Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge debate -
Wednesday, 9 Mar 2022

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge (Atógáil): Plé

Leanfaidh an cruinniú seo ar aghaidh go dtí 4.30 p.m., más gá. Tá leithscéal faighte agam ón Teachta Calleary. Tá sé gafa inniu. Dúirt an Teachta Daly go bhfuil sé chun iarracht a dhéanamh a bheith i láthair do chuid den chruinniú. I láthair tá an Seanadóir Ó Donnghaile agus an Teachta Connolly. Tá an Seanadóir Ward agus an Teachta O'Dowd linn go fíorúil óna n-oifigí laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Cuirim fearadh na fáilte roimh na comhaltaí agus rompu siúd atá ag teacht os ár gcomhair inniu: Cormac Ó hAodha, eagarthóir na hirise Feasta; Maitiú Ó Coimín, eagarthóir na hirise ar líne Nós; Seán Tadhg Ó Gairbhí, eagarthóir an nuachtáin ar líne tuairisc.ie; agus Micheál Ó Cinnéide, duine de na stiúrthóirí ar tuairisc.ie. Tá Micheál Ó Cinnéide ag freastal ar an gcruinniú ar líne ó shuíomh lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus tá na finnéithe eile istigh anseo i seomra an choiste.

Déanfaimid déileáil inniu le spreagadh fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge mar chuid de shraith chruinnithe atá sé i gceist againn a reáchtáil. Thosaigh muid coicís ó shin le Foras na Gaeilge agus tá sraith chruinnithe eile á eagrú againn idir seo agus mí an Mheithimh chun déileáil le gnéithe difriúla de cheist fhoilsitheoireacht, léitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge. Ag an deireadh, beidh tuairisc ina gcuirtear moltaí chun cinn á seoladh chuig an Aire, an foras agus dreamanna eile a bhfuil baint acu leis an ábhar.

Sula leanfaidh mé ar aghaidh, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na ndaoine atá ag freastal ar an gcruinniú seo. Caithfimid uile, na finnéithe agus baill fhoirne san áireamh, a bheith cinnte go bhfuil aon ghutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna seo cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá rogha ag comhaltaí agus finnéithe a bheith anseo go fisiciúil i seomra an choiste nó freastal a dhéanamh ar an gcruinniú go fíorúil ar Microsoft Teams. Luaigh mé cé atá linn go fisiciúil agus cé atá ar líne cheana féin. Caithfidh iad siúd atá ag teacht óna n-oifigí a chinntiú go bhfuil an físeán ar siúl an t-am go léir agus go bhfuil siad le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll sin leis na finnéithe chomh maith agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Ba chóir dóibh siúd atá ag freastal ar an gcruinniú ar líne a chinntiú go bhfuil a micreafóin múchta acu nuair nach bhfuil siad ag caint chomh maith.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Ní féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus an fhianaise á tabhairt acu ó thaobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d'fhinnéithe, go mór mór dóibh siúd atá ag freastal ar chruinnithe lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais, a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, beidh orthu amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon ní a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as a ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach bonn.

Anois, déanfaimid ár mbreathnú ar ábhar an chruinnithe seo. Iarraim ar an bpríomhfhinné thar ceann na hirise Feasta labhairt os comhair an choiste.

Mr. Cormac Ó hAodha

An mbeidh an micreafón le cur ar siúl?

Tagann sé ar siúl é féin,

Mr. Cormac Ó hAodha

Go breá ar fad. An léifidh mé amach an achoimre?

Sin é. Nuair atá na hachoimrí críochnaithe, cuirfidh na comhaltaí roinnt ceisteanna.

Mr. Cormac Ó hAodha

Gabhaim míle buíochas le Cathaoirleach agus comhaltaí an chomhchoiste as an gcuireadh a thabhairt dom labhairt leo inniu. Is mise eagarthóir ar Feasta ó mhí Eanáir 2020 i leith. Is as Cúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí, Contae Chorcaí, dom agus is sa Ghaeltacht sin atáim ag cur fúm inniu agus ag tógáil mo chlainne le Gaolainn Mhúscraí. Thar ceann na hirise Feasta, táim buíoch den chomhchoiste as an gcuireadh a fháil labhairt inniu ar spreagadh fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaolainne.

Tá baint ag Feasta gan dabht le foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaolainne ach is dócha go bhféadfaí a rá go bhfuil scríbhneoireacht na Gaolainne ina gné an-lárnach d’obair Feasta ó bhliain a bunaithe, 1948, i leith. Tá an 75ú imleabhar de Feasta á líonadh i mbliana. Tá Feasta ag teacht amach in aghaidh na míosa le 74 bliain móide an bhliain seo. Táimid ann le tamall níos faide i bhfad ná an tamall ina raibh mise i réim.

Beidh ceiliúradh mór ann an bhliain seo chugainn.

Mr. Cormac Ó hAodha

Cinnte. Bíonn ceiliúradh ag gabháil le gach eagrán gan trácht air sin, ach is scéal eile é sin. Cuireann Feasta ardán neamhspleách ar fáil do scríbhneoirí cruthaitheacha na Gaolainne agus is ina dhiaidh sin a thagann an fhoilsitheoireacht agus na léitheoirí. Ar ndóigh, is maith le scríbhneoirí in aon teanga go bhfuil léitheoirí acu. Is ceann de na hardáin atá ag scríbhneoirí Gaolainne é Feasta. Mar a chítear ar chlúdach na hirise - agus is dóigh liom go bhfuil cóip curtha ar fáil do na baill agam tríd an gcléireach - is "Reiviú den Smaointeachas Éireannach - Litríocht, Polaitíocht, Eolaíocht" atá i gceist againn le Feasta. Sna 74 bliain anuas, tá na trí ábhair sin clúdaithe againn go rialta mar iris mhíosúil. Ar ndóigh, cad ina thaobh nach mbeadh? Agus tá níos mó ná litríocht, polaitíocht agus eolaíocht clúdaithe againn freisin. Déantar é seo ar fad trí mheán na Gaeilge agus tá sé ar fáil ag éinne in Éirinn nó ar fud na cruinne ar mian leo síntiús a thógáil linn.

Tá síntiúsóirí ag Feasta sna 32 contae in Éirinn, i Sasana, sa Ghearmáin, sa Fhrainc, san Eilvéis, agus i gCeanada fiú amháin le déanaí. Tá scríbhneoirí againn as gach cearn den tír, mná agus fir, agus scríbhneoirí ag Feasta ó na tíortha atá díreach luaite agam chomh maith leis an Astráil agus na Stáit Aontaithe agus araile.

Déantar Feasta a chló uair sa mhí i dTrá Lí, Contae Chiarraí agus cuirtear sa phost é trí sheirbhís An Post, ní le cúiréir nó aon rud eile. Is dóigh liom go bhfuil an pointe déanta agam go mbaineann Feasta leis an nGaeltacht agus le hÉirinn faoin tuath. Baineann sé leis an tír. Téann Feasta isteach sa chóras poist in oifig an phoist i mBaile Mhic Íre. Pé beagán de sin a dhéanann tairbhe don oifig an phoist sin, tá muidne an-sásta an tairbhe sin a dhéanamh go háitiúil. Leagan páipéir soláimhsithe, taitneamhach, daite, a thagann uair sa mhí tríd an bpost ó oifig an phoist áitiúil i mBaile Mhic Íre i nGaeltacht Mhúscraí is ea Feasta. Uaireanta, go háirithe i mBaile Átha Cliath, dearmadtar ar Éirinn faoin tuath. Theastaigh uaim é sin a rá agus tá sé ráite againn anois.

An moladh is mó a bheadh ag Feasta don chomhchoiste ná gur ceart do chomhchoiste na Gaolainne a mholadh don Aire gur chóir maoiniú, trí Fhoras na Gaeilge, nó trí chainéal eile, a chur ar fáil arís do Feasta, ar mhaithe le héagsúlacht irisí Gaolainne, éagsúlacht ábhar Gaolainne agus éagsúlacht ardán do scríbhneoirí agus do léitheoirí na Gaolainne inniu.

Tugann an Stát agus gach rialtas ó bhunú an Stát aitheantas, tacaíocht agus cúnamh do theanga na Gaolainne. Cad ina thaobh nach dtabharfadh? Sa bhliain 1948, chuir an Rialtas airgead ar fáil le go mbunófaí Feasta. Dúirt m’athair liom gurb é Frank Aiken an tAire a bhí ann ag an am. Ná fiafraigh díom cé mhéad airgead a chuir sé ar fáil; níl an fhigiúir sin agam. Ag an am sin, fostaíodh eagarthóir agus rúnaí leis an deontas sin, pé suim a bhí i gceist. Fear as Baile Átha Cliath darb ainm Seosamh Ó Duibhginn ab ea an chéad eagarthóir ar Feasta. Lean an scéal mar seo go dtí tús na 1960idí.

Is fiú a chur san áireamh freisin gur bhunaigh Foras na Gaeilge Áisínteacht Dáiliúchán Leabhar, ÁIS, 30 bliain ó shin. Is léir go raibh Foras na Gaeilge os comhair an choiste an tseachtain seo caite cé nach bhfuil ÁIS fós ann. Bunaíodh ÁIS 30 bliain ó shin chun scaipeadh leabhair Gaolainne agus irisí Gaolainne a fhorbairt. Thosaíodar le leabhair agus bhíodar chun tabhairt faoi irisí a dhíol tar éis bliana nó dhó ach, mo mhairg, níor thosaíodar ar chúram na n-irisí Gaolainne go fóill.

Ag léim ar aghaidh roinnt mhaith blianta, ar mhaith leis an achoimre seo agus libhse atá ag éisteacht, bhíodh maoiniú á fháil ag Feasta ón Rialtas trí Fhoras na Gaeilge go dtí gur cuireadh deireadh leis sin roinnt blianta ó shin. Is féidir liom é sin a mhíniú níos mó nuair a bheimid ag déanamh comhrá níos déanaí má bhíonn spéis ag baill an cheist a chur. Anois, tugann Foras na Gaeilge airgead do roinnt ceanneagraíochtaí, agus ní fúmsa é sin a mhíniú gan dabht, ina measc Conradh na Gaeilge. Tugann Conradh na Gaeilge €10,000 sa bhliain do Feasta.

De thoradh ar iarratais ar mhaoiniú ón gComhairle Ealaíon, iarratais a théann chomh fada le 40 leathanach ar fhaid, bliain i ndiaidh bliana, éiríonn le Feasta beagán beag de bhreis ar an méid €10,000 sin a fháil, thart ar €13,000. Níl aon chinnteacht go mbeidh sé ann an bhliain dár gcionn nó go mbeidh ráth ar an iarratas, ach maoiniú atá ann mar sin féin. Táimid an-bhuíoch don Chomhairle Ealaíon as an maoiniú sin bliain i ndiaidh bliana.

Tá ioncam áirithe againn ó dhíolaíocht agus beagán beag bídeach ó fhógraíocht. Níl fáil go héasca ag aon iris Ghaolainne ar ioncam fógraíochta. Níorbh fhéidir an bhreis oibre a bheadh ag baint le hioncam fógraíochta agus díolaíochta a aimsiú a leagan go hiomlán ar an bhfoireann dheonach, sin beirt agus mise duine acu, atá ann faoi láthair. Theastódh duine a fhostú ar bhonn páirtaimsire chun tabhairt faoin gcuid is mó den riachtanas breise sin. Bheadh sé deacair teacht ar a leithéid de dhuine.

Tabharfaidh mé an achoimre chun deireadh leis an moladh is mó atá agam le tabhairt don choiste; is é sin ná gur ceart don choiste seo a mholadh don Aire gur chóir maoiniú, trí Fhoras na Gaeilge nó eagraíocht eile, a chur ar fáil arís do Feasta, ar mhaithe le héagsúlacht irisí Gaolainne na hÉireann, le héagsúlacht ábhar Gaolainne agus le héagsúlacht ardán do scríbhneoirí agus do léitheoirí na Gaolainne inniu. Ní féidir linn, ceal acmhainní, an iris a mhéadú. Tá 20 leathanach inti faoi láthair. Ní thógfadh sé an oiread sin oibre breise ar an eagarthóir ná ar scríbhneoirí an iris a mhéadú go 28, 32 nó 40 leathanach, mar a bhíodh tráth, ach ní féidir linn í a laghdú mar ní bheadh iris ann. Más níos lú ná 20 leathanach a bheadh inti, ní iris a bheadh inti i ndáiríre. Ceal acmhainní, ní féidir linn dul ar aghaidh nó ní féidir linn dul siar.

Mr. Maitiú Ó Coimín

Tá mise i m’eagarthóir ar an iris Nós atá lonnaithe i mBéal Feirste agus atá á foilsiú ar líne ag nós.ie ó 7 Eanáir 2015. Is dóigh liom gurb é seo an chéad uair iris atá lonnaithe sna Sé Chontae a bheith os comhair coiste. Níl a fhios agam an bhfuil sé sin fíor ach is mór an onóir dúinn a bheith anseo mar iris lonnaithe ó Thuaidh. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an gcuireadh.

Ní as na Sé Chontae mé féin mar is léir ó mo chuid cainte. Sula raibh mé i m’eagarthóir ar Nós chaith mé beagán le cois trí bliana i m'iriseoir le tuairisc.ie faoi Sheán Tadhg Ó Gairbhí i gContae na Gaillimhe agus roimhe sin arís i m'iriseoir ilmheáin le "Nuacht RTÉ" agus "Nuacht TG4" atá lonnaithe sa chontae céanna. Déarfaidh mé píosa beag faoi chúlra Nós ar dtús agus ansin cuirfidh mé síos ar na dúshláin a bhíonn romhainn agus na héachtaí atá bainte amach againn go dtí seo.

Nós ar an bhfód i bhfoirm éigin ó Lá Fhéile Pádraig 2008, atá beagnach 14 bliain ó shin. Ba é Tomaí Ó Conghaile, iar-iriseoir don nuachtán a bhí lonnaithe i mBéal Feirste, a bhunaigh an iris. Cuireadh an chéad eagrán, eagrán 0, amach mar chód digiteach ar líne ar an 17 Márta 2008. Bhí Nós ina "shaorachán" - focal de mo chuid féin le cur síos ar iris shaor in aisce - a fágadh i leabharlanna agus i mbialanna ar feadh tamaill i mBéal Feirste. Bhí sé dírithe go príomha ar an gcathair sin agus amanna eile ar an gcuid eile de Chúige Uladh. Bhí leagan clóite ar fáil go héasca ag Gael Bhéal Feirste faoi dheireadh na bliana 2009.

