Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 9 Dec 1931

Vol. 40 No. 21

Housing (Gaeltacht) (Amendment) Bill, 1931—Second Stage.

Tairgim go léighfear an Bille an dara huair. Tá sé beartuithe fén mBille an tsuim de £250,000 do cuireadh ar fáil fen bPríomh-Acht do mhéadú. Tá £230,000 den tsuim sin curtha in áirithe cheana féin tré iarrataisí atá ceaduithe go dtí so. Bíodh go bhfuil sé ceaduithe £230,000 a chaitheamh ní hionann san agus a rá go bhfuil éinní i ngar don mhéid sin caithte. Níl ach timpeall £45,000 dlite len' íoc agus ní caithfear an t-airgead atá á lorg anois go ceann a dó no a trí de bhlianta. Is minic go dtógann sé suas le dhá bhliain ó iarratasóir a thigh do chríochnú. Ní féidir leis faillí do thabhairt ina chuid oibre eile an fhaid a bhíonn a thigh á thógáil aige. Bíonn air aire do thabhairt dá chuid barraí beaga agus dá chúramaí eile chó maith. Rud eile, ní hi gcomhnaí is féidir leis greim d'fháil ar shaor no ar shiúinéinéir nuair a theastódh duine acu uaidh. Nuair a bhí an Príomh-Acht os cóir na Dála b'é tuairim a lán Teachtaí gur cheart gach imníomh do dhéanamh le tithe do chur á ndéanamh agus bhíos féin ar aon tuairim leo san méid sin.

Táim sásta leis an dul chun cinn atá déanta agus leis an slí do réitíodh na deacaireachtaí a bhí romhainn agus tá deimhniú agam o Theachtaí as gach roinnt den Dáil go bhfuilid lán-tsásta leis an slí atáthar ag oibriú an Achta. Do deineadh na hoifigigh atá i mbun na hoibre seo do thogha toisc go rabhadar sár-oilte ar an obair agus ina theanta san toisc go raibh báidh acu leis na daoine. Bhí spéis agus mortas ortha an obair sin do bheith idir lámha acu, agus tá a rian air. Do dheineadar a gcuid oibre le croidhe agus le dúthracht nea-choitianta. Is cóir, dar liom, tagairt phuiblí do dhéanamh don obair mhór atá déanta ag na hoifigigh seo. San am chéanna ní fearr a bheith ró-thapaidh. Níl ach méid áirithe ceárduithe agus daoine deas-lámhacha le fáil sa Ghaeltacht agus fé láthair táid go léir ag obair go dícheallach. Tá daoine óga ag foghluim a gceárd ach níor chóir iad do chur ag obair as a stuaim féin go dtí go mbeidís lán-oilte chuige sin. Is follas ná bíonn ceárduithe na tuatha chó hoilte le ceárduithe na cathrach mar a mbíonn ceárduí fé leith do gach saghas oibre, sé sin, saor cloch, siúinéir, agus mar sin de. Dá bhrí sin, ní móor uain do thabhairt dóibh leis an obair do dhéanamh go réasúnta maith óir braitheann sláinte na ndaoine, agus b'fhéidir costas deisithe ar ball, ar an geuma 'na ndeintear na tithe seo do thógaint. Déanfaidh an 2,500 tithe atá ceaduithe cheana féin fuascailt mhór ar an scéal.

