Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 27 Mar 1923

Vol. 2 No. 46

CEISTEANNA—QUESTIONS. - SGRÍBHINN MAR DHEIMHNIÚ AR AOS NA NDAOINE.

Le fiafruighe den Aire um Rialtas Aitiúil cad é an sgríbhinn shásochaidh é mar dheimhniú ar aos na ndaoine atá ag iarraidh an phinsin a dtig leo luighe air de bhrí nach bhfuil sean-sgríbhinn ar bith le fáil idir an Chomhaireamh i 1851 agus tosnú na n-Aireamh bParóisteach i 1864; agus an bhfuil sé réidh glacadh le mion-sgríobtha roimh shean-ghiúistís, roimh ghiúistis dúithche no roimh ghiúistís paróiste ag duine ar bith atá ag fáil an phinsin go bhfuil daoine mar seo deich mbliana agus trí fichid d'aois.

Geobhfar liosda des na sgríbhinní a shásóchaidh sinn mar dheimhniú ar aois éilitheóirí an phinsin sa bhfreagra a thugas ar cheist a cuireadh chugham ar an 10adh lá de Dheire Foghmhair. Tabharfad cóip de do'n Teachta.

Nuair nách féidir teistiméireacht aoise a dh'fháil glacfar le Mionn-sgríobhtha de'n tsaghas a deir an Teachta agus déanfar é bhreithniú i dteannta pé tisbeántí eile a bheidh ag an éilitheóir ar a aois. Is léir, amh, nách leor de dheimhniú Mionn-sgríobhtha d'á leithéid agus go gcaithfidh éilitheóir tisbeáintí eile a bheith aige 'na theannta.

Ag eirigh as an g-ceist sin, ba mhaith liom a fhiafruigh de'n Aire an n-déanfaidh sé an gnó anois, in easbaidh an sgríbhinn agus ó tá sean-ghiúistisí as oifig, teistis a fhagháil ó dhuine creideamhnach nó an g-caithfidh siad an leabhar a thabhairt.

Má dheineann aon duine udarásach é agus má's é ár mbaramhail go bhfuil an ceart aige, glacamuid leis. Ní dhéanfadh sé aon mhaith an leabhar a thabhairt, mar tá a fhios againn go bhfuil daoine ann a thabharfadh an leabhar ar rud ar bith.

Top
Share