearfach amháin a bhféadfaí díriú isteach air agus beart a dhéanamh go sciobtha le neart fiúntais. B’fhéidir go mbeidh ár n-aíonna in ann díriú isteach air sin domsa.

Tá neart eile ann. Feicim na moltaí. Tá seacht moladh i gceist anseo. Tá siad go léir tábhachtach ach tá ceann amháin ann, mar shampla, is í sin an scéim feighlí. An bhfuil na moltaí seo ar an leibhéal céanna nó an bhfuil ceann de na moltaí níos tábhachtaí ná ceann eile ó na seacht moladh ar fad atá ann? Luaim moladh 6.6 mar sin a deir: "Moltar go gcuirfí seirbhís ar fáil a chuideodh le tuismitheoirí feighlithe linbh a bhfuil Gaeilge acu a aimsiú agus a fhostú." Léimeann sé as an bpáipéar agus as an leathanach dom don dá eagraíocht, laistigh den Ghaeltacht agus taobh amuigh de. An féidir lenár n-aíonna díriú isteach air sin, lena dtoil?

Is é an rud eile a léimeann amach ná go bhfuil éileamh ann do sheirbhísí i nGaeilge. Ní chlúdaíonn an focal "frustrachas" an saghas mothúcháin atá agam nuair a chloisim oifigigh sinsearacha ag teacht os ár gcomhair anseo agus ag rá nach bhfuil éileamh ann don Ghaeilge. Buíochas le Dia tá sé ráite go neamhbhalbh anseo ag ár bhfinnéithe go bhfuil éileamh ag na tuismitheoirí agus ag na clanna uile taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, agus is maith an rud é sin. B’fhéidir go mbeimid in ann fáil réidh leis an narrative nó an scéal sin nach bhfuil éileamh ann. Tá gá le cinnteacht, le buaine agus le seasmhacht freisin maidir le cibé rud a dteastaítear, agus tá sé sin ráite go láidir ag ár n-aíonna, ag Muintearas i gConamara agus, is dócha freisin, ag Glór na nGael.

Maidir le seirbhísí do dhaoine óga, léimeann an fhíric sin amach freisin gurbh é an Béarla - mar a bhfuil a fhios againn le fada an lá – an teanga chumarsáide, go háirithe i measc na ndaoine óga. Tá neart moltaí faighte againn le 20 bliain anois chun dul i dteagmháil leis an gceist seo agus tá teipthe orainn go léir.

Ta neart rudaí eile ann agus tá na figiúirí damanta. Foilseofar an taighde seo níos déanaí sa bhliain agus is iontach go bhfuil ár n-aíonna ann inniu chun beocht a chur – más féidir é sin a rá mar is a mhalairt atá i gceist – ar na figiúirí atá againn inniu agus an laghdú suntasach atá tagtha ar líon na dteaghlach atá ag úsáid na Gaeilge.

Céim dhearfach é seo agus déanfaidh sé maitheas dúinn an dá eagraíocht a bheith os ar gcomhair chomh sciobtha agus is féidir ionas go mbeimid in ann díriú isteach ar cén dul chun cinn atá déanta.

Tá dhá thuarascáil eile ag teacht, ceann amháin ón dá eagras.

Tá a fhios agam. Chuala mé é sin.

Déanfaidh mé iarracht féachaint chuige sin. Glaoim ar an Uasal Ní Chéilleachair.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Maidir le roinnt de na rudaí a dúirt an Teachta Connolly ansin, is é an cúlra atá ag Tuismitheoirí na Gaeltachta ná gur saghas fás orgánach a bhí ann. Is grúpa tuismitheoirí a tháinig le chéile go deonach a bhí ann i dtús ama i gConamara deich mbliana ó shin anois. Bhí mé féin páirteach sa chéad ghrúpa teaghlach sin. Leanamar orainn agus d’fhásamar go dtí an pointe anois go bhfuil seisear fostaithe againn. Táim féin ann, an tUasal Ní Ghaora anseo mar oifigeach forbartha agus tá triúr oifigeach forbartha eile againn - duine thíos ó dheas i gCúige Mumhan, duine i nDún na nGall, beirt i gConnachta-Laighin - agus tá riarthóir oifige againn chomh maith. Tá seisear againn ag obair anois ar fud na Gaeltachta ach thosaíomar go deonach.

Maidir leis an tascfhórsa, is é an rud faoi ná go bhfuil go leor grúpaí oibre agus meithleacha á gcur le cheile ach tá eilimint oifigiúil ag baint le tascfhórsa. Bheadh ugach ag dreamanna páirt a ghlacadh ann, go háirithe na dreamanna Stáit, mar ní thagann siad sin go dtí an bord go rómhinic, mar shampla, a leithéidí Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus mar sin de.

Is é sin an chúis go ndeirimid tascfhórsa seachas grúpa oibre, mar an-chuid den am, is grúpa cainte a bhíonn sna grúpaí oibre seo agus ní bhíonn mórán oibre i gceist. Triailtear an obair a dhéanamh ach tá sé deacair nuair atá lúb ar lár. Is é an lúb atá ar lár sa chóras pleanála teanga faoi láthair ná go bhfuil an-chuid oibre á dhéanamh ar an talamh agus go bhfuil daoine iontacha ag obair sa Ghaeltacht, ach nuair nach bhfuil an Stát istigh sa Ghaeltacht agus ag úsáid na teanga, cuireann sé an rud ar fad ó mhaith.

Tá an moladh faoin fheighlí linbh an-suntasach agus beimid ag féachaint ar na moltaí ar fad atá sa staidéar áirithe seo agus ag iarraidh na cinn a bhfuil smacht againn orthu a chur i bhfeidhm. Faraor, níl smacht againn ar gach aon rud agus is moltaí do dhreamanna eile seachas muid féin atá ann ach beimid ag dul i mbun stocaireacht agus abhcóideacht air sin.

Ó thaobh an éilimh de, agus luadh nach mbíonn éileamh ann, tá sé deacair éileamh a thomhas agus tá sé deacair an obair a bhfuilimid ag déanamh a thomhais agus bítear ag cur ceisteanna faoi key performance indicators, KPIs, agus na rudaí sin ar fad, ach tá sé deacair KPI nó rud éigean a leagadh síos nó slat tomhais a leagan síos dúinn ar cé chaoi a bhfuil ag éirí leis an obair mar is sa chéad ghlúin a fheicfimid torthaí na hoibre. Sin iad na KPIs. Nílimid ag díriú air.

