Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 8 Jun 1922

Vol. S2 No. 15

PLACE OF DAIL MEETING.

"Abhar Rúin ó Sheán T.O Ceallaigh, T.D. (Motion by Seán T.O Ceallaigh, T.D.).
"Gurb é tuairim mhuintir na Dála do thionoladh i dtigh níos oireamhnaighe ná an áit seo, abair insa Seomra Cruinn, Tigh an Ard-Mhaoir Baile Atha Cliath' más féidir an seomra san d'fháil."

Tagan sé seo beagán déanach anois. Ní doigh liom go bhfuil puinn maith ann anois ó táimíd comhgarach do dheire an tSiosoin seo den Dáil. Ní theastuíonn uaim acht beagán a rá. Béidir ná héistfeadh sibh liom. Cuirim an abhar rúin romhaibh go mbeidh an chéad chruinniú eile—má bhíonn cruinniú eile againn— go mbeidh sé i halla níos oiriúnaí ná an seomra so. Gan amhras ní ball oiriúnach duinn é seo. Níl sé oiriúnach duinne ná do lucht na bpaipear na don bpobal. Ceapam go bhfuil gach éinne sásta leis sin. Rud eile, tá morán daoine amuigh gur mhaith leo éisteacht linn (gáire) agus cé ná fuil cuid againn ró-dhathúil ba mhaith leo féachaint orainn. Ba mhaith liom cead a thabhairt doibh teacht isteach anso agus béidir go bhfoghlumoidís rud éigin uainn. Deirim go mbeadh tairbhe éigin acú as bheith ag féachaint orainn anso, agus ar an slí a dhinimíd ár ngnó.

Muna n-aontuíonn éinne eile leis sin déanfadsa é.

On a point of order, is it possible for this Dáil to decide what the next Dáil is to do?

It is. The next Dáil can reverse the decision.

As the motion is in the form of an expression of opinion it does not matter whether it is passed or not.

Motion put and declared lost.
Top
Share