Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 10 Jul 1929

Vol. 31 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Leitreacha i nGaedhilg.

D'fhiafruigh

den Uachtarán an gceaduightear do Sheirbhísigh Stáit freagra i nGaedhilg ar leitreacha a chur amach díreach ón oifig a bhfuil siad ag obair innte gan litir a scríobhadh i mBéarla ar dtús agus a chur go dtí Oifig an Aistriúcháin le Gaedhilg a chur annsin uirthi; an dtiubhraidh an tUachtarán faisnéis don Dáil cé na hoifigí a sheolann na litreacha ar a gcuma sin go dtí Oifig an Aistriúcháin le Gaedhilg a chur ortha; agus, ó thárla nach aon tairbhe chor ar bith do leathnughadh na Gaedhilge san Seirbhís Phuiblídhe obhair den chineál atá luaidhte thuas, an abróchaidh sé cáide a lean far don nós sin.

Na leitreacha i nGaedhilg a cuirtar amach ó sna Ranna Stáit ní dintar de ghnáth iad a chur go dtí Oifig an Aistriúcháin chun Gaedhilge do chur ortha. Ní hamháin go gceaduítear leitreacha i nGaedhilg do chur amach direach ar an gcuma san ach táthar ag brath air gurbé sin an nós a lean-far chó fada agus is féidir é. I gcásanna, ámh, ina mbaineann na leitreacha le nithe teicniúla no ina dtárluíonn gan daoine bheith san Oifig atá lán-oilte chun an méid atá le rá do chur in úil go cruinn beacht tá socrú ann tré n-ar féidir cabhair d'fháil o Oifig an Aistriúcháin. Tá an gá so chun cabhair d'fháil o Oifig an Aistriúcháin ag dul i laighead do réir mar atá an líon oifigeach atá abálta ar a geuid oibre do dhéanamh as Gaedhilg ag dul i méid.

Top
Share