Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 6 Dec 1922

Vol. 2 No. 1

LEAS CHEANN COMHAIRLE DO THOGHA.

Is mór an áthas dom tairisgint go dtoghfar Pádhraic O Máille mar Leas Cheann Comhairle. Thug sé cothrom na Féinne do ghach duine, suas le seo.

Cuidighim le sin.

Aontuithe.

A Chathaoirligh agus a lucht na Dála, táim an-bhuidheach díbh mar gheall gur thoghadh sibh mise agus geallaim díbh go ndéunfad mo dhicheall ach ní foláir dom a rádh gur beag atá le déanamh agam mar tá an Ceann Comhairle go h-an-dhubhrachtach agus mar sin, ní chuireann sé mórán oibre orm a dhéanamh.

Thángamar go léir annso chun ár ndicheall do dhéanamh ar son na tíre, agus táim cinnte go ndéanfar é agus go dtiurbhfaidh an Páirlimint seo bealach agus slighe do'n náisiún Gaedhealach le tuilleamh fáis a dhéanamh, san gcaoi go mbeidh Éire chomh saor le tír ar bith eile san domhan. Ní dhéarfad a thuille anois ach buidheachas arís do thabhairt díbh mar gheall ar mise do thoghadh.

Top
Share