Seirbhísí Sláinte trí Mheán na Gaeilge: Plé

Cuirim fáilte roimh na finnéithe a bheidh ag labhairt os ár gcomhair agus lucht féachana ar theilifís an Oireachtais. Tá na finnéithe ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte linn i seomra an choiste agus tá na finnéithe ón Roinn Sláinte ag freastal ar an gcruinniú ar líne ó áit lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Ag bualadh linn inniu, tá Tony Canavan, príomhfheidhmeannach grúpa, an Grúpa Ollscoile um Chúram Sláinte Saolta; agus Mark Brennock, stiúrthóir náisiúnta cumarsáide, agus Cuimín Mac Aodha Bhuí, oifigeach forbartha Gaeilge, mar ionadaithe ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Ón Roinn Sláinte, tá Muiris O’Connor, ardrúnaí cúnta agus Jade Pepper, oifigeach Gaeilge. Tá fáilte rompu agus gabhaim buíochas leo as bheith anseo os ár gcomhair. Tá na Teachtaí Ó Cathasaigh agus Calleary agus an Seanadóir Kyne ar líne.

Tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a léamh amach agus a chur faoi bhráid dóibh siúd atá ag freastal ar an gcruinniú. Is mian liom a mheabhrú do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin soghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar mheas ar chomhaltaí agus finnéithe agus toisc gur féidir leis na glaonna sin cur isteach ar chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais.

Tá an rogha ag comhaltaí freisin freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó freastal go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéanfar sin agus go bhfuil an físeán ar siúl acu an t-am uile, ionas gur féidir linn ar fad anseo iad a fheiceáil ar an scáileán cé acu an mbeidh siad nó nach mbeidh siad ag labhairt ag an am. Ba chóir a chinntiú go mbeadh an micreafón acu múchta nuair nach mbeidís ag caint.

Molaim go láidir dóibh siúd atá sa seomra coiste sláinteachas maith láimhe a chleachtadh agus an t-achar sóisialta cuí a choimeád le linn an chruinnithe agus ina dhiaidh. Ba chóir dóibh clúdach aghaidhe a choimeád orthu nuair nach bhfuil siad ag caint, agus iarraimid ar chomhaltaí agus ar fhinnéithe iad a bhaint nuair atá siad ag labhairt ionas go mbeidh an córas taifid in ann na focail agus a gceisteanna agus a ráitis a thaifead go cruinn. Má ghlaoitear vóta, leanfar de réir an ghnáthbhealaigh trí vótáil rolla na gcomhaltaí i seomra an choiste. Níl mé ag súil le vóta inniu ach ní bheadh a fhios agat.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe atá anseo go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste, chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Fiafraítear dóibh gan aon ní a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh na ráitis tosaigh a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfeadh siad leis an ordú sin láithreach.

Tósóimid lenár mbreithniú ar ábhar an chruinnithe seo - seirbhísí sláinte trí mheán na Gaeilge i gcomhair phobal na Gaeltachta agus phobal labhartha na Gaeilge le linn paindéime an córóinvíris agus ina dhiaidh, teiripe urlabhra agus sainteiripí eile san áireamh. Iarraim ar Tony Canavan a ráiteas tosaigh a dhéanamh.

Mr. Tony Canavan

Tá mise i mo phríomhfheidhmeannach ar an ngrúpa ospidéil Saolta agus in éineacht liom tá mo chomhghleacaithe: Mark Brennock, stiúrthóir náisiúnta cumarsáide; agus Cuimín Mac Aodha Bhuí, ceannasaí na seirbhíse Gaeilge. D’fhreastail Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, FSS, ar Choiste na Gaeilge na Gaeltachta agus na nOileán de chuid na Dála deireanach ar an 26 Feabhra 2019. Ag an am sin bhí muid ag tosú ag cur straitéis na Gaeilge 2019-23 i bhfeidhm. Is é fís na straitéise sin ná:

Feabhas a chur ar eispéireas daoine a úsáideann ár seirbhís sláinte ar mian leo go ndéanfar cumarsáid leo trí Ghaeilge, agus an ghéilliúlacht do na ceanglais reachtaíochta agus reachtúla teanga a chothú ar bhealach níos fearr.

Léiríonn an straitéis a ullmhaíodh in 2018 gur ghlac FSS leis go raibh an Ghaeilge mar chéad teanga oifigiúil an Stáit agus go raibh sé mar aidhm againn í a chothú agus a neartú agus úsáid na teanga a chur chun cinn. Nuair a bhí an straitéis á hullmhú, glacadh leis go raibh dúshláin áirithe ann sula bhféadfaí an straitéis a chur i bhfeidhm go hiomlán. Ina measc bhí ganntanas cainteoirí Gaeilge i ngach speisialtacht chun seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge. Bíonn deacrachtaí ag aimsiú cainteoirí Gaeilge le folúntais a líonadh nuair a fhágann ball foirne nó nuair a éiríonn siad as an obair, chomh maith leis an mbrú de bharr athrú struchtúrach, srianta airgeadais agus acmhainn foirne na seirbhísí sláinte.

Tuigfidh baill an choiste gur tharla athruithe suntasacha sna seirbhísí sláinte ag tús 2020 chun dul i ngleic leis an mbagairt ó Covid-19. Bhí tionchar ag an athrú béime sa tseirbhís sláinte trí chéile ar ár gcumas an straitéis Ghaeilge a fheidhmiú le 20 mí anuas freisin. Cé go ndearnadh méid áirithe dul chun cinn, tuigim agus mé ag cur an ráiteas tosaigh seo os comhair na coiste nach ndearna muid an oiread dul chun cinn agus ba mhaith linn dá mbeadh cúinsí difriúla ann. Chuir FSS níos mo béime ar bhealaí éagsúla chun cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal le 20 mí anuas. Rinneadh níos mó cumarsáide ar ardáin éagsúla, ina measc na meáin shóisialta, raidió, teilifís agus páipéir nuachta. Tá suíomh gréasáin FSS, www.hse.ie, mar fhoinse eolais iontaofa anois don phobal. Is uirlis thábhachtach HSE Live chun a chinntiú go bhfuil teacht ag an bpobal ar eolas iontaofa agus cuireadh 108 leathanach d’ábhar Covid ar fáil i nGaeilge le cúnamh na seirbhísí Gaeilge. Táthar ag leanúint ar aghaidh leis an obair seo. Is uirlis thábhachtach HSE Live chun a chinntiú go bhfuil teacht ag an bpobal ar eolas d’ardchaighdeán ó fhoinse iontaofa. Chinntigh muid go raibh foireann le Gaeilge líofa ar fáil ag HSE Live chun go bhféadfadh daoine clárú don vacsaín trí Ghaeilge. Cuireadh leis an méid cumarsáide seo in am éiginnte a bhí ag síorathrú, ach in ainneoin sin thapaigh muid go leor deiseanna chun fógraíocht agus eolas a chur ar fáil d’othair i nGaeilge. Glacann muid leis freisin gur chaill muid deiseanna chun ár bhfís maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn.

Leagtar cúig thaca amach inár straitéis Ghaeilge chun ár bhfís a bhaint amach. Tá mé chun labhairt anois faoin dul chun cinn a rinneadh i ngach taca. Glacaim leis arís go bhfuil go leor le déanamh fós. Ar dtús, labhróidh mé faoi chomhlíonadh na reachtaíochta agus rialacháin. In 2019 rinne an fhoireann Ghaeilge 166 athbhreithniú géilliúllachta ar réimse seirbhísí sna hospidéil agus sa phobal. Ní dhearnadh ach 14 athbhreithniú in 2020 de bharr Covid-19. Cuireadh an bhéim seo ar an teagmháil leis an gCoimisinéir Teanga maidir le neamhghéilliúlacht le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 le 20 mí anuas. Ó Mhárta 2020 go Meán Fómhair 2021, fuarthas 45 gearán. I measc na ngearán bhí gearáin maidir le hábhar Covid-19; clárú breitheanna post agus básanna; iarratais ar chártaí leighis; seirbhís teangaireachta; agus dochtúirí teaghlaigh. Bhain formhór na ngearán ón gCoimisinéir Teanga sa tréimhse seo leis an bhfreagra a tugadh ar Covid-19 agus le comharthaíocht sna hionaid tástála agus vacsaínithe, eolas faoi Covid-19, agus le déanaí, an tairseach vacsaínithe. Is córas ríomhaireachta atá sa tairseach vacsaínithe chun gur féidir leis an bpobal clárú don vacsaín. Is i mBéarla amháin a bhí an tairseach seo ar fáil ag an tús ach le himeacht ama tógadh céimeanna éagsúla chun go bhféadfadh daoine clárú i mBéarla nó i nGaeilge agus tá muid i mbun oibre i gcónaí chun go mbeidh daoine ábalta a gclárúchán a dhéanamh go hiomlán trí Ghaeilge. Déanann FSS gach iarracht faoin taca seo chun a chinntiú go mbeidh na seirbhísí a leanas i nGaeilge sa Ghaeltacht: altraí sláinte pobail; teiripe urlabhra agus teanga; fisiteiripe; teiripe saothair; agus seirbhísí fiaclóireachta. Coinnítear clár de bhaill foirne a chuireann seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus tá 149 ball foirne ar an gclár seo. Cuirtear seirbhisí ar fáil trí Ghaeilge sna haonaid altranais poiblí, ina measc Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua; Áras Rónáin ar Inis Mór; Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne i gCiarraí; agus Teach Altranais an Fháil Charraigh i nDún na nGall.

Is é an dara taca na tacú le seirbhísí agus feidhmeanna FSS. Tá ceathrar sa tseirbhís Ghaeilge, ceannasaí agus triúr oifigeach Gaeilge, agus tá siad faoin rannóg cumarsáide náisiúnta. Bíonn teagmháil laethúil acu le daoine ar nós mé féin sna grúpaí ospidéil agus sna heagraíochta cúraim pobail ar fud an Stáit. Bhí an tseirbhís Gaeilge páirteach freisin san obair a bhain le bileoga eolais, póstaeir agus bileoga a bhain go sonrach le Covid chomh maith leis an obair a luaigh mé cheana. Bhí ról tábhachtach ag an tseirbhís chun a chinntiú gur cuireadh an chomharthaíocht ar fáil i nGaeilge sna hionaid tástála agus vacsaínithe.

Is é an tríú taca ná hoiliúint, earcaíocht agus forbairt. Cuireadh stop le ranganna agus cúrsaí Gaeilge de bharr Covid-19 ach rinne an tseirbhís Gaeilge measúnuithe Gaeilge do dhá cheapachán Gaeltachta i nGaillimh in 2020.

Is é an ceathrú taca ná cur chun cinn agus cumarsáid trí Ghaeilge. Faoi mar a léirigh mé cheana, thacaigh an tseirbhís Ghaeilge le cur chun cinn agus cumarsáid i nGaeilge trí 51 giolc a d’eisigh an rannóg cumarsáide náisiúnta, an grúpa Saolta agus CHO 1 a aistriú go Gaeilge. D'eisigh FSS gearrthóga físe i nGaeilge chun an pobal a chur ar an eolas faoi na hionaid vacsaínithe ar an gClochán, i mBéal an Mhuirthead agus in Ailt an Chorráin.

Is é an cúigiú taca ná dreasachtaí tríú leibhéal, tacaíochta oideachais agus gairmthreoir. Lean FSS ag éascú socrúchán do mhic léinn tríú leibhéal le Gaeilge líofa sa Ghaeltacht mar chuid dá gcuid oiliúna. D'éascaigh agus spreag muid mic léinn teiripe urlabhra, teiripe saothair fisiteiripe, altranas agus leigheas ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus ó Ollscoil Luimnigh a socrúcháin a dhéanamh in ionaid FSS agus i gcleachtais dochtúirí teaghlaigh i nGaeltacht na Gaillimhe agus i dTír Chonaill.

Cuirtear dochtúirí le Gaeilge líofa atá ar an scéim oiliúna dochtúirí teaghlaigh san iarthar ar shocrúchán i gcleachtais Ghaeltachta. Lean FSS, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, leis an scéim scoláireachtaí do mhic léinn Gaeltachta sna disciplíní seo a leanas: teiripe urlabhra agus teanga, leigheas agus fisiteiripe. Tá an FSS tiomanta go hiomlán do mholtaí na straitéise a chur i bhfeidhm agus leanfar ag obair chun a chinntiú go bhfíorófar an fhís atá leagtha síos chomh maith agus is féidir.

Mr. Muiris O'Connor

Ar dtús báire, gabhaim buíochas leis na baill as an gcuireadh a bheith anseo ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun labhairt faoi sheirbhísí sláinte trí mheán na Gaeilge i gcomhair phobal na Gaeltachta agus phobal labhartha na Gaeilge le linn phaindéim an choróinvíris agus ina diaidh, chomh maith le teiripe urlabhra agus sainteiripí eile. Táimid sásta a bheith anseo chun stádas na Gaeilge sa chóras sláinte a phlé leis an gcomhchoiste. Is ard-rúnaí cúnta leis an Roinn Sláinte mé agus in éineacht liom, ar an scáileán, tá Jade Pepper, oifigeach Gaeilge na Roinne.