Do gheallas don Dáil go ndéanfainn iarracht ar an fhadhb do réiteach in sna háiteacha iargcúlacha ina raibh dealbhas neachoitianta. Bhí a fhios agam go maith an deacracht a bhainfeadh leis an iarracht agus admhuím go raibh eagla orm ná béadh na daoine bochta so ró-fhonnmhar chun feidhm do bhaint as an tairbhe a bhí le fail aca fén Acht. Is áthas liom é bheith le rá agam, áfach, nách amhlaidh a bhí. Táid na daoine bochta tar éis glacadh le buntáistí an Achta go líonmhar agus go fonnmhar. As an £250,000 a cheaduigh an Dáil bhí trí chúigiú le caitheamh in sna dúthaí dealbhú agus suas go dtí so do ceaduíodh breis bheag agus na trí chúigiú den airgead do sna dúthaí sin. Tá timpeall £135,000 ceaduithe do sna dúthaí dealbhú agus timpeall £90,000 do sna dúthaí eile sa Ghaeltacht. Is léir uaidh seo ná fuil na daoine seo chó héadóchasach san agus a ceapadh. Ní fhéadfadh daoine a bheadh lán d'éadóchas agus ar a mbeadh tromluighe an dealbhais croidhiúlacht agus corráiste chó mór san do bheith aca. Is mór an ní dhúinn an deimhniú seo do bheith againn nuair a bheidh caoi againn ar thabhairt fé ghnóthaí eile do chur ar bun a raghaidh chun saol na ndaoine seo d'fheabhsú. Is féidir le daoine sa Ghaeltacht iasacht airgid suas go £90 d'fháil fén Acht agus níor cuireadh aon chosc le daoine an méid sin d'fháil go hiomlán.

Ní maith liom féin iasachtaí airgid. Cuireann siad ualach ar mhuirín tighe gur fearr a bheadh an scéal aca gan an t-ualach san. Is breagh an rud é le hinnsint nár hiarradh, tríd is tríd, ach timpeall agus £30 an duine mar iasacht. Is mór an scéal é sin, mar taisbeánann sé gur thuig na daoine bochta so an dualgas a bheadh á ghlacadh aca ortha féin agus ná rabhadar sásta aon ualach airgid do chur ortha féin ná beadh ar a gcumas a dhíol ar ais go macánta.

Fé Alt a 12 den Phríomh-Acht do tugadh comhacht don Roinn conghnamh do thabhairt do sna daoine abhair tógála d'fháil chó saor agus dob' fhéidir é, tré socruithe chun cócheannach do dhéanamh ar a son. Fuarathas tairiscintí ó sna soláthróirí móra ar na habhair a theastódh ó lucht déanta tithe fén Acht agus ní mór dom a rá gur dhein na soláthróirí a geionn féin chun a chur ar mo chumas téarmaí ana-réasúnta d'fháil do sna daoine sa Ghaeltacht. Do thugadar gach cabhair ab' fhéidir leo leis an fhadhb do réiteach—fadhb atá glactha idir lámha ag an Oireachtas agus ag an Rialtas. Gan amhras obair anamhór dob' eadh na habhair tógála a bheadh ag teastáil fé oibriú an Achta do sholáthar. D'éirigh liom leis téarmaí speisialta d'fháil ó lucht déanta na n-abhar i mbaile agus i gcéin agus raghaidh an buntáiste chun tairbhe na ndaoine.

Sé bunús mo scéil go bhfuil na daoine atá ag déanamh tithe anois fén Acht ag fáil a gcuid abhar i bhfad níos saoire ná lucht déanta tithe beaga agus tithe móra atá lasmuich den tsocrú so chun có-cheannach.

Tá sé déanta amach agam go bhfuil £27, tríd is tríd, bainte de fhiacha na n-abhar i gcóir tighe cheithre seomra de bharr an tsocrú so chun có-cheannach atá déanta againn.

Is ionann san agus £27 de bhreis do chur leis an ndeontas airgid atá le fáil fén Acht. Is mian liom anois mo bhaochas do chur in úil do lucht soláthair agus do lucht déanta na n-abhar tógála a chuir ar mo chumas an margadh maith seo do dhéanamh.

Beidh áthas ar na Teachtaí anso a fhios do bheith aca gur i nGaedhilg amháin do cuireadh amach na leabhair tairiscinte agus gur i nGaedhilg do socruíodh na margaí go léir. Sé mo thuairim nár deineadh le n-ár linn-ne, pé ar domhan é, connradh den tsaghas san agus den mhéid chéanna do shocrú agus do chríochnú sa dteangain náisiúnta.

