Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Feb 1927

Vol. 18 No. 4

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - LUCHT FACHTA PINSEAN CREACHTA.

D'fiafruigh

den Aire Cosanta a ndéanfa sé an t-eolas so thíos a thabhairt uaidh i dtaobh lucht fachta pinsean créachta fén Acht Arm-Phinsean, 1923:—I. Líon (a) na n-oifigeach agus (b) na saighdiúirí go bhfuil pinsean créachta molta dhóibh; agus meán-mhéid an phinsin i gcóir (a) oifigeach agus (b) saighdiúiri; an líon díobh so atá ag obair sa Stát-Sheirbhís (i) i bpostanna buana agus (ii) i bpostanna sealadacha. II. An líon (a) d'oifigigh agus (b) de shaighdiúirí go bhfuil molta dhóibh idir pinsean seirbhíse mileata fé Acht na bPinsean Seirbhíse Mileata, 1924, agus pinsean créachta, d'fháil agus atá gan aon teacht isteach eile aca as airgead puiblí i gcéill Alt 8 (1) den Acht san; agus, i dtaobh (a) oifigeach agus (b) saighdiúirí meán-mhéid (i) an phinsin chréachta agus (ii) an phinsin sheirbhíse mileata agus (iii) an meán-mhéid d'airgead an phinsin sheirbhíse mileata atá curtha ar fionnraí fé Alt 8 (1) den Acht. III. An líon (a) d'oifigigh agus (b) de shaighdiúirí go bhfuil molta dhóibh idir pinsean seirbhíse mileata fé Acht na bPinsean Seirbhíse Mileata, 1924, agus pinsean créachta d'fháil agus go bhfuil, de bhárr iad do bheith ag obair sa Stát-Sheirbhís, teacht isteach eile aca as airgead puiblí i gcéill Alt 8 (1) d'Acht na bPinsean Seirbhíse Mileata, 1924; agus i dtaobh (a) oifigeach agus (b) saighdiúirí, meán-mhéid (i) an phinsin chréachta agus (ii) an phinsin sheirbhíse mileata atá molta dhóibh agus (iii) meán-mhéid a bpáigh agus (iv) an meán-mhéid d'airgead an phinsin sheirbhíse mileata atá curtha ar fionnraí fé Alt 8 (1) den Acht san. IV. An líon (a) d'oifigigh agus (b) de shaighdiúirí go bhfuil molta dhóibh idir pinsean seirbhíse mileata fé Acht na bPinsean Seirbhíse Mileata, 1924, agus pinsean créachta d'fháil agus go bhfuil teacht isteach eile aca as airgead puiblí i gcéill Alt 8 (1) d'Acht na bPinsean Seirbhíse Mileata, 1924, ach atá gan san do bheith aca de bharr iad a bheith ag obair sa Stát-Sheirbhís; agus i dtaobh (a) oifigeach agus (b) saighdiúirí meán-mhéid (i) an phinsin chréachta agus (ii) an phinsin sheirbhíse mileata agus (iii) aon teacht isteach eile atá aca agus (iv) an meán-mhéid d'airgead an phinsin sheirbhíse mileata atá curtha ar fionnraí fé Alt 8 (1) den Acht san.

Siad so leanas na mioninnste a hiarradh i gceist an Teachta:—

Cuid I.—Táthar tar éis pinsin chréachta do mhola do 112 Oifigeach agus do 299 saighdiúirí, agus isé meán-mhéid an phinsin fé seach na £85 6s. 9d. agus £45 12s. 11d. Tá a lán oifigeach agus saighdiúirí ná fuil áirimhithe sna figiúirí seo agus dar tugadh pinsin shealadacha ar feadh tréimhse agus dar tugadh aisce i ndeire báire. Níl aon eolas agam i dtaobh nádúir na fostaíochta atá ag ex-oifigigh agus saighdiúirí atá ag fáil pinsean créachta. Is féidir liom a rá, ámh, maidir le 30 ex-oifigeach agus 14 ex-saighdiúirí atá ag fáil pinsean créachta agus pinsean seirbhíse mileata, go bhfuil 8 ar fostaíocht i seirbhís an tSaorstáit, 6 i bpostanna buana agus 2 i bpostanna sealadacha.