Le beagnach 20 mí anuas, ní féidir a shéanadh go raibh córas sláinte na tíre seo faoi bhrú as cuimse de thoradh Covid-19 go háirithe. Anuas air sin, mar is eol do chách, d’fhulaing an Roinn Sláinte agus FSS cibirionsaí, a tharla i mí Bhealtaine i mbliana. In ainneoin seo, d’fheidhmigh an córas go dícheallach, ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin a bhí os a chomhair. Cuireadh an córas vacsaínithe i bhfeidhm mar chuid den iarracht seo, chomh maith le teastais dhigiteacha Covid an Aontais Eorpaigh. Faoi bhrú mór ama agus oibre, d’éirigh linn na córais sin, agus mórán eile i leith an víris, a chur i bhfeidhm le cabhair mhór ó eagraíochtaí agus Ranna eile timpeall na Státseirbhíse.

Ní ionann sé seo agus a rá go raibh an córas gan locht. Admhaímid go hionraic gur deineadh éagóir ar an nGaeilge, go sonrach i gcomhthéacs an aistriúcháin Ghaeilge ar na teastais féin, litreacha clúdaigh ar eisíodh i mBéarla amháin iad agus síntí fada a bhí in easnamh ar ainmneacha i gcásanna áirithe, chun cuid de na lochtanna sin a lua anseo. Admhaíonn an Roinn Sláinte inniu go raibh botúin déanta agus gabhaimid leithscéal ó chroí leis an ngealltanas go ndéanfar gach iarracht a bheith níos cúramaí le dualgais na Roinne i leith na Gaeilge amach anseo. In ainneoin na mbotún seo, dearbhaíonn an Roinn go bhfuil an Ghaeilge mar thosaíocht thábhachtach againn agus táimid lánsásta agus oscailte i gcónaí d’athruithe dearfacha agus do mholtaí ionas gur féidir linn soláthar na seirbhísí sláinte trí Ghaeilge a fheabhsú agus a shaibhriú as seo amach.

Ónar bhuail an Roinn leis an gcomhchoiste seo an uair dheireanach, tá feabhas suntasach tar éis teacht ar an Roinn Sláinte maidir leis an nGaeilge. Scaiptear eolas go rialta le gach ball foirne ag meabhrú dóibh faoi na dualgais reachtúla atá ar an Roinn maidir leis an nGaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Chomh maith leis sin, tá scéim teanga nua dréachtaithe againn, a chuirfear i bhfeidhm go luath, tá líon maith daoine nua le Gaeilge líofa fostaithe sa Roinn agus tá líonra nua cruthaithe de chainteoirí Gaeilge trasna na n-aonad éagsúla. Trí thacú leis an líonra seo, táimid ag súil go spreagfaidh seo tuilleadh aitheantais, spéise agus airde ar an teanga, chun a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge lárnach i ngach togra, polasaí agus cinneadh a dhéanann an Roinn amach anseo. Táimid sásta anois ceisteanna a thógáil ón gcomhchoiste.

Gabhaim buíochas leis an bheirt fhinné as teacht os ár gcomhair, ceann amháin anseo i dTeach Laighean agus an ceann eile ina hoifig. Cuirim fáilte roimh Tony Canavan ach go háirithe toisc gur príomhfheidhmeannach ar an ngrúpa ospidéal Saolta i mo réigiún féin é. Tá sé tar éis sáriarracht a dhéanamh i rith na paindéime agus gach lá eile. Tá sé suimiúil nach bhfuil aon fhreagracht chumarsáide ar FSS. Ní raibh a fhios agam go raibh aon fhreagracht chumarsáide ar Tony Canavan. Léiríonn sé sin nach bhfuil aon duine le Gaeilge ag déanamh bainistíochta ar an gcumarsáid sa HSE. B'fhéidir gur cuid den fhadhb é sin.

Táim buartha nár thuig an fheidhmeannacht ná an Roinn an fhearg atá ar mhuintir na Gaeltachta agus - is tábhachtach é sin - muintir na Gaeilge faoin teip i leith cumarsáide i rith na paindéime. Tá frása ann - i gcás éigeandála, bris an ghloine. Bhí éigeandáil againn, agus tá éigeandáil fós againn, i leith na paindéime. Bhí daoine buartha agus ag iarraidh gach sórt eolais, go háirithe ag tús na paindéime. Ní raibh aon fhreagra ann do mhuintir na Gaeltachta nó do mhuintir na Gaeilge. Bhí moill ann nuair a bhí eolas á chur ar fáil. Bhí an cuma ar an scéal nár thuig FSS ná an Roinn nach raibh aon rogha ag daoine áirithe ach eolas a fháil i nGaeilge. B'fhéidir nach mbeadh siad in ann é a thuiscint muna bhfoilsítear i nGaeilge é. Dúirt Tony Canavan gur cailleadh deiseanna ach táim buartha nár thuig na heagraíochtaí cé chomh mór atá an briseadh a rinneadh idir an HSE, an Roinn agus muintir na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Tá cúpla ceist agam. Cé mhéad duine le Gaeilge líofa, idir Ghaeilge scríofa agus Ghaeilge labhartha, atá ann i rannóg chumarsáide an HSE? Cén fáth nár úsáideadh iad anuraidh nuair a bhris an phaindéim amach agus nuair a bhí muid ag iarraidh eolas a fhoilsiú as Gaeilge?

Tá bearna mhór idir na geallúintí ó thaobh na Gaeilge a bhí sa straitéisí a d'fhoilsigh an Roinn agus FSS agus cad a tharla i rith na paindéime. Cad iad na hathruithe atá déanta ag an Roinn agus FSS? An bhfuil siad in ann geallúint a thabhairt inniu go mbeadh an Ghaeilge ar chomhchéim leis an mBéarla ó thaobh foilseachán dá mbeadh paindéim eile nó emergency eile ann? An bhfuil aon cheachtanna foghlamtha acu ón mhéid a tharla i rith na paindéime?

Chuir Tony Canavan agus Muiris O'Connor béim ar sheirbhísí sa Ghaeltacht ina gcuid cainte. Tá sé sin tábhachtach. Bhí teip mhór ansin ach caithfear béim a chur ar sheirbhísí do dhaoine le Gaeilge i ngach cuid eile den tír freisin. Caithfidh daoine le Gaeilge a bheith in ann eolas faoi gach gné den sláinte a fháil as Gaeilge toisc go n-úsáideann siad an Ghaeilge, is cuma cá bhfuil siad ina gcónaí. Ba cheart go mbeidh an t-eolas sin ann agus ba cheart go mbeidh daoine le Gaeilge ag obair sna seirbhísí sláinte atá in ann caint le daoine a bhfuil an Ghaeilge acu. Táim ag caint faoi dhochtúirí, oifigigh riaracháin agus gach gné den tseirbhís sláinte.

Cad é an plean atá ann chun é sin a dhéanamh agus an bhfuil clár ama leis?

Cé ar mhaith leis nó léi freagra a thabhairt ar dtús?

Mr. Tony Canavan

Tosóidh mé, a Chathaoirligh. Ar dtús caithfidh mé a rá go bhfuil dualgas orm mar príomhfheidhmeannach ar an ngrúpa ospidéal Saolta seirbhísí a chur ar fáil do mhuintir an iarthair agus an iarthuaiscirt, seirbhísí as Gaeilge san áireamh. Déanaimid ár ndícheall é sin a dhéanamh. I bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Slainte go náisiúnta tá roinn cumarsáide agus tá Mark Brennock anseo ón roinn sin chun labhairt faoin obair atá á déanamh aici.

Caithfidh mé a rá gur fhoilsíomar an straitéis cúpla bliain ó shin in 2018 agus táimid fós ag obair ar an straitéis sin. Tá dhá bhliain fágtha di agus beimid ag obair go crua uirthi go dtí 2023. Tá i bhfad níos mó oibre le déanamh againn agus níl dabht ar bith faoi sin. Bhí fadhb mhór againn chomh maith maidir le Covid-19 agus ní rabhamar ábalta gach rud ar mhaith linn a dhéanamh i rith an ama sin.

Mar a dúirt mé i mo ráiteas tosaigh, bhí i bhfad níos mó oibre déanta againn le cúrsaí cumarsáide i rith Covid-19 trí Bhéarla agus trí Ghaeilge agus is cinnte gur cheart níos mó di a dhéanamh trí Ghaeilge ag an am sin ach ba am an-deacair é sin do na seirbhísí sláinte. Bhíomar faoi bhrú ama an t-am ar fad, ní raibh a fhios ag aon duine céard a bhí ag teacht thíos an bóthar agus bhíomar ag obair go han-crua ar fad chun an brú sin a bhainistiú.

I will ask my colleague, Mr. Brennock, to comment on the number of Irish speakers that we have in the national communications division and on some of the work that is done there.

Mr. Mark Brennock

Gabhaim buíochas le Tony Canavan. Tá brón orm ach níl mo chuid Gaeilge sách maith chun ceisteanna an chomhchoiste a fhreagairt i nGaeilge. Gabh mo leithscéal ach tabharfaidh mé mo chuid freagraí as Béarla.

We have four people within our Irish language service led by Mr. Mac Aodha Bhuí to my left. I cannot tell the joint committee how many others within the communications division are fluent Irish speakers but I can get that figure for the committee. I will discuss the issues raised by the Deputy about communications, as mentioned by Mr. Canavan. Obviously our services to Irish speakers and Gaeltacht communities go beyond communications but communications is a very important part of it.

During the period of Covid-19, we produced three booklets or leaflets that were delivered door-to-door across the State, including to Gaeltacht communities. In listing these things, I am not saying we have done a fantastic job but describing what we have done and perhaps giving a commitment that we will build on it. The booklet was in English only, and was produced very quickly in March 2020. A decision was taken that there was an urgency to get the information out and that it would take some time to produce an Irish language version and therefore it was put out in English only. The latter two booklets, in November 2020 and March 2021, related to vaccinations and were produced both in Irish and in English. Key television advertising on Covid-19 vaccinations was translated, produced and played in Irish on TG4 and online. We did over 100 Twitter posts in Irish on social media during the course of the campaign.

The HSE website has developed as a key resource for everybody during the pandemic for information about Covid-19 and the vaccination programme. With the help of Mr. Mac Aodha Bhuí and his team, we translated 108 pages of the website relating specifically to Covid-19 information into Irish. As I said earlier, I am not making any great claims about that as there are 80,000 pages on the HSE website but these were the most relevant pages and information on the pandemic.

The next step in the course of the first part of 2022 is to scope out a proposal to expand the Irish language content provided by the website, to come up with a proposal for how best to curate and manage that on the website, to cost it and to move forward from there.

I fully accept the Deputy's point about things we did not do that we should have done in communications. The communications team would say that they worked at extraordinary speed during an extraordinary and very difficult time for the country and produced a certain amount of Irish language material, but we have a commitment that has been given from the very highest level in the HSE to do more about that we into the future.

Ar mhaith le Muiris O’Connor na ceisteanna seo a fhreagairt?

Mr. Muiris O'Connor

Gabhaim buíochas leis an Teachta as an gceist agus as na pointí a léirigh sé. Ó thaobh na Ronne de, bhíomar ag díriú ar an gcumas atá againn freastal ar ár ndualgais gnó a dhéanamh trí Ghaeilge agus ar an ngnó teagmhála agus déileála leis an bpobal, le polaiteoirí agus le haon duine a théann i ngleic leis an Roinn trí mheán na Gaeilge. Bhíomar ag déanamh go maith leis an bhfeabhsú ar na cúrsaí sin.

Cosúil le gach eagraíocht sa Stát, d’fhás an ról a bhí againn i leith na paindéime chun dul i ngleic léi agus bhí rudaí nach dtarlódh i ngnáthamanna. Bhí an Roinn lárnach ag tabhairt faoin aip a chruthú go luath sa phaindéim agus bhíomar lárnach le daoine eile i mbliana ag cur na teastais Covid-19 i bhfeidhm. Bhí orainn é sin a dhéanamh mar chuid de rialacháin an AE. Nuair a bhíomar ag déanamh na seirbhísí sin agus ag déileáil níos dírí leis an bpobal ná mar is gnáth, thuigeamar an fhearg agus bhraitheamar é sin go láidir i rith an tsamhraidh maidir leis na botúin a rinneamar, go háirithe leis na hard copies de na litreacha agus leis an gclúdach litreach i mBéarla amháin. Rinneadh an-mhasla ansin. Bhí an balance idir an dátheangachas i bhfad níos soiléire agus chlúdaíomar é níos mó maidir le ríomhphoist ach tá a lán ceachtanna foghlamtha againn. Is féidir liom dul isteach sna sonraí sin i rith an chruinnithe.

Rinneamar gach iarracht réitigh a chur i bhfeidhm agus a chinntiú go mbeadh na réitigh sin le fáil trí mheán na Gaeilge ach bhí sé an-deacair do dhaoine ón nGaeltacht agus le hainmneacha Gaeilge agus mar sin de. Tuigimid é sin anois, ach níor thuigeamar é sin roimh ré. Tá ceachtanna móra foghlamtha againn. Amach anseo beidh an Roinn ag tabhairt i bhfad níos mó airde ar sheirbhísí a chur i láthair ar bhonn dátheangach. Tá pointe maith déanta ag an Teachta gur cheart é seo a dhéanamh ní hamháin sa Ghaeltacht ach freisin le haghaidh daoine mórthimpeall na tíre a bhfuil sé i gceist acu a dteaghlaigh á dtógáil trí Ghaeilge agus déileáil leis an Stát trí Ghaeilge. Tá ár ndualgais i bhfad níos soiléire dúinn anois agus dualgais na seirbhíse ina n-iomláine.

