Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge debate -
Wednesday, 18 May 2022

Poist Dhátheangacha sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí: Plé

Táimid sa dara seisiún den chruinniú seo. Cuirim fearadh na fáilte roimh na finnéithe go léir atá i seomra an choiste. Cuirim fáilte roimh na múinteoirí, Ciara Pickering agus Ciara Booth, agus na daltaí, Aoife Carragher, Genevieve Lenaghan, Lónán Mac Domhnaill, Blinne Mackin, Ciara Mackin, Poipin Murphy, Liam Óg Ó Nualláin agus Ellen Quinn ó Ardscoil Naomh Maolmhaodhóg. Cuirim fáilte roimh Oisín Mac Eoin, príomhoide, Riain Mac Giolla Phádraig, múinteoir, agus na daltaí Samad Ayinde, Kayleigh Cúipéir, Caitlín de Buitléir, Lily de Búrca, Darragh Kidd, Alisha Ní Chiardhubháin, Andrea Ní Choileáin, Dearbhla Ní Choileáin, Róisín Ní Mhórdha agus Ben Ó Néill ó Coláiste Mhuire. Cuirim fáilte roimh Anna Ní Dhomhnaill agus Cáit Uí Fhátharta, múinteoirí, agus na daltaí Iarla Mac Donnacha, Ciara Ní Dhuinnshléibhe, Éabha Ní Ghionnáin, Claire Ní Lochnáin, Ríona Ní Mhainín, Katie Ní Shúilleabháin, Ciarán Ó Caisín, MacDara Ó Coistealbha, Rónán Ó Flaithearta agus Ciarán Ó Mairtín ó Coláiste na bPiarsach. Cuirim fáilte roimh Michelle D'Altuin, múinteoir, agus na daltaí Bríd Nic Gearailt, Daithí Ó Loinsigh agus Sorcha Ní Dhonnchú ó Gaelcholáiste Chiarraí. Ón Státseirbhís tá John Ó Liodáin, príomhoifigeach cúnta, an Roinn Airgeadais; Róisín O’Hara, príomhoifigeach cúnta, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; Aoife Mitchell, oifigeach riaracháin, an Roinn Oideachais; Niamh Ní Shúilleabháin, oifigeach riaracháin, agus Leah O'Neill, oifigeach cléireachais, Seirbhís Thithe an Oireachtais; agus Niall Leavy, ceannasaí ar idirghníomhú leis an margadh, agus Liam Sinclair, oifigeach cléireachais, an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

Sa seisiún seo, tá gach duine sa seomra coiste ina bhfinné os comhair an choiste. Ní fhéadfaidh ach na daoine atá ina suí ag an mbord labhairt. Más mian leis na finnéithe eile rud a rá, is féidir leo a lámh a ardú agus cuirfimid scairt ort chun labhairt. Gabhaim buíochas le gach duine as a bheith anseo.

Caithfidh mé dul trí na treoracha a leag mé amach dóibh siúd a bhí sa chéad seisiún níos luaithe, toisc go bhfuil daoine nua i láthair anois. Tá fáilte roimh na finnéithe ar fad a bheith anseo. Iarraim orthu a chinntiú go bhfuil a bhfón pócaí múchta. Tá cead ag comhaltaí an choiste agus finnéithe teacht isteach ar líne go fíorúil chomh maith. Ar líne, tá na Teachtaí O’Dowd agus Aindrias Ó Muineacháin, agus an Seanadóir Kyne. B’fhéidir go mbeidh comhaltaí eile ann, agus glaofaidh mé iad nuair a thagann siad ar líne.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe breise go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste. Molaim do na finnéithe a bheith cúramach den fhianaise atá á tabhairt acu. Má ordaíonn an chomhchoiste dóibh éirí as an bhfianaise sin, tá sé tábhachtach go ndéanfadh siad sin láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach, má eisítear é.

Leis an méid sin ráite againn, is féidir linn breathnú ar ábhar an tseisiúin seo: na féidearthachtaí agus na deiseanna atá ann do dhaoine dátheangacha fostaíocht a fháil sa Státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí. Níos luaithe, bhíomar ag caint faoi ghnéithe difriúla, agus anois díreoimid ar thodhchaí na fostaíochta dátheangaí laistigh den Státseirbhís agus den tseirbhís phoiblí. Bhí i bhfad níos mó le rá agam, ach is é an rud a déarfaidh mé ná go mbeidh a lán deiseanna nua ann do phoist lánaimseartha trí Ghaeilge chun na seirbhísí atá geallta de thairbhe achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Rinneamar go leor oibre air sin agus má tá spéis ag aon duine an díospóireacht sin a léamh, tá sí ar fáil ar líne. Gan a thuilleadh moille, iarraim ar John Ó Liodáin labhairt linn.

Mr. John Ó Liodáin

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le comhaltaí an choiste as an gcuireadh. Ní minic a bhíonn duine de mo leithéid sásta cuireadh a fháil teacht os comhair chomhchoiste an Oireachtais, ach ní mar sin atá sé. Is pribhléid í labhairt mar dhuine dátheangach sa Státseirbhís. Is iontach an rud é daoine ó scoileanna éagsúla, ar fud fad na tíre, a fheiceáil sa seomra inniu. Táim ag súil go mór lena gcuid ceisteanna a chloisteáil faoin ról agus faoi fholúntais atá sa Státseirbhís.

Ar an gcéad dul síos céard a dhéanaim? Oibrím sa Roinn Airgeadais. Is príomhoifigeach cúnta mé agus bím ag plé le cistí infheistíochta nó investment funds agus leis an reachtaíocht go hidirnáisiúnta san Eoraip agus go náisiúnta. Táim ag obair sa Roinn Airgeadais le dhá bhliain anois agus tá sé an-spéisiúil mar ról toisc go mbím ag breathnú ar dhlíthe nua atá le teacht isteach agus an tionchar a bheadh ag na polasaithe, na dlíthe agus an reachtaíocht sin ar chúrsaí in Éirinn agus ar chúrsaí san Eoraip.

Roimhe sin bhí mé ag obair sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag plé le hathchóiriú na Státseirbhíse. Is éard bhí i gceist leis an ról sin ná breathnú ar an Státseirbhís agus ar an earnáil phoiblí trí cheile agus chun fáil amach céard iad na bealaí atá ann chun an córas a fheabhsú, más féidir.

Roimhe sin fós sular tháinig mé isteach sa Státseirbhís, bhí me ag obair le Conradh na Gaeilge, ag bualadh le scoileanna, ag dul timpeall le rudaí éagsúla a fhorbairt, ag obair ar Sheachtain na Gaeilge agus ar rudaí eile nach iad leis an gconradh.

Inseoidh mé píosa beag fúm féin. Sular thosaigh mé isteach sa Státseirbhís, bhí mé in Ollscoil Mhá Nuad, ollscoil den scoth. Molaim go láidir í do na haíonna scoile atá anseo smaoineamh dul go Má Nuad nuair a bheidh siad críochnaithe ar an scoil. Thug mé faoi chúrsa sa dlí agus sa Nua-Ghaeilge inti. Bhí sé sin an-spéisiúil mar eispéireas. Bhí deis agam cúrsaí cumarsáide a fhorbairt agus bualadh le cairde nua agus eile istigh san ollscoil. Nuair a bhí mé san ollscoil, thuig mé go raibh mé ag iarraidh dul isteach sa Státseirbhís nuair a bhí céim bainte amach agam. Bhí mé ag iarraidh é sin a dhéanamh mar gur thuig mé go raibh go leor deiseanna ann do dhaoine a raibh Gaeilge agus Béarla acu agus a raibh in ann feidhmiú go dátheangach.

Táim anseo inniu chun labhairt leis an gcoiste faoin taithí atá agamsa mar dhuine agus mar oifigeach dátheangach sa Státseirbhís. Dúirt mé ag an tús go bhfuil mé ag obair sa Roinn Airgeadais agus go bhfuil mé ag feidhmiú mar phríomhoifigeach cúnta. Is teideal an-fhada agus an-seanfhaiseanta é sin. B’fhéidir go bhfuil sibh ag cur ceiste orthu féin faoi céard a dhéanann an fear sin ó a naoi a chlog ar maidin ar aghaidh. Bím ag breathnú ar an earnáil trí chéile, ar na cistí infheistíochta, ar na seirbhísí airgeadais agus ar conas gur féidir linn a chinntiú go bhfuil an córas agus an earnáil sin ag feidhmiú i gceart.