Mar is eol don choiste, tháinig deireadh leis an nuachtán Foinse i mí an Mheithimh 2009. Tháinig Gaelscéal a bhí lonnaithe ar an Spidéal i gCois Fharraige ar an bhfód in 2010 agus go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh Nós i gcomhar le Gaelscéal agus foilsíodh leagan den iris ina forlíonadh míosúil taobh istigh de leathanaigh Gaelscéal.

Tháinig deireadh sách tobann le Gaelscéal in 2013 agus b'éigean do Nós a bhealach féin a dhéanamh. Rinne athdhearadh ar an iris agus tosaíodh á foilsiú ar bhonn míosúil agus á scaipeadh i siopaí móra ar fud na hÉireann in Easons agus áiteanna mar sin. Faoin am sin, bhí dearcadh beagáinín níos uile-Éireannaí ag Nós agus níorbh fhéidir a dhéanamh gur iris Fheirsteach go príomha bhí inti níos mó.

Rinne Foras na Gaeilge athstruchtúrú, mar a luaigh Cormac Ó hAodha, ar an gcóras maoinithe a bhí ann d’fhoilseacháin Ghaeilge in 2014 agus bhuaigh Rua Media, is é sin máthairchomhlacht Nós, an conradh le hiris ar líne do dhaoine óga a chur ar fáil. Ba choinníoll de chuid an chonartha nach gcaithfí pingin den airgead ar chur i gcló na hirise agus gealladh acmhainní eile. Beartaíodh nach mbeadh ann ach iris ar líne ó 17 Eanáir 2015 amach.

Bhí Tomaí Ó Conghaile, bunaitheoir na hirise, fós ina eagarthóir an t-am sin agus bhí Méabh Ní Thuathaláin, a bhog ar aghaidh go tuairisc.ie ina dhiaidh sin, ina leas-eagarthóir. Tairgeadh an post eagarthóra domsa i mí na Samhna 2017 agus thosaigh mé sa ról sin ar Lá Fhéile Bríde in 2018. Tá mé ann ó shin.

Faighimid €62,000 sa bhliain agus táthar ag súil gur féidir iris ardchaighdeán nua-aimseartha a reáchtáil ar an airgead sin. As sin, íoctar mo thuarastal, is é sin €28,000; íocaíochtaí na scríbhneoirí seachtracha, is é sin €24,000 sa bhliain ó 2009; tuarastal an riarthóra agus eagarthóra físeáin, Gráinne Holland, atá fostaithe go páirtaimseartha agus a fhaigheann thart ar €6,000 sa bhliain; cíos ar an oifig i mBéal Feirste, €3,000 agus costais bheaga eile leis an gcuid eile den airgead sin.

Is é deontas Fhoras na Gaeilge an t-aon teacht isteach rialta atá ann agus íoctar é sin uair sa ráithe. Bíonn deontais eile ar fáil ón choiste craoltóireachta ó Thuaidh anois is arís. Ní bhfuaireamar é sin le dhá bhliain anuas. B'fhéidir go raibh baint ag Covid leis sin. Ó cuireadh deireadh leis an iris clóite seacht mbliana ó shin, ní thagann aon airgead isteach ó lucht léitheoireachta na hirise agus ní bhíonn fógraí tráchtála ar Nós.

Is iris chultúir agus stílmhaireachtála é Nós a bhfreastalaíonn go príomha ar dhaoine atá idir 18 agus 34 in Éirinn ach ní hé le rá nach mbíonn daoine atá níos sine ná níos óige ná sin á léamh agus nach mbíonn daoine atá taobh amuigh d'Éireann á léamh ach an oiread. Tá 46% de na léitheoirí san aoisghrúpa sin, is é sin 18 go 34. Tá 34% de na léitheoirí san aoisghrúpa 35 go 54 agus tá 20% san aoisghrúpa os cionn 55 bliain d'aois.

Níl figiúirí ar fáil do na daoine atá faoi bhun 18 bliain d'aois. Tá sé mar pholasaí againn gan díriú ar an aoisghrúpa sin ar chor ar bith, mar gheall ar chuid den ábhar a bhíonn ar an suíomh. Bíonn caint ar chúrsaí collaíochta, drugaí agus alcóil agus rudaí mar sin. Ní dhírímid ar an aoisghrúpa sin ar aon chaoi.

Léiríonn na figiúirí léitheoireachta gur sna 26 Contae atá 54% dár léitheoirí, méadú ar an 49% in 2020. Baineann na figiúirí seo le 2021. Tá 24% sna Stáit Aontaithe agus 10% sa Ríocht Aontaithe ach tá na Sé Chontae san áireamh leis an bhfigiúr sin. Ní féidir é a dhéanamh amach. Tugtar figiúr dom don Ríocht Aontaithe uile. Ar na tíortha eile ba mhó a bhí léitheoirí Nós in 2021 bhí Ceanada, An Bheilg, An Fhrainc, An Ghearmáin, An Astráil, An Ísiltír agus An Iorua agus tíortha eile nach iad.

Tá cóimheá 50:50 idir léitheoirí ban agus fear. Tagann na figiúirí seo ar fad ó Google Analytics. Tá ardú mór millteanach tagtha ar líon na léitheoirí atá ag Nós le cúig bliana anuas. Thug tuairim agus 27,000 duine cuairt ar an suíomh in 2017. Méadaíodh an líon sin go 62,000 in 2018, 69,000 in 2019 agus chomh hard le 92,000 duine uathúil, i mbliain mhór na paindéime, 2020.

Anuraidh, 2021, léigh 72,000 duine an iris. Is laghdú é sin ar an mbliain roimhe sin agus is laghdú is féidir a thuiscint agus na srianta diana á maolú i gcaitheamh na bliana. Bhí an fás sin in 2020 thar a bheith mór.

Murab ionann agus tuairisc.ie, ní iris laethúil muid agus murab ionann agus Feasta ní iris mhíosúil ach an oiread muid. Is annamh a fhoilsítear ábhar ag an deireadh seachtaine agus bíonn laethanta áirithe ann i gcaitheamh na seachtaine nach mbíonn alt ann ar chúis amháin nó ar chúis eile. Mar sin féin, éiríonn linn ár sprioc 48 alt nó mír sa mhí a chur amach. B'fhéidir nach alt ach físeán nó rud mar sin ann.

Ó tháinig mé féin ó chúlra nuachta agus rinne mé iarracht do mo bhlianta tosaigh le Nós cuid den obair sin a thabhairt isteach san obair nua ach tomhaiseadh dom, tar éis bliana nó mar sin, nach raibh na hacmhainní airgeadais ná daonna ann le cos a choinneáil le leithéidí tuairisc.ie suíomh na Gaeilge RTÉ ná TG4 agus d'athraigh mé an cúrsa sin agus thug mé aghaidh ar chineál iriseoireachta eile. Is colúin agus gné ailt den chuid is mó a bhíonn ann anois. Ní bhímid ag iarraidh nuacht a chur ar fáil chomh minic sin.

Tá grúpaí beaga scríbhneoirí cumasacha againn a bhíonn ag scríobh go rialta do Nós agus grúpaí níos mó a bhíonn ag scríobh anois agus arís. Nuair a thóg mé an stiúir ar Nós ag tús na bliana 2018, leag mé amach romham roinnt spriocanna. Ar cheann acu sin a bhí cur chun cinn óige na Gaeltachta ar ardán náisiúnta agus go deimhin idirnáisiúnta na hirise.

D'éirigh liom é sin a dhéanamh le ceithre bliana anuas. San achar sin, tá ailt rialta againn le Sláine Ní Chathalláin agus Aoife Ní Chiobháin as Corca Dhuibhne; Máirtín Seoighe, Kate Scott, Aifric Ní Scolaí agus Dónal Ó Braonáin as Conamara agus Póilín Nic Géidigh agus Seán Ó Dubhchon as Tír Chonaill. Tá sé i gceist agam an nasc láidir le hóige na Gaeltachta a choinneáil agus a chothú sna blianta atá amach romhainn freisin.

Táimid anseo inniu le labhairt ar conas is féidir foilsitheoireacht agus léitheoireacht nuachtán, iris agus tréimhseachán Gaeilge a chur chun cinn. Tá páirt nach beag imeartha ag na scríbhneoirí óga Gaeltachta ó thús borradh a chur faoi léamh agus scríobh na teanga ina gceantar dúchais féin. Is rud é atá thar a bheith tábhachtach domsa agus a bhfuil mé an-bhuíoch as.

Anuas ar na scríbhneoirí a luaigh mé cheana, tá gréasán scríbhneoirí ann atá lonnaithe taobh amuigh den Ghaeltacht agus tá cuid acu sin ar an gcoigríoch fiú, rud a léiríonn a thábhachta agus atá an iris do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain. Tá ról tábhachtach ag Nós maidir le hábhar sultmhar spreagúil a sholáthar do chainteoirí líofa Gaeilge. Cuirimid fáilte roimh lucht foghlamtha na teanga an iris a léamh agus tá sleachta as an iris curtha ar leabhair d'fhoghlaimeoirí ag foilsitheoirí éagsúla ach ní dhéanaimid aon leithscéal de gur ar sholáthar ábhair i nGaeilge mhaith atáimid do léitheoirí líofa Gaeilge.

Tá an teicneolaíocht ag síorathrú agus na modhanna léitheoireachta ag síorathrú dá réir. Tá tarraingt mhór ag na meáin uilig ar phobal na Gaeilge sa lá atá inniu ann agus bíonn ábhar físe agus fuaime againn ó am go chéile ach tá sé an-tábhachtach dúinn go bhfuil ábhar scríofa ar fáil do phobal na Gaeilge freisin. Tá géarghá le tacaíocht agus maoiniú breise má tá na meáin scríofa le cos a choinneáil leis na forbairtí nua-aimseartha seo.

Is gá do na meáin a bheith tarraingteach, ábhartha agus ar ardchaighdeán agus tá sé sin níos dúshlánaí fós i gcás mionteanga ar nós na Gaeilge. Braitheann mé féin agus lucht stiúrtha Nós ar an iris mar rud atá níos mó ná an iris féin. Cé go bhfuil sé deacair léitheoirí agus scríbhneoirí a thabhairt le chéile le dhá bhliain anuas, tá iarracht déanta againn ó thús a bheith i lár an aonaigh i saol na Gaeilge ar fud na hÉireann agus pobal á chruthú agus á chothú againn idir léitheoirí agus scríbhneoirí ar aon.

Tá na dúshláin atá romhainn mar a chéile don triúr againn anseo inniu agus do na foilsitheoirí eile atá taobh amuigh den seomra seo; roimh Chormac Ó hAodha, roimh Sheán Tadhg Ó Gairbhí agus roimh Chathal Goan i gComhar. Is iad easpa acmhainní agus foirne na cinn is mó de na dúshláin sin. Is ar phinginí beaga atá Nós ag soláthar na hirise faoi láthair agus bhí an iris i mbaol le briseadh cúpla uair i gcaitheamh na mblianta.

Táimid buíoch d'Fhoras na Gaeilge as an airgead a chuireann sé ar fáil dúinn. Nuair a bhreathnaítear ar an maoiniú a chuirtí ar fáil d'fhoilseacháin eile na blianta fada ó shin, cur i gcás, Foinse a bhfuair beagnach €1 milliún sa bhliain in airgead an lae inniu, is cuid an-bheag atá á fháil ag tuairisc.ie, Comhar, Nós agus Feasta anois. Is iad sin na trí fhoilseachán a dhéanann an Stát maoiniú orthu. Tá siar infheistíocht ag teastáil uainn le seirbhís mhaith rialta a chur ar fáil agus leis an gcéad ghlúin eile de scríbhneoirí agus léitheoirí Gaeilge a chruthú agus a chothú. Is chuige sin atáimid.

Níl ach fíorbheagán daoine sa tír a bhfuil an Ghaeilge agus na scileanna scríbhneoireachta acu le hábhar a chur ar fáil dúinn. Téann an fhadhb seo siar an bealach ar fad ag na naíonáin bheaga agus na naíonáin mhóra.

Tá daltaí, idir chainteoirí dúchais Ghaeltachta agus glan-fhoghlaimeoirí teanga, ag teacht trí chóras oideachais gur cuma leis i ndáiríre faoin nGaeilge agus faoi chothú léitheoirí agus scríbhneoirí Gaeilge. Tá roinnt mhaith cúrsaí coláistí agus ollscoileanna ann anois a chuireann leagan éigin de chúrsa iriseoireachta nó cúrsa cumarsáide ar fáil i nGaeilge, ach feictear domsa gurb í an Ghaeilge féin an dris chosáin is mó atá roimh na scríbhneoirí óga seo. Tá siad ag teacht amach as an gcóras scolaíochta gan tuiscint mhaith acu ar an nGaeilge, ar an ngramadach, ar an litriú, ar na difríochtaí idir chanúint agus caighdeán, ná ar stair agus oidhreacht na scríbhneoireachta, na léitheoireachta agus foilsitheoireachta na Gaeilge. Ní féidir ach méid áirithe a dhéanamh i gcúrsa trí bliana ar choláiste. Caithfear an scríbhneoireacht, an léitheoireacht agus an fhoilsitheoireacht a chothú ag aois i bhfad Éireann níos óige ná sin. Molaim an cur chuige déshrathach atá molta ag Conradh na Gaeilge agus grúpaí eile nach iad an córas scolaíochta.

An t-aon mholadh eile atá agam ná gur chóir maoiniú cuí a chur ar fáil do na meáin scríofa Ghaeilge, atá fágtha in áit na leathphingine le blianta fada anois. Is féidir forbairtí iontacha a dhéanamh ar an iriseoireacht Ghaeilge ach an maoiniú ceart a bheith ar fáil dúinn. Sna blianta amach romhainn, ba mhaith le Nós an fhoireann lánaimseartha atá againn a mhéadú, mar níl ann ach mé féin atá fostaithe go lánaimseartha anois, agus tuilleadh scríbhneoirí seachtracha rialta a chur i mbun pinn. Iarraim ar bhaill an choiste a chur ina luí ar na heagrais Stáit agus na Ranna ábhartha chomh tábhachtach is atá obair na n-irisí, na nuachtán agus na bhfoilseachán Gaeilge do stádas agus do bheocht na teanga in Éirinn agus thar lear. Iarraim ar an gcoiste fiafraí orthu siúd go bhfuil an sparán acu maoiniú breise agus maoiniú rialta a chur ar fáil don earnáil.