Dúirt an Teachta go raibh an-chuid moltaí déanta agus go bhfuilimid fós san áit ina bhfuilimid. Tá moltaí déanta ach tá an-chuid moltaí nach bhfuil curtha i bhfeidhm. Tá mé ag ceapadh gurb é sin an lúb ar lár eile, mar shampla, na moltaí ón staidéar cuimsitheach teangeolaíochta. Níl an formhór de na moltaí sin curtha i bhfeidhm. Tá sé 14 bliain ó shin anois. Tá an páiste is sine agamsa 14 bliain d'aois. Dá mbeadh sé curtha i bhfeidhm ag an am, in 2007, b'fhéidir go mbeadh rudaí i bhfad níos difriúla.

Mr. Marcas Mac Ruairí

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh don éileamh. Déarfainn gur féidir le hoifigigh shinsearacha teacht isteach anseo le lámh ar a gcroí agus a rá nach bhfuil éileamh ann. Déarfainn nach bhfuil a fhios acu féin. Tá eolas agam faoi roinnt cásanna inar thóg roinnt tuismitheoirí raic de bharr nach bhfuair siad an tseirbhís as Gaeilge ach an-chuid amanna eile nuair a deirtear le tuismitheoirí nach bhfuil seirbhís ann, glactar leis agus ní bhíonn taifead ann go raibh iarraidh air sin ar chor ar bith sa chéad dul síos. B'fhéidir go bhfuil gá taobh istigh den chóras go mbeidh siad ag taifeadadh gach uair go ndiúltaítear seirbhís as Gaeilge.

Maidir le cúrsaí gnó agus an scéim atá againn maidir leis, mar is eol do na finnéithe, tá Gaillimh le Gaeilge ar an bhfód le fada an lá. An raibh siad i dteagmháil le Gaillimh le Gaeilge? Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuiltear ar an mbealach chun an obair chéanna a dhéanamh taobh amuigh de Ghaillimh.

Mr. Lorcán Mac Gabhann

Tá an scéim nua seo á seoladh ag an Taoiseach i gceann trí seachtaine. Tá sé á phleanáil le bliain anuas. Bhí Gaillimh le Gaeilge mar chuid den ghrúpa a d'fhorbair é. Bhí Gaillimh le Gaeilge, Gnó Mhaigh Eo, Gael-Taca, muid féin agus dhá dhream eile. D'eascair sé as an ngrúpa oibre sin. Is scéim náisiúnta é seo agus beidh na comhlachtaí agus na siopaí sin i nGaillimh atá istigh ar Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh in ann a chur isteach ar an aitheantas náisiúnta seo. Beidh scéimeanna áitiúla ag feidhmiú go háitiúil, ach má theastaíonn ón siopa nó ón gcomhlacht sin aitheantas náisiúnta a fháil, is tríd an ngradam seo a bhfaightear é.

Tá Gaillimh le Gaeilge ar an bhfód le fada an lá. An raibh na finnéithe i dteagmháil leis? Tá ciall ceannaithe aige anois. Is dócha go ndearnamar-----

Mr. Lorcán Mac Gabhann

Cuireadh grúpa le chéile bliain ó shin le Glór na nGael, Gaillimh le Gaeilge, Gael-Taca agus Gnó Mhaigh Eo. Tháinig an grúpa oibre sin aníos leis an scéim náisiúnta seo. Bhí Gaillimh le Gaeilge mar chuid den phlé.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an dá chur i láthair. Tá an-chuid eolais ann. Níorbh é na focail a bhí ann ach an fuinneamh, an mórtas agus an cur i láthair féin. Aontaím go láidir le Sorcha Ní Chéilleachair maidir leis an bpléisiúr agus an chúis bhróid atá ann teaghlach a thógáil trí Ghaolainn. Is tuismitheoir Gaeltachta mé. Bíonn i gcónaí gach iarracht á dhéanamh chun a chinntiú go dtabharfar an Ghaolainn slán chuig an chéad ghlúin eile. Aontaím go mór le Sorcha Ní Chéilleachair faoin bpléisiúr agus an sásamh ansin.

Aontaím leis na finnéithe chomh maith maidir leis na rátaí maidir leis an éileamh. D'fhéadfainn 100 duine a fheiceáil atá á scríobh sin mórthimpeall orm sa bhaile. Tá gach rud atá ráite acu ann cruinn ceart. Tá an t-éileamh ann. Tá bhuairt chomh maith ar dhaoine má lorgaíonn siad an tseirbhís as Gaolainn agus ní fhaigheann siad é agus go mbeidís fágtha ar leataobh ag feithimh ar feadh cúpla bliain leis an tseirbhís trí Ghaolainn.

Tá roinnt mhaith béime sa tuairisc ar sheirbhísí sláinte. An é toisc gurb iad is mó atá lochtach nó go bhfuil an t-éileamh is mó ansin? An bhféadfaí labhairt liom mar gheall ar an Roinn Coimirce Sóisialaí? An raibh teagmháil ansin nó an mbeadh a leithéid nó an méid céanna deacrachtaí ansin?

Lasmuigh den scoil in aon chor, tá sé fíorthábhachtach go mbeadh deis ag daoine comhluadar a fháil agus a bheith ag plé le daoine lasmuigh den scoil sa chomhthéacs Gaeilge. Glacaim leis go raibh sé an-deacair le linn na paindéime agus ní raibh na clubanna ábalta feidhmiú, ach fiú roimhe sin, bhí go leor bearnaí ann. An mbíonn na finnéithe ag plé le Muintearas agus na heagraíochtaí éagsúla mar gheall ar na heasnaimh sin? An bhfuil tacaíocht ann do ghrúpaí eile cosúil le Foróige nó Macra na Feirme teacht isteach chun na bearnaí sin a líonadh? Cé go bhfuil na clubanna óige in a lán áiteanna, tá bearnaí ollmhóra ann agus is laige mór é nach bhfuil an deis i gcuid de na pobail Ghaeltachta. Cad é tuairim na bhfinnéithe nó an ndearnadh é sin a phlé riamh i measc na dtuismitheoirí? Bheadh an-suim agam ann.

