AONACH TAILTEANN.

submitted the following:—

"Seomraí Smaragaid,

"Sráid an Mainistreach,

"8/6/22.

"AONACH TAILTEANN

"Lughnasa 3adh lá go dtí an 13adh lá chéile.

"A Chara,

"Cuireadh an cúntas déanach bhí ar Aonach Tailteann ós comhair na Dála i ndeireadh an Mharta. San am bhíomar fós ag cur tré na chéile an Clár gur chóir bheith againn, agus canos mar a thagfaí ar an méid a bhí i gcumas ar ndaoine i dtiorthaibh iasachta do dhéanamh ar son cleasa na nGael, agus cheap formhór dóibh seo go raibh baint aca leis an obair, ná raibh a ndóthain aimsire acu chun dhéanamh mar ba cheart ar son athbeóchainte na Féile Aisaighe seo.

"Tar éis sin is eile tá mórán déanta agus sé tuairim na Comhairle go bhfuil gach rud anois fé stiúir mhaith gnótha.

"Níl aon rud is mó anois atá ag déanamh beighdéan do'n Chomhairle, fé go bhfuil fiche fó-Choisdí ag gabhail dó, ná an deacaireacht bheid ar lóisdín d'fhágail do sna cuairteóirí, agus gan an scéal dona céadna bheith againn is mar bhí inAntwerp, agus Athens, agus is na cathaireacha eile le linn na Oilimplcí móra.

"Mar gheall ar sin tá Cathairleach gach coisde dhóibh so thios luaidhte, toghtha ar an gComhairle:—

"(1) Ceól; (2) Camóguíocht; (3) Rounders (Mná); (4) Luith-Cleasa agus Rothareacht; (5) Iománuíocht; (6) Péile; (7) Liathróid Laimhe; (8) Rounders (Fir); *(9) Bord-Chluiche; *(10) Céirde; *(11) Gluaisteán Rotuíochta; *(12) Ramhuíocht; (13) Dórnáil; (14) Mirle; (15) Golf; *(16) Ficheall; *(17) Seóltóireacht; *(18) Lámhach Cré-chán; *(19) Lámhach le Gunnai; (20) Rinnce; (21) Snámh; (22) Fritheál Lón; (23) Iomchar; (24) Saotharcht; (25) Cuimhneach Buadha; (26) Deaghmhaisiú; (27) Iomchar um Ghortú; (28) Dligheach; (29) Foillsiugha; (30) Feistas (Lucht um Luith-Chlais); (31) Feisteas (cuairteóirí); (32) Airgead; (33) Coidreamh; (34) Deas-Gnath; (35) Cóir Cruinniughthe.

"O dosach bhí sé ceapuighthe nighthe bheith ar an gClár do thabharfadh iomaitheóirí idir náisiúnta isteach, acht fuarthas nár bhféidir san a dhéanamh agus do réir mar atá rudaí anois, seo mar sheasaigheann leis an gClár.

"1. Idir Náisiúnta.

"2. Náisiúnta.

"3. Páirt-Náisiúnta agus Páirt-Idir Náisiúnta.

"Táid so a bhaineann le Uimh. 2 marcálta fé leith le réilthín. B'éigin tabhairt suas lo "Physical Drill" agus do Rás Ghluaisteán toise gan áit oireamhnach a bheith dhóibh.

"Táid na rudaí is tábhachtaí a bhaineann leis na Ranna é éagsamhla déanta athchomarach anso thíos:—

"1. Gléas-Ceóil, mar aon le seacht mbuidhne ceoil agus Píobaí Uillinn, agus Cláirseach.

"2. Tá treó curtha are chamóguíocht nár deineadh riamh go dtí so.

"3. agus 8. Táthair a claoi anois le Rounders i ndáirírimh.

"4. Tá sé is deich ar fhichead nidhthe ag baint le Lúith-Chleasa agus Rothuíocht agus iad chomh mór ionnta féin le Clár an Oilimpic. Tógfaid so dhá uair go leith a chluig gach lá de sna laetheanta.

"5. Iománuiocht v. Sintí—in fhonn is go dtabharfaí le chéile Gaedhil na h-Alban agus na hÉireann beidh comórtas Iománuíocht v. Sintí mar thosnú ar na cleasa.

"7. De bhárr Aonaigh Tailteann tá imeart Liathróid-Láimhe ar siubhal mór thimcheall na tíre.

"10. Ceardanna—Tá Roinn na gCéard ag solathar i gcóir seacht is dathad de scóra éagsamhla, rud a chuirfhidh ar neimhní éin ní deineadh sa tslighe seo fós.

"11. Beidh trí Rásanna deich míleis dathad ar fhaid i gcóir nGluaisteáin Rothuíochta, agus toise ná beidh aon éilimh airgead ar dul isteach go Páire na Fionn Uisce caillfidh coisde na geleas breis is £2,000.

"12. Rámhuíocht—Tá clár dhá lae ceapuighthe dhó so, beidh Craobh fé seacht le buadh achtaint ar na Comórtaisí, agus beidh deich mbád is fiche ag rith i ngach babhta. Ní raibh a leithéidí seo do chomórtaisí sa tír seo riamh cheana.

"17. (Seóltóireacht). Tá Clár dhá lae leaghta amach dó so chomh maith. Beidh gach ártac ráis fé sheól in Éirinn istig ar na Comórtaisí.

"21. Snámh.—Tá Gáirdín na n-Ainimhe ceapuighthe i gcóir so, agus tógfaidh sé ceithre laetheanta ar obair an Cláir do críochnú.

"22. Tá an réidhteachti gcóir lón tógtha ar láimh ag Cumann Catharach Baile Atha Cliath agus an Conntae um Lón, agus i dteannta gach ruda eile beidh cábáin canabháis curtha suas i áiteanna puiblí. Beidh 60,000 áiristí téa, srl., ag teastáil ar £1,500 costais.

"23. Beidh Artaighe speisialta ag teacht ó Shasana agus ó Ameirice.

"24. Bainfaidh saothar gnótha na tíre leis seo.

"25. Ní mór breis agus aon chéad deag bhainnibh airgid, agus de bhárr go buanfar saothar nua i mBaile Atha Cliath.

31. Le congnamh ón Arm is féidir míle de lucht Comórtaisí na gCleas do chur shuas, agus le hagaidh seo ní mór míle leapacha ar £3 an ceann.

"Ní tógfadh na Coláistí isteach éinne de lucht na gComórtas pé na cosnoghadh sé iad éin ní. Ní cór so a dhearmhad dóibh nuair a bheadh airgead an náisiúin le caitheamh.