Mr. Seán Tadhg Ó Gairbhí

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis a thabhairt dúinn labhairt faoi ábhar ar a ndéantar neamhaird go minic, sé sin, iriseoireacht scríofa na Gaeilge. Tá mise i m’eagarthóir ar tuairisc.ie agus ar dhuine de bhunaitheoirí na seirbhíse. Seirbhís nuachta do phobal uile na Gaeilge in Éirinn agus thar lear í tuairisc.ie, atá á cur ar fáil ag Tuairisc Bheo Teoranta agus cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil dúinn. Foilsíodh tuairisc.ie gach lá den tseachtain ó tháinig ann dó ar an 9 Deireadh Fómhair 2014. Seirbhís nuachta ilmheáin agus il-ardáin atá i tuairisc.ie agus é mar sprioc againn go mbeadh sí ar thús cadhnaíochta i bhforbairt na hiriseoireachta i nGaeilge. Tá tuairisc.ie ina cuid lárnach anois de shaol phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. De réir na bhfigiúirí go léir, tá dul chun cinn an-mhaith á dhéanamh againn ó bunaíodh an tseirbhís ar líne agus is ríléir ó na figiúirí sin go mbraitheann an pobal gur seirbhís í ar féidir leo brath uirthi agus a bheith mórtasach aisti.

tuairisc.ie anois ar an suíomh aonteangach Gaeilge is mó tráchta ar líne agus fágann an tóir a bhíonn ag daoine uirthi gach lá gur dócha go mbíonn níos mó Gaeilge á léamh anois ag daoine ná mar a bhí riamh. Is údar misnigh agus bróid dúinn leis go bhfuil tuairisc.ie á fhoilsiú gan teip gach lá le breis is 2,700 lá anuas. Tá an méid sin déanta in ainneoin gur maoiniú d’fhoilseachán ar líne uair sa tseachtain atá againn ó 2014 i leith. Cé gur maoiniú do nuachtán seachtainiúil a tugadh dúinn seacht mbliana ó shin, taibhsíodh dúinn nach n-oibreodh a leithéid de mhúnla agus shocraíomar, i gcomhar le Foras na Gaeilge, seirbhís laethúil a chur ar fáil. B’é sin an cinneadh ceart in ainneoin an dua a bhain le seirbhís laethúil a choimeád beo ó shin gan ár ndóthain foirne ná acmhainní againn ach do nuachtán seachtainiúil. Mar sin, tá seirbhís níos rialta, níos cuimsithí agus níos rathúla á cur ar fáil againn ná mar a cuireadh ar fáil roimhe seo, cé gur lú an maoiniú atá againn ná na nuachtáin a chuaigh romhainn.

Is ar phobal na Gaolainne agus na Gaeltachta is mó atá tuairisc.ie dírithe, sé sin, na daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais, agus ní dhéanaimid aon leithscéal faoi bheith dírithe ar an dream sin. Ní sin le rá go mbíonn aon duine á chur ó dhoras againn. Tá rannóg d’fhoghlaimeoirí againn agus tá áis “foclóirí” againn chun cabhrú le daoine agus iad ag léamh ar an suíomh. Leagtar an-bhéim ar tuairisc ar cheart-úsáid na teanga agus d’fhéadfaí a mhaíomh gur áis fhoghlama atá sa suíomh go léir d’aon duine atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim nó cur leis an nGaeilge atá acu. Tá fáilte roimh chách ar tuairisc.ie mar sin agus bíonn gach saghas ábhar ó gach cearn den domhan againn.

Mar gheall ar na hacmhainní a bheith chomh gann sin againn, is é an cur chuige atá ag tuairisc.ie ná béim ar leith a leagan ar scéalta nuachta a chuireann pobal na Gaeilge agus Gaeltachta suim iontu agus nach ndéantar tuairisciú rómhinic orthu sna meáin Bhéarla. Is minic, mar sin, go bhfágtar faoi lucht anailíse agus cholúnaithe tuairisc.ie scéalta náisiúnta nó idirnáisiúnta eile. I gcás scéalta rímhóra náisiúnta nó idirnáisiúnta, déanann tuairisc.ie gach iarracht na scéalta sin a thuairisciú chomh tapa leis na meáin eile. Dá ndéanfaí é sin rómhinic, áfach, is é an toradh a bheadh air ná nach mbeadh ar bun againn ach aistriúchán faoi dheifir ar scéalta a mbeadh leaganacha níos údarásaí díobh ar fáil i mBéarla ó dhreamanna eile a bhfuil na hacmhainní acu don chúram. B’fhearr linn, i bhfianaise na n-acmhainní fíor-theoranta atá againn, seirbhís údarásach shainiúil a chur ar fáil dár bpobal, seirbhís nach bhfuil a mhacasamhail ar fáil aon áit eile. Tugtar scéalta Gaeilge ar an iliomad cineálacha scéalta atá againn, ach d’fhéadfaí chomh maith céanna scéalta oideachais, scéalta dlí, scéalta polaitiúla, scéalta daonna, nó scéalta faoi chearta an duine a thabhairt orthu. An cur chuige atá againne ná tús áite a thabhairt do na scéalta seo, scéalta a rachadh i ngan fhios don phobal go minic mura ndéanfaimis amhlaidh.

Caithfimid le cás na Gaeilge mar cheist thábhachtach d’Éirinn go léir. Cuirimid romhainn plé macánta bríomhar a dhéanamh ar gach gné de chás na Gaeilge, de pholasaí teanga an dá Stát agus de shaol phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Cuirtear ardán ar fáil ar tuairisc.ie do ghlórtha éagsúla agus tuairimí éagsúla ar mhaithe le díospóireacht fhónta atá bunaithe ar eolas a spreagadh, rud a chuireann le seasamh agus stádas na Gaeilge sa phobal. “Focal, fís agus fuaim” an cur chuige gur mhaith linn a bheith againn ar tuairisc.ie i gcónaí, ach tá forbairt na gné ilmheán den suíomh ag brath go mór ar acmhainní breise. Déanaimid iarracht leas na Gaeilge agus na Gaeltachta a dhéanamh trí imscrúdú agus tuairisciú a dhéanamh ar gach gné de chás na teanga, de pholasaí teanga an Stáit agus de shaol phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Déanaimid iarracht leas na teanga a dhéanamh trí thuairisciú agus anailís oibiachtúil mhacánta a dhéanamh ar chás na teanga agus na Gaeltachta, seachas a bheith ag seachaint na fírinne ar mhaithe le meon dearfach gan bunús a chothú.

Idir 2014 agus 2021, thug 1.96 milliún duine 6.4 milliún cuairt ar an suíomh agus d’fhéach na daoine sin ar 15.1 milliún leathanach. Maidir leis na seirbhísí nuachta ar líne, idir Bhéarla agus Ghaeilge, léirigh suirbhé a rinne TG4 agus Ollscoil na hÉireann Gaillimh in 2021 go bhfuil tuairisc.ie agus rte.ie, an mórshuíomh Béarla, gob ar ghob ar bharr an liosta. Tugadh le fios i 61% de na ceistneoirí go mbaintear úsáid i gcónaí nó go minic as rte.ie mar fhoinse nuachta agus is 59% a bhí i gceist i gcás tuairisc.ie sa dara háit. Ó bunaíodh tuairisc.ie, fágadh os cionn 20,000 trácht faoi scéalta tuairisc.ie ar an suíomh féin agus spreag scéalta tuairisc.ie na milliúin trácht agus idirghníomhaíocht eile ar na meáin shóisialta. De réir taighde a rinne an Dr. Kevin Scannell, saineolaí ar úsáid na Gaeilge ar líne, tá tuairisc.ie i lár an aonaigh i measc phobal na Gaeilge ar líne.

Nuair a bunaíodh tuairisc.ie, bhí go leor éiginnteachta ann faoina raibh i ndán d’iriseoireacht scríofa na Gaeilge sa ré dhigiteach agus deireadh curtha le nuachtáin chlóite na Gaeilge. Mar atá ráite cheana, cuireadh a dhóthain maoinithe ar fáil do tuairisc.ie a chuirfeadh nuachtán seachtainiúil ar líne amach, ach tá seirbhís laethúil curtha ar fáil againn ó shin agus í níos cuimsithí ná mar a bhíothas ag súil. Tá maoiniú níos lú á fháil ag tuairisc.ie mar dheontas bliantúil ná mar a bhí á fháil breis is deich mbliana ó shin ag an nuachtán seachtainiúil a bhí ann romhainn, in ainneoin seirbhís i bhfad níos rialta a bheith á cur ar fáil againn. Sin gan trácht ar an mbearna mhillteanach a bhí riamh ann idir maoiniú na meán scríofa Gaeilge agus maoiniú na meán Gaeilge agus eagraíochtaí Gaeilge eile. Dá fheabhas cuid acu, ní léir dúinne aon tábhacht bhreise a bheith ag baint le go leor de na seirbhísí eile sin seachas mar atá ag baint le seirbhís nuachta scríofa ilmheáin ar ardchaighdeán. Go deimhin, is deacra an bhearna seo a thuiscint nuair a chuimhníonn tú ar chomh tábhachtach is atá an tseirbhís nuachta ar líne anois i gcomparáid le seacht mbliana ó shin fiú. Is €500,000 sa bhliain an ciste d’iriseoireacht scríofa na Gaeilge ó 2014 i leith. Breis is €800,000 sa bhliain a bhíodh ann roimhe sin. Breis is €60 milliún atá ag craoltóirí na Gaeilge gach bliain. Nílimid ina ndiaidh orthu - is maith ann iad - ach is léir go bhfuil rud éigin bunoscionn leis an maoiniú atá ar fáil do na nuachtáin agus na hirisí Gaeilge.

Mar atá ráite cheana againn, is iad easpa acmhainní agus easpa foirne na dúshláin is mó atá romhainn. Fágann na deacrachtaí bunúsacha sin gur tréimhse chaomhnaithe agus dhaingnithe atá romhainn ó thaobh na seirbhíse de. Tá creidiúint mhór ag dul d’Fhoras na Gaeilge as an gcinneadh a ghlacadh nuachtán ar líne a fhorbairt agus as tacú leis an múnla a leag tuairisc.ie síos, ach beidh síorfhorbairt agus síorinfheistíocht ag teastáil ón gcineál seirbhíse a chuireann tuairisc.ie ar fáil, go háirithe mar go mbíonn an teicneolaíocht agus na múnlaí iriseoireachta sa réimse seo ag athrú an t-am go léir.

Ar na dúshláin mhóra eile atá roimh tuairisc.ie tá an ghéarchéim teanga féin, agus go háirithe an ghéarchéim scríbhneoireachta atá ann sa Ghaeilge. Ónár dtaithí i mbun na foilsitheoireachta ar líne le breis is seacht mbliana anuas, tá easpa mhór iriseoirí sa Ghaeilge atá oilte sa chúram seo. Mar sheirbhís nuachta a bhíonn ag foilsiú ábhair gach lá agus ag saothrú in aghaidh an chloig i gcónaí, níl na hacmhainní againn an oiread agus ba mhaith linn a dhéanamh chun dul i ngleic leis an ngéarchéim sin. Ó thaobh na hiriseoireachta scríofa, tá, b’fhéidir, cúigear sa tír go léir a bhfuil beatha á shaothrú acu aisti. Tá cúrsaí acmhainní go mór sa treis anseo arís agus is minic a d’fhág iriseoirí óga maithe nuachtán Gaeilge chun dul ag obair áit éigin a raibh pá agus coinníollacha oibre níos fearr ar fáil.

Fadhb bhunúsach don iriseoireacht i nGaeilge is ea an easpa stádais atá ag an nGaeilge sa Stát. I mBéarla amháin a bhíonn fáil ar chuid mhór den bhuneolas ón Stát a mbíonn iriseoirí ag tarraingt as, a leithéidí preasráiteas, óráidí, tuarascálacha, agus mar sin. Mar shampla i mBéarla amháin a bhí na ráitis laethúla faoi Covid-19 a chuir an Roinn Sláinte amach gach lá ó thús na paindéime. Bhí ar tuairisc.ie na ráitis agus an t-eolas sin a aistriú gach lá. An nós a bhíonn ag cuid mhaith iriseoirí ná eolas a lorg ó Ranna Stáit i mBéarla más freagra pras atá uathu, mar is freagra pras a bhíonn ag teastáil go minic uainn san iriseoireacht. Nuair a chuirtear ráitis nó eolas ar fáil i nGaeilge, is minic nach aon chabhair rómhór é. Is minic go mbíonn ort dul ar ais go dtí an bunleagan Béarla chun ciall a bhaint as an drochaistriúchán Gaeilge.

Agus an teanga féin ag staid an-leochaileach, rud lena mbaineann dúshláin ar leith do na meáin Ghaeilge, tuairisc.ie san áireamh, is dea-scéal an rath atá ar ár suíomh nuachta. Creidimid gur chóir anois muinín a léiriú sa mhúnla atá leagtha síos againn agus na hacmhainní cuí a chur ar fáil chun an nuachtán ar líne a fhorbairt. Is den riachtanas é go léireodh maoiniú tuairisc.ie tábhacht, caighdeán agus rath intomhaiste na seirbhíse. Ba chóir go léireodh an maoiniú chomh maith tuiscint níos fearr ar an bhforbairt bhreise iontach a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an tseirbhís ar líne, ar mhaithe le hiriseoireacht na Gaeilge agus le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Sna cúig bliana romhainn, ba mhian le tuairisc.ie a stádas mar phríomhfhoinse nuachta ar líne phobal na Gaeilge a chosaint agus a neartú oiread agus is féidir. Ba mhaith linn fanacht ábhartha i gcónaí i réimse a bhíonn ag athrú de shíor. Tá sé in am an dílseacht mhór atá léirithe ag pobal na Gaeilge do tuairisc.ie a chúiteamh leo trí fhorbairt bhreise a dhéanamh ar an tseirbhís. Faraor, níl aon mhórfhorbairt bhreise i ndán do tuairisc.ie sa tréimhse amach romhainn d’uireasa athrú suntasach chun feabhais ar an maoiniú agus ar na hacmhainní atá ar fáil dúinn. Mar sin, is bunsprioc straitéiseach de chuid an chomhlachta í cur le hacmhainní agus maoiniú tuairisc.ie. Údar misnigh dúinn san obair sin gur aontaíodh sa chonradh cúig bliana atá againn le Foras na Gaeilge go ndéanfar athbhreithniú rialta ar an maoiniú atá ar fáil dúinn. Idir an dá linn, ba mhaith linn a mholadh do bhaill an choiste seo go n-iarrfadh sibh ar na heagrais Stáit go léir a bhfuil lámh acu sa chúram go gcuirfí maoiniú breise ar fáil don earnáil seo a léireodh an tábhacht a bhaineann léi do phobal na Gaeilge agus don teanga féin. Gabhaim buíochas leis an gcoiste.

Go raibh maith agat. Má tá daoine ag éisteacht leis an gcruinniú, tá sé tábhachtach go dtuigfeadh siad gurb é seo cuid de shraith chruinnithe atá ag díriú isteach ar an gceist seo. Nuair a smaoinítear air, níl nuachtán fisiciúil ann a thuilleadh. B’fhéidir gur rud maith nó dona é sin agus níl mé chun é sin a oscailt mar ábhar plé.