Tá cuid den cheist freagartha ag an bhfinné maidir leis an tascfhórsa. An é seo ról na n-oifigeach phleanála teanga? Conas a n-oibreoidís le chéile? Cad é an cruth a bheadh ar rudaí ansin?

Baineann an pointe deireanach leis an tslat tomhais do na réigiúin A, B agus C. Ní aontaím leis an tslí ar leagadh síos é. Tá sé leagtha síos de réir DEDs. Scoilteann sé pobail, mar shampla, mo phobal i gCúil Aodha. Níl aon tomhas ar phobal Chúil Aodha mar is DEDs Gort na Tobraide agus An Sliabh Riabhach é agus cuirtear síos iad mar chatagóir B. Tá a fhios againn go léir dá mbeadh pobal Chúil Aodha á thomhas gur pobal A a bheadh i gceist. Ní aontaím leis sin. Ní slat tomhais chruinn é an córas A, B, C.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Is dócha gur dhíríomar ar na seirbhísí sláinte níos mó ná aon seirbhís Stáit eile seachas cúrsaí oideachais mar gur sin an teagmháil is mó atá ag tuismitheoir agus ag teaghlach leis an Stát, go háirithe i gcéad bhlianta an pháiste, amhail nuair a thagann an páiste ar an saol, ar ndóigh, ag glacadh leis gur istigh san ospidéal atá an páiste. Is é an chéad chuairteoir ar an teach é an bhanaltra phoiblí. Bíonn vacsaínithe acu ag dhá mhí, ceithre mhí agus sé mhí. Bíonn tástálacha forbartha acu. Níl mé róchinnte.

Tá sé sé bliana ó bhí mise ag plé leis go díreach. Bíonn tástálacha forbartha ann. Téann daoine go dtí an clinic áitiúil agus bíonn na rudaí seo ar fad ar fáil. Sin an chéad teagmháil a bhíonn ag an bpáiste, cé go mbíonn sé nó sí an-óg, nó ag an tuismitheoir óg leis an Stát. Sin an chúis gur dhíríomar air sin. Dia idir sinn agus an t-olc, nuair a bhíonn na seirbhísí seo ag teastáil ó theaghlach, is seirbhísí riachtanacha agus thar a bheith tábhachtacha iad. Bíonn tionchar an-mhór ag na seirbhísí sin ar an teaghlach. An-chuid den am nuair atá teaghlach agus tuismitheoir ag plé leis na seirbhísí sláinte bíonn páiste tinn nó bíonn míchumas éigin air nó uirthi agus tá sé an-phearsanta. Sin an chúis gur roghnaíodh é sin. Ó thaobh na seirbhísí Stáit eile, ní bhíonn an teagmháil pearsanta sin leis an teaghlach chomh mór agus a bhíonn leis na seirbhísí sláinte, seachas b’fhéidir an Roinn Coimirce Sóisialaí. Ar ndóigh, tá seirbhísí oideachais ann ach bhí seirbhísí oideachais ar na seirbhísí is fearr sa Ghaeltacht sa suirbhé sin.

Ní bhíonn Tuismitheoirí na Gaeltachta ag plé le clubanna óige. Tá eagraíocht ann a bhíonn ag plé le clubanna óige ach níl mórán cur amach acu. Tuigim go bhfuil easpa maoinithe agus mar sin de ag cur as don eagraíocht sin. Sin vóta eile ar son an tascfhórsa, sa chaoi go mbeadh na heagrais seo ar fad ag caint le chéile agus go mbeadh an pictiúr mór ann. Tá muidne ag plé leis an teaghlach, tá dream eile ag plé le naíonraí agus cúram leanaí agus dream eile ag plé le cúrsaí club óige. Ba cheart dúinn ar fad a bheith ag caint le chéile. Faoi láthair, níl muid go maith ag caint le chéile. Níl aon fhóram againn agus níl aon bhealach againn le bheith ag caint le chéile. Níl aon phictiúr mór ann agus ba cheart go mbeadh mar ní tharlaíonn na rudaí seo i bhfolús.

Ó thaobh na n-oifigeach pleanála teanga agus an tascfhórsa, ní hé gur mise atá ag cur an tascfhórsa ar bun nó aon rud mar sin ach bheadh súil agam go mbeadh ionadaíocht ó na hoifigigh phleanála teanga ann. Bheidís lárnach in aon tascfhórsa den saghas seo mar tá siad lárnach sa phróiseas pleanála teanga agus is iad an chéad stop sa phróiseas sin.

Maidir leis na catagóirí A, B, C agus D, pléifimid é sin lá éigin eile ach d’úsáid mé iad mar shlat tomhais. Ó thaobh na Gaeltachta de, níltear ag plé le cúrsaí Gaeltachta mar DEDs a thuilleadh. Tá siad ag plé leo mar LPTs. Mar sin, ní bheadh Múscraí, na Déise nó aon dream eile briste suas.

An mbeadh an tascfhórsa ag comhoibriú leis an oifigeach pleanála teanga nó an mbeadh sé ina áit?

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Ní bheadh sé ina áit. Tá muidne ar fad, sé sin, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus na heagrais Ghaeltachta eile ar fad, ag feidhmiú mar thacaíocht don phróiseas pleanála teanga. Mar sin, bheadh sé seo ar fad faoi réimse na pleanála teanga ach dírithe go sonrach ar an teaghlach.

Ag breathnú ar an gceist seo, is dóigh liom go raibh go leor céille leis an méid a dúirt an Seanadóir Kyne, go ndéanfaidh sé an-difríocht Gaeilge a bheith ag an mbeirt, má tá beirt ann, nó ag an tuismitheoir más tuismitheoir aonar atá ann. Níos bunúsaí ná sin, déanann sé difríocht céard a labhraíonn na tuismitheoirí eatarthu féin, agus má bhí siad le chéile sula raibh gasúir acu, céard a labhair siad eatarthu féin ón tús. Phléigh muid an cheist seo siar agus aniar nuair a bhí mé sa Roinn. Míthráthúil go leor, chonaic mé go bhfuil Tigh Josie ag dúnadh agus nach bhfuil sé i gceist é a oscailt arís. Bhí muidne ag ceapadh gur cheart tosú sna dioscónna. An rud a bhí i gceist againn ná go bhfuil eolas ar theanga fíorthábhachtach ach go bhfuil nósmhaireacht teanga níos tábhachtaí fós scaití. Mar sin, má thosaíonn Gaeilgeoirí ag labhairt Béarla lena chéile go sóisialta agus ansin faigheann siad le chéile agus bíonn gasúir acu, bíonn sé i bhfad níos deacra acu na gasúir a thógáil le Gaeilge ná mar a bhíonn má labhraíonn siad Gaeilge eatarthu féin ón tús. Is cineál fáinne iomlán é seo. Fáinne an tsaoil atá i gceist agus is rud é sin go gcaithfimid díriú go mór air.

