Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 23 Nov 1927

Vol. 21 No. 17

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - BOITHRIN CONTABHARTHACH I gCOILL DUBH.

D'fhiafruigh DOMHNALL UA BUACHALLA

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí, i dtaobh an tseanabhóithrín caithte atá ag dul isteach sa mhóin i gCoill Dubh (Blackwood), Co. Chilldara—bóithrín atá ana-chontabharthach do lucht taistil agus do lucht trucaill do thiomáint mar gheall ar na puill doimhne atá ann ó cheann ceann de, agus mar gheall ar sheana-dhroichead lag caithte a théidheann treasna an bhóithrín sin—an dtiúbhraidh sé órdú bóthar ceart agus droichead daingean do dhéanamh ann roimh theacht na doininne ionnus go mbeidh i gcumas na ndaoine bochta teacht ar an móin ar a bhfuil a slighe maireachtainte ag brath.

Níl aon chomhacht agam chun déanamh do reir mar adeir an Teachta. Is don Chomhairle Chontae is cóir féachaint chun an scéil ar dtuis. Ni deirtear gur bóthar puibli é an bóthar da dtagartar. Mas rud é nách ea agus go bhfeachfadh an Chomhairle Chontae chuige bheidis freagarthach ina choinneail i dtreo feasta.

Top
Share