Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 7 Mar 1929

Vol. 28 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tailte Chluain Churraigh.

D'fhiafruigh

Domhnall Ua Buachalla

den Aire Tailte agus Iascaigh an bhfuair Seán O Baoighealláin, Dún Bóinne, Condae na Mídhe, 140 acra de thailte Chluain Churraigh i gCondae Chilldara; an ath-shaighdiúir d'Arm an tSaorstáit an fear so; an bhfuil pinsiún aige agus cad é a mhéid; agus cad chuige nár tugadh an talamh so do dhaoine sa chomharsanacht nách bhfuil pinsiún ná págh acu, ná fiú a's talamh féin ach roinnt bheag, neamheconomuíoch.

Tá na tailte da dtagartar a gcimead ar leithligh d'imirceóir agus táid curtha ar féarach chun Sheáin Ui Bhaoighealláin fé chó-aontu go dtí 1adh Mí na Nodlag, 1929.

Top
Share