Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 3 Nov 1927

Vol. 21 No. 8

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - CIOS TIGHE.

D'Fhiafruigh

den Aire Iascaigh cé an fáth a bhfuiltear ag iarraidh ar Micheal Kilkelly, Cinn Mhara, cíos a íoc ar thigh a dóigheadh ag na Dubhchrónaigh i mbliain a 1920 agus nár athtógadh ó shoin i leith.

Do thug Bord na gCeanntar gCumhang gabháltas nua do Mhicheál Mac Giolla Cheallaigh mar mhalairt agus is ar an ngabháltas san a bhí an tigh dá dtagartar. Do dhiúltuigh sé do sheilbh a sheana-ghabháltais do thabhairt suas ach tar éis cúrsa fada dlí do fuaradh an tseilbh. Deabhruíenn an scéal ámh, go bhfuil sé tar éis dul i selibh arís i gcuid de, le foiréigin.

Tar éis dógha an tighe do fuair Bord na gCeanntar gCumhang aithne ar £290 agus do híocadh £60 de seo leis an mBord. Fuair Micheál Mac Giolla Cheallaigh iasacht £150 o Chumann Bhán-Chros na hEireann agus d'aththóg sé an tigh go leathrannach.

Tá an tAire Airgid tar éis a cheadú go ndéanfaí suim nách mó ná an deifríocht idir méid an mholta agus an iasacht de £150 a thug Cumann Bhán-Chros na hEireann uatha do chur ar fáil chun na foirgintí do chriochnú agus chun an riaráiste d'íoc atá ar Mhícheál Mac Giolla Cheallaigh ar scór an ghabháltais nua agus ar son usáide an tseana-ghabháltais ina bhfuil sé i seilbh le foiréigin.

Ni féidir an scéal so de shocrú go dtí go ndéanfidh Micheál Mac Giolla Cheallaigh an chuid sin den tseanaghabháltas ina bhfuil sé i seilbh arís do thabhairt suas.

Níl Coimisiún na Talmhan ag iarraidh ar Mhícheál Mac Giolla Ceallaigh aon chíos d'íoc fé láthair.

Cá mhéid acra atá 'sa ghabháltas nua? An bhfuil 200 acra ann no bhfuil an méid ann a bhí ina shean-ghabháltas.

Nil fhios agam an méid acra atá ann.

Top
Share