Ceann de na fáthanna go raibh an oiread béime agamsa ar thionscal na teanga sa Ghaeltacht ná gur bhraith mé, ní hamháin go raibh poist ann a thabharfadh daoine go dtí an Ghaeltacht agus mar sin de, ach níos mó den phobal a bhí ag obair trí Ghaeilge is mó seans go mbeadh cleachtas labhartha Gaeilge ag daoine. Ansin dá bhfaighidís le chéile, labhróidís Gaeilge lena gclann. Tá sé i bhfad níos deacra má tá Gaeilge ag duine amháin agus Béarla ag an duine eile ach chonaic mé déanta go thar a bheith foirfe é. Tá daoine ar aithne agamsa agus tá togha jab déanta acu sa chomhthéacs sin. Tá sé níos deacra fós má tá Béarla ag an mbeirt.

Ceann de na rudaí nach dtuigimse scaití, agus b’fhéidir nach gcuireann muid luach air, ná go bhfuil sé fós greanta i meon an phobail Ghaeltachta céard a tharlóidh má chaithfidh a ngasúir dul ar imirce agus gan aon Bhéarla acu. Tá Béarla ag chuile mac máthar acu nuair atá siad trí bliana d’aois ón teilifís, mura bhfuil na tuismitheoirí sásta an teilifís a ghearradh amach go hiomlán, agus ó bheith dul amach sa saol. Tá an rud sin ann agus bímse i gcónaí ag rá le daoine gur a mhalairt atá ann. Beidh Béarla acu gan bhuíochas.

Is cuimhin liom nuair a bhí an leaid is óige againne trí bliana d’aois. Gaeilge a labhair muidne sa bhaile i gcónaí agus eadrainn féin agus mar sin de. Bhí go leor Gaeilge chuile áit timpeall air, ach ar ndóigh bhí Béarla timpeall air freisin. Gortaíodh a lámh, tugadh chun an dochtúir é agus cuireadh ceist air i mBéarla céard a tharla. Ní raibh a fhios ag mo bhean an mbeadh sé in ann an dochtúir a fhreagairt ach féaráilte go maith, i mBéarla paiteanta dúirt sé díreach amach céard a tharla. Nuair a tháinig sé abhaile, chuir mise ceist air céard a dúirt sé leis an dochtúir. Thosaigh sé ag rá "Dúirt mé leis" agus labhair sé i mBéarla agus ansin d’iompaigh sé ar an nGaeilge agus dúirt sé liom i nGaeilge céard a dúirt sé. Níl aon fhadhb ag gasúir le Béarla mar beidh sé timpeall orthu. Níl sé mar a bhí sé 100 bliain ó shin.

Ní dóigh liomsa gur féidir linn an luach agus an buntáiste a bhaineann le bheith dátheangach ó thús a mhíniú sách maith. Seo rud gur féidir a thabhairt in aisce, an dara teanga, gan aon anró agus sin díreach trí do theanga féin a labhairt. Tugann sé an-bhuntáiste sa saol agus ní sin ó thaobh poist ach sa saol i gcoitinne. Tá an-chiall ag na tuismitheoirí a thagann ón bPolainn agus ón Aifric agus mar sin de mar labhraíonn siad a dteanga féin sa bhaile. Beidh Béarla ag na gasúir sin ag fás aníos ar aon chaoi. Ní thagaim leis an teoiric seo go gcaithfidh siad tiontú ar an mBéarla. An chéad rud go gcaithfimid déanamh ná taispeáint do dhaoine go bhfuil buntáiste mór ann an teanga a labhairt má tá sé acu. Chomh maith leis sin, creidim ar bhealach go bhfuilimid ag cúngú na díospóireachta anseo méid áirid mar níl mórán céille le daoine sa Ghaeltacht bheith tógtha le Gaeilge má théann siad taobh amuigh den Ghaeltacht agus a ngasúir, ma bhíonn siad acu, a thógáil le Béarla. Go minic déanann a leithéid de dhaoine anois an-iarracht agus cuireann siad ag Gaelscoileanna iad. Tá go leor acu ag dul ag Gaelscoileanna ar fud na tíre. Ba cheart a bheith ag labhairt ar dhaoine atá ag labhairt Gaeilge lena gclann ar fud na tíre.

Maidir le staitisticí, deirtear i mBéarla, "Lies, damned lies, and statistics". Thosaigh mise ag breathnú ar na staitisticí agus an rud a chur mé spéis ann ná dhá fhigiúr, sé sin, líon na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge in aon phobal agus na páistí idir trí bliana agus 18 a labhraíonn Gaeilge. Chuir mé iad sin i gcothromas lena chéile agus tháinig freagraí spéisiúla as é sin a dhéanamh. An figiúr ab ísle a fuair mé ná 13%, ach is pobal é sin atá ag fáil bháis, sé sin le rá, níl mórán daoine óga ann ar aon chaoi. Tá go leor baitsiléirí agus daoine neamhphósta ann. An áit ab airde, agus bhí sé seo spéisiúil, ná ceantar a bhfuil eolas an-mhaith ag Sorcha Ní Chéilleachair air. Má thógann tú an chomhréir sin, a bhaineann le tabhairt na Gaeilge ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile, an áit ab airde ná na Déise.

Déarfadh an duine leis nó léi féin, agus déarfainn leis an bhfinné ón eolas atá agam ar na Déise, gur Gaeltacht as an ngnáth í mar ba cheart go mbeadh an teanga básaithe ansin 100 bliain ó shin mar nach raibh ach 26 teaghlach ann in 1926 a bhí ag labhairt na Gaeilge go laethúil ach tá an dream atá ag labhairt na Gaeilge go díograiseach faoin teanga. Is é an dara pobal is láidre, má ghlacann duine an comhréir seo, ná Ráth Chairn.