Maidir leis an gcumarsáid, communications, mar atá leagtha amach ag mo chomhghleacaí ón HSE, bhí b’fhéidir Béarla amháin á úsáid againn go luath ach rinneadh réiteach air sin agus ar na póstaeir go tapa, ar na promotional and advisory materials agus gach rud mar sin, chomh maith. Bhí siad siúd dátheangach ón tús. Tá ceachtanna le foghlaim ansin ach bhí siad sin réasúnta dátheangach.

B’fhéidir go raibh an Teachta ag labhairt faoi spokespersons agus ní raibh mórán Gaeilge le cloisteáil á labhairt maidir le comhairle labhartha. D’fheadfaí feabhas a dhéanamh air sin ach glacaim leis na pointí atá déanta ag an Teachta.

Is é an chéad duine eile atá chun labhairt ná an Teachta Connolly.

Fearaim fáilte roimh na finnéithe.

Tá neart ráite faoin teip a bhí i gceist ag an Roinn Sláinte agus FSS bileoga agus cumarsáid a chur amach go dátheangach. Tá sé sin admhaithe ag na finnéithe so níl mé chun díriú isteach air sin i ndáiríre ag an bpointe seo. Tá neart ráite agus tá sé glactha go raibh teip ollmhór i gceist.

Deir ráiteas tosaigh na Roinne go bhfuil “feabhas suntasach tar éis teacht ar an Roinn Sláinte maidir leis an nGaeilge” ón uair dheireanach a bhí sí os ár gcomhair. Ba mhaith liom tuilleadh eolais a fháil faoin bhfeabhas suntasach sin. Níl na sonraí anseo. Tá sé ráite go bhfuil “líon maith daoine nua le Gaeilge líofa fostaithe sa Roinn”. Is rud thar a bheith dearfach é sin agus fáiltím roimhe ach ba mhaith liom na sonraí a fháil. Cé mhéad go díreach? Iarraim ar na finnéithe an figiúr a chur i gcomhthéacs ó thaobh líon na bhfostaithe atá sa Roinn chomh maith.

Tá seanaithne agam ar Tony Canavan agus tá a fhios agam go bhfuil sé deacair go leor seirbhísí a chur ar fáil i mBéarla nó seirbhísí a chur ar fáil full stop. Mar is eol dó, bíonn mé i gcónaí ag cur ceisteanna maidir le heaspa seirbhísí agus na bearnaí móra atá ann. Faraor, tá siad fós ann. Tá a fhios agam, sa chomhthéacs sin, go bhfuil brú ar FSS i gcónaí agus tuilleadh brú de bharr na paindéime. In ainneoin sin, tá dualgas ar na finnéithe an dlí a chomhlíonadh agus níl sé sin ag tarlú. Tá sé ráite sa ráiteas tosaigh go bhfuil dul chun cinn déanta. An féidir na sonraí a thabhairt dúinn maidir leis na teiripí éagsúla? Cé mhéad duine atá ar an talamh i gConamara? Tá mé ag díriú isteach mar go bhfuil an t-am srianta agus tá Teachtaí eile ann ó Dháilcheantair eile. Cén fáth nach bhfuil na sonraí anseo dúinne, chun é a éascú dúinn ionas go mbeidh muid in ann oibriú as lámha a chéile? Tá dualgas ar na finnéithe agus tá dualgas orainne ó thaobh na Gaeilge de. Cad é an dul chun cinn atá déanta ar an talamh i nGaillimh? Cé mhéad duine atá ann sna teiripí áirithe ar an talamh i nGaillimh agus ar na hOileáin Árann? An bhfuil dul chun cinn déanta ansin? Laistigh den ospidéal, cloiseann muidne mar Theachtaí Dála scéalta i gcónaí faoi dhaoine a chuaigh ann ón gCeathrú Rua nó ó Charna agus nach raibh aon duine ann chun déileáil leo i nGaeilge.

Tá FSS ar tí scéim teanga nua eile a thosú, ach tá sé ráite ag an gCoimisinéir Teanga gur teip iomlán a bhí i gceist ó thaobh na scéimeanna teanga. Tá réim nua ag teacht anois agus táimid ag brath ar an mBille nua agus córas eile. An bhfuil na finnéithe ar an eolas faoi sin? An bhfuil aon réamhobair déanta don chóras nua atá le teacht, mar gur theip ar an gcóras eile?

Mr. Tony Canavan

Tosóidh mé leis an gceist faoin scéim. Tá muidne ag obair leis an straitéis a d’fhoilsigh muid cúpla bliain ó shin. Tuigimid go bhfuil athrú ag teacht faoi láthair agus sin an fáth go bhfuilimid ag déileáil leis an straitéis atá foilsithe againn. Mar a dúirt mé roimhe seo, beidh muid ag obair leis an straitéis sin suas go dtí 2023 agus táimid ag caint leis an gCoimisinéir Teanga faoin straitéis sin.

Chuir an Teachta ceist faoin méid daoine le Gaeilge atá ag obair sa Ghaeltacht. Níl gach figiúr agam ach tá figiúr agam faoi na seirbhísí teiripe urlabhra. Tá 13 teiripeoir urlabhra againn ag obair sa Ghaeltacht faoi láthair agus ag cur seirbhísí ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Tá liosta againn de gach duine atá ábalta------

Gabh mo leithscéal. An sin daoine le Gaeilge i gConamara? Chuir mé ceist maidir le Conamara agus na seirbhísí ar an talamh trí Ghaeilge.

Mr. Tony Canavan

Tá na figiúirí do Chontae na Gaillimhe agam. Gheobhaidh muid iad anois.

Mr. Muiris O'Connor

Is féidir liom freagairt ar son na Roinne anois, chun am a thabhairt do Tony Canavan na figiúirí sin a fháil. Tá feabhas tagtha ar ár gcumas, mar a dúirt mé, ó bhíomar os comhair an choiste cheana. Ní raibh ach cúig nó sé Gaeilgeoir aitheanta againn ag an am sin a bhí sách maith chun déileáil leis an ngnó trí Ghaeilge. Leis na fostaithe nua tá béim curtha againn ar na scileanna sin a fheabhsú agus tá dream saghas óg agus daoine nua tagtha isteach ó réimsí eile atá i bhfad níos mó cumas acu. Is í Jade Pepper ár n-oifigeach Gaeilge nua agus is í duine de na daoine nua le Gaeilge líofa atá tugtha isteach ar an scéim againne mar oifigeach Gaeilge.

Ms Jade Pepper

Mar a dúirt Muiris O'Connor, ag an tráth seo an uair dheireadh ní raibh ach cúigear nó seisear le Gaeilge líofa ann ach tá an uimhir sin tar éis dúbláil ó shin. Tá thart ar 20 duine le Gaeilge líofa againn atá in ann gnó a phlé trí Ghaeilge ag an tráth seo. B’fhéidir nach bhfuil sé sin chomh suntasach sin nó chomh mór sin i gcodarsnacht leis an Roinn uilig ach ón uair dheireadh a bhí muid ag labhairt leis an gcoiste is méadú mór atá ann. An rud is tábhachtaí maidir leis seo ná, cé go bhfuil daoine eile ann le cumas maith Gaeilge, tá 20 oifigeach le Gaeilge líofa atá an-chumasach ag plé le cúrsaí Gaeilge sa Roinn. An rud is tábhachtaí dúinne i gcónaí ná go mbeadh na daoine sin - na daoine atá aireach faoi chúrsaí Gaeilge, an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge agus na riachtanais reachtúla i leith na Gaeilge - curtha in áiteanna atá tábhachtach, ionas gur féidir linn cinntiú go bhfuil an Ghaeilge mar pháirt lárnach nuair a dhéantar cinntí agus nuair a chuirtear polasaithe le chéile. Tá sé tábhachtach sa bhealach sin agus sa chaoi sin go gcuirfear an Ghaeilge san áireamh nuair atá na polasaithe agus na cinntí sin á ndéanamh as seo amach. B’fhéidir nach bhfuil cuma ró-mhaith ar an bhfás ó sé go 20 i gcodarsnacht le háiteanna eile ach tá na daoine le líofacht sa Ghaeilge curtha in áiteanna atá tábhachtach i dtaobh polasaithe, i dtaobh cinntí agus i leith na Gaeilge as seo amach. Tá sé le feiceáil againn cheana féin go bhfuil an Ghaeilge mar chuid thábhachtach agus lárnach nuair atá cinntí á dhéanamh againn.

Mr. Tony Canavan

Maidir leis an gceist a chuir an Teachta, tá 13 teiripeoir urlabhra agus teanga againn le Gaeilge líofa ar fud na tíre, agus iadsan ag obair sa Ghaeltacht faoi láthair. Tá naonúr acu i gContae na Gaillimhe, duine amháin i nDún na nGall, beirt i gContae Chiarraí agus duine amháin i gContae Mhaigh Eo. Tá liosta iomlán againn de na poist Ghaeltachta ina bhfuil fostaithe le Gaeilge líofa chomh maith. Ar an liosta sin tá altraí, fisiteiripeoirí, teiripeoirí soláthar, fiaclóirí agus cúpla duine eile. Ar an liosta ar fad tá 149 duine.

Nuair atá an cruinniú críochnaithe b’fhéidir go bhféadfadh Tony Canavan an liosta iomlán sin a roinnt linn. Chun daoine a chur ar an eolas, ar an drochuair – nó b’fhéidir ar an uair mhaith – tá na Seanadóirí ag dul go dtí an Seanad chun déileáil le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019, atá ag tosú ann anois.

Is trua go raibh an choimhlint sin ann agus nár aithníodh go raibh an coiste ar siúl. Más féidir leis na Seanadóirí teacht ar ais, fanfaimid anseo go dtí go dtiocfaidh siad ar ais.

Déanfaimid iarracht ar aon nós; fanaigí anseo.

Don chéad uair i mo shaol tá mé chun géilleadh. B’fhéidir go bhfuil an locht ar an gcóras fuaime, ach tá sé thar a bheith deacair an t-eolas a thug na finnéithe a thuiscint agus a chur i gcomhthéacs. Maith dom más rud é go bhfuil frustrachas orm arís sa choiste seo agus mé ag iarraidh eolas bunúsach a fháil ón Roinn agus ó FSS. Easpa tuisceana atá ann i ndáiríre. Tuigim go bhfuil paindéim ann agus go bhfuil siad faoi bhrú, ach tá easpa tuisceana ann ó thaobh na Gaeilge de, chomh tábhachtach agus atá sí, agus go bhfuil dualgas dlíthiúil orthu nach mór a chomhlíonadh. An dtiocfaidh na finnéithe ar ais ar seo? Níl an locht orthu; bhí an fhuaim go dona.

Dúradh go bhfuil 20 duine ann le Gaeilge anois, gan chomhthéacs agus gan a chur in iúl dúinn cén chaoi a bhfuarthas an méadú sin. An raibh sé de bharr cúrsa, de bharr daoine le Gaeilge ag teacht isteach ón taobh amuigh nó de bharr na gcéimeanna a glacadh chun daoine a mhealladh an Ghaeilge a úsáid laistigh den Roinn agus FSS? Dúradh go bhfuil triúr ann maidir le teiripe urlabhra. Cá bhfuil siad lonnaithe agus an bhfuil siad ag comhlíonadh an éilimh atá ann? Sin é an fáth go bhfuil díospóireacht ar siúl faoi láthair mar gur theip ar an gcóras seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge agus sin an fáth go bhfuil gá le hAchtanna sláinte. Tá an obair sin déanta againne ach tá easpa tuisceana ann. An gcuirfear na figiúirí bunúsacha sin os ár gcomhair ar a laghad nuair a bheidh an cruinniú críochnaithe?

Tá Cuimín Mac Aodha Bhuí tar éis a rá go dtabharfaidh sé freagra agus rachaimid ar ais chuig Jade Pepper chun níos mó eolais a thabhairt dúinn faoin gcaoi a bhfuair sí an 20 duine breise, nó pé uimhir, agus as cé mhéad duine.

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Mar chomhthéacs, in 2004, faoi na boird sláinte, d’éirigh linne tacaíocht na hardbhainistíochta a fháil chun plean a chur i bhfeidhm. Cuireadh an maoiniú agus an tacaíocht iomlán ar fáil chun é sin a dhéanamh. Ceann de na rudaí a bhí i gceist leis ná seirbhísí teiripe urlabhra agus teanga a chur ar fáil sa Ghaeltacht mar go raibh géarghá leis. Rinneamar é sin agus chuireamar scoláireacht ar fáil do cheathrar as ceithre chontae éagsúla Ghaeltachta. Thosaigh siad ag obair le FSS le tacaíocht ó Roinn na Gaeltachta ag an am. Leanamar ag cothú daoine eile le teacht isteach agus ag earcú daoine.