Is í cuid den ról na go dtéim chun na hEorpa go sách minic agus bím ag freastal ar chruinnithe de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag labhairt mar gheall ar sheirbhísí airgeadais. Mar is eol dúinn ar fad, tá Éire ina chuid den Aontas Eorpach agus tá 26 thír eile. Bíonn siadsan timpeall an bhoird ag na cruinnithe sin. Measaim go bhfuil sé iontach nuair a bhím agus daoine eile atá dátheangach ag freastal ar na cruinnithe sin go bhfuil a dteanga féin ag chuile thír atá timpeall an bhoird. Tá dhá theanga againn in Éirinn agus is féidir linn an dá cheann a labhairt ag na cruinnithe sin. Tá sé de phribhléid agam, le linn dom a bheith ag labhairt ag na cruinnithe sin mar gheall ar chistí infheistíochta, seirbhísí airgeadais nó ar rudaí den chineál sin, go mbím in ann tús a chur le cibé rud atá le rá ag am as Gaeilge. Ní chreidfeá an méid daoine a thagann chugam i lár cruinnithe nó ina dhiaidh lena rá liom nár chualadar Gaeilge á labhairt ag cruinnithe riamh nó á labhairt féin. Ansin tuigeann siad go bhfuil níos mó ná teanga amháin in Éirinn. Tá sé sin thar a bheith spreagúil agus spéisiúil.

Is í an taithí atá agam mar dhuine dátheangach agus arís an fáth ar tháinig mé isteach sa Státseirbhís ná gur thuig mé go raibh go leor deiseanna ann agus go raibh éagsúlacht oibre den scoth istigh sa Státseirbhís. Uaireanta, cloistear daoine ag caint faoin ról mar státseirbhíseach agus bíonn an chuma ar an scéal gur jab leadránach nó leamh atá ann. Is teideal é státseirbhíseach a chuimsíonn go leor rudaí. Laistigh den sé bliana atá caite agam sa Státseirbhís bhí mé ag eagrú imeachtaí, ag scríobh tuarascálacha, ag plé le cúrsaí acmhainní daonna, anois bím i mbun idirbheartaíochta ar dhlíthe agus ar reachtaíocht nua, agus bím ag bualadh le geallsealbhóirí agus daoine éagsúla. Bím ag plé le dlíthe a bhíonn ag teacht isteach anseo sa Pharlaimint, i mo shuí ar chúl an tSeomra chun cuidiú leis an Aire nuair atá díospóireachtaí ag dul ar aghaidh mar gheall ar na dlíthe sin agus araile. Tá go leor i gceist leis an ról.

Má thógtar gnáth lá, b’fhéidir go mbeadh ceist curtha orm chun imeacht a eagrú nó bualadh le geallsealbhóirí nó le daoine ón bpobal nó, b’fhéidir, go n-iarrfar orm óráid a chur le chéile a mbeadh á tabhairt ag an Aire nó ag an Taoiseach mar gheall ar sheirbhísí airgeadais. Ní dóigh liom go bhfuil go leor róil mar sin amuigh ann gur féidir le duine blaiseadh beag d’eispéiris éagsúla a fháil. Mar sin, molaim go láidir do na finnéithe smaoineamh ar róil sa Státseirbhís nuair atá an scoil nó an coláiste curtha díobh.

Is é an rud faoina bheith dátheangach ná, faoi láthair, nach mbím ag obair trí Ghaeilge ó lá go lá ach amháin nuair is gá dom é sin a dhéanamh nó, mar a dúirt mé, nuair a bhím aga labhairt ag cruinniú san Eoraip. Bíonn an deis ann i gcónaí, ámh, go mbímse aitheanta mar dhuine le Gaeilge istigh sa Roinn Airgeadais agus má tá duine ag teacht i dteagmháil leis an Aire nó leis an Roinn agus ar spéis leo a ngnó, mar is ceart, a dhéanamh leis an Roinn trí Ghaeilge, mbímse ar fáil chun labhairt leo. Is deis agus buntáiste é sin a bhíonn ag oifigigh dátheangacha nach mbíonn ag oifigigh eile.

Mar a dúirt mé, táim ag súil go mór le ceisteanna ó na finnéithe mar gheall ar róil sa Státseirbhís agus tá súil agam go mbeidh siad ag smaoineamh ar na folúntais ar fad atá ann amach anseo. Gabhaim míle buíochas as a bheith ag éisteacht liom.

Glaoim ar Róisín O’Hara labhairt anois.

Ms Róisín O'Hara

A Theachtaí, a Sheanadóirí, a scoláirí, a mhúinteoirí, a chomhghleacaithe agus a dhaoine uaisle go léir, tá ríméad orm a bheith anseo agus go bhfuair mé cuireadh cur síos a dhéanamh ar an taithí atá agam féin ar an dátheangachas i mo chuid oibre agus i mo shaol pearsanta.

Táim ag obair mar phríomhoifigeach cúnta - an focal sin arís - sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán anseo ar Shráid Chill Dara i gcathair Bhaile Átha Cliath. Ceapadh mar bhainisteoir cumarsáide sa Roinn mé trí bliana go leith ó shin agus táim sa ról sin ó shin. Úsáidim an Ghaeilge chuile lá beo ag réiteach ábhar do na meáin shóisialta, ag labhairt le hiriseoirí, ag freagairt ríomhphost, ag scríobh ráitis do na meáin, agus i rith comhráite agus cruinnithe le comhghleacaithe. Tá an Ghaeilge fite fuaite i mo shaol oibre. Amanna, ní thugaim faoi deara cén teanga a bhím ag labhairt, go háirithe má tá lá gnóthach ann - bíonn go leor acu sin ann – nó más comhfhreagras neamhfhoirmiúil a bhíonn i gceist.

Is é sin an chaoi a bhí i mo shaol riamh, go deimhin. Rugadh agus tógadh mé ar an gCeathrú Rua i gcroí-lar Ghaeltacht Chonamara i dteach dátheangach. Is í an Ghaeilge amháin a bhíodh agam féin agus ag mo chuid deartháireacha agus againne lenar máthair ach Béarla a bhíodh againn le m’athair arbh as Sligeach ó dhúchais dó. Nuair a bhí mé an-óg, bhí sé de nós againn rudaí a athrá le mo Dhaid i mBéarla, tar éis é a bheith ráite le mo mháthair i nGaeilge, ar fhaitíos nach dtuigfeadh sé muid. Ar ndóigh níor thóg sé i bhfad ar m’athair an Ghaeilge a fhoghlaim agus muid ag fás aníos. Ba é an dlúthpháirt sin le mo mháthair a chuir ina luí orainn an tábhacht a bhí leis an teanga.

Is í an Ghaeilge an teanga náisiúnta agus an príomhtheanga oifigiúil in Éirinn de réir Airteagal 8 den Bhunreacht. Is í céad teanga mo mháthar í, céad teanga mo mhamó í - a bhíonn ina cónaí liom freisin – céad teanga mo dhaoine muinteartha uile a bhí thart orm agus mé ag fás aníos agus, ar ndóigh, príomhtheanga labhartha an phobail inar tógadh mé. Bhí an t-ádh liom agus tuigim é sin anois.

Is beag a cheap mé agus mé i mo ghasúr óg cé chomh tairbheach is a bheadh an dátheangachas i mo shaol oibre. Fuair mé post ag léamh na nuachta Gaeilge ar RTÉ nuair a bhí mé 19 mbliana d’aois agus mé ag freastal ar an ollscoil ag déanamh céime san iriseoireacht i mBéarla mar nach raibh a leithéid i nGaeilge ann ag an am. Tá anois. Bá é seo cúpla bliain sular bunaíodh TG4 nó TnaG mar a thugtaí uirthi ag an am. Tar éis dom mo chéim a bhaint amach, thosaigh mé ag obair go lánaimseartha ansin le TG4 agus chaith mé 15 bliana nó mar sin ag obair ansin idir TG4 agus RTÉ sa dá theanga.