Tá dhá rud faoin dá phobal sin, díograis agus go bhfuil borradh faoi na pobail. Tá brúnna freisin maidir le tithe a bheith á dtógáil agus mar sin de. Thóg mé an an tEachréidh agus is 21% a bhí i gceist ann. Is é sin Eachréidh na Gaillimhe, áit a bhfuil fíorbheagán Gaeilge ach má bhainim na Béarlóirí ar fad as - níl aon mhaith a bheith ag caint ar Thír Amhlaidh, Baile Chláir, Carn Mór nó Áth an Chonnaidh mar Ghaeltachtaí - agus féachaim ar an dream beag Gaeilgeoirí atá ann, tá siadsan ag seachadadh na teanga chomh láidir sin leis na pobail láidre Gaeltachta. Ina choinne sin, mar shampla, is fearr Ciarraí Theas ag 21% ná Ciarraí Thiar. Táimid ag feiceáil rudaí atá ag tarlú taobh istigh den phobal, áit a bhfuil dream ag teacht ar an tuiscint, agus ní sna Gaeltachtaí láidre amháin atá siad, go bhfuil acmhainn acu sa Ghaeilge agus gur fiú é a sheachadadh. Is é sin an chéad chath go gcaithfear a bhuachan anseo.

Is é an dara rud a déarfainn ná go bhfuil an Ghaeilge á sheachadadh ó ghlúin go glúin feicthe agam agus gan aon seirbhísí a bheith ar fáil trí Ghaeilge. Is cuimhin liom a bheith ag dul go Boston na blianta ó shin agus gur tháinig an bhean seo amach le linn dom a bheith ag dul ag an gCumann Gaelach agus gur chuir sí fáilte romham. Bhí Gaeilge Chonamara agus Chois Fharraige aici agus nuair a d'fhiafraigh mé di an ó aniar di agus cén áit, dúirt sí ní hea mar gurbh as Boston di. Cinnte dearfa, ba chainteoir dúchasach í a máthair, as Cois Fharraige, a thóg an bhean seo thall go Boston. Chonaic mé a leithéidí déanta ach thógfadh sé an-díograis é a dhéanamh. Is é sin an fáth go bhfuil an-tábhacht leis na seirbhísí tacaíochta ar fad a bhfuil ár n-aíonna ag caint fúthu.

Caithfimid díriú isteach ar cheisteanna na ndéagóirí agus cén teanga a labhraíonn siad. Tá a fhios agam ó m'óige féin gur ó 18 mbliana d'aois nó 19 mbliana d'aois an aois thábhachtach. Chonaic mé daoine a bhí ag labhairt Béarla agus iad ag dul go dtí an mheánscoil, agus an Ghaeilge a bheith á labhairt acu agus iad ag dul go dtí an ollscoil. Tá a fhios agam maidir le gaolta agus cairde liom féin lenar labhair mé Béarla le linn m'óige agus labhraím Gaeilge leo i gcónaí. Ní hamháin gur tháinig muid ar a mhalairt teanga ach tháinig siad ar a mhalairt teanga freisin. Tá sé fíorthábhachtach go mbreathnóimid literally ón tús ar an gceist seo agus a rá go bhfuil fíorthábhacht ag an aoisghrúpa 18 mbliana d'aois go 30 bliain d'aois nó cibé aois nuair a thosaíonn daoine ag dul amach le chéile, agus mar sin de, maidir leis an teanga agus an comhthéacs ina gcasann daoine ar a chéile. Caithfimid oibriú tríd sin. Tá na seirbhísí tacaíochta thar a bheith tábhachtach.

Tá an fhadhb seo freisin faoi na hurlabhraithe teanga ann agus is gas é le fadhbanna teanga agus is géarchéim é sin. Rinneamar obair ar an gceist sin mar go rabhamar ag traenáil daoine leis an obair sin a dhéanamh trí Ghaeilge ach feictear domsa go bhfuil sé ligthe i léig arís.

Is é an rud céanna maidir le seirbhísí do ghasúir le riachtanais speisialta mar níl aon amhras orm go gcuirtear comhairle go minic ar dhaoine ag fiafraí díobh tuige nach bhfuil siad ag labhairt Béarla mar go mbeadh sé i bhfad níos fusa amhlaidh. Is iomaí gasúr nach bhfuil mórán faidhbe acu a théann le comhairleoir teiripe cainte agus go minic deirtear leo dá mbeadh an duine ag labhairt teanga amháin, bheadh cúrsaí níos fearr. Is droch-chomhairle í sin. Caithfimid dul agus acmhainní a chur isteach sa scéal sin.

Thiocfainn leis an Uasal Ní Chéilleachair maidir le tascfhórsa. Is í an cheist atá ann ná an ceart don Roinn a bheith istigh ann nó nach ceart. Tá buntáiste le tascfhórsa atá neamhspleách. Ar lámh amháin de is féidir aon mholadh a dhéanamh ar mhaith leo ach ag deireadh an lae go minic is é an Stat an t-aon dream a bhfuil in ann greim a fháil ar an gcuid eile den Stát. Cibé seans atá ag an Stát nó ag Roinn Stáit, tá sé an-deacair é a dhéanamh taobh amuigh den chóras sin. Caithfimid tuilleadh plé a dhéanamh ar an gceist sin. Is é sin, an ceart go mbeadh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán nó Údarás na Gaeltachta istigh ann sa mhéid is má táthar ag iarraidh rudaí a eagrú sa chóras sláinte, sa chóras seo nó siúd, is leo siúd atá an tábhacht. Beifear ag brath go mór orthu siúd agus ar láithreacht siúd, go mór mór dá gcaithfí dul go Bord an Rialtais, mar go bhfuiltear ag brath ar an Aire ansin. Tá intinn oscailte agam ar cheist sin faoin múnla is fearr.