Thar na blianta bhí nuachtáin sheachtainiúla agus nuachtáin laethúla ann, agus nach ann dóibh a thuilleadh. Ní hamháin sin ach bhí i bhfad Éireann níos mó irisí Gaeilge ar an bhfód chomh maith céanna agus tá a lán díobh sin imithe. Tá cuimhne mhaith agam orthu toisc m’athair, mar gheall ar an líon irisí a bhíodh ag teacht isteach sa teach, mar shampla: Agus, Deirdre, Rosc, An tUltach, agus níl a fhios agam cé mhéad ceann eile. Táimid ag díriú isteach anois ar mhéid i bhfad Éireann níos lú ó thaobh iriseoireachta nó deiseanna do scríbhneoireachta nuachta agus tréimhseacháin dá shórt. Táimid cúngaithe ach tá an chuma air go bhfuil fadhbanna móra bunúsacha ag gabháil leis mar chuala mé gur luaigh an triúr d’ár n-aíonna easpa maoinithe, go háirithe, agus easpa foirne chomh maith. Tá an dá rud sin ceangailte le chéile.

Tá an Teachta Ó Muimhneacháin agus an Seanadóir Kyne tagtha isteach ar an gcruinniú chomh maith. Is é an chéad duine a bhí a lámh in airde aige chun ceisteanna a chur ná an Seanadóir Ó Donnghaile.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Gabhaim buíochas lenár n-aíonna freisin as a gcur i láthair. Caithfidh mé mo leithscéal a ghabháil mar beidh orm freastal ar an Seanad ina dhiaidh seo agus ní bheidh mé in ann fanacht ar an bhfreagra iomlán ach is féidir liom é a léamh siar.

Chím nó léim tuairisc.ie achan lá agus sílim gur áis nuachta agus scéalta iontach tábhachtach í. Táim féin agus an Cathaoirleach ar ghrúpa chat ar WhatsApp do chúrsaí Gaeilge agus déarfainn go bhfuil tvuít nó dhó curtha isteach achan lá ó tuairisc.ie. Tá seanaithne agam ar Nós nuair a bunaíodh é i mBéal Feirste. Ba é an rud is mó faoi Nós ag an am ná go raibh sé dírithe den chuid is mó ar Ghaeilgeoirí óga uirbeacha taobh amuigh den Ghaeltacht, cé nach raibh sé teoranta dóibh siúd. Bhí cineál rud ar leith faoi Nós mar sin. Níl an aithne chéanna agam ar Feasta ach is léir ó na cóipeanna a fuaireamar inniu an tábhacht a bhaineann leis chomh maith.

Tá mórcheist agam faoi chúrsaí clódóireachta agus foilseachán i dtaca leis an nGaeilge agus faoin áit a bheidh sé, i mbarúil ár n-aíonna, b’fhéidir faoin cheann cúig nó deich mbliana. Tuigim an tábhacht a bhaineann le maoiniú óna leithéidí Fhoras na Gaeilge. Ón méid atá ráite ag ár n-aíonna inniu, mothaím gur cosúil go bhfuil an maoiniú ag clúdach an bare minimum. Deirim sin le hardmheas ar an bhforas ach aithním fosta ón méid atá ráite ag an gCathaoirleach faoi na foilseacháin a bhí ann roimhe seo, agus ó na haíonna féin, dá mbeadh an seal acu níos mó a dhéanamh, go dtiocfadh leo gníomhú amhlaidh. Aithním ag an am céanna nach féidir achan rud a mhaoiniú. Sa chomhthéacs ina bhfuilimid faoi láthair le cúrsaí foilseachán agus clódóireachta ar bhonn domhanda, agus an saol ag athrú de shíor, cá háit a bheidh an t-ábhar seo, i mbarúil ár n-aíonna, i gceann bliana, cúig bliana nó deich mbliana?

Aontaím leis an gCathaoirleach nuair a deir sé nach bhfuil foilseacháin rialta Ghaeilge againn. Aithnímid go léir go bhfuil rudaí ag athrú ina thaobh sin agus go bhfaigheann an chuid is mó dúinn ár gcuid nuachta agus scéalta ar líne anois. Tá dhá shíntiús agam faoi láthair agus tá an dá cheann acu sin i mBéarla, ceann leis An Phoblacht – sílim go mbeadh aithne éigin ag an gCathaoirleach ar an bhfoilseachán sin fosta – agus ceann le Tribune, foilseachán de chuid an eite chlé thall i Sasana. Tá samhlacha ann ansin. Cad é barúil ár n-aíonna ar an dóigh go dtiocfadh linn an rud sin a bhaint amach anseo arís?

Gabhaim leithscéal leis an gCathaoirleach mar táim imithe beagáinín ar strae ach bhí mé ag iarraidh na pointí sin a dhéanamh. Is í an bhuncheist, agus b’fhéidir an mhórcheist i dtaca leis an ábhar seo, ná cá háit a bheimid i gceann cúpla bliain, de réir mar atáimid ag gabháil faoi láthair, i dtaca leis an gceist seo. Is ceist shimplí í, dar ndóigh.

Ceist shimplí, cinnte. Cé atá ag iarraidh tabhairt faoin gceist sin ar dtús?

Mr. Seán Tadhg Ó Gairbhí

Sula raibh mé ag obair ar tuairisc.ie, bhí mé i m'eagarthóir ar an nuachtán Foinse. Tá taithí agam mar sin ar nuachtáin a bheith ag teacht agus ag imeacht.

Ní bheadh ionadh orm, faoi cheann deich mbliana eile, mura dtiocfadh athrú an-mhór ar chúrsaí, dá mbeadh an scéal céanna ann arís agus dá mbeimis ar aid anseo ag caint faoi nuachtáin agus irisí eile a bheith imithe, ag cuimhneamh orthu agus ag caint faoi rud éigin nua a bheith á bhunú arís agus faoin gcaoi a n-éireoidh leis. Tá an baol sin ann mura dtagann athrú ar chúrsaí ó thaobh infheistíochta de. Tá an baol sin ann ó thaobh chúrsaí oiliúna de chomh maith, atá an-tábhachtach maidir le rudaí faoi láthair. Mar gheall ar an easpa acmhainní agus mar sin, níl an t-am againn, faraor, a bheith ag cur oiliúna ar dhaoine. Níl a fhios agam conas mar a bhraitheann an bheirt eile ach bím ag féachaint ar chúrsaí agus is deacair a fheiceáil cad as a dtiocfaidh na scríbhneoirí a bheidh ag scríobh, nó i mbun eagarthóireachta nó oibre, leis na meáin scríofa faoi cheann deich mbliana.

Díreoidh mé isteach ar chúrsaí léitheoireachta. Tuigim an tábhacht a bhaineann leis sin. Aithnímid go léir é. Luaigh Maitiú Ó Coimín pointe maith faoi chúrsaí oideachais. Rinne mé féin idirghníomhú le hOllscoil Uladh nuair a fuair sí réidh leis an gcéim Gaeilge buaine i mBéal Feirste. Bhí cineál plé againn faoin ábhar seo, sé sin ar féidir cúrsa a chur ar bun a bheadh dírithe ar chúrsaí na meán sóisialta agus ar chúrsaí digiteacha agus na meán nua agus a bheadh iomlán fairsing dá leithéid a bhfuilimid ag plé.

Má amharcaimid air i gcás níos leithne, tá daoine óga - den chuid is mó - ag fáil nuachta atá maith, agus a dhíríonn isteach ar chúrsaí tábhachta ar fud an domhain, ar TikTok nó ar a leithéid de sin. Níl siad ag léamh na nuachta. Tá siad ag amharc ar fhíseán nó ag éisteacht le podcast. Mothaím gurb é sin an áit a bhfuil daoine óga. I gcúig bliana nó deich mbliana as seo amach romhainn, an é sin an áit a bhfuil orainn dul? An bhfuil ar na comhlachtaí, grúpaí agus cibé rud eile atá ar an saol faoi láthair díriú isteach air sin agus é a fhreagairt? An bhfuil níos lú tábhachta ag teacht le cúrsaí léitheoireachta? Tá mé á rá sin i dtaca le cúrsaí nuachta agus iriseoireachta, ní a leithéid Feasta agus an cineál úrscéalta sin agus an fhilíocht a bhfuil siad ag déanamh. An bhfuil scóip ansin? An bhfuil sé aitheanta ag na finnéithe? Cuireann tuairisc.ie físeáin in airde ó am go chéile. Tá seanaithne agam ar Méabh Ní Thuathaláin. Bhíomar ar Bhunscoil Phobal Feirste le chéile. Bíonn sí ag cur scairte go minic le scéal a fháil ón áit seo. Nach é sin an áit a bhfuilimid ag dul?

Mr. Cormac Ó hAodha

Ní thógfaidh mé i bhfad. Bhí mé chun gearradh isteach ar an Seanadóir ach níor thuig mé go raibh cead agam.

Is cinnte go bhfuil. Is plé atá i gceist. Tá fáilte roimhe.

Mr. Cormac Ó hAodha

D'éirigh leis an Seanadóir deighilt a dhéanamh idir iriseoireacht agus an saghas scríbhneoireachta a bhíonn ag soláthar do Feasta agus gan dearmad a dhéanamh ar fhilíocht mar seánra scríbhneoireachta chomh maith. Ní fhéadfaí "iriseoir" ná "scríbhneoir" a thabhairt ar fhile, b'fhéidir, ach is scéal eile ar fad é sin. D'éirigh leis an Seanadóir é féin a chlúdach ón ngearradh isteach díreach in am. Ní fheadar an cheist é. Is plé atá-----

Cá háit a dtéitear i gcás Feasta agus filíochta agus-----

Mr. Cormac Ó hAodha

Nósfaidh mé áit amháin nach rachaidh Feasta agus is é sin go TikTok mar níl a fhios agam fiú cá bhfuil sé.

Mr. Cormac Ó hAodha

Ní bheidh aon bhaint agam le bheith ag tikáil agus ag tokáil.

Mr. Maitiú Ó Coimín

Bhí mise 23 bliain d'aois nuair a chuaigh mé isteach le tuairisc.ie ar dtús. Ba é Snapchat an rud ba mhó an t-am sin. Is maith leis na Meiriceánaigh i gcónaí é ach tá sé imithe nach mór in Éirinn anois. Is dóigh liom go n-imeoidh TikTok freisin. Tá an ceart ag an Seanadóir. I gcás go leor de na rudaí atá ag titim amach sa domhan mór - feicimid é leis an gcogadh atá ar siúl faoi láthair - tá go leor rudaí á scaipeadh agus á roinnt ar na meáin shóisialta. Nuair a bhí mise 22 bliain d'aois ag breathnú ar Snapchat agus nuair a bhíonn an dream seo ag breathnú ar TikTok, bíonn gá i gcónaí le hiriseoirí oilte agus gairmiúla.

Is cuimhin liom nuair a bhí mise ar choláiste i DCU ó 2009 go dtí 2013 nó mar sin, bhí an chaint uile faoin treo a raibh rudaí ag dul. Dúradh go minic nach mbeadh aon ghá le nuachtáin nó rudaí mar sin, ach thuigeamar go han-sciobtha go raibh gá le daoine a bheadh in ann an fhírinne a aimsiú, is é sin post an iriseora, agus in ann scagadh a dhéanamh ar fhíricí, ar phoiblíocht, ar bholscaireacht agus ar rudaí mar sin. Tá go leor dó sin ag tarlú ar TikTok, Instagram and Twitter leis an gcogadh. Luaigh mé é sin faoi dhó mar tá sé i mbéal an phobail, ach tá an t-uafás rudaí nach bhfuil fíor nó atá leath-fhíor nó beagnach fíor á scaipeadh ar na meáin shóisialta faoi láthair.

Is dóigh liom go mbeidh rudaí nua ag teacht i gcónaí. Tá Bebo imithe. Tá Snapchat nach mór imithe. Tá Yik Yak imithe. B'fhéidir go mbeidh TikTok ann i bhfad ach b'fhéidir nach mbeidh. Tá Twitter agus Facebook ag seasamh an fhóid ach tá go leor fadhbanna leo sin freisin maidir le macántacht agus fírinne agus rudaí mar sin. Beidh gá i gcónaí le rudaí atá níos mó agus níos iontaofa. Ní hé sin le rá nár cheart go mbeimis ar na rudaí sin agus ba bhreá liom dá mbeadh duine atá an aois a bhí mise nuair a thosaigh mé le tuairisc.ie agam anois le haghaidh a thabhairt ar na rudaí sin. Ba bhreá liom duine atá 22 nó 23 bliain d'aois a thabhairt isteach agus a rá leis an duine sin go bhfuil sé nó sí i gceannas ar TikTok, Instagram stories agus rudaí mar sin ach is post ann féin é sin. Tagaimid ar ais ag an gceist atá ag an triúr againn. Cá bhfuil na daoine? Níl siad ann agus ní féidir linn iad a fhostú.

Tá foireann ag na hirisí móra, amhail Vox, atá go mór mór chun cinn ar na meáin shóisialta nach ndéanann rud ar bith ag scéalta a chuir in oiriúint do na meáin shóisialta. Níl siad sin againn. Caithim mo lá ag coimisiúnú scéalta, ag caint le scríbhneoirí, ag ceartú rudaí agus ag scríobh rudaí mé féin. Cuirim rudaí amach ar Facebook agus ar Twitter mar tuigim iad sin. Tuigim Instagram ach tá níos mó oibre i gceist leis sin le pictiúir a ghearradh agus físeáin a chur le chéile. Le Facebook agus Twitter, níl ann ach téacs agus pictiúr. Tá níos mó oibre i gceist le Instagram. Tá TikTok mar a chéile. Caitear físeán a chruthú agus a chur amach. Níl an t-am agam na rudaí sin a chur amach. Tá an ceart ag an Seanadóir. Ba bhreá liom cois a choinneáil leis na hathruithe. Luamar síorathrú sna hóráidí ar fad. Ba bhreá liom cois a choinneáil leo ach ní féidir liom.

Aontaím leis an bhfinné. Cé go bhfuil mé ag déanamh na hargóinte sin, níl a fhios agam an bhfuil mé go hiomlán tiomanta leis ach oiread, ná an bhfuil sé iomlán cruthaithe agam fós. Aontaím leis an méid atá ráite ag Maitiú Ó Coimín i dtaca le daoine atá de dhíth chun an cineál scéil sin a chur amach agus é an fhírinne.

