Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 17 Aug 1921

Vol. S No. 2

AIREACHT NA GAEDHILGE.

AN LEAS-CHEANN COMHAIRLE:

Glaodhaim anois ar Phroinnsias O Fathaigh chun tuairisg a thabhairt dúinn i dtaobh Aireacht na Gaedhilge.

then presented and read the following Report:

Is beag atá againn le cur anois leis an dTuarasgabháil a leagadh os comhair an Uachtaráin le diadhnaighe.

An Ghluaiseacht.—Fé mar mínigheadh i n-ár ndara Thuarasgabháil, ag cur an ghléis Oideachais i bhfeidhm tré sna scolaibh an cúram is mó ar an Aireacht ó ceapadh an gléas. Chuadhthas i gcomhairle go luath le hEasbogaibh na gCaitliceach 'san Ghaedhealtacht, nó le n-a n-urmhór, óir, is mór é a smacht úd ar scolaibh na tuatha. Tá geallta aca uile, ach amháin beirt, go cabhróchaidh linn chun an Ghaedhilg d'aithbheochaint. Mar shuidheamh ar sin tá trí fairche ar a laighead de .i. Tuaim Dhá Ghualainn, is Ciarraighe, is Portláirge, agus ní glacfar le haon oide feasta ionnta gan teisteas maith fé Ghaedhilg aige. Cuireadh san i n-iúil go soléir i gCiarraighe le diadhnaighe.

Pé scéal é, tá an gléas ar siubhal i mór-chuid de scolaibh na Gaedhealtachta cheana féin, agus tá feabhus ar a thuilleadh aca do réir tuarasgabhála ár dTimthirí. Cuirid na leanbhaidhe scoile an-spéis i sna comórtaisíbh i gcóir na mbonn airgid. Is é is mó atá ag cur i gcoinnibh an oideachais fén dtuaith gan na leanbhaidhe do bheith ag dul ar scoil i n-aon chor le diadhnaighe, acht anois agus arís. Tá oididhe agus timthiridhe ag gearán mar gheall ar seo, is ní mór don Dáil féin féachaint i ndiaidh an scéil.

Ag Gríosadh na Gaedhealtachta.— Beidh sé mar chúram ar an nDáil, leis, a thaisbeáint do mhuintir na Gaedhealtachta, go mbeidh slí beathadh le fáil feasta ag Gaedhilgeóiríbh chomh haosáideach is mar a bhíonn ag Béarloiríbh. Go dtí go ndéanfar san do dheimhniú dhóibh beidh éileamh aca ar an mBéarla, agus ní cuirfear spéis ceart 'san Ghaedhilg. Ceapaid muinntir na Gaedhealtachta le fada fada, go leanaid dealbhais is gábhtar labhairt na Gaedhilge. Ní mór dúinn an tuairim sin do chur chun fáin, agus níorbh fhearr slí chun a dhéanta ná tosach a thabhairt do Ghaedhilgeóirí i ngach beart dá mbíonn i n-áirde má bhíonn siad oireamhnach ar shlighthibh eile. Don Dáil féin is córa deagh-shompla do thabhairt ins na nithibh seo. Ach tuigimíd go bhfuil daoine eile seachas Gaedhilgeoiridhe ag tabhairt a n-ama agus a maoine ar son ár saoirse, agus gan aon amhras tá cothrom na Féinne ag dul dóibh siúd. Is féidir mórán comaoine do dhéanamh don Ghaedhilg, ámh, tré gach Aireacht den Dáil, tré na cúirtibh nuadha, is tré gach úrlais is gléas eile dá bhfuil is dá mbeidh fé chomairee na Dála. Mór-mhór, thiocfadh leis an Eaglais féin ar leithligh ár dteanga dhúthchais do bhuan-chosaint ach cur chuige dá riribh.

