den Aire Tailte agus Iascaigh cé an fáth nach bhfuair Mícheál Mac Giolla Cheallaigh, Cinn Mhara, an fuighleach airgid, £140, a bhí ar fagháil chun ath-thógaint an tighe do chríochnú os rud é go bhfuil deire le leith-bhliain leis an díospóireacht a bhí idir Mícheál Mac Giolla Cheallaigh agus Coimisiún na Talmhan fá nithe áirithe; agus cathoin a tabharfar an t-airgead san do.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Airgead i gcoir Ath-thógaint Tighe.
D'fhiafruigh
Iocfar suim £140 le Mícheál Mac Giolla Cheallaigh nuair a socrófar go sasúil na nithe seo a leanas:—
1. E d'ioc an riaráiste chiosa ar a ghabhaltas nua i bhFearantas Dhubhrois;
2. Suim d'íoc as úsáid agus as seilbh a sheana-ghabhaltais i dTamhnach Thoir agus i Mountscribe ar ar choinnigh sé seilbh nea-dhlithiuil;
3. Ioc na gcostaisí fé n-ar chuaidh Coimisiun na Talmhan i ndli-imeachta riachtanacha;
4. An seana-ghabhaltas i dTamhnach Thoir agus i Mountscribe do thabhairt suas do Choimisiun na Talmhan.
Ca mhéid airgid a bheas fágtha nuair a mbéidh na ceisteanna so socruighthe?