Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 7 Dec 1926

Vol. 17 No. 7

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - GNO AN RIALTAIS 'SAN GHAOLTACHT.

D'FIAFRUIGH

den Uachtarán ar thug an Ard-Chomhairle aon órdú uátha do lucht ceannais gach roinne den Rialtas a rá leo an méid is mó is féidir d'fheidhm a bhaint as an nGaedhilg i ngnó an Rialtais san nG-aoltacht.

Nior tugadh an t-ordú generálta san fós ach beidh san ar cheann de sna nithe a déanfar chó luath agus a bheidh molta Choimisiúin na Gaeltachta lán-scrúduithe ag an Ard-Chomhairle.

An féidir do'n Aire a rá cé mhéid Gárdaí as a gcéad sa Ghaoltacht atá in-án fiannaise a thabhairt uatha sa Ghaedhilig. Nách féidir leis an Aire an t-eolas sin d'fháil?

Ceist eile í sin.

Agus is ceist í b'a cheart do'n Teachta do chuir ar an Aire Dlí agus Cirt.

Top
Share