Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 21 Jan 1919

Vol. F No. 1

1. CEANN COMHAIRLE I gCOIR AN LAE.

Molaimse don Dáil Cathal Brugha, an Teachta ó Dhéisibh Phortláirge do bheith mar Cheann Comhairle againn indiu.

Is bród mór damhsa cur leis an dtairgsin sin.

Air sin do ghaibh CATHAL BRUGHA ceannus na Dála agus adubhairt :-

" A cháirde, tá obair thábhachtach le déanamh annso indiu, an obair is tábhachtaighe do rinneadh in Éirinn ón lá tháinic na Gaedhil go hÉirinn, agus is naomhtha an obair í. Daoine go bhfuil dóchas aca as Dia iseadh sinn go léir, daoine a chuireann suim i ndlighthibh Dé, agus dá bhrigh sin budh chóir dúinn congnamh d'iarraidh ar Dhia i gcóir na hoibre atá againn le déanamh. Iarrfad anois ar an sagart is dúthrachtaighe dár mhair riamh i nÉirinn, an tAthair Micheál Ó Flannagáin, guidhe chum an Spioraid Naomh dúinn chum sinn do stiúradh ar ár leas ar an mbóthar atá againn le gabháil. "

" Agus, a cháirde, pé cineál creidimh atá ag éinne annso, iarrfad ar gach n-aon paidir do chur suas chum Dé, ó íochtar a chroidhe chum cabhair do thabhairt dúinn indiu. Glaodhaim anois ar an Athair Micheál Ó Flannagáin. "

Do tháinig an tATHAIR Ó FLANNAGÁIN i láthair na Dála agus do léigh an phaidir seo i n-ár ndiaidh :

"Tair, A Spioraid Naomh, ath-líon croidhthe t'fhíoraon, agus adhain ionnta teine do ghrádha. "

" Cuir chugainn do Spioraid agus cruthóchfar iad agus athnuadhfaidh Tú aghaidh na talmhan."

" Guidhmís: "

" A Dhia, do theagaisc croidhthe sa bhfíoraon le lonnradh an Spioraid Naoimh, tabhair dúinn, san Spiorad cheudna, go mblaisfimíd an ceart agus go mbéidh síorgháirdeachais orainn de bhárr a shóláis sin. Tré Íosa Críost ár dTighearna. Ámen"

Top
Share