Cuirim fáilte roimh an Bhille seo. Is cúis áthais dom go bhfuil an méid airgid a thairg an Dáil—ceathrú milliún púnt— beagnach ceaduithe ar fad, ach tuigim ón sceul a thug an tAire dhúinn iniu ná fuil an méid iomlán caithte, gidh go bhfuil sé ceaduithe. Ba mhaith liom fios d'fháil ón Aire cad chuige nach bhfuil an t-airgead uilig i lámhaibh na ndaoine. Tá a fhios agam go maith nách fuirist dul ar aghaidh go tapaidh leis an obair seo ach mar sin féin sé mo thuairim go mba chóir don Airacht a bheith in ann níos mó airgid d'íoc. Fé mar a thuigim an sceul níl ach deich agus fiche míle púnt íoctha gidh go bhfuil níos mó ná £200,000 ceaduithe. Ní thuigim cad 'na thaobh ná fuil níos mó íoctha. Timpeall sé mhí o shoin dubhairt an tAire go raibh £16,000 íoctha agus £80,000 ceaduithe. Is iongantach ná fuil an £80,000 sin íoctha in ionad £30,000. Os na figiúirí atá againn is léir go bhfuil an obair ag dul ar aghaidh go mall réidh i gcuid de sna ceanntracha. Cuir i gcás Contae Dhún na nGall; tá an easbaidh tithe chó géar annsin agus atá sé in aon áit eile, ach mar sin féin níl ach leath an méid atá caithte i gContae na Gaillimhe caithte i nDún na nGall. Tá a fhios agam go bhfuil níos mó bochtanais agus níos mó daoine ins na ceanntrachaibh cumhanga i gContae na Gaillimhe ach tá stáid na ndaoine níos measa in áiteacha i nDún na nGall na in áit ar bith eile. Ba mhaith liom 'fháil amach cad chuige nach bhfuil an obair seo ag dul chun cinn annsin. Tá an-obair á déanamh, gan amhras, fén Acht so ar fud na tíre agus is maith an rud go bhfuil sí á déanamh tré Ghaedhilg. Nuair a labhrann na hoifigigh as Gaedhilg; nuair a chuireann siad amach na fuirmeacha tairiscinte, na leitreacha agus eile tré Ghaedhilg, deineann sé a lán maitheasa. Tá súil agam go leanfar leis an obair sin, ní hé amháin fén Roinn seo ach fé Ranna eile an Rialtais. Níl mórán baint agam leis an obair seo ach creidim go bhfuil sí ag dul ar aghaidh.

Dubhairt an tAire ná beadh an t-airgead seo íoctha go ceann trí mblian. Is fíor ná fuil ach dhá bhliain caithte ach nuair a bhí sé ag féachaint le tuille airgid d'fháil ba chóir do a fheiceál go mbeadh an chuid airgid a bhí ceaduithe aige íoctha. Tá an t-airgead so ag teastáil go géar ós na daoine. Táid an-bhocht ar fad. Ní féidir leo dul go hAlbain nó go háiteanna eile agus is dócha ná beidh mórán airgid ag teacht chuca um Nodlaig. Ar an abhar san molaim don Aire an méid airgid atá ceaduithe, idir dheontaisí agus iasachtaí, do chur i lamhaibh na ndaoine gan mhoill.

Ní fear mór cainte mé ach níor mhaith liom an ócáid seo do scaoile uaim gan an tAire do mhola i dtaobh an obair atá aige á dhéanamh don Ghaeltacht fé Acht na dTithe. Tá fhios agam-sa agus ag na Teachtaí eile ón Ghaeltacht an feabhas atá á chur ag na daoine ar a gcuid tithe. Tá fhios againn leis gur daoine bochta muintir na Gaeltachta ach daoine isea iad a oibríonn go dian dícheallach. Tá tairbhe mór aca á bhaint as an airgead atá acu á fháil fé'n Acht so agus beidh a rian fós ar shláinte na ndaoine óga. Tá tairbhe mhór á dhéanamh ag an Acht so do labhairt na Gaedhilge. Is féidir liomsa a dheimhniú don Aire agus don Rialtas nár caitheadh aon airgead riamh a dhein an oiread maitheasa do sna dúthaí bochta so. Molaim an obair atá ar siúl ag an Aire agus ba mhaith liom anso mola speisialta do thabhairt do sna hoifigigh atá i mbun na hoibre seo aige sa Ghaeltacht. Is maith liom go bhfuil ar aigne ag an Aire leanúint den obair mhaith seo.

