Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 28 Jun 1928

Vol. 24 No. 12

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - DROICEAD DO THOGAILT.

D'fhiafruighe

den Aire Iascaigh an eol dó gur thug tuile chun bealaigh an droichead a bhí treasna na hAibhne Móire idir Baile Uí Mhuinighle, Beannchor Iorruis, agus Baile Ugúil cúpla mí ó shoin; nach dtig le páisdí Bhaile Ugúil dul ar scoil go Baile Uí Mhuinighle ó shoin; nach féidir le muinntir Bhaile Ugúil an abha a sgath ach i mbád, ag teacht chuig Aifrionn an Domhnaigh, ná chuig aonach na margadh; gur mór a chuireann sin as do mhuintir an bhaile; agus an n-abhróchaidh an tAire go dtóigfear droiceadh nuadh ann gan mhoill.

Ní ar Choimisiún na Talmhan atá sé an droichead nua do thógáil. Deabruíonn sé gur obair í seo don Chomhairle Chontae a bhí ag cimead an seana-dhroichid i dtreo.

Top
Share