Na Búird Poibhdhe.—An tslighe gur féidir leis na bordaibh poiblidhe an Ghaedhilge do chur chun cinn, leagadh tuairim Chonnartha na Gaedhilge os comhair an Aire um Riaghaltas Aiteamhail agus tá cuid dá thoradh le feicsint cheana féin. Moladh do bhordaibh poiblidhe Gaedhilgeóir do thoghadh mar Uachtarán ar gach Comhairle 'san Ghaedhealtacht, agus i ngach áit eile gur féidir é, agus Gaedhilgeóirídhe mór-mhór do bheith ar gach fuirinn chonganta i dtreo go bhféadfadh an slógh a ngnóthaidhe do dhéanamh leo tré Ghaedhilg. Táthar ag géilleadh don chomhairle sin go fóir-leathan. Mholamar fós dóibh seiceanna, agus seolta, teidil is a leithéidí do scríobhadh is do chló-bhualadh i nGaedhilg feasta; na mion-tuairiscidhe féin do scríobhadh i nGaedhilg, coimfhreagairt do dhéanamh agus cuntaisidhe do choimeád i nGaedhilg; fógraí is faisnéisí do chraobhscaoileadh tré'n Ghaedhilg, agus tosach a thabhairt do pháipéaraibh nuadhachta go mbíonn báidh aca leis an nGaedhilg is le lucht a labhartha ag na bordaibh puiblidhe. Agus i n-aimhdheoin buaidheartha na haimsire tá na gnása so ag á mbeathadh féin go tiugh.

Constaicí.—Mar adubhramair 'san treas Tuarasgbháil dár leagamair os comhair na Dála le diadhnaighe, seo mar atá an scéal againn 'san Aireacht so fé láthair:

Tá beirt dár n-ochtar timthiridhe fé ghlasaibh. Gabhadh timthire Iarthair Chorcaighe fá thrí sul ar cuireadh i mbuan-ghéibheann é san Earrach. Gabhadh timthire Chiarraighe ní ba dhiadhnaighe, is nior scaoileadh ó shoin é. Ní ba dhiadhnaighe fós do gabhadh timthire Mhuigheo, is cuireadh fé ghlasaibh é chomh maith leo, ach tá sé saor anois. Is beag nár mhairbh lucht an airm Ghallda an timthire seo is iad ag á ghabháil. Chuireadar d'fhiachaibh air teacht ar a ghlúnaibh agus Rí Shasana a shár-mholadh; chuireadar gléas lámhachta le n-a chloigeann is le n-a phusaibh is bhascadar ó bhonn é; líonadar a bhéal is a scórnach le bogach go dtí go raibh sé nach mór tachta aca. I ndeireadh na scríbe chaitheadar isteach i loch é, agus choimeádadar ann é go dtí go raibh sé beagnách báidhte. Iar sin thógadar go carcar é agus d'fhágadar ann é, fuar, fliuch, gan biadh, gan deoch. Nidh nách iongnadh fuair sé taom breoiteachta de dheascaibh an bhasctha, agus sul ar chuir sé san de, gearradh príosún ráithe air mar gheall ar óráid dár thug sé uaidh ag Comhairle Chondae Mhuigheo. Tugann an t-arm Gallda an droich-íde chéadna do gach Gaedhilgeóir do réir mar gheibhid greim ortha. Bhí tuairise scríbhte agam ar a n-íde uile— idir dún-mharbhadh is bascadh, gabháil is dóighteán is uile—ach tógadh uaim é an uair do gabhadh mé féin 'san Earrach, is ní fhaca ó shoin é.

Ar Saothar fé Láthair.—Na Coistidhe Paróiste is na Coistidhe Ceanntair is na Coistidhe Condae do bhí ar bun againn níor bhféidir leo teacht le chéile—acht annso agus annsúd i sna Déisibh—agus na comórtaisidhe do bhí le bheith againn i gcomhair líonta tighe 'san Ghaedhealtacht is baoghalach go gcaithfimíd eirghe as a n-urmhór i mbliana mar ná féadfar Feiseanna do thionóladh.

Ach tá comórtaisidhe ar siubhal go fonnmhar i gcomhair na mbonn airgid i mbunscolaibh na Gaedhealtachta; agus tá urmhór na mbainisteoirí is na hoididhe ag cabhrughadh linn go dicheallach.

Tá na comórtaisidhe i gcóir na gCorn i sna meadhon-scolaibh ar leath-taoibh againn anois. Ní raibh oiread meadhonscol istigh ortha is mar shíleamar roimh ré, ach chuireamar cigiridhe chucha go léir chomh fhada agus do bfhéidir é, agus dá anacraighe agus bhí an saoghal againn le linn an scrúdú, tá tuarasgbháil againn ar staid na Gaedhilge ionta uile nách mór. Gabhadh mórán oididhe meadhon-scol, is tá san ag cur i n-a gcoinnibh.

