Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 15 May 1929

Vol. 29 No. 16

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Pinsiun na Sean.

D'fhiafhruig

Domhnall Ua Buachalla

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an ndéarfadh sé cad é an chúis ná tugtar do Eibhlín Ní Bhriain, Bean Uí Dhíomsaigh, Bailegoran (nó Cill Wógan), Cill Bríghde, Co. Chill Dara, atá os cionn seachtmhógha bliadhain d'aois, pinsiún na sean.

Do nealomháil Fo-Choiste Pinsin Chill Droichid Uimh. 1. an t-éileamh so ar an scór go bhfuil an mhaoin sa chás so os cionn na teorann reachtúla, eadhon, £39 5s. 0d. sa bhliain. Sara dtabharfad breith ar an athchomarch a fuarthas táim sásta aon ráiteas no fianaise a cuirfear fém' bhráid i dtaobh maoine an eilitheora do bhreithniú. Maidir le haois, deirtear go luaidhtear i nDeimhniú Baiste gur ar an 20adh lá de Mheitheamh, 1859, a rugadh an tEilitheoir. D'fhágfadh san go mbeadh sí 70 bliain d'aois an 20adh lá den Mheitheamh so chughainn.

I am not satisfied at all with the answer of the Minister.

Top
Share