Níl mise gan dóchas nuair a bhreathnaím ar na figiúirí ar an gcaoi a rinne mé é sin. Má thógaim, mar shampla an tEachréidh, Bearna agus Cnoc na Cathrach, tá 1,696 ann. De Ghaeilgeoirí laethúla, ámh, níl ach 660 agus tá 136 acu sin idir 13 bliana d'aois agus 18 mbliana d'aois agus iad á dtógáil Gaeilge. Ní bheifeá ag súil go mbeadh an 10,000 duine ann ag tógáil a gclanna le Gaeilge má tharlaíonn sé nach labhraíonn siad an Ghaeilge aon lá. Is é sin an fáth gur bhéimnigh mé an t-am ar fad agus gur bhreathnaigh mé ar an gcothromas ó thaobh sheachadadh na teanga idir na daoine a labhair an Ghaeilge gach uile lá agus an méid acu siúd atá go soiléir ag labhairt Gaeilge lena gclanna. Cothromaím na figiúirí ar bhealach atá thar a bheith spéisiúil agus bheadh sé spéisiúil é sin a dhéanamh taobh amuigh den Ghaeltacht anois, is é sin ar fud na tíre. D'fhéadfaimis a rá ansin cé mhéad duine, i ndáiríre, atá ag tógáil a gclanna le Gaeilge agus an méid gasúr atá idir trí bliana d'aois agus 18 mbliana d'aois taobh amuigh den Ghaeltacht i gcomparáid le líon na nGaeilgeoirí atá taobh amuigh den Ghaeltacht atá á labhairt. Tá a fhios againn go bhfuil formhór na Gaeilgeoirí laethúla sa tír seo taobh amuigh den Ghaeltacht go fisiciúil i láthair na huaire. B'fhéidir go bhfuil cuid mhaith díobh de bhunadh na Gaeltachta ach tá siad go fisiciúil taobh amuigh den Ghaeltacht. Is é an rud a bheadh spéisiúil ná cé mhéad acu siúd atá ag labhairt Gaeilge go soiléir lena gclanna, mar mura bhfuil, bheifí ag súil go mbeidh go leor daoine fásta ann agus gan aon daoine óga ag labhairt na Gaeilge go laethúil.

Molaim an obair atá ar bun. Maidir le croí na ceiste, ní fiú deich gcinn de fhreagraí mar baineann chuile pholasaí leis seo, go mór mór i gcomhthéacs na Gaeltachta. Dá gcuirfí an cheist orm céard iad na rudaí a rinne an-leas do chúrsaí teanga sa Ghaeltacht, déarfainn TG4, b'fhéidir, Raidió na Gaeltachta, bunú Údarás na Gaeltachta agus na Roinne, an Coimisinéir Teanga agus mar sin de. Thug siad sin stádas don Ghaeilge agus deiseanna do dhaoine óga breathnú ar áiteanna ina bhfuil daoine i bpoist mhaithe ag oibriú sa Ghaeilge a thug fostaíocht dóibh, agus mar sin de. Tá an freagra casta ach is é an rud is fearr a dhéanamh ná díriú ar ghnéithe éagsúla den cheist gach uile lá ach, go mór mór, díriú ar sheirbhísí do dhaoine óga agus ar na himeachtaí taobh amuigh den scoil.

Maidir leis na feighlithe linbh, is an-smaoineamh é sin. Bhí sé sin ar bun sa chathair seo leathchéad bliain ó shin agus bheadh siad siúd ag daoine agus teaghlaigh áirithe sa chathair agus bheadh siad ag fostú daoine le Gaeilge. Tá sé in am go mbeadh scéim éigin cúraim bhaile mar sin agus ní chosnódh sé mórán sa comhthéacs seo. Caithfimid briseadh amach as na scéimeanna a bhí ann agus breathnú ar scéimeanna nua agus níl aon amhras faoi sin.

Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Cuív. Glaoim ar an Uasal Ní Chéilleachair anois.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Níl a fhios an bhfuil aon rud le rá agam féin ach tá dhá phointe agam mar gheall ar an tascfhórsa. Bheadh sé i gceist, ar ndóigh, go mbeadh an Roinn agus Údarás na Gaeltachta ann ach faoi chathaoirleach neamhspleách seachas gur rud neamhspleách a bheadh ann. Bheadh an cathaoirleach neamhspleách le nach mbeadh aon chuing orthu ó thaobh rud amháin nó rud eile.

B'fhéidir go roinnfeadh an Teachta na figiúirí sin linn agus go labhróimis fúthu tar éis an chruinnithe mar tá siad an-spéisiúil.

Déanfaimid é sin.

An bhfuil an tUasal Ní Ghaora ag iarraidh aon rud a rá?

Ms Meadhbh Ní Ghaora

Tacaím go mór leis an méid a dúirt an Teachta Ó Cuív ansin. Tá na dúshláin ann leis na tuismitheoirí ag tógáil clainne. Luadh Tigh Josie ansin. Is cairde liom iad agus beidh siad páirteach i bhfeachtas atá ar bun againn. Bhuail siad lena chéile Tigh Josie i nGaeilge. Tá an beirt acu faoi 24 bliana d'aois. Tá an cailín 22 bliana d'aois agus tá buachaill beag dhá bliain d'aois acu agus Gaeilge atá aige. Bhí cúpla acu ansin i rith an tsamhraidh agus Gaeilge atá siad ag labhairt leis na gasúir. Níl siad ach trí mhí agus sin triúr faoi dhá bhliain. Taispeánann sin go bhfuil sé ann. Tá an páiste sin á thógáil le Gaeilge ach tá na focail Béarla seo aige mar piocann sé suas iad. Ní labhraíonn siad Béarla ach tá an Béarla aige. Mar a deir an Teachta, is féidir é a dhéanamh.

Tá roinnt ceisteanna agamsa. Déanaim comhghairdeas le lucht Ghlóir na nGael as an 60 bliain a bheith saolaithe ag an eagraíocht. Is dócha go mbeidh 60 bliain eile rompu. Ní fheicfidh mise ná b'fhéidir na finnéithe an 60 bliain sin ach ba cheart dúinn cuidiú leis. Tá an líon oibre atá á dhéanamh leagtha amach ag na finnéithe agus tá sin go hiontach agus déántar é ar bheagán pinginí. Sin an drochrud a chloistear. Feictear an cur chuige atá ag na heagrais ar fad deonach nuair a thagann siad os comhair na coiste seo nó os comhair aon choiste. Tá an obair agus na tograí atá á dhéanamh acu déanta ar fíor-bheagán pinginí go minic.