Is maith liom faoi dheire thiar thall gur tháinig an lá gur labhair gach Teachta a labhair as Gaedhilg amháin. Sin mar ba cheart dúinn é. Go leor acab a bhfuil Gaedhilg acab níorbh fhiú leob í a labhairt. Tá súil agam go mbeidh siad ghá labhairt níos coitcheanta sa Teach as seo amach. Thug an Bille seans do go leor againn teacht amach san nGaedhilge. Is mise an t-aon Teachta amháin adubhairt, nuair a thug an tAire an chéad Bhille isteach, go ndéanfadh na daoine bochta a gcion féin dá ndéanfadh an Teach seo a chion. Rinne an Teach é agus chuir na daoine bochta leis. Ní fhéadfadh duine ar bith a cheilt nach ndeachaidh siad ag obair as a neart. Bhí go leor acab a cheap daoine nach gcuirfeadh siad suas aon teach go bráthach, ach ní mar sin atá. Tá na tithe thuas anois no gar a bheith thuas ag go leor acab agus, maidir leis an gcuid is boichte acab, ní féidir a rá níos mó, má fhaghann siad aon chúiteamh ar bith, nach gcuirfidh siad leis. Agus ní fhéadfadh duine ar bith a rá, a thiocfadh siar go Conamara, nach bhfuil obair iongantach déanta acab. Séard a bhí le rá go dtí seo go raibh siad leisciúil, ach thaisbeáin siad nach raibh nuair a fuair siad an seans.

Dubhairt go leor Teachtaí nuair a thug an tAire isteach Bille dhá bhliain o shoin ag tabhairt an £250,000 nach bhfeicfeadh an Dáil seo caithte é ná an Dáil a thiocfadh ina diaidh sin. Ach dubhairt mise amháin nach mbeadh sé dhá bhliain ón lá sin go mbeadh an tAire ag tigheacht chuig an Dáil ag iarraidh tuille airgid. Shaoil go leor de na Teachtaí nach raibh a fhios agam céard a bhí agam á rá. Ach mairim-se imease na ndaoine agus tá a fhios agam iad agus an méid atá siad in ánn a dhéanamh nuair a fhaghann siad leigeann ar bith. Is maith liom gur agam-sa a bhí an fhírinne agus go ndearna na daoine a gcion. Chuir siad faoi ndeara don Aire tuille airgid d'fháil. Tá bród orm nár chlis sé orra; bhí a fhios agam nach ndéanfadh; agus sul a bhfeicimíd bliain eile caithte, beidh an tAire ag tigheacht aris chuig an Teach seo ag iarraidh tuille airgid agus tá mé cinnte go bhfuighidh sé é, mar tá 'chuile Theachta sa Teach ar thaobh rud mar seo.

Faitchíos mór a bhí ar an Aire nach bhféadfaí dream ceárduithe d'fháil ach bhí a fhios agam nach raibh muintir Chonamara chó dall agus a bhí ceapuithe dóibh. Nuair a fuair siad beagán beag léarguis ar an obair a bhí le déanamh acab d'fhás siúinéirí agus saortha agus scláitéirí níos treise ná d'fhás mushrooms ar aon oíche ariamh agus anois tá nios mó fir chéirde againn ná a bhéas ag teastáil. Is maith an rud é seo. Mura mbeadh ach beagán acab ann bheadh an obair níos daoire ná mar tá.

Teasbáineann an Bille seo go mbeidh 'chuile rud á dhéanamh as Gaedhilg amháin. Líonadh na fuirmeacha i nGaedhilg. 'Chuile leitir a scríobhadh as na hoifigí is i nGaedhilg a scríobhadh í. Na hoifigigh a cuireadh amach. as Gaedhilg a labhair siad le gach duine a tháinig treasna orra—beag agus mór, óg agus sean. Oifigigh as an tír go leor acab a bhí i bhfabhar na Gaedhilge; ní ar nós chuile oifigeach a tháinig rómpa a chuir síos an Ghacdhilg agus an Ghaeltacht agus a bhí ag fiod mhaga fútha. Ach míle buidheachas do Dhia go bhfacamuid an lá gur tháinig na hoifigigh seo—oifigigh a thug congnamh do na daoine, oifigigh a chuaidh isteach ina dtithe chuca, ba chuma chó dona agus a bhí siad, agus a thug misneach an domhain dóibh tosnú ar an obair. Siad na hoifigigh seo a rinne an gnó chó maith sin, a rinne an obair chó réidh do na daoine.