Bhíodh mórán daoine ag gearán mar gheall ar na teistiméarachtaí a bhí le fáil i gcuid mhaith de Choláistíbh Gaedhige, Thugamar Comhdháil teachtairidhe le chéile ó sna Coláistibh uile, Luan Cingcíse, chun an cheist do phléidhe, agus cheapamar comhairle a leaghasfaidh an scéal i dtuairim na ndaoine is mó eolas air.

Mar adubhradh go minic, tá gábhadh le leabhraibh i gcóir gach gráda oideachais. Ní misde dhúinn a rá i n-a thaoibh san gur beag scríobhnóir i nÉirinn nách bhfuil ag scríobhadh fé láthair chun an t-casnamh san do leaghas. Tá toradh a saothar ag teacht isteach chugainn cheana féin, agus deagh-dheallramh ag teacht ar an scéal go léir.

Scoláireachtaí.—Mholamair don Dáil anuraidh ocht scoláireachtaí—agus luach leath-chéad púnt (£50) i ngach scoláireacht aca—do thabhairt do bhuachaillíbh ó'n nGaeltacht d'fhonn iad do ullmhughadh le dul isteach ar mhúinteóireacht is timthireacht i sna bun-scolaibh. Do b'ionghadh linn gan éinne ó Thír Chonaill ná ó Dhéisibh istigh ortha. An mac-léighinn a bhí againn ó Chondae na Gaillimhe is truagh linn go bhfuair sé bás. D'eirigh duine de bhuachaillíbh Chorcaighe as an bhfoghluim agus d'imthigh sé abhaile sul a raibh an téarma caithte aige, acht is fiú dhúinn leanmhaint don obair is a leathadh amach. Dá réir sin tá leath-chéad scoláireacht i n-áirde againn i mbliana agus luach deich bpúnt fhichead (£30) i ngach scoláireacht:

24 scoláireacht i gcóir buachaillí 'san Ghaedhealtacht.

16 scoláireacht i gcóir cailíní 'san Ghaedhealtacht.

6 scoláireacht i gcóir buachaillí 'san Ghalldacht.

4 scoláireacht i gcóir cailíní 'san Ghalldacht.

Sin leath-chéad scoláireacht agus míle go leith púnt (£1,500) de chostas ag baint leo. Tá an scrúdú i n-a gcomhair siúd ar siubhal indiu (Dia Máirt). Rachaidh na daoine óga go léir go Scoil Ullmhuighthe agus as san go dtí Coláiste Múinteóireachta. Muna mbeadh an saoghal do bheith beagán buaidheartha bhíomair ag cuimhneamh ar scoil ullmhuighthe do chur ar bun i n-a gcomhair, ach is fearr san do chur ar athló go fóill.

Gheallamair luach céad púnt (£100) de scoláireachtaí don Scoil Timthireachta bhíonn ag Connradh na Gaedhilge i mbliadhna airís fé mar a dheinemar anuaraidh. Acht níor éirigh leis an gConnradh an scoil do chur ar siubhal toisc an aimsear do bheith chomh buaidheartha is mar bhí.

Cúrsaí Oideachais.—Gach ceist agus comhairle dár tháinig fé dhéin na Dála dtaoibh oideachais i gcoitchinne cuireadh mar chúram ar an Aireacht so iad. D'iarr Comhairle Chondae, nó dhó, orainn réim oideachais ó mhullach talamh do leagadh amach i gcomhair na tíre. Cúram mór é sin agus an t-atharughhadh mór, .i. Transition, ar siubhal. Ach nílimíd ag déanamh faillighe 'san scéal. Tá Comhdháil thuigseanach ag scrúdughadh cúrsaidhe bun-oideachais le leath-bhliadhain, agus dlúth-bhaint ag an Aireacht so léi; agus tá Clár ceart oideachais réidhtighthe aca anois. Ní mór do lucht na Dála é choimeád go daingean i n-a n-aigne i gcomhnuidhe go bhfuil breis is cúig milliún púnt (£5,000,000) 'san mheastachán do cuireadh go dtí an Riaghaltas Iasachta le hagaidh bun-oideachais na hÉireann i mbliadhna.

Thugamar Comhdháil eile le chéile lá Lughnasa chun cúrsaí meadhon-oideachais do scrúdú agus clár is comhairle do cheapadh i n-a thaoibh. Cheapadar Comhdhaltas nó Coimisiún chun an cheist do scrúdú agus réim meadhon-oideachais do leagadh amach fé mar deineadh le bun-oideachas. Ní dhéanfaidh an Coimisiún san faillighe 'san obair.