B'iontach an taithí a bhí ansin don obair atá ar bun anois agam, go háirithe nuair a bhíonn an dá theanga in úsáid agus muid ag obair faoi bhrú ama. B'iontach an taithí a bhí ann freisin ó thaobh meoin de. Seirbhís phoiblí atá i gceist i gcónaí. Mar státseirbhíseach, dar ndóigh, tá an duine i mbun seirbhíse don Stát agus do phobal na tíre agus is mór an onóir í sin. Tháinig mé isteach sa státseirbhís níos deireanaí ná go leor daoine eile i mo shaol oibre. Tá daoine a thagann isteach díreach ón gcoláiste. Cibé uair a thosaíonn duine, tá sé le feiceáil go sonrach go bhfuil neart deiseanna foghlama laistigh den tseirbhís agus neart deiseanna forbartha don duine. Ní bheidh an duine coinnithe mar go bhfuil an-chuid róil éagsúla agus spéisiúla ar fáil ann, mar a luaigh John Ó Liodáin. Tá an oiread sin cineálacha éagsúla réimsí arbh fhéidir oibriú iontu.

Maidir leis an nGaeilge, tá ranganna ar fáil ar gach uile leibhéal, más mian leis an duine agus tabharfar an t-am agus an tacaíocht don duine tabhairt fúthu. Tá sé tugtha faoi deara agam féin freisin, agus na blianta caite anois agam leis, go dtagann feabhas iontach ar stór focal an duine i ngan fhios don duine féin ó lá go lá le linn dó nó di a bheith ag obair go dátheangach.

Mar fhocal scoir, molaim do na scoláirí atá anseo inniu gach uile dheis a thapú idir seo agus sin an Ghaeilge a úsáid i ngach gné dá saol. Beatha teanga í a labhairt.

Gabhaim buíochas le Róisín O’Hara. Glaoim ar Aoife Mitchell labhairt anois, lena toil.

Ms Aoife Mitchell

I dtús báire, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach agus leis an gcoiste as an gcuireadh labhairt leis an gcruinniú inniu maidir le mo thaithí mar dhuine le Gaeilge sa státseirbhís.

Is as Contae Mhaigh Eo dom ó dhúchas ach táim lonnaithe i mBaile Átha Cliath anois, áit a oibrím mar oifigeach riaracháin sa Roinn Oideachais. Cuireadh tús le mo nasc nó mo chaidreamh leis an nGaeilge agus mé i mo pháiste ag freastal ar Ghaelscoil na gCeithre Maol i mBéal an Átha. Cé nach raibh Gaeilge ag mo thuismitheoirí, i ndáiríre, thuig siad fiú amháin ag an bpointe sin an tábhacht a bhaineann le dátheangachas agus bhí meas acu ar an nGaeilge mar ár dteanga dhúchais. D’fhág mé an scoil bheag sin le líofacht Ghaeilge ach, in éineacht leis sin, grá don teanga agus don chultúr chomh maith.

D’fhreastail mé ar ghnáth-mheánscoil ansin toisc nach raibh Gaelcholáiste sa cheantar, agus níl ceann fós ann, ach mhothaigh mé i gcónaí go raibh rud éigin in easnamh domsa ar aon nós. Bhí mé i gcónaí ag iarraidh filleadh ar ais ar an saol lán-Ghaeilge sin. Chríochnaigh mé an ardteistiméireacht agus beagnach ag an nóiméad deiridh, roghnaigh mé an cúrsa Gaeilge agus iriseoireachta a dhéanamh in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a raibh Róisín O’Hara, atá ar mo thaobh clé liom anseo, ina léachtóir agam.

Thosaigh mé an cúrsa sin in 2013 ag foghlaim na scileanna atá de dhíth ar dhuine mar iriseoir agus bhí sé seo déanta, beagnach, ar fad trí mheán na Gaeilge. Ni raibh ach modúl anois is arís againn i mBéarla agus muidne measctha le mic léinn eile. Fad is a bhí mé ann, d’fhorbair mé mo scileanna iriseoireachta, cinnteoireachta, scríbhneoireachta agus craoltóireachta, go hairithe, ach freisin bhí seans agam feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge toisc go raibh sí in úsáid agam gach uile lá le mo léachtóirí agus le mo chomh-mhic léinn uilig. Bhí deiseanna ó thaobh na Gaeilge de ar fáil taobh amuigh den rang freisin, ar ndóigh, agus scríobh mé le haghaidh an nuachtáin, The College View, bhí clár raidió agam ar feadh seal chomh maith, agus bhí mé sáite sa Ghaeilge go hiomlán.

D’fhág mé an ollscoil in 2016 agus, mar is eol don lucht éisteachta b'fhéidir, bhí an margadh fostaíochta thar a bheith deacair ag an am. Ní raibh mé ró-chinnte an raibh saol an iriseora go hiomlán oiriúnach dom ach bhí a fhios agam freisin go raibh an-suim agam i gcúrsaí reatha agus sa pholaitíocht chomh maith. Is mar gheall air sin a chas mé ar an státseirbhís ar an gcéad dul síos. Ní raibh aithne agam ar dhuine ar bith sa státseirbhís agus ní raibh leid dá laghad ag mo chlann nó ag mo chairde céard a bheadh ar siúl agam. Chonaic mé fógraí, ámh, le haghaidh poist mar oifigeach cléireachais agus oifigeach riaracháin as Gaeilge agus thuig mé go díreach go mbeadh buntáiste agam mar gheall ar mo chéim agus mo Ghaeilge chomh maith. Chuir mé isteach ar na poist sin ar fad agus is beag nár chuir mé isteach ar na poist sin faoi dhó, toisc go raibh mé ag léiriú mo chuid spéise sa sruth Gaeilge in éineacht leis an gceann i mBéarla. Tar éis agallaimh agus scrúduithe ar leith a dhéanamh, chomh maith le scrúdú béil agus scrúdú scríofa sa Ghaeilge chun mo chumas dátheangach a léiriú, d’éirigh liom áit a fháil ar an bpainéal.

Chuir me tús le mo ghairm i Roinn an Taoisigh a bhí thar a bheith spéisiúil. Is post sa sruth Gaeilge a bhí ann. Bhí mé ag obair san oifig phríobháideach agus freagrach as comhfhreagras an Taoisigh i mBéarla agus i nGaeilge. Bhog me ar aghaidh go dtí an Roinn Oideachais tar éis cúpla bliain, áit a bhfuilim fós ag obair anois. Den chuid is mó, táim freagrach as cur i bhfeidhm an bheartais Gaeilge ansin, ag cinntiú go bhfuilimid ag comhlíonadh ár bhfreagrachtaí do phobal na Gaeilge, agus ag géilleadh d’Acht na dTeangacha Oifigiúla agus dár scéim teanga chomh maith. Bhí seans agam in 2019 dul ar iasacht go dtí Seirbhís Thithe an Oireachtais anseo chun a bheith i mo chomhairleoir beartais. D’oibrigh mé ar dtús ar an gCoiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht, mar a bhí sé ag an am, ach tar éis an olltoghcháin in 2020, bhog mé chuig an gcoiste seo. Le linn dom machnamh a dhéanamh ar mo chuid ama go dtí seo sa státseirbhís, rith sé liom go bhfuil sé soiléir go bhfuil go leor deiseanna fostaíochta ann toisc go bhfuilim i mo Ghaeilgeoir. Tá sé soiléir freisin go dtugann an státseirbhís deis dom. Ní as an nGaeltacht mé agus, mar sin, táim i mo fhoghlaimeoir agus beidh mé i mo fhoghlaimeoir i gcónaí. Sa státseirbhís, toisc go bhfuil an Ghaeilge in úsáid agam gach uile lá, bíonn seans agam feabhas a chur ar mo scileanna teanga agus táim ag obair mar bhall de phobal na Gaeilge ar son phobal na Gaeilge. Ar bhonn pearsanta, tá an-sásamh ag baint leis sin.

Go raibh maith ag ár lucht éisteachta as a bheith ag éisteacht liom inniu. Tá súil agam go raibh sé úsáideach dóibh agus go léiríonn sé an áit lárnach atá ag an nGaeilge i mo shaol agus sa státseirbhís chomh maith.

Glaoim anois ar Liam Sinclair cúpla focal a roinnt linn anois.

