Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Friday, 20 Apr 1923

Vol. 3 No. 6

CEISTEANNA—QUESTIONS. [ ORAL ANSWERS. ] - PINSIN OIDI SCOILE.

den Aire um Oideachas an bhféadfadh sé a rá goidé an fáth nár íocadh aon phinsin le Seán Ó Duibhgheannáin agus a bhean, oidí scoile i Slatta, Co. Roscomáin, a d'éirigh as an múinteóireacht timcheall seacht mí ó shoin? An bhfuil múinteóirí eile ar fud na tíre, a d'éirigh as obair fá'n am chéadna, gan aon phinsin d'fháil go foill? Má tá ceist fá dhíospóireacht i dtaoibh an méid airgid a bhéas le fáil mar phinsin ag na múinteoiríbh seo, an bhféachfaidh sé leis go gcuirfear deireadh leis an gceist fhiafruighthe chomh luath agus is féidir?

Do cuireadh i n-úil do Sheán Ó Duibhgheannáin ar an 14adh Aibreán go raibh an phinsin deónuithe dhó, agus tá fuirm an deóntais curtha go dtí Roinn an Íoctha. Táthar ag braith air go bhéadfar cás a mhná do réidhteach i gcionn cúpla lá.

Toisc constaic dlighe do bheith ann níor bh'fhéidir roinnt phinsin d'íoc le tamall anuas, ach tá an bóthar réidhtithe anois agus ní móide go ndéanfar a thuille moille i n-aon chás aca má bhíonn gach nídh eile riaghalta.

Níl aon cheist fé dhíospóireacht i dtaobh an méid atá ag dul dos na múinteóirí.

Top
Share