Ceann de na fadhbanna atá ag Glór na nGael ná poiblíocht ar na scéimeanna agus an obair atá á dhéanamh aige, agus molaim sin ní hamháin ó thaobh díriú isteach ar phobal na Gaeilge agus meán na Gaeilge ach a bheith ag díriú isteach ar meán an Bhéarla chomh maith céanna, ach go háirithe go bhfuil sé ag triall le daoine breise a tharraingt i dtreo teaghlaigh a thógáil le Gaeilge. Don chuid is mó, ba chóir go mbeadh tuiscint ag tuismitheoirí atá páistí acu agus go bhfuil Gaeilge acu gur féidir leo na páistí sin a thógáil le Gaeilge. Dúirt an Teachta Ó Cathasaigh go ndearna a theaghlaigh an cinneadh sin a dhéanamh agus is faitíos a bhíonn ar thuismitheoirí go minic nuair atá duine nó beirt le Béarla. Fiafraíonn siad díobh féin an mbeidh siad ábalta é a dhéanamh agus cad a tharlóidh i gcás cúrsaí sláinte de. Chualamar nach bhfuil na seirbhísí ar fáil i nGaeilge agus tá obair á dhéanamh ag Glór na nGael an feachtas feasachta a chur ar bun agus a leithéid treoirlínte a bheith ar fáil. Mar sin nuair a dhéanann tuismitheoirí le Gaeilge nó ar bheagán Gaeilge an cinneadh sin, bheadh tacaíocht ar fáil dóibh. Tá sé sin beagnach níos tábhachtaí ná a lán den obair eile ach molaim Glór na nGael as an obair eile.

B'fhéidir go mbeidh Glór na nGael in ann a insint dom an bhfuil dúshlán ar leith ann ó thaobh páistí a thógáil le Gaeilge ó Thuaidh i gceantair nach bhfuil na tacaíochtaí pobail ann. Tá aithne againn, mar shampla, ar leithéidí iarthar Bhéal Feirste ach tá áiteanna ann nach bhfuil an tacaíocht sin ann. Cad sa bhreis gur féidir linn a dhéanamh óna thaobh sin?

Tagraím don staidéir atá curtha os ár gcomhair ag Tuismitheoirí na Gaeltachta. Tá na figiúirí scanrúil agus mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, is féidir figiúirí a léamh i mbealaí difriúla ach fós féin tá sé scanrúil nuair a fheictear ar an líon páistí atá Gaeilge acu ar scoil á mhúineadh agus nach bhfuil á húsáid. Tá botún á dhéanamh nó níl botún á dhéanamh. I gcás amháin tá 23 páiste ar scoil as 20 teaghlach, agus mar sin tá sé ait go bhfuil na teaghlaigh ann agus nach bhfuil ach páiste amháin ann. B'fhéidir gur sin mar a bhfuil sé agus go léiríonn sin go bhfuil daoine ag dul in aois. Tá a lán sna figiúirí ach tá sé scanrúil, mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, gur iad na ceantair Ghaeltachta is fearr ná Ráth Chairn agus na Déise. Tá obair ansin do Thuismitheoirí na Gaeltachta, dúinn agus do Ghlór na nGael.

Conas gur féidir linn cuidiú leo siúd atá ag freastal ar Ghaelscoileanna nó fiú scoileanna Béarla an Ghaeilge a labhairt lasmuigh den chóras oideachas? Conas gur féidir an figiúr sin a athrú? Sin an dúshlán. Thaispeáin Lorcán Mac Gabhann an léarscáil de na clubanna agus tagraím don léarscáil don fhondúireacht Sheosamh Mhic Dhonncha. Mar a dúirt Lorcán Mac Gabhann, tá spás i lár na tíre go bhfuil fíor-bheagán ann, agus nuair a fheictear ar an léarscáil don ghradam tá an spás ceannann céanna ann le heaspa coistí pobail. Tá dúshlán ansin ach níl aon Ghaeltacht i lár na tíre. Mar sin tá Tuismitheoirí na Gaeltachta off the hook ar an gceann seo. Cad is féidir a dhéanamh sa bhreis? Tá Tiobraid Árann an-ghnóthach ansin ó thaobh Gaeilge sna clubanna CLG. Conas gur féidir na clubanna eile a mhealladh? D'fhéadfadh Glór na nGael teacht ar ais anseo i bliain nó i dhá bhliain agus go mbeadh gach uile club CLG ag déanamh na hoibre.

Tá obair mhór le déanamh sa Ghaeltacht chun an bearna atá ann a líonadh más féidir. Tá an cáinaisnéis thart agus, mar sin, níl mé chun argóint a dhéanamh faoi sin. Tá a fhios againn cad atá ag teacht nó nach bhfuil ag teacht ó Fhoras na Gaeilge, ach chun níos mó airgid a fháil caithfidh Glór na nGael níos mó poiblíochta a dhéanamh ar an obair atá á déanamh aige. Ní bhímid ag maíomh as an obair a dhéanaimid ach tá athrú tagtha ar an saol agus caithfear maíomh as an rud seachas an obair féin a dhéanamh. Má dhéantar sin, caithfear airgead a chaitheamh. Airgead sa bhreis atá ansin ach b'fhéidir go dtiocfaidh tairbhe as feachtais ar líne nó pé bealach. Ní ghá dúinn ar fad fógraí a bheith againn sna nuachtáin mhóra nó ar RTÉ chun tairbhe a bhaint as. Tá an pobal bogtha ar aghaidh ó fheachtas mór an-chostasach. Is féidir iad a dhéanamh ar bheagán.

Mr. Lorcán Mac Gabhann

Tagraím don bhearna sin i lár na tíre. D'iarr an Cathaoirleach orainn an bhféadfaí an bearna sin a líonadh le gníomhaíochtaí Gaeilge, agus d'fhéadfaí. D'fhéadfaí an cheist a chur freisin an bhfuil dóthain airgid ag Glór na nGael, agus d'fhreagróinn go bhfuil dóthain ann leis an obair atá ar siúl aige a dhéanamh. Tá uirlisí againn atá nuachothaithe agus nuafhorbartha ar nós céimeanna, na gradaim ghnó, fondúireacht Sheosamh Mhic Dhonncha agus an comórtas féin. Seo uirlisí a bhfuilimid tar éis cruthú a oibríonn agus a mheallann grúpaí pobail agus comhlachtaí nua i dtreo na Gaeilge. Tá na huirlisí againn. Mar sin tabhair breis airgid dúinn agus cuirfimid leis an líon grúpaí atá gníomhach sa Ghaeilge. Faraor, is ceist airgid í. Tá dóthain againn ach dá bhfaigheadh muid níos mó, dhéanfadh muid an méid atá ar siúl againn a mhéadú go mór.