Faoi láthair, tá ochtar cainteoir dúchais as Gaeltacht Chonamara ag obair i gContae na Gaillimhe. Tá cuid acu ar shaoire mháithreachais faoi láthair ach tá siad ansin, agus tá seirbhíse á chur ar fáil acu trí Ghaeilge. Tá duine eile ag obair i gCiarraí, agus duine i gCorcaigh ach nílim iomlán cinnte. Tá duine i Maigh Eo agus duine i Sligeach. I dTír Chonaill, tá deacracht againn de bharr nach bhfuil daoine sásta cur isteach ar phoist i dTír Chonaill go minic. Tá an fhadhb chéanna i gceist do dhaoine ag cur isteach ar phoist mar dhochtúirí teaghlaigh. Níl siad sásta cur isteach ar phoist mar dhochtúirí teaghlaigh. Tá an post sin ar an gCeathrú Rua á fhógairt arís inniu. Ní bhfuaireamar aon iarratais an t-am deireanach. Sin mar atá sé anois. Níl na dochtúirí óga sásta lonnú sna ceantair thuaithe. Muna ndéantar rud éigin, ar nós liúntas breise a chur ar fáil nó coinníollacha níos fearr a thabhairt dóibh, tá an pobal i gcontúirt a bheith fágtha gan dochtúirí teaghlaigh sna blianta atá romhainn.

Freagraíonn sé sin cuid de na ceisteanna faoi theiripeoirí saothair. Ceapadh duine eile ón nGaeltachta i gCasla níos luaithe i mbliana. Tá daoine eile ag fáil scoláireachtaí uainn faoi láthair agus tá súil againn go dtiocfaidh siad isteach sa chóras go luath.

Mr. Muiris O'Connor

Is féidir liom cur leis an bhfreagra beagáinín. Nuair a dúirt Jade Pepper go bhfuil 20 Gaeilgeoir líofa aitheanta againn, tá an fás ó chúig nó sé, nuair a bhíomar os comhair an choiste in 2019, den chuid is mó mar gheall ar dhaoine nua a bheith á dtabhairt isteach againn. Tá níos mó Gaeilge ag daoine óga ag teacht isteach ná a bhí ag na daoine níos sine a bhí ag éirí as obair. Is rud suimiúil é sin. B’fhéidir gur tairbhe é sin don Ghaelscolaíocht atá tar éis fás le blianta beaga anuas. Is é sin an rud is suntasaí a tharla dúinne.

Tháinig méadú mór ar thoirt na Roinne. Chuamar ó - níl na figiúirí exact agam ach tá sé seo réasúnta cruinn - 450 duine sa Roinn agus tá níos mó ná 650 duine againn anois. Tá fás ollmhór tagtha ar an Roinn trí fhostaíocht agus daoine nua a tharraingt isteach, agus tríd an meas atá againn don Ghaeilge laistigh den Roinn a chur in iúl dóibh. Tá i bhfad níos mó Gaeilge le cloisteáil timpeall na Roinne anois agus tá níos mó intentionality ag baint leis. Táimid ag tabhairt fúithi mar tuigimid go rabhamar lag aici, agus bhí sé sin réasúnta soiléir nuair a bhíomar os comhair an choiste seo in 2019. Tá feabhas suntasach tagtha ar an nGaeilge agus tá scéim nua á chur le chéile ag Jade Pepper do na blianta 2021 go 2023, nó 2022 go 2025 - nílim cinnte. Cuirfidh sé sin leis agus tá bonn maith againn lena thógáil anois.

An bhfuil sé sin ceart go leor? Bogfaimid ar aghaidh chuig an Teachta Aindrias Moynihan. Sula ligim isteach é, tugaim faoi deara go raibh an Seanadóir Niall Ó Donnghaile ar an nasc físe chomh maith agus creidim go ndeachaigh sé chuig an Seanad chun déileáil le Bille na dTeangacha Oifigiúla.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an gcur i láthair. Bhí deis agam é a léamh ar maidin. D'éist mé leo ó m'oifig nuair a bhí siad á ghabháil tríd níos luaithe sa chruinniú. Tá sé deacair a rá go cinnte cá dtosófar ar seo. Lig dom díriú ar an bpaindéim ar dtús. Damn it, bhí sé uafásach. An cuma leis an Roinn in aon chor teagmháil a dhéanamh le muintir na Gaolainne? Ní rachaidh mé siar air arís. Bhí an perfection mar namhaid ann do gach rud. Dá mba rud é go mbeifeá ag ullmhú gach rud arís le cur le chéile, ní bheifí in ann é sin a dhéanamh. Dúradh linn gur dhírigh an Roinn ar na rudaí bunúsacha, ach caithfidh gur rud bunúsach é teagmháil a dhéanamh le daoine, as Gaolainn nó as Béarla. Cuireadh an Ghaolainn ar leataobh. Ba chosúil nach rud bunúsach nó lárnach a bhí ann. B’fhéidir gur maisiúchán nó mar rud imeallach a bhí ann, agus cuireadh ar leataobh é. Ní raibh sé lárnach teagmháil a dhéanamh le daoine.

Dúradh linn go ndearnadh botúin agus gur foghlaimíodh ceachtanna. Cad go díreach iad na ceachtanna a foghlaimíodh faoin tráth seo? An léireoidh na finnéithe dúinn nach dtarlóidh a leithéid arís? Táim ag smaoineamh ag an ngeimhreadh atá amach romhainn agus cur i gcás dá mbeadh brú ar an gcóras ó thaobh Covid arís. An gcinnteoidh na finnéithe go mbeidh sé difriúil? Cad iad na ceachtanna a foghlaimíodh agus na céimeanna a baineadh amach lena chinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís? Glacaim leis go raibh feabhas ann an uair dheireanach sa mhéid is go raibh fógraíocht bhreise ann de réir a chéile, ach bhí na húdaráis sláinte ag tosú ó leibhéal chomh híseal go raibh sé faoin urlár, seachas bheith ag tosú ón urlár.

Cad iad na ceachtanna atá foghlamtha? An dtaispeánfaidh na finnéithe dúinn conas a chinnteofaí nach dtarlódh a leithéid arís? Cad iad na réitithe atá á gcur i bhfeidhm? Cén sórt caiteachais a bhí ann ó thaobh fógraíocht sna meáin ó thaobh an Bhéarla agus na Gaolainne? An dtabharfaidh na finnéithe roinnt figiúirí air sin dúinn? Cad iad na ceachtanna atá foghlamtha ón bpaindéim? Is é sin an príomhrud. An léireoidh na finnéithe dúinn na céimeanna cinnte atá bainte amach acu chun nach dtarlódh é sin arís?

Bogfaidh mé ar aghaidh go dtí seirbhísí laethúla. Bhí plé an-mhaith againn le tuismitheoirí roinnt seachtainí ó shin. Bíonn a leithéid de phlé againn go minic nuair a bhímid ag lorg seirbhísí sa Ghaeilge, mar shampla, teiripeoirí urlabhra agus teanga agus fiaclóirí. Ní dhéanfaidh tuismitheoirí aon mhoill nuair atá siad ag lorg na seirbhísí seo i gcomhair a bpáistí. Má tá siad ag éileamh na seirbhísí sin - agus go minic is ag tús saol an pháiste a bhíonn an-chuid teagmhála ag tuismitheoirí leis an Roinn Sláinte - déanann tuismitheoirí gach iarracht chun iad a fháil chomh tapa agus is féidir ar mhaithe leis an bpáiste. Má tá orthu feitheamh ar feadh roinnt seachtainí nó roinnt míosa i gcomhair seirbhís as Gaolainn, ní fhanann siad. Téann siad go dtí an fiaclóir nuair atá an fiaclóir ar fáil. Mar sin, an bhfuil aon tomhas ag na finnéithe ar an méid éilimh atá ann i gcomhair seirbhísí as Gaolainn ó thuismitheoirí agus páistí? Níl siad chun a bheith ag líonadh foirmeacha agus ag seasamh i líne i gcomhair na seirbhísí sin. Conas a mheastar é sin? Cad iad na céimeanna atá á mbaint amach chun a chinntiú go mbeidh na seirbhísí éagsúla sin ar fáil do pháistí? Táim ag caint faoi theiripeoirí urlabhra agus teanga, vacsaíní, fiaclóirí agus na seirbhísí bunúsacha eile a bheidh an-chuid teaghlach ag plé leo ar mhaithe le páistí óga.

Mr. Tony Canavan

Tuigeann gach duine go bhfuil sé deacair daoine sna seirbhísí sláinte a mhealladh go dtí áiteanna áirithe, go mórmhór agus muid ag caint faoi áiteanna taobh amuigh de na cathracha móra. Tá fadhbanna againn daoine a mhealladh chuig na Gaeltachtaí agus áiteanna mar sin. Tá sé an-deacair ar fad daoine a mhealladh isteach a bhfuil Gaeilge líofa acu agus atá ábalta seirbhís a chur ar fáil as Gaeilge do dhaoine le Gaeilge. Tá sé an-deacair é sin a dhéanamh. Mar a dúirt mé roimhe seo, tá liosta mór de na daoine a bhfuil Gaeilge líofa acu againn.

Go minic, is seirbhísí iad seo nach mbeifí ag súil leis go mbeidís ar fáil go háitiúil sa Ghaeltacht. Tuigtear go mbeidh ar dhaoine gabháil isteach san ospidéal i gCorcaigh nó i Maigh Chromtha. Mar sin, ní rud imeallach é. Ba chóir go mbeadh an Ghaolainn ar fáil go forleathan sa tseirbhís. Ní rud i gcomhair na Gaeltachta amháin atá i gceist anseo, ach rud i gcomhair na seirbhíse sláinte go forleathan. Tá sé sin tábhachtach.

Mr. Tony Canavan

Mar a dúirt Cuimín Mac Aodha Bhuí roimhe seo, táimid ag déanamh cúpla rud chun níos mó daoine le Gaeilge a mhealladh isteach go dtí an tseirbhís ní hamháin sa Ghaeltacht, ach ar fud na tíre. Táimid ag mealladh daoine isteach sa tseirbhís nuair atá siad ina mic léinn. Táimid ag tabhairt tacaíochta dóibh chun a gcuid staidéir a dhéanamh. Táimid ag obair le hÚdarás na Gaeltachta chun scéim scoláireachta a chur ar bun do mhic léinn a thagann as an nGaeltacht agus a bhfuil Gaeilge líofa acu. Baineann sé seo le disciplíní éagsúla, mar shampla, teiripe urlabhra agus teanga, leigheas agus fisiteiripe. Ag an am céanna, mar a dúirt mé roimhe seo, d'éascaigh agus spreag muid mic léinn teiripe urlabhra, teiripe shaothair, fisiteiripe, altranais agus leighis ó na hollscoileanna a socrúcháin a dhéanamh in ionaid FSS agus i gcleachtais dochtúirí teaghlaigh i nGaeltacht na Gaillimhe agus i nGaeltacht Dhún na nGall. Táimid ag déanamh ár ndíchill daoine le Gaeilge a mhealladh isteach sna seirbhísí ach níl sé éasca. Tá sé an-deacair.

Mr. Muiris O'Connor

Glacaim leis an gcáineadh atá déanta ag an Teachta. Ó thaobh na ceachtanna atá foghlamtha, is deacair dom é seo a rá mar Ghaeilgeoir ach is é an príomhcheacht domsa ná go bhfuil an ceart ag an Teachta nach raibh an Ghaeilge lárnach i m'aigne sna seachtainí tar éis an chibirionsaithe ina raibh muid ag iarraidh na teastais Covid a chur i bhfeidhm. Cheapamar nach bheimis in ann teastas a chur ar fáil d'aon duine, as Gaeilge nó as Béarla. Bhí méid ollmhór oibre le déanamh. Ó thaobh cúrsaí dlí, bhí orainn bonn dleathach a thabhairt do na regulations ón Eoraip trí ceithre statutory instruments a reáchtáil. Go praiticiúil, bhí orainn a chinntiú go raibh na certs i gceart go teicniúil agus soléite ag tíortha eile agus go mbeadh an cumas againn mar thír san Eoraip certs ó gach tír eile Eorpach a léamh. Bhí a lán oibre le déanamh ar rudaí teicniúla. Bhíomar ag díriú ar an gcód QR sa chearnóg sin ar na teastais, seachas ar na focail a bhí ar an leathanach. Rinneamar botúin. Is é sin an ceacht.

Tá náire orm nach raibh an Ghaeilge níos lárnaí i m'aigne agus mé i gceannas ar na rudaí sin. Is é sin an príomhcheacht; ba chóir go raibh sí níos lárnaí. Ní raibh mórán oibre breise i gceist chun an Ghaeilge a dhéanamh níos lárnaí. Nuair a sheoladh amach na hard copies agus Béarla amháin ar an cover letter, bhí an-fhearg i measc mhuintir na Gaeltachta agus na Gaeilge. Rinneamar an-iarracht. Ba ag an am sin a thóg mé Jade Pepper isteach ar an bhfoireann. Ba bhotún é nach raibh sí ar an bhfoireann ón tús. Ón am sin ar aghaidh, rinneamar aistriúchán ar gach rud. Bhí gach remedy a chuireamar i bhfeidhm dátheangach. Ba é an príomhbhotún nach raibh an Ghaeilge lárnach go leor i m'aigne agus in aigní na foirne. Cheapamar nach mbeadh muid in ann na teastais a chur amach. D'éirigh linn 1 milliún teastais pháipéir a chur amach sa chéad seachtain agus 1 milliún eile a chur amach i ríomhphoist.

