Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 21 Jan 1919

Vol. F No. 1

6. TOSCAIRI CHUM COMHDHALA NA SIOTHCHANA.

Iarraim ar an dTeachta ó Chuan na Mara triúr d'ainmniughadh mar Thoscairí i gcóir Comhdhála na Síothchána.

A Chinn Chomhairle is a mhuinntir na Dála, tá bród mór orm ainmneacha triúr do mholadh dhaoibh mar Thoscairí ó Shaorstát Éireann go Comhdháil na Síothchána .i..

1. Éamonn de Bhaléra, ceann muinntire na hÉireann;

2. Seóirse Pluinncéad, ár ndeaghchara atá ag troid d'Éirinn le fada, fear atá tar éis mórán pianóis d'fhagháil ó'n nGall;

3. Art Ó Gríofa, duine atá ag obair d'Éirinn le breis mhór is fiche bliain, fear do threóruigh muinntir na hÉireann chum seasamh le na ndúthaigh féin, agus chum Éire do scaradh ón nGall.

Den triúr atá luaidhte agam, is léir daoibh go bhfuil beirt aca ná fuil i láthair: táid i bpríosún i Sasana; acht má tá droch-mheas ag an Sasanach ortha ní mar sin do Ghaedhlaibh, agus isé mo thuairim-se ná féadfaimís triúr is feileamhnaighe d'fhagháil le cur ag triall ar Chomhdháil na Síothchána insa bhFraingc. Na daoine atá bailighthe annsúd ó náisiúnaibh an domhain táid siad dá leigint ortha go bhfuil fonn ortha chum saoirse do thabhairt do gach náisiún sa domhan, beag is mór. Acht na teachtairí seo againne, beidh ar a gcumas an méid seo innsint dóibh - muna dtugaid saoirse d'Éirinn go mbainfidh na Gaedhil féin amach a saoirse. Tá seanrádh insa teangaidh Ghaedhilge, go mbeireann Dia congnamh dóibh seo chabhruigheas leó féin, agus tá sé ar aigne againne cabhrughadh linn féin an Sasanach do ruagadh as an dtír.

Is mór an cúis áthais domhsa cur leis an dtairgsin seo atá anois ós comhair na Dála. Is maith is eól don Dáil an triúr atá ainmnighthe; tá a n-ainm is a gclú ar eolus ag an ndúthaigh go léir agus ní gábha dhom éinnidh do rádh chum iad do mholadh dhíbh. Buidheachas le Dia, tá an triúr aca slán: tá Seóirse Pluinncéad annso i láthair, agus le congnamh Dé ní fada go dtí go mbéidh Éamonn de Bhaléra is Art Ó Gríofa annso chomh maith.

An toil libh gabháil leis an dtriúr so mar thoscairí go Comhdháil na Síothchána? ["Is toil"]. Tá san aontuighthe d'aonghuth.

Top
Share