Mr. Liam Sinclair

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Is deas bualadh le gach duine anseo anois. Is as Cluain Dolcáin dom ach ta cónaí orm i dTamhlacht le 12 bliain anois. D’fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge i gColáiste Chilliain i gCluain Dolcáin agus is scoil lán-Ghaeilge í. Is oifigeach cléireachais mé agus táim ag obair faoi láthair sa tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, áit a dhéanaim earcaíocht ar ghardaí, earcaíocht maidir le hardú céime le haghaidh garda go dtí sáirsint, agus a mhacasamhail sin ó sháirsint go dtí cigire.

Nuair a smaoiním faoin státseirbhís agus a bheith i m’oifigeach dátheangach inti, ritheann dhá rud liom: an éagsúlacht agus an tsolúbthacht a bhaineann léi. Maidir leis an éagsúlacht, ciallaíonn feidhmiú mar oifigeach dátheangach go mbíonn teagmháil ag an duine le gach ní den obair. I gcás an phoist seo, ciallaíonn sé go mbím ag obair ar aon chomórtas a bhfuil gá ann le hoifigigh Ghaeilge, áit a bhféadfaí measúnú teanga ag teastáil, agallaimh as Gaeilge, nó scrúduithe, más gá do dhaoine a bheith i gceannas ar na scrúduithe sin. Is briseadh deas é sin ón obair ó lá go lá i mo Roinn féin agus is slí mhaith í sin chun obair na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí ar fad a fhoghlaim.

Bíonn rudaí suimiúla ann freisin, mar shampla, mar is é seo an tríú uair dom a bheith sa seomra coiste seo agus bhí baint ag na cuairteanna seo i gcónaí leis an nGaeilge. Is é sin líon trí uair níos mó ná an líon cuairteanna a rinne aon chara atá agam sa státseirbhís. Tá dualgais ag baint leis seo freisin. Caithfidh eolas a bheith ag an duine lasmuigh den obair laethúil, má tá an duine ag bogadh amach uaithi ach ní gá an t-eolas sin a bheith ag gach uile oifigeach atá i mbun oibre.

Luaim an solúbthacht anois freisin nach bhfuil bainteach lena bheith mar oifigeach dátheangach ach tá sé seo bainteach lena bheith ag obair sa státseirbhís go ginearálta. I dtaca leis an tsolúbthacht atá againn, bhí mé in ann dul ar thóir suíochán sa rialtas áitiúil agus is comhairleoir contae de chuid Chomhairle Contae Átha Cliath Theas anois mé. Oibrím trí lá sa tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus fágann sé sin am dom dul i ngleic le mo chuid oibre mar chomhairleoir contae agus níos ama a chaitheamh le mo chlann. Ón lá amárach go dtí Déardaoin, táim ag obair sa tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Táim ag obair Dé Luain mar chomhairleoir contae agus Dé hAoine, ní fhreagraím an guthán, fiú amháin, mar níl ach mise agus m’iníon le chéile an lá ar fad.

Is í sin an tsolúbthacht agus tá sé deacair solúbthacht mar sin a aimsiú nuair a bhíonn duine ag obair i gcoitinne. Maidir leis sin agus mo ról mar chomhairleoir contae, tá sé go deas a bheith ag plé le daoine i dTamhlacht má tá siad ag iarraidh dul i dteagmháil i nGaeilge le comhairleoir contae mar is féidir liom é sin a dhéanamh. Táim ar bhord bainistíochta Coláiste de hÍde i dTamhlacht freisin agus bhí deacrachtaí ag an scoil an suíochán sin a líonadh. Úsáidtear an Ghaeilge gach áit mar sin.

Is í sin mo chuid. Gabhaim buíochas leis an gcoiste.

Ms Niamh Ní Shúilleabháin

Tá áthas orm labhairt leis an gcoiste agus na cairde atá ar cuairt orainn anseo inniu i dTithe an Oireachtais. Táim ag obair mar chomhairleoir beartais leis an gCoiste um Shláinte agus an Fochoiste um Meabhairshláinte anseo i dTithe an Oireachtais. Bainim an-taitneamh as mo chuid oibre i gcroílár an daonlathais anseo i dTeach Laighean ar Shráid Chill Dara.

Is Corcaíoch mé agus bhí spéis i gcónaí agam sa Ghaolainn ar scoil. I ndiaidh na hardteistiméireachta, d’éirigh liom bunchéim a bhaint amach ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh, áit ar thugas faoin dlí agus an Ghaelainn. Dheineas staidéar ansin ar dhlí an Bhunreachta, dlí an Aontais Eorpaigh, cearta teanga agus ábhair eile a bhíonn in úsáid go fóill agam ar bhonn laethúil i mo ról anseo i dTithe an Oireachtais. Ó shin i leith, tá máistreacht sa Ghaeilge fheidhmeach bainte amach agam ó Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, áit ar chuireas snas ar mo scileanna teanga gairmiúla. Chuir na scileanna ón dá chúrsa sin go mór le mo chuid oibre i bpoist éagsúla mar eagarthóir ar shuíomh gréasáin agus mar iriseoir agus léiritheoir raidió.

Mar a luaigh mé, tá spéis agam sa Ghaelainn agus theastaigh uaim leanúint ar aghaidh le hobair fhiúntach ina mbeadh na scileanna is mó atá forbartha agam á n-úsáid agam. Nuair a tháinig mé amach ón ollscoil ar dtús, ní raibh deiseanna ann dul isteach sa státseirbhís, ach tá earcaíocht ar siúl le cúpla bliain anuas. Tháinig mé isteach i gcomórtas earcaíochta oscailte trí bliana ó shin agus chuireas in iúl ar m’fhoirm iarratais go raibh Gaeilge líofa agam. D’éirigh liom agus bhí an t-ádh liom post a fháil anseo i dTithe an Oireachtais.

Ó shin i leith táim tar éis obair fhiúntach a dhéanamh i dTithe an Oireachtais i rannóg na gcoistí. Go dtí seo d’oibrigh mé ar go leor coistí éagsúla spéisiúla, cosúil leis an gCoiste Speisialta um Fhreagra ar Covid-19, an coiste Gaeilge agus an Coiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus na Meáin. Chabhraigh an dátheangachas go mór le mo chuid oibre ar na coistí sin ach go háirithe. Faoi láthair, táim ag obair leis an gCoiste um Shláinte agus bíonn an obair sin dúshlánach agus spéisiúil. Bíonn an coiste gnóthach le ceisteanna móra bainteach leis an gcóras sláinte agus tá spéis ar leith agam san obair a bhíonn ar bun againn ann.

Cad a bhíonn ar siúl ag an gcomhairleoir beartais? Go bunúsach, bíonn gach aon choiste ag déanamh monatóireachta ar obair an Stáit i réimsí éagsúla. Ní mór don chomhairleoir beartais comhairle a chur ar an gcoiste agus ar an gcléireach maidir le beartais nó polasaithe, cuidiú leo imscrúdú a dhéanamh ar chaiteachas Stáit agus tacú leo reachtaíocht a cheistiú agus a phlé. Ó lá go lá, bím ag scríobh tuarascálacha agus cáipéisí mionteagaisc. Tá scileanna scríbhneoireachta ag teastáil anseo, chomh maith le scileanna anailíse. Is mó cáipéis fhada go mbíonn orm a léamh agus a chíoradh go mion. Anuas air sin, bím ag bainistiú cuid den fhoireann riaracháin agus sinn ag tacú leis an gcoiste fianaise a bhailiú. Is minic go mbíonn orm plé leis an bpobal agus eagraíochtaí a thagann isteach anseo. Seans gurb é an rud is tábhachtaí ná go mbím ag comhoibriú le Teachtaí Dála agus Seanadóirí.

Tá go leor daoine le Gaelainn anseo i Seirbhís Thithe an Oireachtais, scaipthe i ranna éagsúla agus is minic go gcasaim orthu le linn mo chuid oibre. Ar shlí neamhfhoirmiúil, tá líonra ann agus bailímid le chéile ag ócáidí inmheánacha agus ag ócáidí eile cosúil leis an pop-up Gaeltacht. Tá deiseanna ann do dhaoine dátheangacha, agus creidim go láidir go gcuireann an dátheangachas leis an gcultúr, leis an ilchineálacht agus leis an gcumas atá ag an Stát seirbhís níos fearr a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann.

Anois iarraim ar ár gcomhghleacaí féin, Leah O’Neill, labhairt linn. Is iar-dhalta de chuid Choláiste Mhuire í.