Bhí cuid mhaith de lucht na Gaeilge maslaithe go raibh an príomh-portal chun an vacsaín a fháil i mBéarla amháin, mar a dúirt mo chomhghleacaí. Bhí a lán daoine le Gaeilge ann nach raibh sásta déileáil leis sin. Chuir siad glaonna ar sheirbhísí. Ansin, bhí fadhb leis na síntí fada agus gach rud. Bhí a lán fadhbanna ann le síntí fada agus type fonts. Ba fhadhbanna ríomhaireachta iad sin a tharla idir córais na GPs agus córais eile. Tá gach rud ag obair go hiontach deas ar an online portal agus leis an modh ríomhphoist, a bhfuil an chuid is mó de dhaoine ag tabhairt faoi. Rinneamar a lán botún. Is cinnte go mba chóir go raibh an Ghaeilge a bheith ón tús agus ón design. Ní dhéanfaidh mé dearmad air sin riamh.

Ms Jade Pepper

An féidir liom cur leis sin? Go hoibiachtúil, tharla an-chuid, agus níos mó ná a mhalairt, de na hearráidí agus fadhbanna de bharr mearbhaill sa chumarsáid. Bhí muid ag comhoibriú le han-chuid rannóg, oifigí agus eagraíochtaí eile chun sin a chur i gcrích. Tharla cúpla de na hearráidí, go háirithe na cinn a luadh cheana féin inniu, de bharr easpa cumarsáide nó de bharr cumarsáid nach raibh láidir go leor.

Tá sé foghlamtha againn gur cheart dúinn an caidreamh, na naisc agus an chumarsáid sin a chothú agus a láidriú as seo amach. Gabhaimid ár leithscéal faoi sin ach bhí sé sin mar chuid de na ceachtanna atá foghlamtha againn leis sin fosta.

Mr. Mark Brennock

The Deputy asked what lessons we have learned. I can list micro lessons we have learned from a communications perspective and maybe give an overall lesson. In micro terms, there are specific things we could have done better. There are more outlets for radio advertising as Gaeilge than we used and which we could use next time. There is scope to better grow and curate the Irish language content on our website. Quite early on in the pandemic, we started to maximise the exposure of those at senior level in the HSE who could speak Irish to do broadcasting, such as the chief clinical official, Colm Henry, and the national director for infection control, Martin Cormican. We use them as much as possible on Irish language stations. I could list all the things we did and all the things we certainly did not do.

As regards an overall lesson, reference has been made to Irish being not central, or being left to one side. Many legitimate complaints were made about the vaccination portal and how little one could do in Irish in that regard for quite some time after it was introduced in English. When the Covid tracker app was introduced, it was introduced in Irish and English at the same time. The difference was that the vaccination portal was based on software bought in from elsewhere on which a lot of work then had to be done. We built the Covid tracker app ourselves. That work was not done terribly quickly.

The overall lesson is the point Mr. O'Connor made - that Irish was not central to our thoughts for many of those times. I can give the reasons. Deputy Connolly has very fairly laid out the reasons in that we were doing things quickly and fast. I have to put my hand up and say that as we were doing those things, I did not think of Irish very often. The lessons to learn is we have to understand accept the deep anger and annoyance out there over that, ensure we take steps to fix that and pursue the 2019-23 Irish language strategy. Much work has not been done on that because of what we have been through over the past 18 months. A lesson has to be learned about understanding the anger, irritation and annoyance that was caused and work has to be done to implement that Irish language strategy to take steps to ensure that if we face any extraordinary crisis such as this again, Irish is more central than it was over the past period.

Ní theastaíonn uaim a bheith cáinteach. Glacaim leis na freagraí. Cuireadh isteach orm ach ní theastaíonn uaim a bheith cáinteach mar go bhfuil daoine ag déanamh an-chuid iarrachta agus tá an-chuid oibre déanta le linn na paindéime. Gabhaim buíochas leo as sin ach tá frustrachas agus fearg ar dhaoine mar gheall nach bhfuil an Ghaolainn lárnach. Freagraíodh ceist ansin mar gheall ar an gcaiteachas ar an bhfógraíocht agus an tslí ar caitheadh airgead ar na meáin Gaolainne nó Béarla nó an tslí a raibh an caiteachas ansin. Mar a luaitear, tugadh faoi deara go raibh i bhfad níos mó outlets i gcomhair Gaolainne. Is é dála an scéil é go bhfuil gach outlet ar fáil i gcomhair Gaolainne. Is féidir Gaolainn a chur i dtreo na bpáipéar amhail The Irish Times agus chuig RTÉ agus Raidió na Gaeltachta. Níl an Ghaolainn teannta go dtí aon mheán ar leith. Is amhlaidh gurb é an Béarla atá teannta. Má theastaítear teagmháil a dhéanamh go forleathan, ba chóir go mbeadh na meáin ar fad ar fáil i gcomhair Gaolainne.

Níl a fhios agam an bhfuil na figiúirí ag na finnéithe ó thaobh caiteachais ar fhógraí agus a leithéid de.

B’fhéidir go bhféadfaí iad a sheoladh ar aghaidh.

Mura bhfuil siad acu anseo, is féidir leo iad a sheoladh ar aghaidh chuig an gcoiste ina dhiaidh.

Mr. Mark Brennock

Absolutely. I have bits and pieces of numbers here, but I would rather not give incomplete figures. I will try to compile that properly.

Bhí figiúr agamsa don bhliain 2020. Léigh mé go raibh €8 milliún caite ag FSS go ginearálta agus go raibh tuairim agus €5 milliún caite ar Covid. Bhí fadhbanna ann leis an nGaolainn agus FSS cheana féin. Tá fadhbanna ag baint le Covid agus fadhbanna eile chomh maith, ach cuirim fáilte roimh na finnéithe agus aontaím agus aithním go bhfuil siad ag admháil nach ndearna siad an oiread dul chun cinn sna blianta a d'imigh tharainn. Mar a dúirt mé, bhí fadhbanna cheana féin a chonaiceamar leis na comharthaí, leis an aip, leis an bhfoirm don fhilleadh ar ais go dtí an scoil, leis an tairseach agus leis an bpas vacsaíne. Fuair mo mhac pas vacsaíne agus bhí cúig bhotún ar an bpas sa sloinne Ó Dálaigh. Ní raibh síneadh fada ar an "O". Chuir siad isteach "h" tar éis an "D". Ní raibh síneadh fada ar an "a". Bhí "i" curtha isteach agus d'fhág siad amach an "a" ag deireadh an ainm. Bhí sé litir agus cúig bhotún ann. Taispeánann sé sin domsa go raibh easpa ómóis don teanga ach aithním go bhfuil admháil déanta ag na finnéithe mar gheall air sin.

Bhí fadhbanna ann le dochtúirí teaghlaigh agus na therapies chomh maith. An bhfuil aon scéim ag na finnéithe chun liúntais nó deontais a thabhairt do dhochtúirí nó na therapies a thógáil dóibh chun a bheith ag maireachtáil sa Ghaeltacht agus an Ghaeltacht i gCiarraí go mór mór? Chuala mé le déanaí go bhfuil sé acute beds ag dul amach as an ospidéal pobail i gCorca Dhuibhne sa Daingean. Tá siad ag cailleadh na leapacha sin. An bhfuil aon eolas ag na finnéithe mar gheall air sin? An bhfuil aon tuairim ag Tony Canavan mar gheall ar fhostaíocht dhíreach a thabhairt? Feicimid na fadhbanna ó Thír Chonaill síos go dtí Gaeltacht Uíbh Ráthach i gCiarraí theas chun dochtúirí a fháil. An bhfuil aon tuairim ag na finnéithe gur chóir go mbeadh scéim fhostaíocht dhíreach tugtha do dhochtúirí teaghlaigh de chuid an HSE? Chuala mé duine éigin ag rá go raibh fadhbanna le gach teanga sa phaindéim ach is é an difríocht é ná gurb an Ghaolainn an teanga oifigiúil. Bhí easpa ómóis ann don Ghaolainn agus tá sí i bhfad níos tábhachtaí ná aon teanga eile.

Mr. Tony Canavan

Aontaím leis an Teachta go bhfuil an Ghaeilge an-tábhachtach ar fad agus nach raibh sí sách lárnach nuair a bhí muid ag bainistiú na paindéime ar fad.

Níl eolas ar bith agam faoi na leapacha sa Daingean. Níl a fhios agam fúthu ar chor ar bith. Ní raibh mé cinnte nuair a bhí an Teachta ag caint faoi dhochtúirí an raibh sé ag caint faoi dhochtúirí sna hospidéil nó dochtúirí teaghlaigh.

Bhí mé ag caint faoi dhochtúirí sa phobal. Tá na dochtúirí sin go léir self-employed. Cén tuairim atá ag na finnéithe nuair a fheiceann siad na fadhbanna atá sa tír go léir? I gCiarraí bhí fadhb againn dochtúir a fháil i mBaile an Mhuilinn agus tá fadhb sa Bhaile Dubh faoi láthair. Sa Choireán, nó Waterville, i gCiarraí theas, ní raibh dochtúir ann ar feadh sé seachtaine timpeall ar Mheán Fómhair mar bhí an dochtúir imithe thar lear. Tá fadhbanna ann iad a mhealladh síos. Tá dhá cheist agam. An bhfuil aon deontas nó liúntas chun iad a mhealladh síos? Cad é do thuairim féin mar gheall ar dhochtúirí a fhostú go díreach san FSS?

Mr. Tony Canavan

Admhaím go bhfuil fadhbanna ar fud na tíre le dochtúirí teaghlaigh. Tá sé deacair a lán poist agus folúntais a líonadh in áiteanna ar fud na tíre. Bhí cúpla sampla ag an Teachta é féin, agus tá fadhb againn faoi láthair in Inis Oírr agus Inis Meáin. Tá locum ag obair ansin ar feadh ceithre bliana anois. Tá fadhb ansin agus tá fadhbanna ag teacht. Tá a fhios againn go mbeidh fadhbanna tar éis na Nollag sa Cheathrú Rua chomh maith. Tá fadhbanna againn sa Ghaeltacht agus in áiteanna eile. Mar shampla, tá fadhb in Uachtar Ard i gContae na Gaillimhe, i Maigh Eo agus i nDún na nGall. Tá fadhbanna againn ar fud na tíre dochtúirí teaghlaigh a mhealladh isteach taobh amuigh de na cathracha móra, mar a dúirt mé roimhe seo. Ceapaim féin gur cheart dúinn níos mó a dhéanamh san iarthar chun na folúntais a líonadh. An rud atáimid ag déanamh faoi láthair ná ag iarraidh ar dhaoine le Gaeilge atá ina gcónaí sa Ghaeltacht anois a gcuid staidéir a dhéanamh. Táimid ag tabhairt tacaíochta do na daoine sin staidéar a dhéanamh ar leigheas, altranas agus rudaí mar sin. Tá súil agam go mbeidh roinnt de na daoine sin ag teacht ar ais chun oibriú leis na seirbhísí sláinte sa Ghaeltacht chomh maith. Sin scéim amháin atá againn. Scéim eile atá againn ná tacaíocht a thabhairt do dhaltaí atá ag obair linn sna seirbhísí sláinte, ar nós daltaí teiripe, altranais nó leighis, chun experience a fháil sa Ghaeltacht. Sin cúpla rud go bhfuilimid ag déanamh.

Chuir an Teachta ceist faoi scéim tacaíocht do dhaoine atá ina gcónaí agus ag obair sa Ghaeltacht. Níl a fhios agam an bhfuil scéim ann do dhaoine mar sin. Níl aon airgead breise ar fáil do dhaoine.

Cad a cheapann an finné faoi na dochtúirí go léir a bheith self-employed? Do you think the HSE should directly employ them?

Mr. Tony Canavan

Tuigim. Tá sé deacair a rá. Ar lámh amháin, tá buntáistí don dochtúir a bheith self-employed. Mar shampla, is féidir leis private practice a dhéanamh in aice leis an tseirbhís phoiblí a chur ar fáil. I gcúpla áit tá scéim cosúil leis sin ar fáil. Mar shampla, tá an dochtúir teaghlaigh ar Inis Mór ag obair ansin ar feadh blianta fada anois. Tá sí fostaithe le FSS agus oibríonn sé sin go han-mhaith ar fad, ach is sórt exception é sin. Ní bheadh muid ábalta é sin a dhéanamh i ngach áit.

Mr. Muiris O'Connor

Ag tagairt don phas vacsaín, tá brón orm faoi na botúin ar fad a rinneadh ar shloinne mac an Teachta. Chuir sé sin isteach ar dhaoine le hainmneacha Gaeilge toisc na special characters agus mar sin de. Tá sé réitithe againn anois. Chomh maith le ceachtanna ó thaobh na Gaeilge de agus seirbhísí trí Ghaeilge, d’fhoghlaimíomar a lán ceachtanna deacra ó thaobh an chórais ríomhaireachta agus an flow of information idir GPs agus mórthimpeall an chórais sláinte. Táimid ag iarraidh na ceachtanna sin a thabhairt linn agus an flow of information a shocrú idir na various pieces den chóras sláinte, idir na GPs agus muidne. Tá ceachtanna ansin. Bhí na remedies a chuireamar i bhfeidhm dátheangach ach tuigim nach bhfuil sé sin maith go leor agus tá brón orm faoi sin.