In oifig an Aire chuaidh mise isteach chó minic le duine ar bith faoi an gceist seo agus féadaim a rá nár labhair mé fhéin, ná duine ar bith i mbun na hoibre seo san oifig, ariamh ach Gaedhilge. Teasbáineann seo go bhfuil siad in ánn a n-obair fhéin a dhéanamh ina dteanga fhéin agus bród ar 'chuile dhuine ghá déanamh. Sílim go bhfuil 'chuile dhuine sa Teach seo sásta leis sin mar chuaidh an obair ar aghaidh chó maith agus nach raibh cáll ag aon Teachta taobh thuas na taobh thall aon cheist a iarraidh ar an Aire cé mar bhí an obair ag imeacht mar bhí a fhios againn uilig go raibh sí ag imeacht go fuinniúil.

Anois, dubhairt an Teachta O Deirg nach raibh tada á dhéanamh i nDún na nGall ná sna ceanntair eile le hais mar a bhí á dhéanamh i gConamara. Dubhairt sé gur i gConamara a bhí an chuid is mó den airgead á chaitheamh. Agus nach mar sin is cóir. An chéad duine a iarrans le ceart, is ceart freastal air ar dtúis. Nach raibh 1,500 fuirmeacha istigh as Conamara sul ar chuimhnigh Dún na nGall ná Portláirge go raibh a leithéide de Bhille ar na leabhra. Nach i gConamara atá Rosmuc, an áit a ndeachaidh Pádhraic Mac Piarais, seacht míle beannacht le n-a anam. Mar sin, nach ceart dúinn rud beag ómóis a theasbáint do Chonamara. Dá dtagadh sé ar ais anois agus é féachaint an méid tithe atá á dhéanamh, tá mé cinnte go ndéarfadh sé go bhfuil rud éicínt á dhéanamh faoi dheire dhá thír fhéin— sin é Conamara.

Ba mhaith liom cúpla poinnte do chur ós cóir na Dála mar gheall ar scéim an Aire. I dtaobh chó-cheannach abhar ní dóich liom go ndearnadh an rud ceart i gceanntracha áirithe. Go dtí bliain ó shoin tugadh a lán oibre den tsaghas so do mhuintir na Gaeltachta—ag déanamh fuinneóg agus a leithéid. Baineadh an obair sin díobh agus ba mhór an cailleadh do mhuintir na Gaeltachta é sin. Do réir mar a chluinim bhí an obair á déanamh chó saor san Ghaeltacht agus atá sí á déanamh lasmuich dén Ghaeltacht, ach dá mbeadh sí níos daoire b'fhiú an obair do dhéanamh san Ghaeltacht. Dubhairt an tAire go raibh an luach níos lugha ná mar a bhí. Is maith liom sin a chloisint ach san am chéanna ní maith liom go mbainfí an obair de mhuintir na Gaeltachta.

In áiteacha taobh amuich den Ghaeltacht tá sé an-deacair deontaisí d'fháil. In áiteacha mar Leacain, nach bhfuil san fhíor-Ghaeltacht ach in a bhfuil an Ghaedhilg in uachtar ba chóir seans a thabhairt do na daoinibh deontaisí d'fháil. Admhuím go bhfuil an-obair déanta fén Acht so ach ceapaim go dtiocfadh leis an Aireacht dul ar aghaidh níos tapaidh ná mar tá sí. Muna bhfuil go leor cigirí ann atá in ann an obair do dhéanamh leith-sceul maith iseadh é sin ach tá eolas agam ar chúpla cásanna ina raibh moltaí an chigire ag an Roinn. Rinneadh moill ar na cásanna sin sa Roinn agus ba dheacair dul ar aghaidh leis an obair. Sé mo thuairim go dtiocfadh leis an Aire dul níos sciobtha leis an obair.

