Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 18 Apr 1928

Vol. 23 No. 1

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - TELEFON SA BHEARNAIN.

D'fhiafruigh

den Aire Puist agus Telegrafa cathoin a déanfar telefón do sholáthar do mhuinntir na Beárnan i gCo. na Gaillimhe.

Chun an gléasra telefónach nó telegrafach do leathanú go Beárna níor mhór compás nua tuairim is 3½ míle slí de shreang dhúbalta do chur suas idir an áit sin agus Bóthar na Trágha, Co. na Gaillimhe, agus do bheadh costas mór tosaigh agus bliantúil air sin.

Na fáltaisí a thiocfadh isteach, fé mar a meastar iad, ó ghlaoidhte telefóna nó ó thelegrama ó Bheárna, bheidís i bhfad níos lugha ná an costas a bheadh ar an seirbhís sin do sholáthar agus do chimeád ar siúl agus mar sin níor bhféidir Glao-Oifig Thelefóna ná Oifig Thelegrafa d'údarú.

Ba mhaith liom a fhiafruí den Aire a bhfuil a fhios aige ná fuil sagart ná dochtúir ins an áit seo sa Ghaeltacht i ngiorracht trí míle agus ná fuil ann ach beagán gluaisteán. Ní fhéadfaí sagart ná dochtúir d'fháil gan dul trí míle istoíche dá mbeadh duine breoite.

Is mó áit ná fuil aon telefón ann.

Top
Share