Tá fáilte roimh na finnéithe. Go minic, bíonn muid ag déileáil ag an gcoiste seo leis an dream is báúla don Ghaeilge. B'fhéidir nach dtagann na daoine go bhfuil dearcadh eile acu os ár gcomhair. Sin fadhb i gcás mar seo. Níl mise ag dul ag déanamh an oiread sin cainte ar an nGaeilge i dtosach báire. Tá mé ag dul ag caint ar rud níos bunúsaí ná sin, sé sin, ómós do Pharlaimint na tíre - ómós d’Oireachtas na hÉireann. Tús agus deireadh cuid mhaith den scéal seo ó thaobh na rudaí a rinneadh ná nár cloíodh leis an dlí. Ní raibh sé de nós ag an HSE agus an Roinn cloí leis an dlí le hocht mbliana anuas. Is cuma cén dlí é féin, má dhéanann na Tithe seo dlí, ba cheart do chuile sheirbhíseach poiblí cloí leis. Is cuma más an Ghaeilge, an Béarla, an Fhraincis, an Laidin nó aon teanga eile atá i gceist. Má tá cearta dlíthiúla ag daoine, ba cheart go bhfreastalófaí orthu. Dá mbeadh sé sin déanta le hocht mbliana anuas ní tharlódh go leor de na fadhbanna seo.

An chéad bhotún ollmhór a rinneadh, a chosain an t-uafás airgid ar an Stát, ná gur cuireadh bileog amach i mBéarla amháin. Deir plean teanga na feidhmeannachta, “Caithfidh faisnéis … a sholáthraítear don phobal i gcoitinne nó d’aicme den phobal, tríd an bpost nó go leictreonach, a bheith i nGaeilge agus i mBéarla nó i nGaeilge amháin.” Sin an dlí ach cuireadh amach i mBéarla amháin é. De réir mar a thuigim, scaip An Post in aisce an bhileog an chéad uair ach an dara huair bhí ar an Stát íoc as an scaipeadh. Tá na finnéithe ag rá go raibh siad faoi bhrú. Meas tú cén chaoi an ndearnadh é i dtíortha ar nós an Bheilg nuair a bhí siad faoi bhrú nuair a tháinig Covid? Ní smaoineodh siadsan é a chur amach i bhFraincis amháin nó i bPléimeannais amháin, mar tuigeann siad sa tír sin go gcaithfear cloí leis an dlí. Ní ceist Ghaeilge atá ann nó cás nach raibh aird ar an nGaeilge. An rud gur cheart do na finnéithe a rá ná nach raibh aird acu ar an dlí. Ní raibh aird acu ar dhlí a d’achtaigh Tithe an Oireachtais anseo. Is rud tromchúiseach é sin agus caithfear míniú cén fáth nach bhfuil aird ag daoine ar an dlí. Cé mhéad costas a chuireann sé ar an Stát nuair nach bhfuil aird ar an dlí? Nuair a éilíonn daoine a gcearta dlíthiúla, caithfear dul siar agus aniar agus an rud a bhí agus atá ina aimhréidh a chur ina gceart. Tá go leor comhlachtaí proifisiúnta aistriúcháin ann. Chinntigh muid é sin. Bheadh sé an-éasca iarraidh ar cheann de na comhlachtaí sin an rud a aistriú go Gaeilge cheart intuigthe ar chaighdeán. Ansin d’fhéadfadh FSS é a sheoladh amach.

Dhéanfadh go leor de na comhlachtaí seo é i gceann trí nó dhá lá. Dhéanfaidís é de réir aon spriocdháta a thabharfaí dóibh. Cloisim a bhfuil á rá ag na finnéithe. Is daoine dea-chroíoch iad atá báúil don Ghaeilge. Ní hé sin le rá go bhfuil FSS nó an Roinn sásta an dlí a chomhlíonadh. Bhí sé spéisiúil fáil amach faoi 45 gearán. Sin iad na daoine a rinne gearán. Ar ndóigh, tá go leor daoine, mé féin ina measc, nach mbíonn an t-am acu gearán a dhéanamh nuair is gá a dhéanamh.

Baineann an dara pointe leis an teastas Covid. Ní hé gur rinneadh dearmad ar an nGaeilge, mar tá ceann acu agam anseo. Tá cuid acu i nGaeilge agus i mBéarla agus cuid acu i mBéarla. Luaitear “Disease or agent targeted” agus ansin cuirtear ceist faoi “galar a ghnóthaigh an duine”, in other words, cén galar a fuair an duine. Ní hé sin a bhí i gceist ar ndóigh. An rud a bhí i gceist ná go ndíreodh an vacsaín isteach agus go stopadh - go gcoiscfeadh - sé Covid. Ní thuigim cén chaoi go raibh orthu an saol a dhéanamh chomh casta dóibh féin. An lá a cuireadh iad seo amach, ghlaoigh duine as mo Dháilcheantar orm. Chuir sé cóip den teastas chugam agus d’iarr sé orm an rud fírinneach nó bréagach é. Bhreathnaigh mé ar an QR cód agus dúirt mé gur bhreathnaigh sé fírinneach go maith. Ansin, bhreathnaigh mé arís air agus chonaic mé tír nach bhfuil ann luaite air: "Republic of Ireland". Níl a leithéid d’áit ann. Ní hé sin ainm an Stáit seo. Tá a fhios ag gach duine gurb é "Ireland" an t-ainm atá ar an Stát seo. Fós féin, bhí ar FSS athbhreithniú a dhéanamh, agus anois tá "Ireland" luaite ar mo theastas. Níl "Éire" air ach tá "Ireland" air.

Ní thuigim cén chaoi, nuair a thagann daoine ar rudaí bunúsacha mar sin, go gcuireann siad an méid antrom orthu féin agus iad ag iarraidh rud chomh bunúsach agus simplí a dhéanamh i gceart. Tá sé i bhfad níos simplí é a dhéanamh i gceart ná é a dhéanamh mícheart. Feictear dom go bhfuil daoine ann nach cuma leo faoin dlí, faoi ainm na tíre nó faoi conas rudaí a dhéanamh. Ansin caitheann na heagraíochtaí céanna an t-uafás ama agus costais nuair a cuirtear brú, ó leithéidí an choimisinéara, orthu chun cloí leis an dlí. Bíonn orthu dul ar ais agus i bhfad níos mó oibre a dhéanamh. Tá rud amháin foghlamtha againn uilig - sábhálann sé airgead nuair a cloítear leis an dlí. Caitear níos mó ama agus níos mó airgid ag ceartú an damáiste a dhéantar, ná mar a chaithfí dá ndéanfaí an rud i gceart an chéad uair.

Tá rud beag eile tugtha faoi deara agam a chuirfeadh olc orainn. Tá aithne agam ar dhuine a bhí ag iarraidh cárta leighis nó ceann de na cártaí dóibh siúd atá os cionn 70 bliain d’aois. Bhí an fhoirm pháipéir i nGaeilge agus i mBéarla, ach ar líne ní raibh sí ar fáil ach i mBéarla. Ó tharla go bhfuil an fhoirm aistrithe, shílfeá go mbeadh sé an-simplí go teicniúil an leagan Gaeilge a chur ar líne, ach níor bacadh leis é a dhéanamh. Ansin beifear ag rá nach bhfuil aon éileamh air, nó ag fiafraí cén fáth ar chuir duine an fhoirm pháipéir isteach nuair a d’fhéadfadh sé nó sí an ceann eile a chur isteach. Nuair a dhéantar rudaí ar líne, mar shampla, má théitear isteach ar an iarratas sin, iarrtar ainm an dochtúra a dheimhniú agus cuirtear an seoladh iomlán, an ceann oifigiúil atá aige nó aici, ar fáil. Baineann an cheist seo le dearcadh. Táim gearánach faoin easpa cumais chun cloí leis an dlí. Le bheith níos dearfaí faoi rudaí, tuigfidh Tony Canavan gurb iad na seirbhísí idirphearsanta is deacra mar go gcaitear teacht ar dhaoine atá oilte sa Ghaeilge. D’fhéadfadh duine atá gan Ghaeilge cloí leis an dlí ó thaobh rud páipéir de. Níl le déanamh ach dul chuig aistritheoir cáilithe atá ar liosta atá ag Foras na Gaeilge agus é nó í a fháil leis an gcuid sin den obair a dhéanamh. Is rud difriúil ar fad é más tá duine ag iarraidh seirbhísí a chur ar fáil. Is deas a chloisteáil go bhfuil 13 teiripeoir urlabhra le Gaeilge ar fáil. Tá sé sin an-tábhachtach. Bhí nós ann nuair a thiocfadh daoine a bhí ag labhairt Gaeilge lena gcuid leanaí chuig teiripeoir urlabhra, comhairle a thabhairt dóibh labhairt leo i mBéarla. A mhaighdean na ngrást, tá súil agam go bhfuil an nós sin imithe i bhfad ó shin. Samhlaigh an ndéarfá le daoine sa Fhrainc le gasúr beag a bhfuil fadhb aige leis an bhFraincis, an labhróidís Béarla leis agus go mbeadh sé níos fearr as, seachas díriú ar an bhfadhb atá ag an ngasúr. I dteanga ar bith, tá go leor gasúr ann nach mbíonn aon fhadhbanna acu nuair a fhásann siad suas, nach féidir leo fuaimeanna áirithe a dhéanamh i gceart ag an tús.

Tá ceist amháin eile agam. Tá go leor daoine taobh amuigh den Ghaeltacht anois - daoine a thagann agus nach dtagann ón nGaeltacht - ag labhairt Gaeilge lena gasúir sa mbaile, go mór mór nuair atá siad an-óg. An bhfuil bealach ann chun ainmneacha na dteiripeoirí urlabhra a chur ar fáil le go bhféadfaidís clárú le duine acu agus an tseirbhís trí Ghaeilge a fháil? Ní rud deas é gasúr trí nó ceithre bliana d’aois a thabhairt isteach chuig teiripeoir urlabhra nach féidir teanga an ghasúir a labhairt - ar ndóigh, tá Béarla ag go leor gasúr freisin – agus gan a bheith in ann an teanga baile a labhairt leis agus tuiscint a fháil ar na fadhbanna atá aige. Bheadh réiteach ann dá gcuirfí an liosta sin ar fáil ionas go mbeadh daoine, mar shampla, ó chathair na Gaillimhe atá ag tógáil a ngasúr le Gaeilge in ann clárú leis na teiripeoirí sin.

Sílim féin go bhfuil obair le déanamh ag an gcoiste seo. Má táimid dáiríre ar chor ar bith faoin mBille nua atá ag dul tríd an Teach, caithfimid dlús ollmhór a chur leis an obair atá ar bun ag an HSE trí airgead ón Roinn agus ó Údarás na Gaeltachta a sholáthar le daoine a thraenáil atá oilte chun na jabanna seo a dhéanamh sa Ghaeilge. Níl aon mhaith ann a rá gur cheart dúinn daoine a fhostú mura bhfuil siad ann agus traenáilte. Ní bheadh aon mhaith ann le sin. Caithfidh sé seo a bheith ina phlean cuimsitheach. Ba cheart don choiste seo a mholadh go gcuirfeadh an Stát infheistíocht i bhfad Éireann níos mó ar dhaoine a oiliúint agus scoláireachtaí a thabhairt dóibh, ionas go mbeadh siad ceangailte an oiread seo blianta a chaitheamh ag cur seirbhísí ar fáil.

D’fhéadfaimis moladh a thabhairt do na comhairlí contae go mbeadh sé scríofa sa phlean contae má ghlacann duine post i nGaeltacht Chonamara, mar shampla, mar theiripeoir urlabhra, mar dhochtúir nó mar altra teaghlaigh, agus mar sin de, go nglactar leis i bprionsabal go mbeadh riachtanais tithíochta tuaithe acu. B’fhéidir go gcuideodh sé sin le daoine a mhealladh. Ag breathnú siar 100 bliain, bhí siad glic go maith fadó ó shin. Fuair gach uile múinteoir bunscoile ar fud na tíre a bhí amuigh faoin tuath teach leis an bpost. Bhíodh dochtúirí ag fáil tithe leis na poist. Tharraingeodh sé sin daoine do dtí áiteanna. B’fhéidir go gcaithfimid dul siar, seachas ar aghaidh, le cuid de na dea-nósanna a bhí ann san am atá caite a fháil ar ais. Dá bhféadfaidís a bheith cinnte go bhfaighidís cead pleanála, b’fhéidir go mbeadh sé sin ina thús.

Ón méid atá ráite ag Tony Canavan, is léir go gcaithfidh an tOireachtas agus an tAire díriú ar an rural practice allowance agus é a dhéanamh níos tarraingtí. Is cuma más ea An Clochán, An Cheathrú Rua, Leitir Móir, Ros Muc nó in Árainn, tá sé deacair dochtúirí a fháil.

Má imíonn na dochtúirí atá ann atá thar cionn beidh fadhb againn. Sílim gur rud ann féin é sin. Tá a fhios agam go mbaineann sé sin leis an tuath ar fad ach is rud é sin a bhaineann leis an nGaeltacht chomh maith.