I dtaca le daoine a spreagadh chun bheith ag léamh trí mheán na Gaeilge, an uirlis iad na meáin sóisialta chun daoine a dhíriú chuig a leithéid de na rudaí atá foilsithe ag tuairisc.ie? B'fhéidir nach bhfuiltear ag cur an iomláine amach trí na meáin shóisialta. Aontaím leis go dtagann siad agus go n-imíonn siad agus gurb é sin an dóigh a n-oibríonn sé. Mura bhfuiltear iomlán sáite sa domhan sin, áfach, an fóram maith iad chun daoine a stiúradh chuig an ardchaighdeán? Aithním an t-ardchaighdeán atá déanta ach na finnéithe go léir i dtaca le-----

Mr. Maitiú Ó Coimín

Gan amhras ar bith. Níl na figiúirí anseo agam ach is féidir liom iad a chur ar fáil ar ball. Tá mé in ann a fheiceáil cé as a dtagann na léitheoirí trí Google Analytics. Is céatadán an-bheag iad na daoine a osclaíonn an fón agus a scríobhann www.nós.ie. Tá sé deacair agam é a chreidiúint gurb é Facebook an fhoinse is mó sa chomhthéacs seo, mar cloisimid go bhfaighidh Facebook bás gach uile bhliain - nach bhfuil ann ach seandaoine agus seo agus siúd - ach tagann go leor daoine go Nós ó Facebook. Is é Twitter an dara háit agus is é Instagram an tríú háit. Ní chuirim an obair isteach in Instagram. Tá leathanach Instagram an-lag ag Nós toisc nach bhfuil an fhoireann ná an t-am againn ach tá an ceart ag an Seanadóir. Is iad na meáin shóisialta an bealach is fearr - b'fhéidir nach n-aontódh na finnéithe eile liom - le daoine a mhealladh ag rud atá níos mó ná sin. Cuirimid ceannlíne agus pictiúr amach ar Twitter agus ansin nasc chuig an suíomh. Tagann daoine isteach agus bíonn an rud uile ar an suíomh féin.

Tá an ceart ag an Seanadóir ach níl na daoine againn. Ba bhreá liom duine óg a fhostú leis an bpost sin amháin a dhéanamh, nó duine amháin a fhostú mar iriseoir agus duine eile mar eagraí meán sóisialta, nó cibé teideal a bheadh ar an bpost.

Tá sé deacair aon rud a rá, i ndáiríre. Tá sé deacair gan a bheith in ísle brí ag éisteacht leis na finnéithe. Tá obair na gcapall á dhéanamh acu. Cuirim fáilte rompu agus fáilte ar ais roimh Maitiú a bhí anseo cheana.

Mr. Maitiú Ó Coimín

Bhí.

Tá neart ceisteanna agam. Gabhaim buíochas as an gcur i láthair. Beidh sé tábhachtach an tuarascáil a réitíonn muid ar an ábhar seo a phlé os comhair na Dála. Beidh sé práinneach é sin a dhéanamh agus solas níos gile a dhíriú isteach ar an ábhar seo. Níos mó ná riamh, tá gá le nuachtáin, ar líne nó cibé áit, chun anailís a dhéanamh ar gach rud. Is easpa anailíse an fhadhb is mó, nó ceann de na fadhbanna is mó, atá ann faoi láthair. Teastaíonn anailís chun déileáil leis an méid eolais atá timpeall orainn agus míniú a tharraingt as an eolas sin. Gabhaim mo bhuíochas leis na finnéithe as an obair atá á dhéanamh acu. Bheadh sé cabhrach dom an cur i láthair a thug Maitiú a fháil. Bhí sé deacair na pointí a scríobh síos-----

Mr. Maitiú Ó Coimín

Bhí mé ag labhairt ró-sciobtha.

Bíonn an locht céanna ormsa. Bheadh sé cabhrach dúinne an cur i láthair a bheith againn más féidir é a sheoladh. Bhí mé ag scríobh agus ag scríobh. An rud a léim amach dom, taobh amuigh de na fadhbanna ó thaobh tuilleadh foirne agus tuilleadh acmhainní a bheith ag teastáil - níl aon argóint agam ina choinne sin - ná go bhfuil céatadán suntasach de na léitheoirí taobh amuigh den tír. Léim sé sin amach. Tá Nós lonnaithe i mBéal Feirste. Ba mhaith liom briseadh síos ar cá bhfuil na léitheoirí sin. Tá beirt dheartháir agam i Toronto a d’fhreastail ar ranganna Gaeilge agus bhí siad i gcónaí ag iarraidh foinsí Gaeilge a fháil. Dúirt Maitiú gur mhaith leis eagrán níos rialta a chur ar fáil. Arís, ba mhaith liom sonraí air sin. Cad atá i gceist le níos rialta? An gciallaíonn sé sin gach lá?

Maidir le Feasta agus 1948, tá éacht déanta. Sin an bhliain a d’fhógair muid go mbeadh poblacht againn an bhliain dár gcionn. Léimeann rud amháin amach sa mhéid a dúirt Cormac.

Mr. Cormac Ó hAodha

Aon rud amháin-----

Léimeann go leor rudaí amach. Ar éigean go bhfaca mé pictiúr nó píosa scríofa ó bhean san eagrán is déanaí, ach ceann amháin. Bhreathnaigh mé go sciobtha air. An bhfuil sé deacair iad a fháil? Tá sé deacair scríbhneoirí Gaeilge a fháil ar aon nós, agus tiocfaidh mé ar ais ag Seán Tadhg faoi sin, ach tá an easpa ban suntasach.

Baineann muid go léir úsáid as tuairisc.ie agus gabhaim buíochas leis an bhfoireann as a gcuid oibre. Díreoidh mé isteach ar chúpla rud. Fuair tuairisc.ie maoiniú chun nuachtán seachtainiúil a fhoilsiú agus rinneadh cinneadh stuama nach leor é sin agus go raibh ar tuairisc.ie é a fhoilsiú gach lá. Cén chaoi gur féidir é sin a dhéanamh laistigh de na hacmhainní srianta atá ag tuairisc.ie? An raibh deis ag na finnéithe dul ar ais ag foinse an airgid agus a rá nach féidir é a dhéanamh, go raibh ag éirí go maith leo mar go raibh siad ag déanamh a ndícheall gach lá ach go raibh an t-airgead tugtha ar bhonn seachtainiúil?

Tháinig cúrsaí oiliúna suas arís agus arís le déanaí. Tá duine atá ag obair liom ag freastal ar an ollscoil faoi láthair. Tá fadhb ann ó thaobh easpa ábhar léitheoireachta sa tríú leibhéal agus tá mic léinn ag streachailt le cúrsa mar go bhfuil na hacmhainní i mBéarla. Ní hí seo an cheist is tábhachtaí ach cárbh as a dtiocfaidh na scríbhneoirí i gceann deich mbliana? An bhfuil aon fhóram nó aon bhealach chun é seo a phlé leis na hinstitiúidí tríú leibhéal? An bhfuil rudaí ag feabhsú nó an bhfuil siad ag dul siar? Tá na dúshláin leagtha amach sna ráitis ach b’fhéidir go mbeidh deis ag na finnéithe tuilleadh a rá fúthu sin. Dúradh gurb í an Ghaeilge ceann de na fadhbanna mar go mbíonn na ráitis agus na foinsí go léir i mBéarla.

Mr. Maitiú Ó Coimín

An bhfuil an Teachta ag iarraidh orm na háiteanna ina bhfuil na léitheoirí a lua?

Mr. Maitiú Ó Coimín

Úsáidim Google Analytics agus tugann sé sin an t-eolas seo uilig dom. Tá 54% de na léitheoirí sna Sé Chontae Fichead. Sin Éire, dar le Google. Tá 10% sa Ríocht Aontaithe. Ní féidir liom é sin a bhriseadh síos idir na Sé Chontae, Albain, Sasana agus an Bhreatain Bheag. Déarfainn go bhfuil an chuid is mó acu lonnaithe sna Sé Chontae ach foilsíonn muid ailt i nGaeilge na hAlban agus i nGaeilge Mhanann freisin, so tá léitheoirí againn sa dá thír sin. Tá 24% de na léitheoirí sna Stáit Aontaithe. Is mór an mhéid é sin. Tá liosta ann freisin den deich dtír is mó ina bhfuil léitheoirí againn. Níl na figiúirí agam dóibh ach tá Ceanada ar bharr an liosta i ndiaidh Éire, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe. Ansin tá an Bheilg - is dóigh mar gheall ar na haistritheoirí uilig atá thall sa Bhruiséil - an Fhrainc, an Ghearmáin, an Astráil, an Ísiltír agus an Iorua. Is féidir liom liosta níos cuimsithí a chur ar fáil agus briseadh síos a thabhairt ar na cathracha. Is dóigh go mbeadh Baile Átha Cliath ar dtús, Gaillimh sa dara háit agus Béal Feirste sa tríú háit. B’fhéidir nach bhfuil sé sin cruinn ach is féidir liom an t-eolas sin a chur ar fáil don Teachta.

Ó thaobh na cúiseanna taobh thiar de na figiúirí sin, tá 54% in Éirinn mar gur iris Ghaeilge muid in Éirinn. Mar a luaigh mé, is dóigh gur sna Sé Chontae atá na léitheoirí ón Ríocht Aontaithe don chuid is mó agus go bhfuil na cuid eile ann de bharr na hailt eile i nGaeilge na hAlban. Cé nach bhfuil Oileán Mhanann sa Ríocht Aontaithe, is dóigh liom go gcuirtear san áireamh sna staitisticí sin é freisin. Tá Conradh na Gaeilge i Londain agus bíonn siad ag caint linn agus ag cur rudaí againn. Mar shampla, nuair a bhásaigh Tony Birtill, iriseoir as Learpholl, bhí alt againn in ómós dó, scríofa ag cainteoir Gaeilge as Learpholl. Bíonn imeachtaí éagsúla ann. Bhí tuairisc againn ar chomhdháil na Breataine de chuid Chonradh na Gaeilge sa Bhreatain. Meallann sé sin cainteoirí Gaeilge mar go mbaineann sé leo. Ar an lámh eile, mar a tharlaíonn ar fud an domhain, úsáideann grúpaí foghlama Nós, tuairisc.ie, Feasta agus Comhar le cleachtadh.

Tá go leor cainteoirí Gaeilge sna Stáit Aontaithe agus déanaimid iarracht freastal orthu sin ar bhealach éigin. Cuirim féin an-spéis sna daoine bundúchasacha i Meiriceá agus ina dteangacha agus tá nasc áirid ansin. B’fhéidir gur cuimhin leis an Teachta gur thosaigh Éireannaigh ag tabhairt airgid don Navajo aimsir na paindéime, i mBealtaine nó Aibreán 2020. Ba i Nós a bhí an scéal sin ar dtús. Sin an chéad iris a chur an scéal sin amach. Bhí caint faoi ar na meáin shóisialta roimhe sin ach is dóigh liomsa gur Nós an chéad iris in Éirinn a d’fhoilsigh an scéal faoi na Navajo i Meiriceá. Tá baint aige sin le líon na léitheoirí atá againn thall ansin agus scéalta mar sin. An bhfreagraíonn sé sin an cheist faoi léitheoirí thar lear?

Freagraíonn. Cad faoin gceist maidir le heagráin níos rialta a chur ar fáil?

Mr. Maitiú Ó Coimín

Tá ceist an Teachta ansin faoin rialtacht. Is é an rud atá i gceist agam leis sin nach bhfuil duine fostaithe agam ar féidir liom brath air nó uirthi le rudaí a chur ar fáil go rialta. Ba bhreá liom duine a chur ag an bpictiúrlann uair sa tseachtain agus léirmheas scannáin a bheith ann agus comhfhreagraí leabhar a fhostú a scríobhfadh léirmheas leabhar uair sa tseachtain agus a chuirfeadh agallamh ar údair uair sa tseachtain, nó sa mhí, agus a d’fhreastalódh ar sheoltaí leabhar nó ar imeachtaí liteartha, féilte agus rudaí mar sin. Is é sin atá i gceist agam le “rialta”. Táim ag brath go huile is go hiomlán ar mo lámh féin agus ar scríbhneoirí seachtracha, ní deonacha mar íocaimid iad, ach níl aon cheangal orthu a bheith ag scríobh do Nós. Tá bean a scríobhann léirmheasanna scannáin ann agus tá sí go maith agus gnóthach ach tá post agus saol aici. Níl an t-airgead a thagann ó Nós chomh maith le bheith ag scríobh léirmheas scannáin gach uile sheachtain.

Is brionglóid amach is amach é, duine a bheith fostaithe againn a thabharfadh rialtacht dó sin agus a bheadh againn do leabhair, do scannáin agus do sheoltaí. Dá mbeadh duine fostaithe againn mar comhfhreagraí na n-ealaíon, a bheadh fostaithe go lánaimseartha ar thuarastal maith agus a bheadh dualgas agus ceangal orthu a bheith ag scríobh mar gurbh é sin an post a bheadh acu, bheinn in ann a rá leo go bhfuil scannán ar siúl Dé Céadaoin agus léirmheas a scríobh air sin, nó go bhfuil leabhar le foilsiú ag Leabhar Breac, mar shampla, an tseachtain seo chugainn, dul ag an seoladh leabhair sin agus scríobh ar rud mar sin. Is é sin atá i gceist agam le “rialta” mar táim ag brath go huile is go hiomlán ar dhuine a bheith ar fáil agus a bheith sásta rud a scríobh agus ní bhíonn sé nó sí i gcónaí ann.

Tá Máire Treasa Ní Cheallaigh go hiontach agus scríobhann sí uair sa tseachtain gan teip. Níl aon locht á fháil agam ar na scríbhneoirí eile nach scríobhann uair sa tseachtain agus a bhfuil obair eile le déanamh acu. Bhí Aoife Ní Chiobháin ag scríobh oideas cócaireachta dúinn. Tá sí go hiontach agus lonnaithe i gCorca Dhuibhne. Scríobhadh sí uair sa tseachtain gan teip ach ansin osclaíodh na bialanna arís agus bhí uirthi a bheith sa chistin ag cócaireacht agus is é sin an príomhphost atá aici. Ní féidir locht a fháil uirthi as sin ach, mar gheall air sin, tháinig deireadh leis an rud rialta cócaireachta. Tá sí tagtha ar ais arís agus níl mé ag fáil locht ar dhuine ar bith anseo ach is iad sin na cúinsí faoina bhfuilimid ag obair. Táimid ag brath ar dhaoine a bhfuil poist mhaithe eile acu agus ní féidir a bheith rialta ar an gcaoi ar mhaith linn a bheith rialta.

