Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 6 Nov 1929

Vol. 32 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tailte do roinnt i Co. gCílldara.

D'fhiafruigh

Domhnall Ua Buachalla

den Aire Tailte agus Iascaigh an bhféadfadh sé a rádh an bhfuil sé ar aigne ag Coimisiún na Talmhan na tailte seo leanas do cheannach agus do roinnt .i. (1) móin atá fé láthair i seilbh Sheosaimh Uí Cheallaigh, Cluain Guaire; (2) cuid de tailte Bhaile an Bharéidigh (Barretstown) atá i seilbh Thomáis Mhic Bhiorna (Berney); (3) talamh atá fé láthair i seilbh P. Uí Ghrádaigh agus P. Mhic Bhiorna (Berney); (4) 500 acra ag Baile Sinséire (Gingerstown) agus Caisleán Uí Chadhla, Caragh, Nás na Ríogh atá i seilbh Mansfield Captaon.

Táthar tar éis imeachta dlí do bhunú fé fhoralácha an Achta Talmhan, 1923, chun na portacha do thógaint atá i gCluain Guaire, i mBaile an Bharéidigh agus i nGairdín Tancaird, portacha, is le Seosamh agus Tomas O Ceallaigh. Do dineadh na tailte seo d'fhoillsiú i Liost Sealadach de thailte a dilscófar mara ngcarrfar amach iad ar agoid dhleathaigh, i gCoimisiun na Talmhan ar an Lá Ceaptha.

Níl aon imeachta dlí ar feitheamh ós cósmhair Choimisiúin na Talmhan máidir le tailte Bhaile an Bharéidigh is le Tomas agus Padraig Mac Biorna agus Padraig O Gradaigh agus níl sé ar aigne na Coimisinéiri fé láthair cinní do dheanamh chun na tailte seo do thógaint.

Tá Coimisiún na Talmhan tar éis fiosruithe do dhéanamh máidir le tailte Chaisleáin Ui Chadhla agus Bhaile Sinseire da dtagartar agus níl beartuithe aca imeachta dlí do bhunú d'fhonn iad do thógaint fá láthair.

Top
Share