Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 23 Nov 1927

Vol. 21 No. 17

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - OBAIR DO THABHAIRT I gCO. CHILLDARA.

D'fhiafruigh DOMHNALL UA BUACHALLA

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí, ós rud é go bhfuil i sráid-bhaile Léim an Bhradáin, i gCo. Chilldara, 53 fear oibre nach raibh obair le fagháil acu le fada. i. 31 fear pósta a bhfuil 99 ndaoine sna línte tighe acu, agus 22 fear gan a bheith pósta agus ós rud é nách bhfuilid soin ag fagháil fóirithin teaghlaigh ná congnamh d'aon tsaghas, agus, dá bhrígh sin, go bhfuil fé láthair agus go mbeidh i rith an gheimhridh ganntanas éadaigh agus ocras ortha, agus ós rud é go bhfuil ar an mbóthar idir Léim an Bhradáin agus Dún Bóinne i gCo. na Midhe, cnocán ana-chontabharthach, cnocán ar ar thária a lán ciotrainn le déanaí—trí cinn díobh soin i n-a n-abhair bháis—an gcuirfar na fir seo, nó cuid díobh, ag obair ar an gcnocán so ghá ísliú agus ghá leathnú agus an gcuirfar an chuid eile acu ag cur crann sa talamh caithte atá mór-thimcheall Léim an Bhradáin.

D'iarrfainn ar an Teachta an freagra a leighe a thugas ar cheist den tsaghas cheanna a chuir Aodh O Culachain orm. Is beagnach mar a chéile an dha cheist.

Top
Share