Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 9 Dec 1931

Vol. 40 No. 21

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tithe do Thógáil fé Acht na dTithe (Gaeltacht).

D'fhiafruighe

den Aire Tailte agus Iascaigh an ndéarfadh sé (a) cé mhéid tighthe do cuireadh suas agus (b) cé mhéid airgid do caitheadh i ndeontaisí ins gach conndae fé Acht na dTithe (Gaeltacht) sna blianta 1929-30 agus 1930-31 agus cadé an méid iomlán do caitheadh ar chostaisí agus tuarastail na n-oifigeach ins na blianta sin.

Bhí an chéad foráil i gcóir criche Acht na d'Tithe (Gaeltacht) í Vóta na bliana 1930-31 agus. níor caitheadh aon airgead fé'n Acht roimh an bhliain sin.

De ghnáth, tógann sé ó ocht mhí dhéag go dhá bhliain tigh fé'n Acht, maraon le cró ceare agus cró muc agus an sean thigh do leaga, do chríochnú.

Ní raibh aon deontas agus iasacht in iomlán deimhnithe i gcóir tigh críochnuithe um an 31adh lá de mhí na Márta seo caithte agus b'é an méid a bhí deimhnuithe um an 30adh lá de'n mhí seo caithte ná naoi gcinn, ach ní hionann an méid sin agus an méid tithe a bhí réidh le hagha comhnuithe ach gan deimhniúchán oifigiúil do bheith déanta ortha.

Bhí 770 cásanna ceaduithe um an 31adh lá de mhí na Márta seo caithte le n-ar ghaibh £49,038 Deontas agus £21,212 Iasacht, agus um an 30adh lá de'n mhí seo caithte bhí 2,592 cásanna ceaduithe le n-ar ghaibh £158,053 Deontas agus £68,925 Iasacht.

Bhí £5,780 íochta amach um an 31adh lá de'n mhí na Márta seo caithte agus £30,236 um an 30adh lá de'n mhí seo caithte.

Táim chun mion-innste ar roinnt na suimeanna so do réir na conntaethe do shíne chun an Teachta.

Do b'é an caithteachas a bhí ar thuarastail agus ar chostaisi um an 31adh lá de mhí na Márta seo caithte ná £5,950 agus ó'n ladh lá d'Aibreán go dti an 30adh lá de'n mhí seo caithte timcheall agus £7,184. Is as Vóta na Roinne a thagann an t-airgead san agus ní as an Deontas de £250,000.

ACHT NA DTITHE (GAELTACHT), 1929.

AN MÉID IARRATAS CEADUITHE INS GACH CONNTAE, GO DTÍ 31/3/'31.

Conntae

An Méid Cás Ceaduithe

Deontas

Iasacht

Iomlán

£

s.

£ s.

£

s.

Gaillimh

273

18,938

5

6,906

25,844

5

Mhuigheó

129

9,298

0

4,705

14,003

0

Ciarraidhe

107

7,673

0

4,463

12,136

0

Dún na nGall

155

8,111

10

2,275

10,386

10

Corcaighe

76

4,989

10

2,863

7,852

10

An Clár

3

28

0

28

0

TOTAL

743

49,038

5

21,212

70,250

5

ACHT NA DTITHE (GAELTACHT), 1929.

AN MÉID IARRATAS CEADUITHE INS GACH CONNTAE GO DTÍ, 30/11/31.

Conntae

An Méid Cás Ceaduithe

Deontas

Iasacht

Iomlán

£

s.

£

s.

£

s.

Ciarraidhe

321

20,829

10

10,894

10

31,724

0

An Clár

13

499

0

275

0

774

0

Corcaigh

207

12,651

10

6,770

0

19,421

10

Dún na nGall

566

29,805

0

8,322

0

38,127

0

Gaillimh

887

55,723

15

21,886

0

77,609

15

Muigheó

554

35,327

0

18,933

0

54,260

0

Port Láirge

44

3,218

0

1,845

0

5,063

0

TOTAL

2,592

158,053

15

68,925

10

226,979

5

Top
Share