Ms Leah O'Neill

Gabhaim buíochas as an deis labhairt leis an gcoiste inniu. Is oifigeach cléireachais mé ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge anseo i dTithe an Oireachtais. Thosaigh mé ag obair i dTithe an Oireachtais i Meán Fómhair 2020, beagnach dhá bhliain ó shin. Seo mo chéad phost sa státseirbhís. B’fhéidir go mbeidh níos mó taithí ag cuid de na daoine eile atá i mbun cainte anseo inniu ach táim ag iarraidh labhairt leis na finnéithe maidir leis an taithí a fuair mé féin le dhá bhliain anuas.

D’fhreastail mé ar bhunscoil lán-Ghaeilge, Scoil Chaoimhín ar Shráid Mhaoilbhríde i lár na cathrach, agus ina dhiaidh sin d’fhreastail mé ar mheánscoil lán-Ghaeilge, an scoil chéanna ina bhfuil cuid de na finnéithe atá anseo inniu, Coláiste Mhuire i gCabrach. Nuair a bhí mé ar mheánscoil, ní raibh cliú dá laghad agam faoi cad a theastaigh uaim a dhéanamh agus mé ag fágáil na scoile. Dá mbeadh níos mó eolais agam faoin státseirbhís ag an am, ceapaim féin gurb é sin an bealach a bheinn téite i mo shaol oibre. I mo bhliain dheireanach ar scoil, thosaigh mé post san earnáil mhiondíola leis an gcomhlacht Power City agus ina dhiaidh sin, thosaigh mé ag plé le hathchúrsáil agus cúrsaí dramhaíola le Thorntons Recycling, áit a raibh mé ag obair sa rannóg sheirbhíse do chustaiméirí agus sa rannóg chreidmheasa.

Nuair a fuair mé an post sa státseirbhís i dTithe an Oireachtais, ní raibh mé tar éis mo Ghaeilge a úsáid ar feadh ocht mbliana. Ba mhór an trua í sin. Bhí an-ghrá agam don teanga agus bhí mé tar éis a lán ama a chaitheamh ag foghlaim na teanga ón am a thosaigh mé ar scoil, nuair a bhí mé ceithre bliana d’aois, go dtí gur fhág mé an scoil nuair a bhí mé 18. Sin 14 bliain san iomlán. Ar mo chéad lá anseo, ní raibh a fhios agam gur post lán-Ghaeilge a bhí ann. Nuair a labhair mé le mo bhainisteoir, Eoghan, don chéad uair, bhí mé an-neirbhíseach ag labhairt as Gaeilge arís mar nach raibh aon mhuinín agam ionam féin. Spreag Eoghan mé i mo chuid Gaeilge toisc go raibh a fhios aige go raibh an teanga agam. Rinne mé cúrsa nó dhó a chuir Tithe an Oireachtais ar siúl agus ó shin, bhog mé ar aghaidh chun cúrsa creidiúnaithe teastas sa Ghaeilge ghairmiúil a dhéanamh ag leibhéal 5, agus tá leibhéal 6 ar bun agam faoi láthair.

Úsáidim an Ghaeilge gach lá i mo shaol oibre agus anois tá taithí agus muinín agam chun cumarsáid éifeachtach a dhéanamh gach lá ag an obair. Tá seans agam mo chuid Gaeilge a chleachtadh le mo chomhghleacaithe, le comhaltaí an choiste, finnéithe nó cuairteoirí a fhreastalaíonn ar Theach Laighean, agus le neart daoine eile. Seolaim mo ríomhphoist i nGaeilge, cuirim glaonna gutháin ar dhaoine i nGaeilge agus déanaim mo chuid iarratais agallaimh cruinnithe, ar nós mo dhul chun cinn agus forbairt san áit oibre, go hiomlán i nGaeilge. Ar an mbealach seo, buaileann tú le daoine a dhéanann iarracht labhairt leat i nGaeilge fiú muna bhfuil Gaeilge acu. Déanfaidh siad iarracht cúpla focal a úsáid chun a gcuid Gaeilge féin a chleachtadh trí ríomhphost a sheoladh ar ais chugat as Gaeilge, cur i gcás. Tá an-éileamh anois sa státseirbhís ar dhaoine go bhfuil Gaeilge acu. Tá buntáistí ag baint leis sin do dhaoine óga, ar nós na bhfinnéithe, ós rud é go bhfuil an inniúlacht sin sa teanga acu. Fiú muna gceapann siad go bhfuil an fhéinmhuinín acu post lán-Ghaeilge a fháil, tá deiseanna ann a nGaeilge a fheabhsú tar éis an phoist sin a fháil sa státseirbhís, trí chúrsaí Gaeilge difriúla a dhéanamh agus trí chleachtadh. Tá na finnéithe go léir breá ábalta cur isteach ar phoist mar seo. Tá súil agam go bhfuil an méid atá ráite agam inniu tar éis iad a spreagadh chun machnamh a dhéanamh ar phoist san earnáil phoiblí agus sa státseirbhís, agus gairm bheatha a bhaint amach ina mbeidh an dátheangachas mar bhuntáiste dóibh.

Mr. Niall Leavy

Tá áthas orainn a bheith anseo um thráthnóna chun tacaíocht a thabhairt don choiste le linn an tseisiúin thábhachtaigh seo. Gabhaimid comhghairdeas leis an gcoiste as an ócáid seo a eagrú. Is iontach an rud é freastal ar chruinniú ina bhfuil daltaí agus daoine óga ó gach ceann den tír i láthair. Tabharfaidh mo chomhghleacaí, Liam Sinclair, léargas ar obair Publicjobs.ie agus an fheidhm a chomhlíonann muid. Ba mhaith linn léargas a thabhairt ar na poist éagsúla ar a ndéanaimid earcaíocht ina leith agus ar na deiseanna atá agus a bheidh i ndán sna blianta romhainn d’iarrthóirí dátheangacha. Anois, le cead ón gCathaoirleach, iarrfaidh mé ar Liam Sinclair cúpla focal a rá ar son Publicjobs.ie agus an schools kit.

Mr. Liam Sinclair

Is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, trína suíomh gréasáin, publicjobs.ie, an soláthraí lárnach de sheirbhísí earcaíochta don Státseirbhís. Cuirimid seirbhísí earcaíochta ar fáil chomh maith do na róil is sinsearaí in údaráis áitiúla, do phoist cheannaireachta, do róil mar chomhairligh in ospidéil na Feidhmeannachta na Seirbhíse Sláinte, FSS, don Gharda Síochána agus do phoist ghairmiúla agus theicniúla i speisialtachtaí éagsúla san earnáil phoiblí.

Léiríonn an léaráid atá á taispeáint cuid de na róil lena ndéileálann muid. Tosaíonn sé leis an oifigeach cléireachas. Bíonn rudaí níos speisialaithe luaite freisin ar nós seandálaithe agus gardaí faoi oiliúint. Chomh maith le harduithe céime sa Gharda Síochána, is air sin a mbím féin ag obair ó lá go lá. Feictear na boird Stáit. Tagann iad sin faoin tseirbhís freisin. Feictear oibrithe teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide freisin. Is iad sin na daoine a mbíonn ag obair leis na ríomhairí.

Tá deiseanna ann d'fhágalaithe scoile, do chéimithe agus dóibh siúd atá ag aistriú gairme. Tá róil shealadacha agus bhuana ann. Tá deiseanna lárghairme agus d'fheidhmeannaigh shinsearacha. Tá iarrthóir ó chúlraí éagsúla a bhfuil scileanna éagsúla acu á lorg againn chun a bheith ag obair i róil éagsúla san earnáil phoiblí. Agus muid ag ullmhú don bhliain 2030, aithnítear trí sprioc inár straitéis maidir le tallann a mhealladh trí thionscnamh tábachtach margaíochta do scoileanna. Is iad na spriocanna sin: daltaí a spreagadh, suim a mhúscailt agus smaointeoireacht chruthaitheach a bheith ag croílár na straitéise.

Bhí a fhios againn nach raibh mórán feiceálachta againn i scoileanna le roinnt blianta anuas. Ní raibh mórán eolais ag na scoileanna fúinn agus bhí mearbhall uaireanta orthu mar gheall ar an earnáil phoiblí. Cumadh an téarma "na daoine ceilte". Baineadh úsáid as na focail seo a leanas: "éiginnte", "doiléir", "deacair a thuiscint" agus "soiléiriú ag teastáil", agus rinneadh tagairt do speisialtóirí sna scoileanna. Ní raibh daoine muiníneach agus iad ag múineadh faoin earnáil phoiblí. Ní raibh mórán eolais acu ar na róil ná na deiseanna a bhí ann ach amháin na gnáthróil leithéidí gardaí, altraí agus múinteoirí.