Mr. Marcas Mac Ruairí

Ba mhaith liom cúpla rud a rá faoin Tuaisceart. Is fiú cuimhniú i gcónaí nach áit amháin é agus go bhfuil coinníollacha difriúla ag dul ó chontae go contae. I bhfírinne agus muid ag caint ar fhorbairt phobal, go minic ní gá go mbeadh daoine ina gcónaí cóngarach don Teorainn, mar shampla. Bíonn daoine ag maireachtáil ar thaobh amháin agus ag obair ar an taobh eile. Bíonn siad ag sóisialú ar taobh amháin agus ina gcónaí ar an taobh eile. Bíonn gaolta, col ceathracha, aintíní agus uncail ar fad ar an taobh eile den Teorainn mar nach n-aithníonn an pobal an Teorainn.

Ní aithníonn an EU í le déanaí ach an oiread.

Mr. Marcas Mac Ruairí

Tá mais chriticiúil bainte amach in áiteanna i mBéal Feirste ó thaobh teaghlach atá ag tógáil clainne le Gaeilge agus an rud céanna i nDoire theas go pointe. Taobh amuigh de sin, ceann de na hacmhainní is fearr atá againne ná na scéimeanna pobal Gaeilge atá ag Foras na Gaeilge. Is minic a bhíonn muidne ar an talamh ag obair go díreach le líonraí, agus nuair is féidir linn, bímid ag comhoibriú le dreamanna eile ar an talamh agus leis na hoifigigh forbartha sin atá fostaithe ag scéimeanna eile de chuid Fhoras na Gaeilge. Is acmhainn luachmhar í sin dúinne agus muid ag déanamh na hoibre seo.

Ceann de na rudaí is mó atá de dhíth ag an tráth seo ná, taobh amuigh d’earnáil na Gaelscolaíochta, go bhfuil teagasc na Gaeilge sna scoileanna Béarla ó Thuaidh lag faoi láthair. Tá cúpla rud i gceist leis sin. Go mór mór, níl a dhóthain múinteoirí Gaeilge ann agus tá an Ghaelscolaíocht i ndiaidh na múinteoirí Gaeilge a tharraingt isteach. Má théann múinteoir Gaeilge atá ag obair i scoil Bhéarla ar scor, bíonn deacrachtaí ag an scoil sin ag fáil múinteoir Gaeilge eile, agus tiontaíonn siad go teanga eile. Níl an tábhacht chéanna á chur ar theangacha anois mar a bhíodh tráth.

Agus muid ag caint ar lánúineacha óga atá ag tosú, nó ag caint ar, clann a bheith acu, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh teacht againn orthu, le cur ina luí orthu go bhfuil an Ghaeilge mar rogha acu, agus rud mór a dhéanamh de na buntáistí agus an pléisiúr atá le baint as sin. Tá acmhainní de dhíth orainn le dul i luí ar na lánúineacha óga sin. Bhí an feachtas feasachta againn agus ba mhór linn bheith ábalta a leithéid a dhéanamh arís. Bhí costas leis, cé go raibh sé ar na meáin shóisialta, agus bhí an-chuid oibre ullmhúcháin taobh thiar de. Cheannaíomar boosters ar Facebook agus a leithéid agus thugamar speisialtóirí isteach le podcasts a dhéanamh le bheith ag caint leis na daoine óga sin. Ní thagann sé sin saor in aisce. Sin ceann de na rudaí ba mhó go tig linn a dhéanamh ó Thuaidh.

Luaigh na finnéithe fadhb na KPIs. Tá an ceart acu. An dearcadh atá agamsa faoin obair seo ar fad a chaithfimid a dhéanamh le cúrsaí teanga ná go bhfuil seans maith nach mbeidh toradh le feiceáil go ceann scór bliain. Tá sé sin feicthe thar na blianta agamsa, agus mar a deirim, tá go leor déagóirí a iompaíonn ar an mBéarla agus a iompaíonn ar ais ar an nGaeilge nuair a bhíonn siad beagán níos sine agus mar sin de. An rud a chaithfimid a dhéanamh ná an síol a scaipthe agus gan bheith ró-bhuartha faoi cén cineál fómhair a bheidh ann. Má tá daoine ag iarraidh toradh láithreach ar an gceist seo ní thuigeann siad cúrsaí teanga agus an ról iomlán atá i gceist. Nuair a cuireadh daoine go Ráth Chairn, cé a cheap go mairfeadh sé chomh láidir? Tá a fhios agam go bhfuil dúshláin ann i láthair na huaire ach rinneadh beart agus anois táimid ag feiceáil an toradh.

Caithfimid a chur ina luí ar an Stát nach bhfeileann an gnáth-chóras KPI. Níl a fhios agam an bhfeileann sé go leor rudaí ach cinnte dearfa ní fheileann an cur chuige sin cúrsaí teanga mar tá an obair i bhfad rómhall do dhaoine agus do mheon daoine an t-am uilig. Ní fheileann an córas teist, teist, teist. Tá iomaí rud sa saol atá thar a bheith fónta agus ní féidir iad a thomhais. Thacóinn leis na finnéithe go hiomlán ansin. Caith an t-airgead, déan an obair agus feicfimid an toradh am éigin.

Gabhaim mo bhuíochas libh ar fad arís. Tá súil agam go mbeidh tairbhe éigin as an méid a bhí le plé againn inniu. Tá na finnéithe tar éis a lán eolais a thabhairt dúinn ar an dá ábhar agus guím rath ar an obair atá rompu, go háirithe an dá thuarascáil atá le teacht i gceann míosa nó mar sin agus an feachtas nua atá á sheoladh ag Glór na nGael. Go n-éireoidh leis. Tá sé spéisiúil go bhfuil comhlachtaí ar bís. Níl an feachtas fógartha nó scaipthe go fóill agus fós féin tá eagrais tar éis a n-ainmneacha a chur chun cinn. Is léir go bhfuil bá ann agus go bhfuil daoine ag iarraidh obair a dhéanamh ar son na Gaeilge. Gabhaim mo bhuíochas agus buíochas an choiste leis na finnéithe.

Cuireadh an cruinniú ar athló ar 3.45 p.m. sine die.
Top
Share