Táimíd mí-shásta leis an Iolscoil Náisiúnta, is ní gan fáth é. An gléas do mholamair dá lucht stiúrtha anuraidh is beag spéis a chuireadar ann, mór-mhór i mBaile Atha Cliath. Atá geallta ag lucht ceannais na gColáistí inGaillimh is i gCoreaigh léigheachta fó leith as Gaedhilg do bheith aca um thráthnóna feasta. Fén Seanaid féin atá an leaghas; muna leaghasfaid, caithfear an Seanaid féin do leaghas. Beidh Uachtarán Shaorstáit Éireann i bhfíor-cheannas na hIolscoile fén am go mbeidh cúrsaidhe bun-oideachais agus meadhon-oideachais scrúduithe ag an dá Chomhdháil atá i n-a bhfeidhil siúd: agus is féidir an uain do bheith go tráthamhail chun Comhdháil oiriúnach do cheapadh i gcóir oideachais Iolscoile annsoin.

Críoch an Scéil.—Is féidir le Comhairlíbh Chondae feidhm do bhaint as a gcuid scoláireachtaí chun an Iolscoil Náisiúnta agus oideachas i gcoitchinne do Ghaedhealughadh is do chur i bhfeabhus. Níor mholamair-na do sna Comhairlíbh so airgead do leagadh amach ar oideachas fé láthair toise a dheacracht is atá sé a ndóthain airgid do sholáthairt i gcóir gnóthuidhe eile atá ana-riachtanach. Ar an abhar céadna níor iarramar mórán airgid ar an nDáil anuraidh, agus an méid do gealladh dúinn ní móide go gcaithfimís é i n-iomshlán. Is mór an buntáiste dhúinne agus is mór an laigheadughadh ar ár gcostas é, Connradh na Gaedhilge do bheith ag gabháil go dicheallach don obair chéadna is mar tá ar siubhal againne. Ar ár nós féin tá scrios déanta ar an gConnradh ag slóightibh an Riaghaltais Iasachta. Acht ní lughaide san meas na ndaoine ar an dteangain dúthchais acht a mhalairt.

O cuireadh Aireacht na Gaedhilge ar bun do labhair an tAire le slóightibh móra i nUibh Méith, i nDún Dealgan, i nAth Fheardiadh, i nDroichead Atha, i gCabhán, i gCill Mhanntáin, ag an nDroichead Nua, i Ros Mhic Trcoin, i dTráighlí, i Ros Comáin is i mballaibh eile, agus is áthas leis a bheith aige le rá go bhfuil ag éirghe go maith is go mear le teangain ár dtíre. Chomh luath is beidh de chaoi againn ár ndaoine do ghríosadh is do bhrostughadh is do chomhairliughadh ós árd arís i dtaoibh an fhriotail is dual dóibh, beidh toradh ár saothair againn go mear is go raidh seamhail do dheoin Dé.

Seán Ua Ceallaigh,

Aire na Gaedhilge.

Téacs-Leabhair atá Soláthruighthe nó dá Soláthar le Cabhair ó Aireacht na Gaedhilge.

Cócaireacht (M. O Cionnfhaolaidh)—á chló-bhualadh.

Céimseata III. (E. O Neachtain).

Bláthanna agus Planndaidhe (Pádraig Aghas agus An Buachaillín Buidhe).

Leabhar ar Aireamh I—III. (Seán O Cuirrín).

Ailgéiber II. (S. Mac Enrí)—á ullmhughadh.

Tír-Eolas na hÉireann (M. O Catháin)—á ullmhughadh.

Tír-Eolas na Éireann (S. Tóibín)—á ullmhughadh.

Leabhar na Leanbhaí—Kindergarten— (T. O Raithille, B.A.).

Gearra-Scríbhinn—Shorthand—(S. Mac Enrí).

Solfadóir Gaedhealach (Tomás O hAodha, O.S.).

Leabhar Deagh-Scéal don Aos Og (An t-Ath. P. O Duinnín).

Leabhar i gCanamhaint Thír Eoghain— á scríobhadh.

Stair na hÉireann I.—III. (Tomás O Conceanain)—á scríobhadh.

Ailgéiber (S. Mac Niocaill).

[Translation].