Chun dul i ngleic leis seo, d'fhorbair muid cur chuige ina bhfuil dhá ghné: eolas cuimsitheach do threoirchomhairleoirí agus an cur i láthair. Tá ár gcur chuige cosúil le cnoc oighir. Tá cur chuige ina bhfuil dhá ghné in úsáid againn. Maidir le heolas cuimsitheach, caithfimid obair dhian a dhéanamh chun na treoirchomhairleoirí a thabhairt linn agus acmhainní oideachais a chur ar fáil gur féidir leo úsáid a bhaint astu sa seomra ranga láithreach. Is é sin le rá go gcuirimid na smaointe le chéile dóibh. D'oibríomar go dlúth le comhairleoirí oideachais agus le grúpa treoirchomhairleoirí chun na hacmhainní a fhorbairt. Chinntíomar go dtagann siad leis an gcuraclam atá in úsáid agus go bhfuil siad inrochtana. Tá an cur i láthair ag teastáil uainn chomh maith. Is é seo an ghné den chur chuige a fheiceann daoine. Is é an comórtas a spreagann plé agus a thugann cúis dúinn dul i dteagmháil le scoileanna. Cleas atá ann do na daltaí. Mar is eol dúinn, níl mórán suime ag daltaí san earnáil phoiblí, ach nuair a chuirimid chun cinn í ar bhealach mealltach le comórtas fógraíochta, bíonn i bhfad níos mó suime acu inti. Tosaíonn siad ag díriú uirthi mar chuid dá staidéar ar na meáin i ranganna ealaíne, i ranganna scannánaíochta agus mar sin de. Dírítear ar dhaltaí san idirbhliain ach go háirithe.

Táim ag taispeáint leathanach dár suíomh gréasáin, publicjobs.ie, ar an scáileán. Cuireann pacáiste acmhainní publicjobs.ie do scoileanna eolas ar fáil faoi ghairmeacha san earnáil phoiblí ar bhealach nua do threoirchomhairleoirí agus múinteoirí eile chun plé ar dheiseanna gairme san earnáil phoiblí a spreagadh le daltaí agus lena dtuismitheoirí.

Trí thaighde a dhéanamh le daltaí agus le múinteoirí, shocraíomar ar eolas a chur ar fáil i bhfoirm bhlúiríní mar go mbíonn suim ag an nglúin seo in ábhair den chineál seo. Bhí fonn orainn dearadh cruthaitheach agus spraíúil a úsáid. Mar sin, bhaineamar úsáid as cuid de na gnéithe atá le feiceáil ar ardáin mheáin shóisialta. Mar chuid den choincheap cruthaitheach seo, bhí muid ag iarraidh tuairimí coitianta a cheistiú. Bainimid leas as na híomhánna is suimiúla den earnáil phoiblí agus cuirimid na híomhánna seo i gcomparáid le sean-nathanna a mbaintear úsáid astu go minic chun cur síos a dhéanamh ar oibrithe san earnáil phoiblí, mar shampla, an frása "oibrí oifige" nó "pen-pusher". B'fhéidir gur chuala na baill an frása seo roimhe seo i gcomhthéacs obair na hearnála poiblí. Déanaimid an frása seo a cheistiú agus taispeánaimid íomhá ina bhfuil peann epinephrine in úsáid ag duine. Is sampla é an téarma "maidrín lathaí" nó "dogsbody". Déanaimid an frása seo a cheistiú agus feicfimid láimhseálaí madra ón rannóg custaim i mbun oibre.

Is é an méid atá á thaispeáint anois ná acmhainní do mhúinteoirí agus do threoirchomhairleoirí. Anseo, gheofar gach ní atá ag teastáil chun tacaíocht a thabhairt do dhaltaí agus iniúchadh a dhéanamh acu ar an earnáil phoiblí agus ar na gairmeacha a mbeidh siad in ann teacht orthu. Tá gach ní ar fáil in aon rannán amháin. San áireamh sna hacmhainní seo tá pointí inmhúinte do ranganna idirbhliana, ranganna ardteistiméireachta feidhmí agus ranganna ghairmchlár na hardteistiméireachta a chabrófar le múinteoirí an earnáil phoiblí a mhíniú dóibh ar bhealach taitneamhach, úsáideach agus mealltach. Is í an chaoi ina n-oibríonn sé seo ná gur phlean ceachta é sa phaca acmhainní do scoileanna. Díríonn gach plean ceachta ar thopaic ar leith a bhaineann le gairmeacha san earnáil phoiblí. Tá na nithe seo a leanas san áireamh: sleamhnáin Powerpoint, treoracha do mhúinteoirí, bileoga oibre agus gníomhaíochtaí do dhaltaí. Is féidir gach plean ceachta a íoslódáil.

Baineann mo chéad sleamhnán eile leis an gcomórtas chur i láthair. Is bealach spraíúil é comórtas fógraíochta publicjobs.ie do scoileanna chun dúshlán a chur roimh dhaltaí a gcuid scileanna cruthaíochta digiteacha agus cumarsáide a léiriú agus iad ag foghlaim faoi dheiseanna gairme a bheidh ar fáil dóibh san earnáil phoiblí amach anseo. Chun cur isteach ar an gcomórtas, ní mór do dhaltaí físeán 30-soicind a chruthú ina ndéanann siad an earnáil phoiblí a chur chun cinn mar chonair ghairme mhealltach dá bpiaraí. Is féidir le daltaí díriú ar aon cheann de na ghairmeacha ginearálta san earnáil phoiblí, ar dhuine a bhfuil aithne acu air nó uirthi a oibríonn san earnáil phoiblí nó ar ról ar leith a bhfuil suim acu ann. Ní hamháin go spreagfaidh an comórtas seo foghlaim idir phiaraí mar chuid de chur chuige i leith na treoracha a bhaineann leis an scoil i gcoitinne, ach is gníomhaíocht neartaithe foirne den scoth é an cur i láthair gur féidir le gach dalta sult a bhaint as. Is féidir le daltaí cur isteach ar an gcomórtas ina n-aonar nó i ngrúpaí ina bhfuil suas le seisear. Is féidir le baill breathnú ar an bhfíseán atá ar an scáileán. Tabharfaidh mé an URL dóibh ag an deireadh.

D'fhreagair os cionn 100 dalta iarbhunscoile ó scoileanna ar fud na tíre an dúshlán i mbliana agus seoladh físeáin isteach i nGaeilge agus i mBéarla. Ba é Daithí Ó Loinsigh, atá anseo, buaiteoir iomlán an chomórtais. Bhí deis aige na scileanna meán nua atá foghlamtha aige a úsáid chun an Taoiseach a chur faoi agallamh maidir lena ghairm go dtí seo. Sa dara háit bhí Royal and Prior School, Dún na nGall, agus Boherbue Comprehensive School, Corcaigh. Bhí deis ag an bhfoireann ó Dhún na nGall scileanna tarrthála praiticiúla a fhoghlaim ar thuras go bunáit héileacaptair Gharda Chósta na hÉireann.

Beidh an deis ag an bhfoireann ó Chorcaigh páirt a ghlacadh i rólghlacadh póilíneachta leis An nGarda Síochána.

Is féidir acmhainní don chomórtas, an cur i láthair, a íoslódáil, inar féidir treoracha do mhúinteoirí a fháil, mar aon le hacmhainní don seomra ranga chun cabhrú le daltaí ullmhúchán a dhéanamh agus iad ag iarraidh físeáin a chur isteach mar chuid den chomórtas. Mar shampla, is féidir eolas a fháil faoi na gairmeacha, conas script a scríobh, conas scéalchlár a dhéanamh agus noda maidir le físeáin a scannánú. I gceacht 1, iarrtar ar dhaltaí taighde a dhéanamh ar an réimse leathan deiseanna gairme agus bealaí iontrála san earnáil phoiblí agus leagtar béim ar leith ar an bhfoghlaim féinstiúrtha. Tá ceacht 2 bunaithe ar an gcaoi ar féidir fógraí a phleanáil agus a dhéanamh agus tá a lán leideanna agus noda úsáideacha ann do dhaltaí. Léiríonn an sleamhnán seo an plean roimh bliain 5 den straitéis, is é sin 2026. Táimid ag iarraidh go mbeidh 70% de na scoileanna páirteach. Leathnóimid an tionscnamh go grúpaí eile agus beidh níos mó rannóige den státseirbhís páirteach ann.