Cuid II.—Táthar tar éis pinsin chréachta agus pinsin seirbhíse mileata do dheona do 23 ex-oifigigh agus do 13 ex-shaighdiúirí agus níl aon teacht isteach eile as Cistí Puiblí aca san Sé meán-mhéid na bpinsean créachta fé seach ná £94 10s. 2d. agus £51 3s. 6d. agus isé meán-mhéid na bpinsean seirbhíse mileata fé seach ná £99 12s. 6d. agus £29 17s. 2d. Sé meán-mhéid an phinsin atá curtha ar fionnraí do réir Alt 8 (1) d'Acht na bPinsean Seirbhíse Mileata ná £6 8s. 4d. i geás na n-ex-oifigeach agus £1 9s. 10d. i geás na n-ex-shaighdiúirí.

Cuid III.—Tá 7 ex-oifigigh agus 1 ex-shaighdiúir ag fáil pinsean créachta agus pinsean seirbhíse mileata, agus, ina theanta san, tá teacht isteach aca as Cistí Puiblí mar fhostaithe Stáit. Sé meán-mhéid an phinsin chréachta a deontar do sna ex-oifigigh ná £70 5s. 0d. agus don ex-shaighdiúir ná £32 6s. 1d. agus isé meán-mhéid na bpinsean seirbhíse mileata ná £103 10s. 0d. agus £26 13s. 4d. fé seach.

Sé meán mhéid an pháigh, lasmuich de phinsin, a gheibheann an 7 ex-oifigigh agus an saighdiúir ná £268 agus £166 10s. 0d. fé seach, agus sé meán-mhéid an phinsin seirbhise mileata atá curtha ar fionnrái ná £69 6s. 3d. agus £7 8s. 0d. fé seach.

Cuid IV.—Ní eiríonn Cuid 4 den Cheist, óir ní dlightear pinsean créachta do chur ar fionnraí de dheascaibh aon teacht isteach atá á fháil ag pinsinéir as Cistí Puiblí. Tá, mar shompla, cás amháin ann inar deonadh £280 pinsean seirbhíse mileata maraon le £71 14s. 7d. pinsean créachta d'ex-oifigeach. Tá an pinsean créachta á íoc, ach toisc gur stát-sheirbhíseach atá ag fáil £500 nách mór sa bhliain mar thuarastal an fear so, tá iomlán an phinsin seirbhíse mileata curtha ar fionnraí.

The particulars asked for in the Deputy's question are as follows:—

Part I.—Wound pensions have been awarded to 112 officers and 299 soldiers, the average pension being respectively, £85 6s. 9d. and £45 12s. 11d. These figures do not include a large number of officers and soldiers who were awarded temporary pensions over a period and who were finally disposed of with a gratuity. There is no information at my disposal to show the nature of the employment of ex-officers and soldiers who are in receipt of wound pensions. Of 30 ex-officers and 14 ex-soldiers who are in receipt of both wound and military service pensions, I am, however, in a position to say that 8 are employed in the service of Saorstát—6 in a permanent and 2 in a temporary capacity.

Part II.—23 ex-officers and 13 ex-soldiers have been granted both wound and military service pensions and are not in receipt of any other remuneration from public funds. The average amount of the wound pensions is, respectively, £94 10s. 2d. and £51 3s. 6d., and the military service pensions £99 12s. 6d. and £29 17s. 2d. The average amount of the suspension of pension in accordance with Section 8 (1) of the Military Service Pensions Act is £6 8s. 4d. in the case of the ex-officers, and £1 9s. 10d. in the case of the ex-soldiers.

Part III.—7 ex-officers and 1 ex-soldier are in receipt of both wound and military service pensions, and, in addition, are in receipt of remuneration from public funds as employees of the State. The average wound pension granted to the former, is £70 5s. 0d., and to the latter £32 16s. 1d., the average of the military service pensions being £103 10s. 0d. and £26 13s. 4d., respectively.

The 7 ex-officers receive on an average £268, and the soldier £166 10s. 0d., as pay apart from pensions, and the average suspension of military service pension is respectively £69 6s. 3d. and £7 8s. 0d.

Part IV.—Part 4 of the Question does not arise, as a wound pension is not liable to suspension because of any emoluments a pensioner may receive from public funds. There is, for instance, one case in which an ex-officer has been granted a military service pension of £280, and a wound pension of £71 14s. 7d. The latter is being paid, but as the man is an official with a salary in the neighbourhood of £500 a year, the military service pension is suspended in its entirety.

Top
Share