Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 20 Oct 1927

Vol. 21 No. 4

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - OIFIGIGH CHUSTUIM IS MHAIL I dTIR CHONAILL.

D'fhiafruigh

den Aire Airgid an bhfuil a fhios aige go bhfuil na hOifigigh Chustuim is Mháil sa Chlochán Liath agus i nDún Fionnachaidh i dTír Chonaill gan focal Gaedhilge acu, agus go bhfuil an dá áit sin i gceartlár na Gaedhealtachta; gur minic nach bhféadann na hoifigigh sin na seandaoine a bhíos ag iarraidh an phinsin a thuisgint; agus cadé an leigheas atá ceaptha aige ar an scéal san.

Do reir an eolais atá ag an Roinn ní cainnteóirí Gaedhilge na h-oifigí seo atá i gceist. Coimeádtar i gcuimhne gur ceart oifigí atá abalta ar a ngnó do dhéanamh i nGaedhilge do cheapa i gcóir staisiún sa Ghaeltacht agus maidir le cuid mhór ceapúchán do stáisiúin sa Ghaeltacht a deineadh le deannaí, bhitheas abálta ar oifigí le Gaedhilge do thogha. I dtaobh an dá oifigeach atá i gceist annso atharófar iad co luath agus a bheidh oifigí oireamhnacha ann agus eolas ar an nGaedhilge acu le cur in a n-ionad.

Top
Share