There is little to add now to the detailed Report recently submitted to the President.

As explained in our Third Report, this Department has been concerned very largely with the promotion in the schools of the Dáil's Scheme of Education since the scheme was approved. We have taken counsel with most of the Bishops in the Irish-speaking areas where the hierarchy wield most influence in educational matters, and, with two exceptions, they have promised their active co-operation in the revival of Irish. As evidence of this, it has been made the rule in at least three dioceses —those of Tuam, Kerry, and Waterford—to appoint no teachers henceforward who have not satisfactory certificates for the teaching of Irish. The determination to abide by this rule was made abundantly clear in Kerry recently. At any rate, our scheme is already in operation in many of the schools, and there is a marked improvement in the attitude of others, judging by our Organisers' reports. The children, too, have taken the liveliest interest in the competitions for the silver medals. What militates most against efficient teaching in the rural schools is the unsatisfactory attendance of the pupils; organisers and teachers complain of the irregular attendance, and the Dáil must find a remedy for it.

It will be a matter for the Dáil also to convince the people of the Irish-speaking areas that henceforward those who know Irish will have equal opportunities to obtain appointments with those who know English. Until this is established, English will have an enhanced value and Irish will be relatively neglected. Those in the Irish-speaking areas have long felt that poverty and destitution follow the use of Irish. This feeling must be dispelled, and no better means of dispelling it could be adopted than the giving preference to speakers of Irish when appointments are being made, provided they are suitable in other respects. From the Dáil itself the initiative of good example in this respect would most naturally come; though it is realised that others besides Irish speakers have been giving their lives and their substance for Irish liberty, and they, of course are entitled to due recognition. Much advantage can be conferred on Irish through every Department of the Dáil, through the new Courts, and through every other institution under the auspices of the national Parliament. Moreover, the Church alone could restore and perpetuate the national language if only it so willed.

How the public boards can advance the interests of our native speech has been explained through the Department of Local Government, and some of the fruits are already visible. Public Boards have been urged to choose Irish speakers as Chairmen of the various Councils in the Irish-speaking areas and elsewhere, as far as feasible, and to have persons with a working-knowledge of Irish on their staffs so that the public might transact their business through the medium of the vernacular. This advice is being followed extensively. They have also been counselled to have cheques, addresses, titles, and the like written and printed in Irish, minutes and accounts kept, and correspondence conducted in Irish, advertisements and announcements published in Irish, and preference given to newspapers in sympathy with Irish and accustomed to report Irish speakers at the Public Boards. And, in spite of the disturbed state of recent times, the use of Irish in all these spheres is extending visibly.

As indicated in the third Report submitted by us, this is the present position of our Department. Two of our eight Organisers are in prison. The Organiser for West Cork was thrice arrested before his final incarceration in the spring. The Organiser for Kerry was later arrested and has not been since released. Still later, the Organiser for Mayo was seized and imprisoned, but released after three months. This Organiser had a narrow escape with his life from the Army of Occupation. On the occasion of his arrest they compelled him to come on his kness and repeat fulsome praise of King George; they pressed fire-arms against his head and lips, and murderously assaulted him. They stuffed his mouth and throat with bog almost to the point of suffocation, and finally threw him into a lake where they left him till he was all but drowned. Thence they bore him off to a prison cell where they left him lying, wet and cold, and exhausted from thirst and hunger. A serious attack of illness resulted, and before he had quite recovered he was sentenced to three months' imprisonment for an alleged seditious speech before the Mayo County Council. All Irish speakers are treated similarly, as seized, by the Army of Occupation. I had details of numberless such cases of cruelty, as of arrests, burnings, destruction of Irish name plates, and similar acts of aggression, but the account disappeared at the time of my arrest and has not since been restored to me.

The parish, district, and County Committees established at the outset have not been able to meet for some time, except in a few places in the Deise, and the inter-family competitions which we had arranged will have to be abandoned this year owing to the impracticability of holding Feiseanna. But the school competitions for the silver medals have been very successful; and managers and teachers have co-operated heartily in the turning competitions to the utmost advantage. The silver cup competitions in the intermediate schools, now completed, did not attract so many entries as we anticipated. But our Inspectors visited them all, as far as feasible; and in spite of serious obstacles in the way of the examinations, we have reports of the state of the language in most of them. Very many Intermediate teachers have been imprisoned, with effects which will be obvious.