Ní dúirt tú cad é an duais don chomórtas. An bhfuil cead agam cur isteach air?

Mr. Liam Sinclair

Agallamh leis an Taoiseach a bhí mar duais. Má tá an Cathaoirleach ag iarraidh cur isteach ar an gcéad comórtas eile, is féidir leis.

Sin an duais. Iarraim ar Daithí Ó Loinsigh cur síos a dhéanamh air.

Mr. Daithí Ó Loinsigh

Chas mé leis an Taoiseach, mar a dúirt Liam Sinclair, agus lá dochreidte a bhí ann. Táim sásta labhairt mar gheall air. Rinne sé cur síos ar a phost san earnáil phoiblí agus lá an-taitneamhach a bhí ann. Bhí sé cosúil leis an lá inniu; bhí béile agam i mbialann na gComhaltaí, bhí mé in ann turas a thógáil timpeall Theach Laighean agus ansin bhí an ócáid mhór féin. Chas mé leis an Taoiseach agus bhí agallamh iontach againn. D'fhorbair sé ó agallamh go comhrá ag pointí áirithe mar bhí mé in ann labhairt leis as Gaeilge freisin, rud a bhí an-saoithiúil. An príomhghné de mo fhíseán, a bhuaigh an comórtas, ná an Ghaeilge. Cheap mo mhúinteoir, Iníon Ní Mhuircheartaigh, go ndéanfadh an ghné sin an físeán uathúil agus is dócha go ndearna toisc gur bhuaigh mé an príomhdhuais. Táim fós an-bhuíoch agus an-sásta labhairt mar gheall ar an lá dochreidte sin. Bhain mé an-taitneamh as an gcomórtas ar fad

Gabhaim buíochas le Daithí Ó Loinsigh agus déanaim comhghairdeas leis. Tá mise chun rud mar gheall ar ról an choiste a léamh amach - rinne mé dearmad é a léamh amach níos luaithe. Seo Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge agus tá muidne an-sásta agus an-bhródúil as an bhfeidhm dhearfach a bhí againne agus Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 os ár gcomhair ar Chéimeanna difriúla. Cé nach bhfuaireamar gach rud a bhí uainn agus gach rud ar gá leis i mo thuairim agus i dtuairimí a lán de na comhaltaí, is dul chun cinn suntasach an mír reachtaíochta seo, go mór mór an fhoráil ina leagtar síos go bhfuil agus go mbeidh aird ag an gcoiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge ar an líon foirne de chuid comhlachtaí poiblí atá inniúil i nGaeilge a mhéadú ionas go mbeidh, a luaithe is atá sé indéanta, tar éis an lae bunaithe. Ní bheidh sé níos déanaí ná an 31 Nollag 2030 agus beidh 20% ar a laghad de baill foirne a earcófar amach anseo chuig comhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge agus sin bua ríthábhachtach a bhí againn. Is léir ón méid atá ráite inniu go bhfuil réimse mhór fada agus leathan de phoist sa státseirbhís agus tá an reachtaíocht againn anois. Tá ár gcearta teanga neartaithe agus cuirfear leis sin amach anseo ach anois tá sé ar an gcéad ghlúin eile beart a dhéanamh de réir an bhriathair atá againne. Níl mise ag lorg poist sa státseirbhís anois so tá sé roimh an chéad ghlúin eile déanamh cinnte de go bhfuil siad ag cur isteach ar na poist seo, go bhfuil an Ghaeilge le cloisteáil sa státseirbhís agus go bhfuil na seirbhísí ar chóir go mbeadh ann le pobal na Gaeilge ann. Tá muinín agamsa go bhfuil sibhse atá os ár gcomhair inniu agus atá ag éisteacht chun an beart sin a dhéanamh.

Tá roinnt ama againn chun cúpla ceist a thógáil. Caithfidh mise a bheith imithe as an seomra seo ar 5.50 p.m. mar caithfidh mé a bheith i mo Chathaoirleach Gníomhach sa Dáil ar 6 p.m.

Mr. Liam Sinclair

Tá URL suas leis a labhair mé faoi; is é sin www.publicjobs.ie/oireachtas. Beidh sé ansin inniu le gach rud a raibh mé ag labhairt faoi. Tá an físeán a bhuaigh an comórtas thuas ansin freisin. Is féidir féachaint air ar ríomhaire nó ar ghuthán.

Tá an deis ag na finnéithe ceisteanna a chur. Tá réimse mhór de dhaoine atá ag stadanna difriúla dá saolta oibre sa státseirbhís i láthair ach conas mar atá an Ghaeilge ag dul dóibh ag an staid seo? Má tá ceist ag éinne cuirigí bhur lámha in airde agus ansin glaofaidh mé orthu. B'fhéidir nach bhfuil post sa státseirbhís ag teastáil uaibh.

Mr. Samad Ayinde

Tar éis éisteacht le gach ceann de na scéalta ó na hoifigigh éagsúla, bhí siad ag rá go bhfuil tuilleadh áiteanna a impíonn Gaeilge leis an ról, ach cén áiteanna? Chuaigh John Ó Liodáin agus Liam Sinclair go dtí poist shóisialta agus chuaigh Róisín O'Hara, Aoife Mitchell agus Niamh Ní Shúilleabháin go dtí an raidió, go dtí an iriseoireacht agus go dtí an turasóireacht agus a leithéid ach cad muna bhfuil jab cosúil leis sin ag teastáil uait? Cad má tá poist éagsúla ag teastáil uait? Ceapaimse dom féin go bhfuil mé ag déanamh sé bliana de scoil trí Ghaeilge. Cad iad na buntáistí domsa má tá mé ag lorg poist thar lear nó a bheith i mo dhlíodóir cad a dhéanann sé sin dom?

Mr. John Ó Liodáin

An-cheist. Maith thú, Samad Ayinde, agus gabhaim buíochas leat as an gceist sin a chur agus a ardú. Níor fhreastail mise ar scoil lán-Ghaeilge agus bhíodh mise ag rá liom féin go raibh mé i ndiaidh 14 bliana a chaitheamh ag foghlaim na Gaeilge agus cén mhaith a bhí ann domsa. An chaoi le breathnú air ná go bhfuil tú ag tógáil ar na scileanna ar fad atá agat. Tá an oiread sin scileanna ag chuile dhuine sa seomra agus Gaeilge sa bhreis air sin. Nuair atá tú ag breathnú ar céard ar mhaith leat a dhéanamh sa saol seo, bíonn ort a rá leat féin cén chaoi a n-úsáidfidh tú na scileanna ar fad atá agat. Luaigh Samad Ayinde poist thar lear agus tá go leor róil ar fáil san Eoraip do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu agus do dhaoine a bhfuil ilteangach. Tá go leor cairde feicthe agam atá imithe chun na Bruiséile, Brussels, sa Bheilg, agus tá siadsan ag obair trí Ghaeilge, trí Fhraincis agus trí Bhéarla ag an am céanna. Tá mé ag iarraidh go gcuimhneoidh sibh ar fad gur scil ar leith í an Ghaeilge agus gur scil í nach bhfuil ag go leor daoine. Na daoine atá sa seomra seo inniu tá sí seo agaibh agus nuair atá sibh ag cur isteach ar ról seo rud sa bhreis nach mbíonn ag daoine éagsúla. Breathnaigh amach, déan cinneadh ar céard ar mhaith leat a dhéanamh agus ansin breathnaigh ar cén chaoi gur féidir sin a dhéanamh trí Ghaeilge. Mar a dúirt Liam Sinclair níos túisce, tá an oiread sin róil fógartha ag Publicjobs.ie. Labhair le daoine a ndeachaigh isteach sa státseirbhís nó san earnáil phoiblí le fáil amach cén chaoi gur féidir do scileanna, an Ghaeilge san áireamh, a úsáid sa ról sin.