Seán O Guilidhe

Aontuím leis an méid adubhairt an Teachta O Cléirigh. Gídh go bhfuil cuid mhaith airgid caithte i bPortláirge do caitheadh an t-airgead san in aon áit amháin, sé sin paróiste na Rinne. Tá áiteanna eile lasmuich den Rinn 'na bhfuil an Ghaoluinn ag na sean-daoine agus ba chóir caoi a thabhairt dóibh ar chuid de sna deontaisí seo d'fháil. Tá a fhios agam go bhfuil na tithe ins na háiteanna san go dona. Admhuím gur ceart, i dtosach, cuidiú leis na ceanntracha so 'na bhfuil an Ghaoluinn á labhairt, ach ins na ceanntracha eile 'na bhfuil an Ghaoluinn ag na sean-daoine cé ná fuil sí á labhairt ag na daoine óga ba chóir congnamh do thabhairt do sna daoine. Iarraim ar an Aire dul ar aghaidh leis an obair chó tapaidh agus is féidir leis.

Is maith liom a chlos ó gach taobh den Tigh go bhfuil na Teachtaí sásta leis an tslí 'nar cuireadh an tAcht so i bhfeidhm. Mar gheall ar an méid airgid atá ceaduithe agus atá caithte sé an míniú nách féidir linn an t-airgead atá ceaduithe d'íoc go dtí go mbeidh cuid mhaith den obair déanta. An méid a tugtar ar dtúis ní mór é i gcompráid leis an méid a tugtar nuair a bhíonn an obair críochnuithe. Ní dóich liom go gcuirfeadh breis chigirí aon fheabhas ar an scéal. Mar adubhairt an Teachta O Deirg, tá an ceathrú milliún púnt go léir nách mór a tugadh ar dtúis ceaduithe. Tá na cigirí ag déanamh a gcuid oibre go tapaidh ach níl na tithe á dtógáil go tapaidh.

Maidir leis an deifríocht atá idir Dún na nGall agus Contae na Gaillimhe ní aontuím leis an Teachta O Deirg nuair adeir sé go bhfuil an méid céanna bochtanais i nDún na nGall atá i gConamara. Ní hé sin an fáth go bhfuil an oiread deifríochta idir an méid atá ceaduithe i nDún na nGall agus an méid atá ceaduithe i gConamara. Bhí ana-mhoill ar thosnú na hoibre i nDún na nGall agus do tosnuíodh gan aon mhoill i gConamara.

An ceart é sin?

Táimíd-ne anghasta.

Is orainn-ne a bhí cuid den locht ach bhí moill ar an obair i nDún na nGall. Timpeall sé mhí ó shoin chuireamar oifigeach eile ag obair i nDún na nGall agus ó shoin i leith tá an obair ag dul ar aghaidh go cuibhseach tapaidh.

Dubhairt an Teachta O Guilidhe nár caitheadh aon airgead i gContae Phortláirge lasmuich de pharóiste na Rinne. Is fíor san ach mar adubhart ar dtúis sé an rud atá uainn ná aire do thabhairt san chéad áit don fhíor-Ghaeltacht agus ansan, uaidh sin amach, don bhreac-Ghaeltacht gan dearmad a dhéanamh ar cheist bhochtanais na n-áiteanna. Sé mo thuairim go n-eireoidh go cuibhseach maith le Contae Phortláirge. Tá obair ar siúl ann agus déanfar rud éigin ar son a lán de sna háiteanna go ndearna an Teachta tagairt dóibh sara mbeimíd críochnuithe.

Mar gheall ar chó-cheannach, mar adubhairt mé cheana, tá £27 bainte de fhiacha na n-abhar i gcóir tighe cheithre seomra de bharr an chó-cheannaigh. Sé atá 'nár n-aigne ná go mbeadh na daoine ábalta ar na tithe. do thógáil chó saor agus is féidir leo. Dubhairt an Teachta O Cléirigh go mba cheart dúinn na habhair do dhéanamh san Ghaeltacht. Táimíd ag déanamh ár ndíchill chun san a dhéanamh.

Tá rud amháin is éigin dúinn a choimeád ós ár gcóir—sé sin abhair shaora do sholáthar don fhear bhocht chun ná beadh aon ualach iasachta air ná beadh sé in ánn a iompar.

Question put and agreed to.
Committee Stage ordered for Thursday, 10th December.
Top
Share