Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge debate -
Wednesday, 19 Jan 2022

Gnó an Chomhchoiste

Is féidir linn tosnú toisc go bhfuil ceithre comhaltaí i láthair, Teachtaí Dála agus Seanadóirí san áireamh. Déanfaidh mé siúd atá i láthair a ainmniú toisc go bhfuil siad anseo go fíorúil. Tá na Seanadóirí Ward agus Clifford Lee agus na Teachtaí Aindrias Moynihan agus mé féin anseo. Tá leithscéal faighte agam ón Teachta Connolly. Níl sí in ann a bheith anseo ag tús an chruinnithe ar aon chaoi ach b'fhéidir go mbeidh sí linn níos déanaí.

Tá dhá mhír oibre ar an gclár agus b'fhéidir go mbeidh na comhaltaí in ann cuidiú liom leis an gcéad cheann, is é sin na cuirí reatha atá tugtha ag an gcoiste chuig an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; an Aire Sláinte; an Aire Dlí agus Cirt; agus Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte. Táimid tar éis cuirí a thabhairt dóibh teacht os ár gcomhair chun labhairt linn faoi ábhair dhifriúla. Mar shampla, thug muid cuireadh don Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar an 4 Deireadh Fómhair, ar an 4 Samhain, ar an 19 Samhain agus ar an 22 Nollaig teacht os ár gcomhair agus a tuairimí a mhalartú linn maidir le leithdháil airgeadas na Roinne chomh fada is a bhaineann sé leis an nGaeilge, leis an nGaeltacht agus le pobal labhartha na Gaeilge don bhliain seo. Tá sí tar éis diúltú go dtí seo agus a rá linn go bhfuil freagracht as na hábhair sin ag an Aire Stáit, an Teachta Chambers, in ainneoin go rinneamar a mhíniú gur sise a dhéanann an cinneadh maidir leis an gcéatadán den bhuiséad iomlán atá ag an Roinn sin.

Chuir muid cuireadh chuig an Aire Dlí agus Cirt teacht os ár gcomhair ar an 2 Feabhra chun déileáil le cén fáth gur fuarthas réidh leis na riachtanais bunrialacha d'iarrthóirí lena bheith incháilithe le hardú céime a fháil chun céimeanna sáirsint nó cigire a fháil, an grád 50% a bhaint amach sa scrúdú inniúlachta béil sa Ghaeilge. Chomh maith leis sin, theastaigh uainn labhairt léi maidir le cinneadh an Rialtais nach mbeadh Gaeilge riachtanach níos mó ag baill den Gharda Síochána. In ainneoin dhá cuireadh ar an 21 Nollaig agus ar an 5 Eanáir agus ceithre meabhrúcháin, níl aon fhreagra faighte againn uaithi.

Chuir muid cuireadh chuig an Aire Sláinte ar an 16 Meán Fómhair agus ar an 2 Samhain. Bhíomar ag lorg go dtiocfadh sé os ár gcomhair ar an 17 Samhain maidir leis an gceist a rinneamar plé air roimhe sin, is í sin seirbhísí sláinte trí mheán na Gaeilge i gcomhair pobail na Gaeltachta agus pobail labhartha na Gaeilge le linn na paindéime, agus ina dhiaidh, teiripe urlabhra agus sainteiripí eile san áireamh. Ní raibh sé ar fáil ar an dáta sin agus mar sin tá cuireadh eile tugtha againn dó, dár dáta an 5 Feabhra, chun an t-ábhar sin a phlé linn ar dáta dá rogha féin. Ní bhfuair muid aon fhreagra uaidh ó sin.

Chomh maith leis sin, bhí an comhchoiste ag iarraidh go mbeadh Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte linn. I gcomhfhreagras, dár dáta an 22 Nollaig agus an 5 Eanáir, d'iarr muid air teacht os ár gcomhair ar an 9 Feabhra chun an t-ábhar céanna a phlé. Bhí ar an gcomhchoiste trí ríomhphoist eile a chur chuige ar an 14 Eanáir, ar an 17 Eanáir agus ar an 18 Eanáir sula bhfuair muid freagra uaidh. Sa fhreagra, chuir sé in iúl nach bhfuil sé sásta teacht os ár gcomhair mar a d'iarr muid. Tá sé ag iarraidh go gcuirfeadh sé ionadaithe os ár gcomhair agus sin na hionadaithe céanna a bhí againn cheana ón Roinn Sláinte ag déileáil leis an gceist seo, seachas é féin atá freagrach san iomlán ar an gceist seo. Sin an freagra a fuaireamar ach bhí na hionadaithe sin os ár gcomhair ar an 10 Samhain.

Níl a fhios agam cad eile gur féidir linn a dhéanamh maidir leis na cuirí sin agus an sórt neamhairde atá á déanamh ag Airí agus ag státseirbhísigh sinsearacha maidir leis a gcúraimí i leith na Gaeilge agus maidir leis an bhfreagracht atá acu teacht os comhair choiste Oireachtais chun na ceisteanna sin a phlé. In ainneoin an Achta nua a bheith ann, tá an cuma air go bhfuil daoine fós ag déanamh neamhairde. An bhfuil tuairim ag comhaltaí cad ar chóir dúinn a dhéanamh ag an staid seo? Aithním go bhfuil na Teachtaí Daly agus Mairéad Farrell tar éis teacht isteach sa chruinniú. An bhfuil aon tuairim ag aon duine cad ar féidir linn a dhéanamh seachas scríobh chuig nó labhairt leis an gCeann Comhairle nó scríobh arís chuig na hAirí agus na hoifigigh sinsearacha atá ag déanamh neamhairde orainn? Is féidir liom é a chur síos mar ábhar don chéad chruinniú phríobháideach eile, ach idir an dá linn iarraim ar chomhaltaí cead a thabhairt dom dul agus labhairt leis an gCeann Comhairle agus féachaint an bhfuil aon bhealach ó thaobh Buan-Orduithe na coistí, na Dála, nó an Oireachtais i gcoitinne gur féidir linn brú a chur ar na hAirí agus an Ard-Rúnaí teacht os ár gcomhair. An bhfuil sé sin aontaithe? Aontaithe. Glacaim leis sin.

Top
Share