Freagróidh mé ceist nár chuir an Teachta orm, más féidir liom, ceist a chuir sí ar Sheán Tadhg Ó Gairbhí, faoi na scríbhneoirí inniu, agus tagaim leis. Dhá bhliain ó shin, d’osclaíomar comórtas mar bhí folúntas beag suarach againn agus bhí €15,000 sa bhliain le híoc sa bhliain againn le duine páirtaimseartha. Chuir 20 duine isteach ar an bpost agus bhí beirt nó triúr as an líon uile a bhí ina ábhar iriseora. Is é an locht is mó a bhí againn leis mar a luaigh mé féin ná an Ghaeilge mar nach raibh sí acu. B’fhéidir go mbeadh an duine go maith ag scríobh i mBéarla nó i dteanga eile ach ní fhéadfainn an duine sin a chur ag scríobh mar go mbeadh orm leath mó lae a chaitheamh ag ceartú rudaí. Ní fheicim cé as a dtiocfadh an duine a thiocfaidh ina chomharba orm. Táim 31 anois. Chuaigh mé isteach sa phost nuair a bhí mé 26 agus beidh mé ag imeacht as nuair a bheidh mé 35, nó mar sin, mar ní dóigh liom go bhféadfainn a bheith i gceannas ar iris do dhaoine óga agus mé ag tarraingt ar 40. D’fhág Tomaí Ó Conghaile, a bhí romham, nuair a bhí seisean 36 freisin. Beidh sé deacair duine eile a aimsiú le teacht i m’áit. Beidh sé nó sí ann ach beidh sé deacair duine a aimsiú. Tagaim go huile is go hiomlán le Seán Tadhg Ó Gairbhí mar tá sé an-deacair scríbhneoirí maithe a fháil. Cuirimid rudaí ar fáil ar ardchaighdeán. Tá an caighdeán a bhíonn ar tuairisc.ie thar cinn agus bíonn sé ar Nós chomh hard freisin agus is féidir liomsa a chinntiú. Is deacracht an-mhór é sin freisin.

Tá sé sin an-chabhrach.

Ar mhaith le Seán Tadhg Ó Gairbhí teacht isteach ansin?

Mr. Seán Tadhg Ó Gairbhí

Baineann céad cheist an Teachta Uí Conghaile leis an gcinneadh a rinneamar dul amach agus a bheith ag foilsiú gach lá seachas uair sa tseachtain. Is dócha gur beag lá ó shin nár chuir mé an cheist chéanna orm cad ina thaobh a rinneamar an cinneadh sin, mar níor mhaith liom an iomarca den bhéal bochta a bheith agam, ach is annamh a fhaighim an seans a bheith ag gearán chomh maith mar ní bhíonn an t-am againn a bheith ag gearán. Is dócha agus is í fírinne an scéil gur le dúil, le mórán allais agus le híobairtí pearsanta atá déanta ag an bhfoireann le seachtainí anuas a dhéanaimid é. Táimid ag brath go han-mhór ar na saoririseoirí agus ar na colúnaithe atá againn agus bíonn siad an-dhílis dúinn. Ní fhaigheann siad an cúiteamh, b’fhéidir, atá ag dul dóibh as an obair a dhéanann siad.

Déanann stiúrthóirí tuairisc.ie go leor den ualach a iompar ó thaobh rialachán, cuntasaíochta agus na rudaí sin de. Bímid ag brath cuid mhaith maidir leis na rudaí sin go léir ar na stiúrthóirí comhlachta chun é sin a dhéanamh. Déanaimid le dua é ach ag an am céanna is pribhléid is ea í a bheith ag déanamh iriseoireachta ar son na Gaeilge agus phobal na Gaeilge. Táimid an-sásta go ndearnamar an cinneadh sin ach, ag an am céanna, tá sé an-deacair. Is é an rud is measa faoi ná an saghas frustrachais a bhaineann leis, ní maidir le chomh crua is atá sé ach maidir leis na rudaí go léir a d’fhéadfaimis a dhéanamh agus na smaointe a bhíonn ag an bhfoireann gach lá agus ar bhreá linn a dhéanamh. Bíonn tuairisc againn ar obair an choiste seo gach seachtain agus bhí an Teachta ag caint faoina thábhachtaí is atá sé anailís a dhéanamh ar rudaí. Bíonn rogha againn, le sampla amháin a thabhairt, an ndéanfaimis tuairisc nó anailís ar an gcoiste, nó ar mhaith linn an dá rud a dhéanamh. Is iad sin na roghanna a chaithfimid a dhéanamh. Mar a deirim, is le dua a dhéanaimid seacht lá le seacht mbliana anuas é. Ba mhaith linn a shamhlú ag an bpointe seo go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an rud atá déanta againn agus go ndéarfaí gur fiú an tseirbhís a fhorbairt.

Bhí ceist ag an Teachta faoi na scríbhneoirí agus na léitheoirí chomh maith. Is dóigh liom go bhfuil níos lú cúrsaí iriseoireachta i nGaeilge anois. B'fhéidir go mbeadh a fhios ag Maitiú Ó Coimín faoi sin. Is dóigh liom go bhfuil an cúrsa a rinne Maitiú Ó Coimín féin i bhFiontar i mBaile Átha Cliath imithe.

Mr. Maitiú Ó Coimín

Is dóigh liom go bhfuil sé imithe anois.

Mr. Seán Tadhg Ó Gairbhí

Is í an cheist a bhí ag an Teachta ná an ag dul ar gcúl atá cúrsaí, agus is dócha gurbh ea má fhéachann duine ar na cúrsaí ar an tríú leibhéal. Chomh maith, caithfimid a bheith macánta le daoine óga. Bheadh an-leisce orm a mholadh do dhaoine óga dul ag plé le hiriseoireacht na Gaeilge ó thaobh na scríbhneoireachta de. Níl mé ag caint anseo chomh mór sin faoi chúrsaí craoltóireachta. Cá rachadh siad? Níl aon chomhartha de sheans go mbeidh aon jab ag tuairisc.ie dóibh, faoi mar a sheasann rudaí faoi láthair, ná ag Nós, Feasta, Comhar nó aon dream eile. Bheadh leisce orm a mholadh do dhuine óg tabhairt faoin obair seo.

Arís, ba mhaith liom a shamhlú go dtiocfaidh athrú air sin. Is dócha san am atá caite bhí sé an-mhealltach do dhaoine óga nuair a thosaigh mise amach, mar go raibh go leor daoine ag obair d’Fhoinse agus chuaigh siad go dtí an raidió nó an teilifís mar gurbh í an áit a bhí an mealladh agus a bhí na soilse mealltacha, faoi mar a déarfá. Anois, tá rud iontach againn le leithéidí tuairisc.ie. Bheadh deis iontach ann dá mbeadh jab ann - bheadh sé an-mhealltach do dhuine mar go bhféadfaidís a bheith ag scríobh, ag dul amach agus físeáin a dhéanamh, agus ag dul i mbun podchraoltóireachta dá mbeadh a leithéid de sheirbhís againn. Dá mbeadh na hacmhainní againn, bheadh sé an-mhealltach anois do dhuine óg a bheith ag díriú ar cheird na hiriseoireachta, ag dul ag plé leis na meáin chlóite, mar a bhíodh, agus leis na meáin ilmheáin atá anois againn.

Cad is féidir a dhéanamh anois ó thaobh oiliúint a chur ar dhaoine? Is é an áit is fearr chun ceird na hiriseoireachta a fhoghlaim ná sa seomra nuachta. Faraor, sa seomra nuachta atá againn, níl na daoine ann chun oiliúint a chur ar dhaoine. Chonaic me go bhfuil rud éigin tosaithe sa mhéid a bhí á phlé coicís ó shin le Foras na Gaeilge, maidir leis an gcur chuige meantóireachta atá ag an bhforas ó thaobh na scríbhneoireachta cruthaithí. B’fhéidir gurbh é sin rud a bhféadfaí féachaint air dá mbeadh scéim de shaghas éigin mar sin ann. Arís, níor mhaith liom a bheith ró-dhuairc ach mura dtagann athrú ar chúrsaí, tá sé deacair a shamhlú cé a thiocfaidh ina chomharba orainn, díreach mar a bhí á rá ag Maitiú Ó Coimín.

Mr. Maitiú Ó Coimín

Tá an cúrsa a rinne mise i bhFiontar imithe. Bhí mé thíos i gCorcaigh an lá cheana agus tá modúl iriseoireachta acu ansin. Déanann siad céim sa Ghaeilge agus tá rang amháin i mbliain amháin dírithe ar an iriseoireacht. Is dóigh liom gur stair na hiriseoireachta Gaeilge seachas ceird na hiriseoireachta Gaeilge atá ansin. Tá cúrsa eile curtha isteach ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge arís, agus é mar chuid dá chúrsa. Mar a luaigh an Seanadóir Ó Donnghaile freisin, tá an ceann a bhí i mBéal Feirste imithe.

Bhíodh ceann i Ráth Maonais.

Mr. Maitiú Ó Coimín

An mbíodh?

Íte Ní Chionnaith a bhíodh á múineadh ansin.

Mr. Maitiú Ó Coimín

Is le DIT mar a bhí ag an am, nó TUD mar atá anois, a bhí sí. Is fíor duit, a Chathaoirligh.

Níl a fhios agam an ann dó a thuilleadh.

Mr. Maitiú Ó Coimín

Níor chuala mé go raibh an cúrsa sin ann anois. Aontaím le Seán Tadhg Ó Gairbhí gur fearr i bhfad a bhí cúrsaí roimhe seo. Rinne mé cúrsa iriseoireachta in Dublin City University, DCU. Bhí sé go maith agus d’fhoghlaim mé roinnt mhaith, ach is í an oiliúint is fearr an méid a fuair mé ó Sheán Tadhg Ó Gairbhí féin nuair a chuaigh mé isteach i tuairisc.ie mar go raibh sé níos fearr na áit ar bith eile le ceird na hiriseoireachta a fhoghlaim. Ba bhreá liom dá mbeimid in ann duine a thabhairt isteach. Rinneamar é cúpla uair ach ní rabhamar in ann mórán airgid a thabhairt dóibh agus ní maith liom é sin a dhéanamh. Tógaim duine as UCD uair sa bhliain, b’fhéidir, agus bíonn siad ann ar €100 sa tseachtain ar feadh trí seachtaine nó mar sin. Ní scéim é sin. Ba cheart go mbeadh duine istigh ar feadh bliana ar airgead a íocfaidh an cíos agus bia, ar a laghad, le ceird na hiriseoireachta a fhoghlaim.

Is é sin tuarastal an eagarthóra faoi láthair, an ea?

Mr. Maitiú Ó Coimín

Gabh mo leithscéal?

Is é sin an t-airgead lenar féidir le duine cíos a íoc.

Mr. Maitiú Ó Coimín

Is ar éigean é.

Gabh mo leithscéal, ach an féidir le Cormac Ó hAodha an cheist a chuir mé roimhe seo a fhreagairt?

Mr. Cormac Ó hAodha

Le cead an Chathaoirligh, tá freagra orm ar dhá cheist a tháinig ón Teachta. Bhaineas an barr de mo pheann luaidhe ag scríobh na freagraí síos. Tá sé seo ráite ag gach duine den triúr againn agus tá áthas orm go bhfuair mé cuireadh teacht anseo inniu. Níor mhaith linn a bheith ró-dhuairc ach is dóigh liom go dtuigeann comhaltaí an choiste go bhfuilimid ionraic faoin scéal agus ní pun atá ansin. Chun rud nach bhfuil duairc a lua, tá an ceart ag an Teachta.

Mr. Cormac Ó hAodha

Don chéad uair inniu, b’fhéidir. Níl aon bhanscríbhneoir san eagrán is déanaí - eagrán mí Feabhra - de Feasta. Ní d'aon ghnó a tharla sé sin. Scríobh mná in eagráin mí Eanáir agus mhí na Nollag. Tá ábhair agam cinnte freisin le dul in eagrán na míosa seo, mí in arbh é inné Lá Idirnáisiúnta na mBan. Is maith liom gur cuireadh seisean ar mo shúile. Chun é a lua, tá réimse leathan ábhar i gceist anseo, agus níl aon smacht ná tuiscint níos fearr agam ná is atá ag aon duine eile ar bhriseadh síos fear agus ban san fhilíocht, mar shampla, sa ghearrscéalaíocht nó in aon saghas ábhar atá i bhFeasta. Ach ón taobh eile, i measc na scríbhneoirí, lucht an acadaimh agus scríbhneoirí ábhair acadúil atá i gcló i bhFeasta, mar a ritheann sé liom, agus tá i bhfad níos mó scríbhneoirí ná mar a luafaidh mé anois, tá an Dr. Katie Ní Loingsigh, atá ag léachtóireacht i nGaillimh, a scríobhann ar ábhair maidir leis an Athair Peadar Uí Laoghaire. Tá an Dr. Deirdre Ní Chonghaile i gcló i bhFeasta freisin. B'fhéidir go bhfuil aithne ag an Teachta uirthi mar is ón taobh céanna tíre leis an Teachta í. Ba mhaith liom go mbeadh eagrán ag Feasta nach raibh ach banscríbhneoirí ann.

Ní hé sin a bhí á iarraidh agam. Is é an soiléiriú an méid a bhí uaim. Mar a tharlaíonn, níl bean le feiceáil sa trí eagrán atá os mo chomhair.

Mr. Cormac Ó hAodha

Nach bhfuil bean le feiceáil in aon cheann acu?

Ní dóigh liom é. Tá scríbhneoir amháin i gceann amháin díobh. Is é sin mar a tharlaíonn sé. Níl mé-----

Mr. Cormac Ó hAodha

Is pointe-----

-----ach ag iarraidh solas a dhíriú air agus tá sé mínithe ag an bhfinné anois.

Mr. Maitiú Ó Coimín

Bíonn sé deacair.

Is é sin an rud atáim ag iarraidh a shoiléiriú.

Mr. Cormac Ó hAodha

Is trua nach bhfuil eagrán mí Eanáir curtha os comhair an Teachta mar tá Ceaití Ní Bheildiúin, atá ina gradamóir do chomórtas filíochta-----

Beidh sé á léamh agam níos rialta as seo amach.

Mr. Cormac Ó hAodha

Okay. Go hálainn.

Beidh léirmheas i bhfad níos cuimsithí á thabhairt agam.

Mr. Maitiú Ó Coimín

Tá sé seo tábhachtach dom freisin, agus bhí sé amhlaidh nuair a chuaigh mé isteach in Nós. Is dóigh liom go raibh Nós go maith i gcónaí ó thaobh na mban de. Tá sé deacair, ámh, mná a fháil. Tá siad faighte agam anois agus tá foireann sheachtrach mhaith bhan ann. Tá Sláine Ní Chathaláin, Aedín Ní Thiarnaigh, Róisín Nic Liam, Kate Scott agus Aifric Ní Scolaí ann - ní ritheann ainmneacha gach uile dhuine liom. Caithfear dul sa tóir orthu, ámh. Is é an rud is dóigh liom faoi sin ná b’fhéidir nach bhfuil an mhuinín chéanna ag mná iad féin a chur chun cinn ar dtús. Mura dtéitear sa tóir orthu, ní chuireann siad iad féin chun cinn le scríobh a dhéanamh. Tagann stuif isteach i mo chuntas ríomhphoist ó fhir nár chuala mé focal riamh i mo shaol a raibh foilsithe acu. Ní dóigh liom gur tharla sé sin le bean riamh, nó ar a laghad le ceithre nó cúig bliana anuas. B'fhéidir gur tharla sé i gcás Máire Treasa ach bhí aithne agam uirthi ón obair. Tá se deacair. Tá ceist níos doimhne ansin maidir leis an bhfáth nach bhfuil muinín ag mná iad féin a chur chun cinn. Is dócha go bhfuil an fhadhb chéanna ag Seán Tadhg Ó Gairbhí, ach níl a fhios agam.

