Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 16 Aug 1921

Vol. S No. 1

ELECTION OF DEPUTY SPEAKER.

Is mian liom Seán O Ceallaigh ("Sceilg") d'ainmniú mar Leas-Cheann Comhairle. Fear léigheannta, ciallmhar iseadh é gur féidir linn ionntaoibh a bheith againn as.

Is áthas domhsa cuidiú leis an rún so. Na daoine go bhfuil baint acu le h-obair na hÉireann tá siad deimhnighthe dhe ná fuil aon easba céille ná tuigsiona ar an Teachta ó Chonndae Lughmhaighe. Rinne sé obair mhaith mar Cheann Comhairle roimhe seo.

Sul a gcuirtear an mola so os cóir na Dála, ós rud é go samhluíonn sé dhom gurab é aon toil na Dála go nglacfainn-se leis an gcúram so arís, is mian liom a rá ná fuil aon chaitheamh agam-sa i na dhiaidh ach oiread is mar bhí an uair a cuireadh orm cheana é. An tráth ghlacas leis cheana níor shaoileas go mbeadh orm oiread oibre do dhéanamh ar son na Dála is mar thuit orm ó shoin. Tá dóchas agam gur fada a fágfar tusa againn, a Chinn Comhairle. Ach má sciobann an Rialtas iasachta uainn arís thú, is go mbead-sa saor, agus má's é rogha na Dála go raghfainn-se it' ionad, déanfad san, nó éinní eile go mbeidh gá leis, agus fáilte.

Cuireadh an rún agus glacadh leis.

Top
Share