Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge debate -
Wednesday, 3 Nov 2021

Gnó an Chomhchoiste

Mar a luaigh mé, beidh cruinniú againn an tseachtain seo chugainn le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir le seirbhísí sláinte trí mheán na Gaeilge i gcomhair pobal na Gaeltachta agus pobal labhartha na Gaeilge le linn paindéim an choróinvíris agus ina dhiaidh, teiripe urlabhra agus sain-teiripí eile san áireamh. Beidh ionadaithe ann ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Chun comhaltaí a chur ar an eolas, chuir muid cuireadh chomh maith chuig an Aire Sláinte agus Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte teacht os ár gcomhair an tseachtain ina dhiaidh ach fuair muid freagra ar ais ón Aire ag rá, ar an drochuair, nach mbeidh sé in ann freastal ar an gcruinniú sin. Tá mise den tuairim gur chóir dó ach táimid chun scríobh chuige anois ag lorg dáta dhifriúil. Ó thaobh Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte, dúirt seisean an rud céanna, sé sin, ar an drochuair nach mbeadh sé in ann bheith i láthair ag an gcruinniú sin agus beidh ionadaithe ag teacht ón Roinn chun labhairt linn ina áit.

An bhféadfadh na hAirí Stáit sóisearacha teacht chuig an gcruinniú sin?

D'fhéadfadh ach níor ofráil siad aon duine dúinn.

Tá sé i gceist agam scríobh ag lorg dáta eile ón Aire. Níl mise sásta glacadh-----

Muna bhfuil an tAire le fáil b’fhéidir go gcuirfeadh siad Aire Stáit.

Is féidir leis teacht ar ais á rá sin más mian leis. Chuir muid an teachtaireacht seo aige breis agus sé seachtaine ó shin agus níor tháinig sé ar ais chugainn ach an tseachtain seo ag rá nach bhféadfadh sé teacht. Tá fadhb ann i gcoitinne mar go bhfuil daoine gnóthach ach níor mhol siad dátaí eile. Tiocfaimid ar ais má tá dátaí eile ann agus déileálfaidh muid leis ag an gcéad chruinniú príobháideach eile nó an tseachtain seo chugainn nuair atá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte os ár gcomhair.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 3.27 p.m. go dtí 1.30 p.m. ar an gCéadaoin, 10 Samhain 2021.
Top
Share