I gcomhthéacs gur inné Lá Idirnáisiúnta na mBan, tá sé sin suimiúil.

Mr. Maitiú Ó Coimín

Is é an rud a dhéanaimid ó thosaigh mé le Nós, agus ní ag déanamh gaisce as nó tada mar sin atáim, ná ar an 8 Márta gach uile bhliain ní chuirimid rud ar bith amach nár scríobh bean é.

Mar a deirim, tá sé sin suimiúil.

Mr. Cormac Ó hAodha

An féidir liom teacht isteach arís maidir leis an ceal ábhar do mhic léinn ollscoile? Tá a fhios agam go bhfuil spéis ag an Teachta Connolly freagra a fháil ar an gceist seo. Ní fheadar an bhfuair sí freagra seachtain ó shin.

Mr. Cormac Ó hAodha

Táim tar éis tréimhse a chaitheamh mar léachtóir ollscoile. B'fhéidir go bhfillfidh mé ar an gceird sin - cá bhfios? Tá an pointe atá á dhéanamh agam bainteach le Feasta. Tá 888 eagrán de Feasta nach bhfuil ar fáil ag mic léinn agus ag léachtóirí-----

Ná ag lucht cónaí.

Mr. Cormac Ó hAodha

-----agus ceal acmhainní ní féidir linn iad a chur ar fáil. Mar shampla, tá Béaloideas, bliain-iris an Chumainn le Béaloideas Éireann, ar fáil ar bhunachar sonraí nó database darb ainm JSTOR ach ní bhaineann sé sin leis an saol acadúil. Beidh a fhios ag an mac léinn nó iníon léinn ollscoile atá ag déanamh cúrsa Gaolainne cad is JSTOR ann. Níl Feasta ar JSTOR agus ní féidir linn dul air mar nach bhfuil an t-airgead againn. Dá mbeadh an t-airgead againn, cuimhnigh air go ndéanfaimis é. Stopfaidh mé tar éis dom an pointe seo a chur ar an taifead. Tá t-ábhar seo scríofa ag scríbhneoirí Gaeilge na tíre seo le 74 bliana anuas. Tá sé ar fáil. Is ábhar acadúil, ábhar spraoi, más maith leat, agus ábhar dáiríre é. Tá ábhar freisin ann a bhaineann leis na cúrsaí litríochta atá á múineadh sna hollscoileanna. Bhí Eoghan Ó Tuairisc ina eagarthóir ar Feasta tráth freisin, mar shampla. Tá an t-uafás ábhar ann. Ní hé nach bhfuil an t-ábhar ar fáil nó nach bhfuil rochtain ar an ábhar sin ach níl sé leagtha amach. Níl cartlann Feasta ar líne-----

Gabhaim buíochas mór leis an bhfinné.

Mr. Cormac Ó hAodha

-----agus ba bhreá linn é a chur ar fáil.

Glaoim ar an Teachta Ó Muimhneacháin anois.

Táim chun filleadh ar an bpointe deireanach sin. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an tuairisc agus an cur i láthair. Bhíos beagáinín deireanach mar go raibh mé thall sa Dáil ach bhíos in ann éisteacht leis na tuairiscí. Gabhaim buíochas le Cormac, Maitiú agus Seán Tadhg. Tá eolas éagsúil anseo. Tá sé iontach go bhfuil réimse chomh leathan ann idir an nuachtán laethúil, an iris agus rudaí online agus offline. Tá sé sin an-chabhrach. Tá na foilseacháin go léir ag freastal ar riachtanais dhifriúla. Mar shampla, tá riachtanais áirithe ag scoláirí nó lucht léann a bheadh ag lorg eolais. Ní gá go mbeadh gach rud scríofa inniu nó inné má tá cartlann ann. Tá an-chuid ábhar léitheoireachta le teacht chun cinn nó ar fáil an-tapa agus bheadh cartlann shaibhir an-úsáideach. Ní fheadar an bhfuil cartlann á chur le chéile ag Nóstuairisc.ie chomh maith. Bheadh sé níos éasca dá mbeadh na rudaí á fhoilsiú de réir a chéile. Tá deis iontach ansin. Conas a chuirfí a leithéid ar fáil, i gcomhair Feasta nó aon iris eile? Cad iad na céimeanna? Cén saghas maoiniú a bheadh i gceist? Cén teagmháil a bheadh le Foras na Gaeilge nó a leithéid chun é sin a chur i gcríoch? Bhí plé maith againn cúpla seachtain ó shin agus cuireadh an-bhéim ar fhorbairt scríbhneoirí nua ach tá an-chuid scríbhneoireacht ann cheana féin go bhféadfaí a theacht air. Cén saghas plé a bheadh ag foilseachán le Foras na Gaeilge nó aon eagraíocht eile chun é sin a chur ar fáil?

Luaigh Seán Tadhg go bhfuil rud éigin bunoscionn leis an maoiniú atá ar fáil. An bhféadfadh sé leathnú air sin? Tá gach cosúlacht go bhfuil an rud céanna le brath ag Maitiú agus Cormac, má tá pointí acu faoi sin freisin. Cá as a dtagann an maoiniú chun FeastaNós? Cad iad na foinsí gur chóir a bheith ag freastal orthu ach nach bhfuil? Cá bhfuil na deiseanna chun fás? Tá sé soiléir nach bhfuil fás ar líon na n-irisí agus go bhfuil brú ann. Tá sé tábhachtach go mbeadh réimse leathan léitheoireachta ar fáil i gcomhair pobal na Gaolainne, bíodh go bhfuil siad ag léamh mar chaitheamh aimsire nó mar thaighde nó pé rud.

Mr. Seán Tadhg Ó Gairbhí

An rud a bhí i gceist agam le “bunoscionn” ná tagairt a dhéanamh don bhearna idir an maoiniú a fhaigheann tuairisc.ie agus na meáin scríofa eile agus an maoiniú a fhaigheann craoltóirí. Os cionn €60 milliún a fhaigheann craoltóirí na Gaeilge. Nílim ag rá nach bhfuil sé sin ag dul dóibh; tá a thuilleadh ag dul dóibh. Ag an am céanna tá €500,000 ann do dhream amháin agus an méid sin do dhream eile. Tuigim go mbíonn obair theilifíse agus obair raidió níos costasaí uaireanta ná bheith ag scríobh ach sa lá atá inniu ann ba chóir dúinne ag tuairisc.ie a bheith ag déanamh na rudaí sin chomh maith. Ba chóir dúinne a bheith ag plé leis an bpodchraoltóireacht agus a bheith ag cur físeáin le gach alt. Sin an áit atá an todhchaí. Sin atá daoine ag súil leis anois. Tá siad ag súil le rud éigin a léamh, rud éigin a fheiscint agus éisteacht le rud éigin, b’fhéidir laistigh d’aon mhír amháin. Ní thugtar a dhóthain aitheantais don athrú sin sa mhaoiniú atá ar fáil dúinn. Téann sé seo i bhfad siar. Chomh fada is a bhí na nuachtáin ann, bhíodar an-ghann ó thaobh maoinithe agus acmhainní de. Sin an fáth gur imigh an oiread sin acu agus go mbíonn nuachtáin ag teacht agus ag imeacht an t-am go léir. Níl a fhios agam cén chúis go stairiúil a bhí leis nó cén dearcadh a bhí ag na daoine thiar de ach ag an bpointe seo tá sé in am féachaint ar an mbearna sin. Nílim ag rá gur chóir €60 milliún a thabhairt dúinne ach dhéanfadh sé an-mhaitheas é a fheabhsú beagáinín.

Mr. Maitiú Ó Coimín

Tacaím le Seán Tadhg. Cuirtear an t-airgead mór sin ar fáil do chraoltóireacht agus faigheann an trí nuachtán nó iris atá maoinithe ag Foras na Gaeilge €500,000 eadrainn. Is mór an difríocht é sin ó na meáin eile. Mar a dúirt Seán Tadhg, ní hé go dteastaíonn €60 milliún uainn, ach teastaíonn níos mó ná €500,000 le seirbhís mhaith, a bheadh ar chomhchéim le rud ar bith eile, a chur ar fáil. Tá an ceart ag Seán Tadhg arís. Is iriseoireacht scríofa atá ar bun againne ach sa lá atá inniu ann, agus le deich mbliana anuas, ba cheart go mbeadh chuile rud atá scríofa ar fáil i bhfoirm podchraolta, físeáin, agus mar a luaigh an Seanadóir Ó Donnghaile, ar na meáin shóisialta.

Tá sé suntasach go dtugann Foras na Gaeilge maoiniú scaití do dhreamanna atá ag cur rudaí ar fáil i mBéarla. Cuireann sé iontas orm go bhfuil muidne fágtha ar an ngannchuid agus go bhfuil an t-airgead sin ag dul as pota áirid. Níl a fhios agam cén pota atá i gceist. Ní pota na hiriseoireachta clóite atá ann ach is pota éigin de chuid Fhoras na Gaeilge do na meáin atá ann. Tá cuid den airgead sin ag dul i dtreo rudaí atá i mBéarla, rud nach dtuigim.

Mr. Cormac Ó hAodha

Ag éisteacht le Seán Tadhg agus Maitiú ansin, tuigeann gach duine anseo go bhfuil difríocht idir a scríbhneoirí agus an saghas scríbhneoir atá ag scríobh do Feasta. Ní iriseoireacht atá i Feasta. Is ar mhaithe le Feasta atáim anseo agus nílim ach ag díriú ar Feasta nuair a deirim, arís agus arís, cad a dhéanfadh tairbhe do Feasta. Mar shampla, chabhródh sé linn dá mbeadh sé ar ár gcumas cartlann a chur ar fáil. Ní iriseoireacht atá i gceist ansin. Tá sé seo ráite ag comhaltaí an choiste. Tuigimid go léir go mbainfeadh litríocht go mór le haon chúrsa ollscoile lena mbaineann Gaolainn, nó cúrsa Gaolainne amach is amach. Tá an t-uafás anailíse ar an litríocht scríofa déanta cheana féin ag scríbhneoirí Gaolainne ar Feasta. An dtuigeann na comhaltaí an pointe atá á dhéanamh agam? Ní iriseoireacht é sin. Is critíc agus anailís é agus is saghas ar leith scríbhneoireachta atá ann. An peaca is mó ná go bhfuil sé ann agus nach bhfuil aon úsáid nó fáil air. Ní ag scaothaireacht atáim. Bhí cúrsaí agus modúil á ndearadh agus á múineadh agam féin ar chúrsaí litríochta Gaolainne tríú leibhéal agus bhí sé deacair. Bhí orm dul go cóipeanna fisiciúla de Feasta chun teacht ar anailís nó ar na hailt seo, ailt a chreidim a dhéanfadh tairbhe do shaol na Gaolainne ar an oileán seo ar fad agus ar gach oileán eile ar domhan ina bhfuil spéis ag daoine i litríocht na Gaolainne.

Tá caint ar mhaoiniú. Níl aon mhaoiniú á fháil ag Feasta ón Stát ach na leathphinginí a míníodh níos luaithe.

Ní leathphinginí iad fiú amháin. Chuir Foras na Gaeilge deireadh leis an maoiniú a bhí ar fáil ag Feasta. Is míorúilt é go bhfuil Feasta fós ann de thoradh an deiridh sin ar cuireadh leis an maoiniú.

Is é an moladh atá agamsa ná an maoiniú a chur ar ais. Cad é an tairbhe a dhéanfadh sé? Dhéanfadh sé tairbhe mar go ligfeadh sé dúinn an t-ábhar seo go bhfuil mé ag caint air a chur ar fáil. Más anailís ar "Chúirt an Mheán Oíche", Mo Scéal FéinAn t-Oileánach, tá seans an-mhaith go bhfuil fear nó bean éigin tar éis scríobh air i Feasta cheana féin.

Mr. Maitiú Ó Coimín

Maidir leis an gcartlannú agus é sin uile, is é Conradh na Gaeilge a thugann airgead do Feasta, nach ea?

Mr. Cormac Ó hAodha

Pinginí.

Mr. Maitiú Ó Coimín

Tá inneall nó rud éigin mar sin ag Conradh na Gaeilge a dhéanann digitiú ar irisí. Tá a fhios agam é sin mar d'úsáid siad é le leaganacha digiteacha de An Claidheamh Soluis a chur ar fáil. Tá an t-inneall sin i Sráid Fhearchair agus b'fhéidir go bhféadfaí é sin a úsáid.

Mr. Cormac Ó hAodha

Tá pointe deireanach agam maidir le freagairt na ceiste sin. Tá comhrá tosaithe. Ní hé go bhfuil bord stiúrthóirí ag Feasta. Tá an comhrá tosaithe ag Feasta, is é sin Donncha Ó hAodha agus mé féin, le Conradh na Gaeilge. Tá tuairim dhifriúil ag an mbeirt againn. Níor mhaith liom 888 eagrán a thabhairt do Chonradh na Gaeilge. Ní hé sin an rud ar theastaigh uaim a rá. Is é an rud ar theastaigh uaim a rá ná ní do Chonradh na Gaeilge an maoiniú sin a chur ar fáil do Feasta. Is d'Fhoras na Gaeilge é. B'fhearr liomsa gur dream éigin eile a thabharfadh dúinn é seachas Foras na Gaeilge.

Tá mise tar éis an ábhair seo a ardú le tamall de bhlianta anuas. Bhuail mé leis an acadamh an deireadh seachtaine seo caite. Bhuail mé le hOllscoil na Gaillimhe a bhfuil cartlann mhór aici. Is gá don Stát, d'Fhoras na Gaeilge nó don Roinn airgead a chur ar leataobh chun cartlannú agus digitiú ceart a dhéanamh, ní hamháin ar Feasta atá ina phíosa beag bídeach den stór litríochta agus scríbhneoireachta Gaeilge atá ar fáil i leabharlanna áirithe ach nach bhfuil ar fáil do mhic léinn ná don ghnáthphobal ar líne. Tá mé á lorg le blianta ach go mór mór le dhá bhliain anuas toisc gach duine a bheith gafa sa bhaile le Covid. Má táthar ag déanamh staidéir ar litríocht na Gaeilge, níl teacht ag daoine ar roinnt de na foinsí atá ag teastáil chun máistreacht nó bunchéim a dhéanamh. Má bhítear ag déanamh aon ábhar i nGaeilge, bíonn sé níos deacra ná riamh. Ar a laghad nuair a bhítear in ann dul chuig an gcoláiste, bítear in ann dul go dtí an leabharlann. Tá saol na Gaeilge thíos leis ó thaobh scríbhneoireachta agus léitheoireachta de toisc nach bhfuil teacht againn ar dhigitiú agus go bhfuilimid ar gcúl ó thaobh digitithe de. Tiocfaimid ar ais go dtí an t-ábhar sin agus leanfaidh mé go dtí go mbeidh éisteacht áit éigin.