In deference to widespread complaints concerning the certificates given in the Colleges of Irish, we summoned a conference of the representatives of the leading Colleges on Whit Monday, and, following a full and frank discussion of the matter, a decision was reached which, in the general opinion, will prove an adequate remedy. This Conference will re-assemble as may be deemed desirable.

As has been repeatedly pointed out, a lack of suitable texts is felt in connection with every grade of education. In this connection it may be said that practically every available writer of Irish is now at work to remedy this want. The results of their labours are reaching us speedily, and the matter has now assumed a distinctly favourable aspect.

Last year we recommended to the Dáil the establishment of a number of scholarships, value £50 each, for the benefit of native Irish-speaking boys anxious to attend a course of training to qualify them as teachers or organisers in the primary schools. To our surprise there were no candidates from Tir Chonnail or the Deise; a County Galway student, we regret, died in the course of the year; and a County Cork student, for reasons incidental to the national struggle, was obliged to abandon his training and return home. But we are satisfied that the scheme is worthy of development; and we have accordingly offered fifty scholarships, value £30 each, this year:

24 for boys from the Irish-speaking area.

16 for girls from the Irish-speaking area.

6 for boys from the Anglicised area.

4 for girls from the Anglicised area.

These fifty scholarships represent an outlay of £1,500. The entrance examinations are in progress to-day. The successful students will go first to a Preparatory School and later to a Training College. Had the times been less disturbed, we contemplated the establishment of a Preparatory School under the auspices of the Dáil; but as things stand, it is thought better to defer the project. We also promised a subsidy equal to last year's to the school of organising conducted by the Gaelic League; but the state of the times obliged the League to abandon its school this season.

All questions concerning education in general submitted to the Dáil were referred to this Department, and more than one County Council has asked us to prepare a scheme of National Education, in all its grades, for the whole country. This is a big undertaking in face of the transition now in progress, but we are not neglecting it. In the past six months, an experienced Committee has been investigating the state of Primary Education, and has now issued what promises to be a satisfactory scheme for the primary schools. The Dáil will be well advised in bearing constantly in mind that the alien estimate for Primary Education in Ireland this year exceeds £5,000,000.

We also summoned a conference in the beginning of August to discuss the position of Intermediate Education and lay down a suitable programme. This conference made appropriate recommendations to ensure the status of Irish in the Secondary School Programme for 1921—2, and appointed a Commission to enquire into the defects of the existing secondary system and suggest a suitable programme as in the case of primary Education.

We are altogether dissatisfied with the status of Irish in the National University, and not without good reason. The proposals we made in this connection last year have been almost entirely disregarded, more particularly in Dublin. The governing bodies of the Cork and Galway Colleges have, however, promised to arrange for evening lectures in Irish. The remedy lies with the Senate; unless applied, the Senate itself must receive attention. The head of the State will soon be personally at the head of the National University. By that time, the existing primary and secondary systems will have been dealt with by the Committees referred to, and the occasion may be favourable for a similar Commission on University Education.

The County Councils are in a position to utilise their Scholarships for the Gaelicising and nationalising of the University. We have not urged these Councils to apply any of their funds to Education in the circumstances which have recently confronted them, and the corresponding difficulty of providing money for other essential services. For the same reason our demands on the Dáil last year were as moderate as possible, and even the money voted us has not been all expended. It is a great advantage and a great financial saving that the Gaelic League is co-operating actively in the work which is our main concern. As in our own case, the League has suffered grievously through the attentions of the Army of Occupation. But the people's interest in the language has not lessened on that account: quite the contrary. Since the establishment of the Ministry of Irish I have addressed great hostings in Omeath, Dundalk, Ardee, Drogheda, Cavan, Wicklow, Newbridge, Maryborough, New Ross, Cork, Tralee, Roscommon and elsewhere, and I am glad to be able to report that the language is advancing everywhere. When we are again free to urge and advise our people to do their duty by their mother tongue, prompt and satisfactory results may be safely anticipated.

Seán Ua Ceallaigh.

Tairgim go ndéanfar díospóireacht ar an tuairisg seo ag an Siosón Príomháideach.

Aontuím leis sin.

AN LEAS-CHEANN COMHAIRLE:

Cuirim anois an rún so: Go ndéanfar díospóireacht ar an gcuntas so ag Siosón Príomháideach na Dála.

Glacadh leis an rún d'aon ghuth.

Top
Share