Sa dara chás, arís bhíodh liúntais oileánacha ann le haghaidh altraí agus mar sin agus b’fhéidir gur cheart dúinn iad a thabhairt ar ais. Ba mhaith liom tuairimí ár bhfinnéithe a fháil faoi seo. An gcuideodh sé dá mbeadh liúntais groí oileánach, agus i bhfad níos fearr, ann le haghaidh cleachtadh faoin dtuath ná mar atá i láthair na huaire? Fiú dá mbeadh sé ar fáil do chleachtas trí Ghaeilge agus trí Bhéarla, bheadh breis íocaíochta ar fáil do dhaoine a bheadh in ann seirbhís a dhéanamh sa dá theanga seachas i dteanga amháin.

Tá rud deiridh ar mhaith liom a lua. Bíonn údar agamsa ó thráth go chéile dul isteach ar shuíomhanna ar an ngréasán anseo agus taobh amuigh den tír. Rud aisteach a thógaim faoi deara ná nach mbíonn mórán faidhbe ann go hiondúil leis na sínte fada má théim isteach, mar shampla, ar shuíomh Idirlín i Meiriceá agus fiú amháin i Sasana. Sna earnálacha príobháideach agus poiblí anseo, cibé cén rud atá á cheannach acu ó thaobh bogearraí de, tá fadhb ann. Arís, ar ais, táimid ag caint go bhfuil an Bhreatain imithe as an AE agus go mbeidh na Francaigh ar na comharsana is gaire dúinn. Rinneamar an Ghaeilge a shimpliú mar chuireamar na “h”-anna in áit na bponcanna agus níl fágtha anois ach na síntí fada. Tá grave agus acute agus cedilla agus God knows acu siúd. Tá go leor rudaí aisteacha in ainm an Coimisinéir Šefčovič, atá ag plé leis an Eoraip, ach níl againn ach an síneadh fada simplí. B’fhéidir go mba cheart breathnú ar na pacáistí atá ar fáil i ngach uile áit eile ar domhan seachas an anglophone world. Mar a deirim, níl Meiriceá go dona ó mo thaithí. Má chuirim síneadh fada isteach, ní deirtear liom: “your name is incorrect, would you please use a character that is acceptable?”. Níl a fhios agam cá bhfuil na bogearraí á gceannach ach ní dóigh liom gur fadhb ar bith é sin. Tá súil agam go réiteofar an fhadhb sin sa Seanad le linn an Bhille a bheith ag dul trída agus go dtabharfar sprioc ama le go mbeidh sé ina cheart againn ár n-ainmneacha a chur isteach. Caithfidh mé a rá mar dhuine le trí shíneadh fhada ina ainm, is cur amú ama ar fad go gcaithfí cuimhneamh chuile uair an dtógann an córas seo síneadh fada nó nach dtógann sé. Go nádúrtha, cuirim síos m’ainm mar atá sé.

Mr. Muiris O'Connor

Is féidir liom tosú. Maidir leis na bunphointí atá léirithe ag an Teachta, mar shampla an gá atá ann ómós a léiriú don Pharlaimint, tuigimid go hiomlán go bhfuil dualgas dlíthiúil orainn seirbhísí a chur ar fáil go hiomlán trí Ghaeilge agus trí Bhéarla, chomh maith le rudaí mar theastais.

Caithfidh mé an finné a cheartú ansin. Bhí mé i m’Aire nuair a tugadh isteach an tAcht. Tá seirbhísí áirithe leagtha síos sa dlí. Ní chaithfí chuile sheirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge agus caithfimid a bheith soiléir faoi sin. Is mionlach de sheirbhísí a chaithfidh an Roinn Sláinte a chur ar fáil trí Ghaeilge. Is é an fáth atá leis sin ná nach mbeadh an rud atá á rá ag an bhfinné praiticiúil. Thuigeamar agus thuig mé féin é sin mar Aire. Ní féidir an beagán atá leagtha síos sa dlí a dhéanamh agus is í sin an chasaoid atá agam.

Mr. Muiris O'Connor

Ceart go leor. Mar Roinn, caithfimid a bheith in ann ár ngnó ar fad a dhéanamh in dhá theanga mar a thuigim é.

Ní chaithfidh. Caithfidh mé an finné a cheartú ansin.

Mr. Muiris O'Connor

Okay.

Ó thaobh an teastais agus an droch-Ghaeilge a bhí ann, cuireann sé sin beagáinín náire orainn. Is é an rud is measa a léigh an Teachta amach ná go raibh mix-up ansin agus go raibh an translation sin ón recovery certificate. Bhí an cárta á rá go raibh cinntiú ann go raibh an galar ag an duine, go mbaineann an cárta sin le recovery, go raibh an duine ina positive case agus go bhfuil recovery presumed immunity intuigthe ar feadh tuairim is sé mhí. Bhí mix-up leis an obair ar fad sin agus rinneamar cló ar an mbonn sin agus bhí sé mícheart. Bhíomar in ann é a cheartú agus níor chosain sé a lán airgid chun é a dheisiú mar bhí an próiseas á thosú againn ar bhonn ina bhféadfaí teastais a eisiúint de réir mar a bhí na vacsaíní eile á dtabhairt amach. Bhíomar in ann, dá réir, na seirbhísí a cheartú laistigh den chóras a bhí cruthaithe againn. Ní raibh an Ghaeilge maith go leor. Bhí an botún ann maidir le hainm na tíre go dona ar fad. Is mise an t-oifigeach is sinsearaí agus glacaim an fhreagracht as sin. Bhíomar in ann an dá rud a cheartú saghas láithreach ó thaobh na haipe Covid-19. Nuair a rinneadh uaslódáil ar an teastas go dtí an aip, bhíomar in ann na ceartúcháin a dhéanamh go huathoibríoch ar an gcaoi sin. Tá pointí maithe déanta ag an Teachta agus glacaim leo.

Mr. Tony Canavan

Ba mhaith liom dul ar ais go dtí an cheist a chuir an Teachta orainn faoi na teiripeoirí urlabhra. Níor thuig mé an cheist.

Is é an pointe atá agam ná go bhfuil 13 duine sa Ghaeltacht. Níl duine i nGaillimh, i mBaile Átha Cliath nó in aon áit eile, go bhfuil gasúr ag an duine agus iad ag labhairt Gaeilge sa bhaile, in ann teacht ar dhuine den 13 dhuine acu siúd. Bheadh sé an-áisiúil dá mbeadh na hainmneach sin ar fáil agus go bhfeadfaí coinne a dhéanamh le teiripeoir cainte, is cuma cén áit sa tír a bheadh an duine sin, agus go bhféadfaí teagmháil agus coinne a dhéanamh le duine de na teiripeoirí cainte le go labhróidís leis an bpáiste sa teanga baile.

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Is é an socrú atá déanta againn faoi láthair ná go meáimid na fiosruithe ó lasmuigh den Ghaeltacht, is cuma cén áit sa Stát, agus cuirtear i dteagmháil iad le teiripeoir a bhfuil an Ghaeilge acu. Má tá seirbhís trí Ghaeilge uathu, déantar iarracht freastal ar an duine sin. Is fíorbheagán éilimh atá ar theiripeoir teanga lasmuigh de Ghaeltacht na Gaillimhe agus Gaeltacht Thír Chonaill.

Bheadh suim ag daoine i mBaile Átha Cliath sa cheist seo. Níl an tairiscint gníomhach. Tá a fhios ag an bhfinné go maith faoi sin.

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Tuigim.

Déarfainn féin nach bhfuil go leor doibh siúd atá ag labhairt Gaeilge sa bhaile ann ar an eolas go bhfuil an tseirbhís sin ar fáil agus go bhféadfaidís siad é sin a dhéanamh.

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Pléifimid é seo leis na teiripeoirí an bhfuil siad sásta a gcuid ainmneacha a chur ar fáil ar an dóigh sin.

Mr. Tony Canavan

Tá cúpla rud le rá agam laidir leis an Primary Care Reimbursement Service, PCRS. Tá fadhbanna ann fós leis an PCRS ach tá feabhas tagtha ar an tseirbhís chomh maith. Mar shampla, tá daoine ag obair gach lá sa PCRS seo ag déileáil agus ag bainistiú ceisteanna ón bpobal faoin gcárta leighis, faoin European Health Insurance Card, agus faoi rudaí eile mar sin. Is féidir le daoine le Gaeilge seirbhís trí Ghaeilge a fháil. Tá obair fós le déanamh sa PCRS chomh maith ach tá feabhas tagtha ar an tseirbhís sin.

Ba mhaith liom cúpla rud a rá faoi dhochtúirí teaghlaigh freisin. Níl dabht ar bith ach go bhfuil fadhb mhór ag teacht síos an bóthar chugainn mar gheall ar rural practice. Is fadhb í seo don Ghaeltacht agus dóibh siúd atá ina gcónaí taobh amuigh de na cathracha móra. Níl mé cinnte cén freagra atá ann ar an bhfadhb sin - b’fhéidir go mbeidh airgead mar cuid den fhreagra. Caithfidh mé a rá gur cheart dúinn níos mó tacaíochta a thabhairt do dhochtúirí agus do dhaoine atá ag obair sa Ghaeltacht agus taobh amuigh de na cathracha móra chun iad a mhealladh fanacht agus a bheith ina gcónaí ann. D’fhéadfaí gur airgead atá i gceist leis an tacaíocht bhreise seo.

Tá tithíocht i gceist freisin, ar ndóigh.

Mr. Tony Canavan

B’fhéidir.

Is fadhb ollmhór í tithíocht.

Mr. Tony Canavan

Mar a dúirt mé roimhe seo, tá fadhb againn ar Oileáin Árann maidir le dochtúir teaghlaigh le ceithre bliana anois agus tá fadhb eile ag teacht chun cinn ar an gCeathrú Rua. Tá an fhadhb seo forleathan ar fud réigiún an iarthair.

Níl aon duine sa Chlochán againn le fada.

Mr. Tony Canavan

Níl na freagraí agam ach is cinnte-----

Is é an pointe atá agam, le bheith dearfach faoi seo, ná go mbeimid ag breathnú ar an gceist seo ar fad.

Ní chuirfeá in aghaidh tús a chur le breathnú ar na ceisteanna níos leithne seo, agus an cheist a chur an ceart an scrúdú a dhéanamh i dteannta leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus leis an údarás ar Achtanna breise a chur ar fáil a bheadh dírithe ar na fadhbanna seo a leigheas mar tá siad ann, beag beann ar cén chaoi a bhreathnaímid air. Ní féidir le FSS seirbhís a chur ar fáil mura bhfuil na daoine ann. Cé chomh maith agus a oibríonn an ceangal seo chun scoláirí a chur tríd an ollscoil? Mar shampla, tá costas ollmhór ar dhaoine atá ag iarraidh dul ar ais le dochtúireacht a dhéanamh tar éis dóibh céim a bhaint amach mar ní fhaigheann siad aon chúnamh. D'fhéadfaimis cúnamh a thabhairt do dhaoine dul tríd ar an gcoinníoll go n-oibreodh siad leis an gcóras ar feadh b'fhéidir deich mbliana.

Mr. Tony Canavan

Níl dabht ar bith faoin tábhacht a bhaineann leis an tseirbhís, go mór mór an dochtúir teaghlaigh. Feiceann an dochtúir teaghlaigh gach othar ar dtús agus ansin téann siad isteach go dtí an ospidéal ach téann gach othar go dtí an dochtúir teaghlaigh ar dtús.

Tá roinnt ceisteanna agam féin. Bhí an ceart ag an Teachta Ó Cuív agus ag Teachtaí eile ceist na dochtúirí agus a leithéid a ardú. Is féidir linn smaoineamh ar an liúntas a bhí ann do ghardaí agus do mhúinteoirí a bhíodh ag obair sa Ghaeltacht. Ní gá gur liúntas airgid a bheadh ann; d'fhéadfadh sé a bheith i gcomhair suímh oibre, tithíochta nó ruda éigin ionas go bhfaighfí cáin ar ais nó ruda éigin dá leithéid. Tá daoine ag déanamh cás gur cás ar leith atá sa Ghaeltacht, fiú anuas ar an bhfhadhb atá ann i gceantair thuaithe i gcoitinne. Táimid ag aithint anois ní hamháin nach mbeidh dochtúirí teaghlaigh ann ach freisin nach mbeidh dochtúirí teaghlaigh le Gaeilge ann amach anseo ach amháin má dhéanann an Stát na fadhbanna a aithint, agus tá roinnt de seo á dhéanamh anois. Caithfear céimeanna a ghlacadh chun déanamh cinnte de go bhfuilimid ag tabhairt faoin bhfadhb sin. Uaireanta caithfear liúntas nó a leithéid a thabhairt chun iad a mhealladh ach chomh maith caithfear uaireanta scoláireachtaí a chur ar fáil chun daoine atá líofa sa Ghaeilge cheana a mhealladh chun na cúrsaí seo a dhéanamh ionas go mbeadh siad cáilithe.