Luaigh an dream ón acadamh i nGaillimh liom go bhfuil cartlann doiciméad acu ach nach bhfuil an t-airgead acu digitiú a dhéanamh air. Tá dainséar ann i gcásanna mar sin go gcaillfear stuif atá ar fáil agus cinn atá an-tábhachtach ó thaobh stair na hÉireann de. Tá jab le déanamh. Caithfimid labhairt amach anseo le músaeim agus leis an gCartlann Náisiúnta maidir le conas is féidir leo déileáil leis sin.

Tá an ceart ag an gCathaoirleach mar gheall ar cheist na gcartlann. Aontaím go láidir leis. Tá stór mór an-saibhir ann. Bheadh sé an-úsáideach do lucht léinn agus d'aon duine a mbeadh suim aige nó aici sa léitheoireacht trí Ghaeilge dá mbeadh sé ar fáil.

Bhí sé suimiúil go raibh Cormac Ó hAodha agus Maitiú Ó Coimín ag caint faoi bheith ag féachaint ar an bpota airgid a mbeadh ann i gcomhair na meán, na teilifíse, an raidió nó pé rud agus faoi chomparáid eatarthu. An bhfuil maoiniú ann i gcomhair fhorbairt scríbhneoirí nua ina mbeadh an-chuid den bhéim ar leabhair? Bhí an-phlé againn cúpla seachtain ó shin le Foras na Gaeilge mar gheall ar scríbhneoirí nua leabhair a thabhairt chun cinn agus a fhorbairt. An bhfuil claonadh sa mhaoiniú go bhfuil an t-airgead ag dul sa treo sin seachas i dtreo daoine a bheadh ag scríobh sna hirisí agus meáin laethúla? An bhfuil na finnéithe in iomaíocht leis na leabhair? An bhfuil forbairt á déanamh ar na daoine a dteastaíonn uathu chun scríobh ina n-irisí nó ar a n-ardáin?

Mr. Seán Tadhg Ó Gairbhí

Nílimid in iomaíocht le cleas na leabhar. Dá mhéad atá ag scríobh i nGaeilge is é is fearr é. Cuirimid fáilte le haon rud a chabhraíonn leis sin. B'fhéidir gurb é an áit a mbeimis in iomaíocht leo ná sna hollscoileanna. Tá an-chuid daoine óga cumasacha atá go maith ag scríobh, cuid mhaith acu ón nGaeltacht. Téann siad ag plé le máistreacht nó le PhD agus is é sin an áit a bhfuil go leor de na daoine. Ní féidir linne dul in iomaíocht le rudaí mar sin ó thaobh pá de nuair atá siad ag gabháil don staidéar. Tá cinneadh le déanamh acu. Is é sin an cinneadh a dhéanann an-chuid daoine a mbeadh go maith ag scríobh nó a mbeadh mianach chun iriseora iontu.

Luaigh an Cathaoirleach an plé a bhí le Foras na Gaeilge faoi bheith ag spreagadh scríbhneoirí nua. Tá cúpla scéim nua ag an bhforas chun é sin a dhéanamh. B'fhiú féachaint an bhféadfaí macasamhail na scéime a chur ag obair i réimse na hiriseoireachta chomh maith. Dá mbeadh acmhainní ann chun é sin a dhéanamh, bheadh sé sin ina chabhair dá bhféadfaí rud éigin cosúil leis sin a chur ag obair ar son na hiriseoireachta chomh maith leis na cúrsaí filíochta agus scríbhneoireachta.

Sular thosaigh an cruinniú, luaigh mé go bhfuilimid ag súil le hathrú ó na Ranna agus na comhlachtaí Stáit ó thaobh an dualgas a bheidh orthu maidir le fógraíocht trí Ghaeilge agus buiséad a bheith curtha in áirithe acu amach anseo. An bhfuil tuairim ag na finnéithe faoi sin?

Luaigh duine éigin TikTok níos luaithe. Bhí cur amach agam ar TikTok nuair a thosaigh sé. Ní raibh ach 30 soicind i gceist maidir le geáitsíocht nó pé rud. Tá deich nóiméad i gceist anois, dóthain ama i gcomhair podcast, scéal a insint nó píosaí nuachta a chur ar fáil i bhfad Éireann níos fearr. Tá tuiscint ann nach féidir gach uile scéal a bhrú isteach i 30 soicind nó i bhfíseán amháin. Tá Instagram agus na gléasanna seo ar fad áisiúil ar feadh tréimhse.

Ansin, tuigtear go gcaithfí scríbhneoireacht a dhéanamh agus iriseoireacht a bheith ann agus go ndéanfaí anailís air. Tá an ceart ag ár bhfinnéithe mar ní hé sin rud a rith liom sular luadh inniu é; sé sin, an gá go mbeadh cúrsaí iriseoireachta trí Ghaeilge nó le Gaeilge ann amach anseo. An mbeadh dochar déanta d’fhéith sin na scríbhneoireachta i nGaeilge murach é?

Is é ceann de na rudaí a tharlaíonn go minic - thuigfeadh Cormac Ó hAodha é seo níos mó ná an bheirt eile, b'fhéidir - ná go bhfuil gá leis an rud fisiciúil, mar shampla i gcás Feasta, chun dul amach agus an rud a dhíol. Caithfidh na finnéithe eile an nuachtán atá acu ar líne a dhíol, ach tá an rud fisiciúil ag Cormac Ó hAodha. Is ar son na cúise a íocann cuid de na síntiúsóirí an síntiús gach bliain. Is cuimhin le haon duine a bhí i mBaile Átha Cliath sna 1970idí agus sna 1980óidí Amhlaoibh ag dul timpeall le Deirdre, páipéar nó iris Gaeilge agus é ag brú an táirge. Bhí sé ag tuilleamh tuarastail as ach bhí sé á dhíol. Bhí díolachán níos mó ar an iris Deirdre ná ar aon iris eile i mBéarla ná i nGaeilge toisc go raibh sé de shíor á bhrú. Ní féidir leo siúd atá bainteach leis na seirbhísí ar líne é sin a dhéanamh ós rud é gurb iad na heagarthóirí agus na daoine a scríobhann leath den ábhar. Is dócha go bhfuil an triúr díobh san áireamh sa chómhthéacs sin. Ní féidir leo a bheith gafa le díolacháin, riarachán agus scríbhneoireacht ag an am céanna. Tarlaíonn rud éigin, is jabanna difriúla iad agus is fíorannamh a bhíonn an deis sin ann é sin a dhéanamh.

Má tá daoine ag éisteacht, sa deireadh thiar thall táim ag impí orthu an iris a cheannach, plé a dhéanamh air, tacú leis, na hailt a léamh agus iad a roinnt le daoine eile, agus sa chaoi sin daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge. Is é an fáth go ndeirim an méid sin ná go raibh, sílim, Seán Tadhg Ó Gairbhí ag rá nach bhfuil sé ag díriú isteach orthu siúd atá ag gabháil leis an gcóras oideachais. Tá mic léinn agus daltaí ann atá ag gabháil do chúrsa agus ag caitheamh a lán ama leis. Tá róil againn ar fad iarrachtaí a dhéanamh iad a mhealladh i dtreo léitheoireacht níos rialta seachas an córas oideachais. B’fhéidir go dtarraingeofaí iad i dtreo Nós le hailt faoi ábhair atá siad ag plé leo san ardteistiméireacht agus sa teastas sóisearach. An ndearna Nós é sin cheana féin-----

Mr. Maitiú Ó Coimín

Tá colúnaí ollscoile againn le Kate Scott.

-----chun daoine á tharraingt ina treo? Má tá siad ag léamh, ansin, b’fhéidir go léifidh siad rud éigin eile agus go dtiocfaidh siad ar ais chuig an iris. Ar tháinig ár n-aíonna eile air seo mar tá a fhios agam gur jab difriúil atá acu ach go bhféadfaí go mbeidh siad in ann é sin a dhéanamh?

Chun ceist nó dhó dheireanach a chur, cé mhéad a chaitheann RTÉ ar an suíomh Idirlín atá acu? Tá na haipeanna ar fad ar mo ghuthán in aice lena chéile ó thaobh nuachta de agus téim isteach ar tuairisc.ie an chéad rud ar maidin agus téim isteach ansin go dtí thejournal.ie agus ansin go dtí RTÉ. Tá a fhios againn an bealach chun é sin a dhéanamh. Feidhmíonn siad agus tá fógraíocht i gceist ar roinnt acu ach níl a fhios agam cén buiséad atá ag rté.ie nó ag an tseirbhís nuacht atá aige i gcomparáid lenár n-aoichainteoirí. Ní gá figiúirí a thabhairt dom ach an dóigh leo go bhfuil sé deich nó 20 uair níos mó ná a gcaiteachas féin nó a leithéid?

Chun críoch a chur leis na himeachtaí freisin, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabhail lenár n-aíonna as cuidiú linn san ábhar seo agus má ritheann tuairimí breise leo nár ardaíodh sna ceisteanna, cuir ar aghaidh iad chugainn, lena dtoil. Tá an tsraith seo de chruinnithe chun déileáil leis na gnéithe difriúla ar siúl idir seo agus mí an Mheithimh agus níos faide ar aghaidh. Is é ceann de na rudaí a rith liom inniu ná an cheist seo faoi chúrsaí iriseoireachta. Cuirfimid ceist más féidir linn ar na daoine atá ag gabháil agus ag múineadh iriseoireachta sna coláistí a aithnímid. Beimid ag déileáil leis seo agus ag seoladh cuireadh ar an bpobal, más mian leo, tuairimí a roinnt linn chomh maith céanna.

Tá cúpla ceist curtha agam ansin freisin, más féidir lenár n-aíonna tabhairt fúthu, lena dtoil. Bhí a lámh suas ag Cormac Ó hAodha.

Mr. Cormac Ó hAodha

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Tapaím an deis aontú go hiomlán leis an méid atá ráite. Thacóinn le cúrsaí iriseoireachta a fhorbairt a dhéanfadh tairbhe don chúinne nó earnáil sin ina bhfuil Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Maitiú Ó Coimín. Cuireadh léirmheastóireacht mar mhodúl ar litríocht sa chúrsa MA linn mar tá scríbhneoirí ann, nó tabharfaidh mé léirmheastóirí orthu, mar gur minic gur scil ar leith léirmheas a dhéanamh ar leabhar. Bhí an Teachta Ó Muimhneacháin ag fiafraí dínn níos luaithe maidir le léann agus an tslí gur féidir scéimeanna a fhorbairt agus mar sin de. Is dóigh liom go bhfuil scríbhneoirí agus nó saineolaithe maithe a dhóthain a d’fhéadfadh a bheith mar léirmheastóirí i litríocht leabhar na Gaolainne. Táimid ag déanamh talamh slán den tairbhe a dhéanfadh sé don iriseoireacht agus go ndéanfaí é a cheangal mar eireaball ar chúrsa iriseoireachta ón tús.

Mr. Maitiú Ó Coimín

Níl tuairim agam ar chaiteachas fógraíochta RTÉ.

Mr. Seán Tadhg Ó Gairbhí

Maidir le ceist an Chathaoirligh faoi chúrsaí fógraíochta, bhíomar an-bhuíoch den Aire Stáit agus baill an choiste seo as an méid a chuir siad san Acht. Beidh go leor ag brath ar chur i bhfeidhm an Achta agus is dócha go dtuigeann iad siúd atá istigh sa seomra níos fearr ná aon duine eile cén saghas meoin a bhíonn go minic ag an gcóras Stáit maidir leis na dualgais reachtúla ó thaobh na teanga, go háirithe. Chun a bheith go deas faoi, bíonn siad saghas ar nós cuma liom faoin dualgas áirithe sin uaireanta. Beidh go leor ag brath cé acu an gcuirfear i bhfeidhm an méid atá san Acht faoi chúrsaí fógraíochta nó nach gcuirfí. Cinnte, dá gcuirfí i bhfeidhm é, b’fhéidir go ndéanfadh sé an-chuid difríochta go háirithe dúinne i tuairisc.ie agus go mbeadh teacht isteach níos mó againn dá bharr. Beimid ag súil go mór go mbeidh an comhchoiste ábalta a chinntiú dúinne go gcuirfear i bhfeidhm, go háirithe, an chuid sin den Acht.

Gabhaim mo buíochas le Seán Tadhg Ó Gairbhí ó tuairisc.ie, le Maitiú Ó Coimín ó Nós agus le Cormac Ó hAodha ó Feasta as a bheith anseo linn. Táim ag súil go scríobhfaimid chuig an gCeann Comhairle lena dhéanamh cinnte de go bhfuil síntiús á ghlacadh ag Leabharlann Thithe an Oireachtais ar an bhfíorbheagán de na hirisí atá ann go fóill. Mura bhfuil, iarrfaidh an Ceann Comhairle orthu síntiús a ghlacadh ionas gur féidir linn teacht ar na hirisí seo anois agus muid in ann an Leabharlann a úsáid arís, rud nach rabhamar in ann a dhéanamh le tamall de bhlianta.

Cuireann sé sin clabhsúr leis an díospóireacht. Gabhaim mo bhuíochas arís leis na finnéithe agus leis na comhaltaí a bhí anseo inniu agus a chuidigh leis an bplé seo. Níl aon ghnó eile chun déileáil leis agus tá mé chun an cruinniú seo á chur ar athló go dtí 1.30 p.m. ar an 23 Márta, nuair a phléifear an t-ábhar conas a éireoidh le pobal Gaeltachta tithíocht, seirbhísí agus araile a chruthú. Is é seo an chuid dheireanach den tsraith mar gheall ar phleanáil tithíochta sna ceantair Ghaeltachta. Beidh ionadaithe linn ó Ghlór na Móna, Pobal Bhóthar Seoighe agus Pobal Shleacht Néill chomh maith le Coiste Forbartha Charn Tóchar. Beimid ag tabhairt éisteachta dóibh siúd ar an 23 Márta ar 1.30 p.m.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 3.40 p.m. go dtí 1.30 p.m. Dé Céadaoin, an 23 Márta 2022.
Top
Share