Ms Róisín Ní Mhórdha

Tá an feachtas seo iontach maith agus tá sé go maith go mbeidh 20% den státseirbhísigh in ann Gaeilge a labhairt amach anseo sa todhchaí. An bhfuil múinteoirí tógtha san áireamh sa chéatadán seo? Tá a fhios agam go bhfuil ganntanas múinteoirí atá in ann Gaeilge a labhairt agus tá fadhbanna ag scoileanna áirithe, ár scoil san áireamh, múinteoirí le Gaeilge a aimsiú.

Tá ganntanas múinteoirí ann. Conas is féidir linn daoine le Gaeilge a mhealladh i dtreo oiliúint mar mhúinteoirí chun go mbeidh go leor múinteoirí againn?

Mr. Liam Sinclair

Go bhfios dom, níl baint ag múinteoirí leis an 20%. Is é seo an tseirbhís í féin ach tá a fhios agam go bhfuil ganntanas múinteoirí ann. Tá mé ar dhá bhord bainistíochta scoile. Níl a dhóthain múinteoirí sa scoil Ghaeilge ná sa scoil Bhéarla. Tá deacrachtaí acu i leith gach ábhar. I dtús báire, is rud polaitiúil é sin. B'fhéidir go mbeidh eolas ar leith ag an mbeirt ón Roinn Oideachais faoi sin. Maidir leis an gcéad chuid den cheist, níl baint ag múinteoirí leis an 20%. B'fhéidir go mbeidh an Cathaoirleach in ann mé a cheartú ar an bpointe seo.

Bhí cúpla cruinniú againn anuraidh faoin gceist seo agus faoin ngéarghá atá ann leibhéal níos airde Gaeilge a bheith ag múinteoirí bunscoile, fiú dóibh siúd atá chun múineadh trí Bhéarla, agus níos mó múinteoirí le Gaeilge a earcú. Bhí sraith moltaí ón gcoiste seo curtha ar aghaidh. Mholamar go mbeidh ar ábhair mhúinteora níos mó ama a chaitheamh i gceantair Ghaeltachta. Phléigh muid conas gur féidir daoine a mhealladh ó phoist eile sa Státseirbhís chuig an múinteoireacht. Tá géarghá ann. Ní cóir go mbeadh fadhb amach anseo mar tá níos mó daltaí ag dul chuig Gaelcholáistí ach go háirithe, ach níl go leor spásanna sna Gaelcholáistí don oiread atá ag fáil oideachas trí Ghaeilge ag an mbunleibhéal. Is gá don Stát níos mó infheistíocht a dhéanamh i nGaelcholáistí agus sna hollscoileanna chun go mbeidh daoine le Gaeilge ag teacht amach ag gach uile leibhéal le gach uile shórt céim. Tá fadhb ann faoi láthair agus caithfimid díriú isteach uirthi ach tá poist ann d'aon duine ar spéis leis nó léi a bheith ag múineadh trí Ghaeilge. Chuirfeadh gach uile scoil fáilte roimh a leithéid de dhaoine amach anseo, más féidir leo.

Ms Dearbhla Ní Choileáin

An gceapann na hoifigigh go mbeidh éileamh ar dhaoine le Gaeilge i gcomhair post mar dhlíodóirí nó dochtúirí? Ba cheart go mbeadh daoine in ann leigheas a fháil trí Ghaeilge agus, más rud é go bhfuil siad ar triail, ba chóir go mbeadh dlíodóir acu atá in ann a dteanga dhúchais a labhairt leo agus go mbeadh siad in ann úsáid a bhaint as a gcuid cearta trína dteanga dhúchais.

Don chuid is mó, is ón Státseirbhís an dream atá anseo inniu. Tá ról ag an Státseirbhís. Tá ospidéil ann agus tagann a lán ionad leighis faoi chúram an Stáit. Bhí Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte os ár gcomhair. Baineann an 20% le poist san HSE chomh maith seachas le poist in oifigí amháin. Nuair a bhí Liam Sinclair ag léiriú na pictiúir dúinn, ba léir nárbh obair chléireachais amháin a bhí i gceist. Tá réimse an-mhór post le líonadh ag an Stát amach anseo agus caithfidh go mbeidh an Ghaeilge ag 20% de na hearcaithe ar a laghad. Beidh poist ann ag leibhéal ard. Beidh ar oifig an Director of Public Prosecutions, na cúirteanna agus a leithéid daoine le Gaeilge a fhostú. Tá jabanna ann agus beidh jabanna ann. Tá folúntais ann faoi láthair nach féidir iad a líonadh. Má phioctar na hábhair agus má labhraítear leis na múinteoirí atá ag tabhairt comhairle do scoláirí maidir le poist, beidh a fhios acu go bhfuil na poist ann. Tá fíorbheagán post ar dhomhan nach bhfuil an Ghaeilge ag teastáil ann. Níl aon phost ar dhomhan nach bhfuil sí mar bhuntáiste ann. Má tá daoine thuas ansin ag féachaint ar an domhan ón spás, cuidíonn sé leo an Ghaeilge a bheith acu mar beidh aithne acu ar an gceantar thíos fúthu. Is é sin mo thuairim. Tógfaidh mé ceist amháin eile má tá ceist ag aon duine. Ansin déanfaidh mé gach rud a chríochnú.

Mr. Daithí Ó Loinsigh

Gabhaim míle buíochas leis na hoifigigh as ucht a scéalta ríshuimiúla a roinnt linn ach tá ceist ghinearálta agam. An dtapaíonn na hoifigigh an deis a gcuid Gaeilge a chleachtadh lasmuigh dá saol gairmiúil?

Ms Niamh Ní Shúilleabháin

Táim tar éis a bheith ag obair trí Ghaolainn ach tá go leor cairde agam lasmuigh den obair agus labhraímid le chéile trí Ghaolainn. Ceapaim go bhfuil sé ríthábhachtach. Tá obair dheonach ar siúl agam. Táim ar bhord bainistíochta scoile, cosúil le Liam Sinclair. Bím in ann feidhmiú trí Ghaeilge lasmuigh de mo chuid oibre agus fós a bheith ag tacú leis an bpobal agus an Ghaeilge a chur chun cinn. Bainim an-taitneamh as sin mar tá sé an-sóisialta agus is deis é bualadh le daoine nua chomh maith.

Ms Aoife Mitchell

Oibrím sa Státseirbhís agus sa Roinn Oideachais tá ciorcal comhrá againn. Ceapaim féin go mbíonn nasc agam le duine ar bith eile a bhfuil Gaeilge aige nó aici toisc go bhfuil an Ghaeilge againn agus eadrainn. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach domsa mar Ghaeilgeoir.

Caithfidh mé críoch a chur leis an gcruinniú. D'fhéadfaimis a bheith anseo ag déileáil leis an gceist seo go deo na ndeor. Ní dhéanfaidh mé é sin ar ár n-aíonna. Cuirfidh mé clabhsúr leis an díospóireacht agus leis an seisiún seo. Gabhaim buíochas le gach aon duine as teacht anseo inniu.

Tá ábhar amháin eile go gcaithfidh mé déileáil leis mar chuir sé as dom níos luaithe. Déanann an coiste seo fáilte a chur roimh aon Teachta nó Seanadóir gur mhaith leis nó léi freastal ar chruinniú nó páirt a ghlacadh in imeachtaí an choiste ach measaim go raibh sé tubaisteach inniu ag ár gcruinniú gur shleamhnaigh Teachta amháin isteach agus nár ghlac sé páirt sa chruinniú in aon chor ach gur thosaigh sé ag scaipeadh bileoga bolscaireachta faoi féin ar na cuairteoirí óga ó scoileanna difriúla. Níos maslaí fós, bhí an bhileog sin go huile agus go hiomlán i mBéarla. Is coiste Gaeilge muid agus déanann muid ár ngnó trí Ghaeilge. Lorgaíonn aíonna anois agus arís cead labhairt as Béarla nó as Albainis nó as pé teanga. Níor dhein seisean é sin agus beidh mé ag scríobh chuige chun gearán a dhéanamh.

Agus é sin ráite, tá an cruinniú curtha ar athló go dtí 1.30 p.m. ar an 25 Bealtaine nuair a phléifear spreagadh foilsitheoireachta agus léitheoireachta na Gaeilge le hionadaithe ón gComhairle Ealaíon.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 5.48 p.m. go dtí 1.30 p.m. Dé Céadaoin, an 25 Bealtaine 2022.
Top
Share