Ó thaobh siúd atá cáilithe cheana féin, cad atá á dhéanamh ag an HSE nó ag an Roinn chun cuidiú le daoine ar bheagán Gaeilge cur leis an nGaeilge atá acu chun líofacht níos fearr a fháil? Léirigh ceann de na doiciméid a fuaireamar gur cuireadh na ranganna Gaeilge sa HSE ar ceal toisc na paindéime. I go leor áiteanna eile, cuireadh ranganna Gaeilge ar siúl le linn na paindéime toisc go raibh daoine ag dul i gcleachtadh le bheith ar líne agus mar sin. Tá súil agam go bhfuil na ranganna ar siúl ar líne anois, agus b'fhéidir go fisiciúil freisin sar i bhfad, dóibh siúd san eagras atá ag lorg a gcuid Gaeilge a chur chun cinn. Ag teacht ó sin, an bhfuil buiséad ar leith sa Roinn nó sa HSE chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus chun cuidiú leo siúd atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim nó snas a chur ar a gcuid Gaeilge? An bhfuil buiséad ar leith ó thaobh poiblíochta de agus ó thaobh gníomhaíochta maidir leis an riachtanas atá ar na heagrais i leith Achta na dTeangacha Oifigiúla, 2003? Beidh Acht eile ann laistigh de mhí nuair a bheidh an Bille atá sa Seanad inniu achtaithe. Tá sé i gceist é a bheith críochnaithe roimh dheireadh na míosa. Tá obair le déanamh ag gach uile Roinn agus gach uile eagras Stáit chun dul i dtaithí air sin ionas nach mbeidh aon mhoill nó aon athrú ann.

Ní dhéanfaidh mé mórán tráchta ar an mbileog eolais a cuireadh amach, seachas a rá nach leithscéal ar bith é go raibh deifir é a chur amach i mBéarla. Is féidir aistriúcháin a fháil ar an méid téacs a bhí ann laistigh de lá agus tá sé chomh héasca céanna don duine atá ag déanamh leagan amach agus clóbhualadh a dhéanamh ag an am céanna. Is minic a rinne mise nó daoine eile an jab sin. Tabharfaidh mé léiriú gasta air sin. Ní raibh an fhadhb seo againn ar dtús nuair a bhí an phaindéim ag briseadh agus nuair nach raibh eolas againn. Bliain ina dhiaidh sin cuireadh litir chuig gach uile thuismitheoir a bhí ag cur a bpáistí ar ais chuig an scoil. An teideal a raibh ar an litir ná: "Return to Educational Facility Parental Declaration Form." Chuaigh sin i mBéarla timpeall na tíre ar fad go gach uile pháiste scoile. Thóg sé leathuair an chloig orm Gaeilge a chur uirthi agus níl céim sa Ghaeilge agam. B'fhearr liom go mbeadh sí i nGaeilge le botúin ná gan a bheith ar fáil in aon chor. B'fhearr liom go mbeadh sí cruinn ach má tá botúin ann tá sé níos éasca glacadh leis nach afterthought í agus nach bhfuil masla á dhéanamh. Impím ar na finnéithe an focal a chur amach chuig gach uile duine atá ag eisiúint rudaí i mBéarla amháin go bhfuil deireadh leis sin. Tá dul chun cinn déanta agus feicim an t-athrú atá tarlaithe ar Twitter leis an HSE mar shampla. Tá dhá nó trí tweets ag teacht amach sa lá uaireanta nó sa seachtain as Gaeilge agus tá sin go maith i gcomparáid le cúrsaí mar a bhíodh siad.

An príomhrud inniu ná an leithscéal a ghabh an HSE agus an Roinn as na botúin. Tá sé tábhachtach gur admhaigh an HSE agus an Roinn go ndearnadh éagóir. Is trua nach bhfuil an tAire, an tArd-Rúnaí Robert Watt nó fiú Paul Reid anseo ag gabháil an leithscéil sin. Tugadh cuireadh don Aire, an Teachta Stephen Donnelly, agus do Robert Watt a bheith os ár gcomhair. Ní raibh siad in ann teacht agus níor thug siad dáta eile dúinn mar sin rinneamar an cinneadh dul ar aghaidh inniu. Táimid fós ag lorg go dtiocfaidh an tAire, mar is eisean atá i gceannas, teacht os ár gcomhair agus déileáil le roinnt de na fadhbanna nach bhfuil an locht ar na finnéithe faoi. Tá an tAire freagrach as an gcostas chomh maith. Má tá airgead i gceist ní féidir le haon duine anseo cinneadh a dhéanamh maidir le caiteachas breise muna bhfuil an t-airgead sa phota ar an gcéad dul síos agus muna bhfuil an t-aitheantas sin ann.

Cuirfimid críoch leis an seisiún. Feicim an Seanadóir Ward ar an scáileán sa Seanad faoi láthair. Bheadh níos mó ceisteanna ag an gcoiste dá mbeadh na Seanadóirí anseo. Beidh níos mó le rá acu ar an ábhar seo amach anseo ach cuirfimid críoch leis. An bhfuil aon rud le rá ag na finnéithe?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Ba mhaith liom cúpla focal a rá maidir leis na seirbhísí Gaeilge agus bhí mo chomhghleacaithe ag iarraidh go gcuirfinn é seo in iúl. Ó mhí Márta 2020, d'iarr muid uilig ar FSS, agus ar an rannóg cumarsáide ach go háirithe, go gcaithfí ar bhonn chomhionann leis an nGaeilge i ngach rud a bhí ar siúl maidir le Covid-19. Choinnigh muid orainn ag cur na teachtaireachta sin go Baile Átha Cliath agus chonaic na baill an toradh a bhí as sin.

Tá sé thar a bheith tábhachtach ó thaobh pobail na Gaeilge de go bhfreastalódh muid ar riachtanais an phobail sin. Muna bhfuilimid sásta freastail orthu tá an Stát, FSS agus an Roinn Sláinte ag teip ar phobal na Gaeilge. Saoránaigh de chuid an Stáit seo iad pobal na Gaeilge agus na daoine a labhraíonn Gaeilge agus mar sin tá cearta acu. Luaigh an Teachta Ó Cuív go gcaithfear ómós a thabhairt don reachtaíocht, do Theach Laighean agus don Oireachtas agus níor tharla sé sin sa chás seo.

Luaigh mé níos luaithe an fhorbairt a tháining ar na teiripe theanga nuair a bhí tacaíocht na hardbhainistíochta againn ó na boird sláinte. Níor tharla mórán ó shin. Tháinig an maoiniú a cuireadh ar fáil ó dhaoine a raibh baint acu leis na boird sláinte san iarthar agus san iarthuaisceart. Dá bhrí sin agus an coiste ag smaoineamh air seo, ba mhaith liom go gcuirfí san áireamh gur chóir go mbeadh rannán neamhspleách ar leith sa FSS agus é freagrach as suíomh Idirlín i nGaeilge agus as an bprótacal earcaíochta a chur i bhfeidhm mar is ceart. Ba cheart go mbeadh painéal ar leith sa Ghaeltacht lena gcinnteofaí go bhfostófaí daoine le Gaeilge sna poist sin. Níl sé sin atá ag tarlú faoi láthair ós rud é go gcuirfear na daoine istigh i bpainéal agus is luck of the draw é an bhfaighfí duine le Gaeilge nó nach bhfaighfí. Ba cheart go ndéanfaí leathnú amach ar an scéim scoláireachtaí chun go mbeidís ar fáil ní hamháin do dhaoine sa Ghaeltacht ach do dhaoine agus do dhaltaí na meánscoileanna lán-Ghaeilge ar fud na tíre. Tá mé cinnte go bhfuil daoine as Béal Feirste agus áiteanna eile a mbeadh an-spéis acu a bheith ag oibriú trí mheán na Gaeilge ó thaobh cúrsaí sláinte de.

Luaigh Cuimín Mac Aodha Bhuí gur tharla sé seo le tacaíocht ó na boird sláinte. An raibh airgead ar leith curtha ar fáil ag an am don Ghaeilge nó an bhfuil athrú tagtha ar an mbealach ón uair a bhí na boird sláinte ann?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Cuireadh buiséad ar fáil faoi na boird sláinte in 2004. Bhíomar ag súil go leanfadh an buiséad sin ar aghaidh. Níor lean agus níl aon bhuiséad ag na seirbhísí Gaeilge faoi láthair.

Níl aon bhuiséad ar leith acu?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Níl aon bhuiséad againn.

Mr. Tony Canavan

Is fíor nach bhfuil buiséad speisialta do na seirbhísí Gaeilge ach ag an am céanna, táimid ag caitheamh a lán airgid faoi láthair ar chúrsaí Gaeilge.

Is ceist é seo a rith liom nuair a bhí Tony Canavan ag caint. An bhfuil straitéis ar leith ann chun daoine a chur ar an eolas faoi na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge? Is minic a ghlacann daoine leis nach bhfuil siad ar fáil i nGaeilge agus déanann siad an fhoirm a líonadh i mBéarla nó an tseirbhís a lorg i mBéarla. Casann Gaeilgeoirí sa chathair ar an mBéarla mar go nglacann siad leis nach bhfuil sé ar fáil mar nach raibh sé ar fáil cúpla bliain ó shin. B'fhéidir go bhfuil sé ar fáil anois. Luaigh mé é seo le Ranna eile anuas ar an Roinn Sláinte. Má tá seirbhís nua á cur ar fáil, caithfimid é a chraobhscaoileadh go bhfuil sí ar fáil agus b'fhéidir go dtiocfaidh éileamh níos mó uirthi ná mar atá. Is ait liomsa mar is minic a bhíonn daoine ag rá nach bhfuil sé ar fáil agus is féidir dul ar líne agus teacht air ach ní bhíonn sé ar fáil uaireanta eile.

Mr. Tony Canavan

Aontaím leis sin. Níl dabht ar bith ann ach gur cheart dúinn níos mó a dhéanamh chun an t-eolas faoi na seirbhísí atá ar fáil anois trí Ghaeilge a chur ar fáil do dhaoine. Is é an PCRS an aonad laistigh den FSS atá ag bainistiú na gcártaí leighis. Tá feabhas tagtha ar an tseirbhís sin i dtaobh na Gaeilge ach b'fhéidir nach bhfuil a fhios ag gach duine go bhfuil sé sin tarlaithe. Caithfimid níos mó a dhéanamh chun an t-eolas sin a chur ar fáil do dhaoine. Tá a lán oibre le déanamh againn ar an website chun é sin a chur ar fáil. Is rud an-tábhachtach é dúinn.

Mr. Muiris O'Connor

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as ucht an chruinnithe agus as ucht na bpointí a rinne sé. Rinneadh a lán pointí amhail go bhfuil an Státseirbhís an-mhaith ag cur traenála ar fáil do dhaoine. Tá Jade Pepper ag cur béime air le cinntiú go bhfuil traenáil maidir leis an nGaeilge ann. Tá 20 duine líofa ann agus tá mórán eile le Gaeilge mhaith. Táimid chun díriú ar na daoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus iad siúd a bhfuil beagán Gaeilge acu chun iad a thabhairt ar aghaidh. Ní féidir dul go dtí ranganna fisiceacha go fóill ach táimid ag súil go mbeidh siad linn roimh i bhfad. Ní raibh sé maith go leor go raibh an bhileog curtha amach chuig tuismitheoirí i mBéarla amháin. Bhí an chuid is mó de na communications faoi lámh ag roinnt Ranna ag oibriú le chéile faoi gov.ie. Bhí gov.ie, go ginearálta, an-mhaith leis an nGaeilge agus an-chuimsitheach leis an dátheangachas. Ó thaobh rudaí a tháinig anuas ansin amhail na health boards agus scéimeanna Gaeilge, ag féachaint ar aghaidh agus Sláintecare á tabhairt isteach, tá béim mhór ar integrated locally relevant care i Sláintecare. Beidh dul chun cinn á dhéanamh ar na réigiúin chun é sin a chothú. Is cuid lárnach den smaoineamh é ná córas sláinte agus cúraim a chur ar fáil atá oiriúnach don phobal go háitiúil. Maidir le muintir na Gaeltachta, tá an teanga an-oiriúnach agus an-tábhachtach go háitiúil agus caithfimid tacú le teaghlaigh le Gaeilge mórthimpeall na tíre chun seirbhísí a fháil. Is féidir linn machnamh a dhéanamh agus déanamh cinnte de go mbeidh an Ghaeilge níos lárnaí, fiú amháin sa leagan amach atá againn ar an gcóras sláinte sa todhchaí agus Sláintecare á chur i bhfeidhm againn.

Cuirfimid clabhsúr leis an gcuid seo den chruinniú. Gabhaim mo bhuíochas le Mark Brennock, stiúrthóir náisiúnta cumarsáide; Tony Canavan, príomhfheidhmeannach grúpa, an Grúpa Ollscoile um Chúram Sláinte Saolta; Cuimín Mac Aodha Bhuí, oifigeach forbartha Gaeilge; Muiris O’Connor, ardrúnaí cúnta na Roinne Sláinte agus Jade Pepper, oifigeach Gaeilge na Roinne Sláinte. Gabhaim buíochas leis na baill ar fad chomh maith. Níl aon ghnó eile inniu. Déanfaimid an cruinniú seo a chur ar athló go dtí 1.30 p.m. ar an 17 Samhain 2021, nuair a bheidh cruinniú príobháideach ar líne againn.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 3.38 p.m. go dtí 1.30 p.m. ar an gCéadaoin, 24 Samhain 2021.