Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 11 Oct 1928

Vol. 26 No. 2

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - BAID A TOGADH O IASCAIRI.

D'fhiafruigh

den Aire Tailte agus Iascaigh cé mhéid bád leis an aireacht sin a tógadh ó iascairí Arann—Cill Rónáin agus Cill Eine—le dhá bhliain anuas; cé mhéid fiacha (an ceann) a bhí orra; cé méid (an ceann a díoladh as iad a tharraing go Gaillimh; agus cé mhéid (an ceann) ar ar dioladh iad.

I rith an dá bhliain seo caithte, do thóg mo Roinn-se sé cinn de bháid iascaigh ó iascairí in Oileáin Arann ná raibh a n-iasachtaí á n-íoc aca agus a thug an oiread san faillí sna báid, faid a bhíodar aca, gur chuadar go mór chun deiridh.

Ní féidir liom a rá cé méid a thug na daoine sin ar na báid seo an chéad lá. Is ó Bhord na gCeanntar gCumhand a fuarthas na hiasachtaí agus is amhlaidh a chuaidh mo Roinn-se i mbhun bailiú na n-iasachtaí do thug an Bórd san uaidh chun báid nua do cheannach, chun inill do chur 'sna seana-bháid agus chun gléas iascaigh do sholáthar. Níor híocadh éinní leis na daoine seo as na báid a tógadh mar sin agus a tugadh go Gaillimh mar go mbeadh costas a ndeisithe chun a ndíolta maraon le méid an riaráiste a bhí an uair sin amuich ortha a bhfad níos mó ná luach na mbád nuair a tógadh iad. Níor díoladh ach aon bhád amháin. Bhí sí sin i slí nar bhféidir i dheisiú agus dioladh an chabhail ar £1 mar sheana-chreatalach. Tá an chuid eile aca againn fós.

Top
Share