Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 3 Nov 1927

Vol. 21 No. 8

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - KINVARA (CO. GALWAY) BURNING.

asked the Minister for Finance whether he is aware that the house and furniture of Michael Kilkelly, Kinvara, County Galway, were burned by the Black and Tans on December 8th, 1920; that the house was the property of the C.D.B., and that on the hearing of the claim for compensation an undertaking was given by the Board's representative that the house would be rebuilt within twelve months, and that the award of the Court was £290 compensation to the C.D.B., £90 to Michael Kilkelly for furniture destroyed, and £30 for inconvenience caused by being homeless for a year; to ask why Michael Kilkelly has received only £75 of the £120 awarded to him, and why the house has not been reconstructed by the C.D.B. or the £290 handed over to Michael Kilkelly, who began the reconstruction of the house, but had to abandon it owing to lack of funds, and whether the Minister will compensate Michael Kilkelly for having been homeless for seven years.

An tigh do bhí ar seilbh ag Mícheál Mac Giolla Cheallaigh, tigh do thóg Bord na gCeanntar gCumhang do beadh é. Do dóghadh é i Mí na Nodlag, sa mblian 1920. Do thug Breacthóir na Gaillimhe aithne ar £290 i bhfabhar do Bhord na gCeanntar gCumhang agus aithne ar £120, maraon le £13 13s. Od. costaisí agus caithteachaisí, i bhfabhar do Mhícheál Mac Giolla Cheallaigh. Níl aon eolas ar fáil am' Roinn-se do thaisbeánfadh conus a dineadh amach an méid do moladh do Mhícheál Mac Giolla Cheallaigh.

D'ath-bhreithnigh an Coimisiún Cúitimh (d'Eirinn) na haitheanta san agus isé méid a mholadar i bhfabhar do Mhícheál Mac Giolla Cheallaigh ná £90 maraon le hús do réir 5 fén gcéad sa bhlian ón gcéad lá de Dheire Fomhair, 1923, agus £14 3s. 6d. costaisí. Do híocadh méid an mholta so go hiomlán tré Ordú Iocaíochta ar £107 8s. 3d. do dineadh amach i bhfabhar do Mhícheál Mac Giolla Cheallaigh agus do cuireadh chun a Aturnaethe an 10adh lá de Dheire Fomhair, 1924.

Maidir leis an £290 do moladh i gcóir an tighe, tá an deifríocht idir san agus suim £150 do roimh-íoc Iontaobhaithe Bhán-chros na hEireann le Mícheál Mac Giolla Cheallaigh agus a tuigtar a caitheadh ar an tigh d'ath-thógaint go leathrannach, tá an deifríocht san ar fáil anois chun ath-thógaint an tighe do chríochnú. Ní ceist a bhaineann lem' Roinn-se an cheist i dtaobh na moille a bhí ann maidir le hath-thógaint an tighe, ach tuigtar dom gurb é is mó fé ndeár an mhoill sin ná nithe áirithe do bheith fé dhíospóireacht fós idir Mícheál Mac Giolla Cheallaigh agus Coimisiún Talmhan na hEireann.

Ní bheadh ar mo chumas cúiteamh d'íoc le Mícheál Mac Giolla Cheallaigh in aon chailliúint no ceataí a tháinig de dheascaibh an damáiste dob abhar do sna molta so.

Isé an Coimisiún Cúitimh (d'Eirinn) do shocruigh an méid a híocfí le Mícheál Mac Giolla Cheallaigh agus níor dineadh, in aon chás aon chur le n-a leithéid de mhola ar scór tuille cailliúna de shaghas iarmartach.

Ba mhaith liom fios do fhághail ce'n uair a bheas an cheist sin socruighthe no an leanfar leis mar atá sé go ceann seacht mblian eile?

Ba ceart an cheist sin do chur ar an Aire Iascaigh.

Is maith liom freagra d'fhághail i nGaedhilg ach do chuireas cúig ceisteanna an lá fá dheireadh agus ní bhfuaireas freagra ar bith aca ach i mBeurla. Is dócha gur fearr ceisteanna do chur i mBeurla as so amach.

Top
Share