Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 14 Jun 1928

Vol. 24 No. 5

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - NA BUIRD PHUIBLI AGUS GUAL EIREANNACH.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí cad tá déanta aige chun a dheimhniú go gceannochadh na búird phuiblí gual Gaodhlach, agus an dtabharfaidh sé cuntas ar an uimhir connradh a dhein na búird seo le bliain anuas i gcóir (a) guail Ghaodhlaigh, (b) guail iasachta agus an ndéarfaidh sé an méid guail agus an meadhon-luach in (a) agus (b).

Tá gual Eireannach ar an Liosta Oifigiúil o cuireadh an Liosta san ar bun. Tá duine amháin den triúr connrathóir oifigiúil gur luadhadh a n-ainmneacha o am go ham nár chuir aon tairisgint isteach le dhá bhliain anuas agus tá duine eile acu tar éis dúna. Tá na praghasanna so leanas ón treas Chonnrathóir—Arigna Mining Company—ar an Liosta atá ann fé láthair:—

Gual Tighe agus Gual Gaile—Baile Atha Cliath 40s., costas iompairíochta; Corcaigh 43s. 11d., costas iompairíochta; An Tuath 23s. 6d., maraon le costas iompair.

Mion-Ghual Criatha agus Glanta— Baile Atha Cliath 36s., costas iompairíochta; Corcaigh 40s. 5d., costas iompairíochta; An Tuath 20s., maraon le costas iompair.

Gual-Bhruscar—Baile Atha Cliath 35s., costas iompairíochta; Corcaigh 36s. 11d., costas iompairíochta; An Tuath 16s. 6d., maraon le costas iompair.

Níl aon eolas agam i dtaobh na connartha guail a dhin údarásanna áitiúla go generálta. Ní deighleáltar le gual nách gual Eireannach fé Scéim an Chó-Cheannaigh toisc deacrachtaí agus deifríochtaí praghasanna mar gheall ar chostas iompair, etc.

Ba mhaith liom iarraidh ar an Aire níos mó do dhéanamh i dtreo is go gceannochaidh na húdarásanna áitiúla gual Eireannach feasta. Os rud é go bhfuil an gual san oiriúnach d'áiteacha cosúil le Oispideal Béal Atha na Sluagh, ba chóir go mbeadh sé maith go leor d'áiteacha eile. Ní thuigim cén fáth nách ceannuítear gual Eireannach ins na háiteacha so.

Níl fhios agam cad é an "níos mó" is féidir leis an Aire do dhéanamh.

Nách féidir leis an Aire déanamh mar a rinneadh ins an tsean-aimsir agus an dualgas do chur ar na búird phuiblí "preference" do thabhairt do ghual Eireannach? Nách féidir leis a fheiceáil go gceannófar gual Eireannach nuair a theastuíonn gual gaile o na búird phuiblí?

Cad é an t-údarás atá ag an Aire san do dhéanamh?

Nách bhfuil comhacht ag an Aire nuair a bhíonn na búird ag cur fógraí amach iachall do chur orra gual Eireannach do cheannach no "preference" do thabhairt do?

Ní féidir leis an Aire iachall do chur ar údarásanna áitiúla níos mó airgid d'íoc ar son guail ná mar is ceart dóibh d'íoc. Tá na praghasanna i gcóir an ghuail seo i bhfad níos aoirde ná na praghasanna eile. Ní féidir leis an Aire cur isteach ar na húdarásanna áitiúla ar cheist mar seo. An méid is féidir linn do dhéanamh chun cuidiú le gual Eireannach agus le déantúisí na tíre, tá sé ghá dhéanamh agus beimíd buidheach d'aon duine a theasbáinfidh dúinn conus mar is féidir níos mó do dhéanamh.

Top
Share