Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 10 Dec 1931

Vol. 40 No. 22

In Committee on Finance. - Vote 54.—Fisheries and Gaeltacht Services.

I move:—

Go ndeontar suim bhreise ná raghaidh thar £10 chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1932, chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Tailte agus Iascaigh agus Seirbhísí áirithe atá fé riara na hOifige sin, maraon le Deontaisí i dtaobh Tógála Tithe agus Ildeontaisí i gCabhair.

That a supplementary sum not exceeding £10 be granted to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending on the 31st day of March, 1932, for the Salaries and Expenses of the Office of the Minister for Lands and Fisheries, and of certain Services administered by that Office including Grants in connection with Housing and Sundry Grants-in-Aid.

Baineann an Vóta so leis an tosnú beag a deineadh i mbliana chun caoi do thabhairt do leanbhaí ón Ghalldacht a gcuid laetheanta saoire do chaitheamh imeasc a gcomh naosaí sa bhFíor-Ghaeltacht.

Tá sé beartuithe na saoráidí seo do chur ar fáil do leanbhaí d'aois a hocht mblian go dtí a dhá bhliain déag ag a mbeadh roinnt Ghaedhilge cheana féin agus go mbeadh óna muintir caoi do thabhairt dóibh cleachta do dhéanamh ar labhairt na teangan i gcomhluadar leanbhaí go mbeadh an teanga acu ó dhúthchas.

Is fuiriste a thuiscint nár mhaith le tuismitheóiri leanbhaí chomh hóg do bheith i bhfad ó bhaile uatha gan duine éigin tuisgeanach do bheith ina dteanta chun áire do thabhairt dóibh agus chun féachaint ina ndiaidh, dá dtárlódh aon bhreóiteacht dóibh.

Tá sé ceapaithe leanúint den scéim seo i rith Samhradh na bliana seo chugainn agus nuair bainfear feidhm níos fearr as an scéim, tá súil agam go ndiólfadh na heilithe as iomlán an chostais a leanfaidh seirbhísí na n-aodhairí agus ná beidh aon mhuirear ar an cistí puiblí.

Sé mo thuairim féin go dtiocfaidh tairbhe mhór as comhluadar so na n-aos óg.

Is maith an rud é seo chun Gaoluinne do mhúineadh do sna leanbhaí óga agus ní chuirfidh aoinne ina choinne. Níl puinn airgid sa cheist.

Ba mhaith liom fháil amach cad iad na ceanntracha ina mbíonn na scoláirí seo agus, má bhíonn siad ar scoil, cad na thaobh ná bheidis fé chúram lucht na scoileanna. I gColáiste na Rinne tá na páistí fé chúram an Fhir Mhóir. Ní thuigim cad na thaobh go bhfuil gá le freastail spesialta mar seo. Is dóigh go mba chóir do lucht na sgoileanna an obair do dhéanamh.

Is maith gur adubhairt Proinnsias O Fathaigh gur maith an rud é seo a dhéanamh. Tá mé ar aon intinn amháin leis annsin. Ach da bhfeiceadh sé na gasúir seo ag dul imease na ngasúr sa nGaeltacht bheadh níos mó go mór moladh aige don tairigint. Thug sé an taobh thoir d'Eirinn go dtí an taobh thiar. Teasbáin sé nach raibh blas deifríocht idir gasúir taobh thoir agus gasúir taobh thiar d'Eirinn—ag labhairt na Gaedhilge tar éis cúpla mí. Dubhairt an Teachta O Deirg nar cheap sé go raibh an bhean seo ag teastáil mar d'fhéadfadh na gasúir seo dhul 'un na sgoile agus go mbreathnochadh na múinteoirí ina ndiaidh. Tá faithchíos orm nar thúig sé an sgéal. Sé an tam a ndeacha na gasúir seo síos go dtí an Ghaeltacht na nuair a fuair siad laetheanna saoire ina gceanntair féin. San am chéadna, bíonn laetheanta saoire ag na gasúir sa nGaeltacht. Mar sin, theastuigh an bhean seo go gcur le breathniú i ndiaidh na ngasúir seo— cuid acu nach raibh níós mó ná seacht mbliana d'aois. Bhí a fhios ag athaireacha agus ag máithreacha a chuirfeadh a gclann ón taobh thoir go dtí an taobh thiar d'Eirinn an fhad's bhiodh a leitheide seo de bhean ag breathniú 'na ndiaidh nach n-eireochadh aon bhlas dóibh dá bhféadfadh sise é agus da n-eireochadh go gcuirfeadh sí sgéal chuca ar an bpoinnte agus go bhféicfeadh sí go raibh na tighthe cearta acu le fanúint ionta. Rinneadh tosuighe lag annseo sa scéim seo ach tá súil agam go mbeidh sé niós láidre an chéad bhliain eile; deirtear gur dhá thrian den obair í thosuighe.

Cuid de na gasúir tar éis na laetheanta saoire do bheith thart fágadh sa nGaeltacht iad ag dul 'un na sgoile agus bheadh spóirt ar dhuine ar bith a rachaidh isteach sa sgoil ag éisteacht leo ag labhairt Gaedhilge. Tá mé cinnte go ndéanfa siad maith an domhain nuair a ghabhfa siad air ais abhaile. Fear amháin go mba cheart dhom buidheachas faoi leith a gleacadh leis, sé sin Ceallach, dligheadóir, as Inis Córthaidhe a chuir ceathair dá chuid páistí chuig an nGaeltacht agus a d'fhág beirt acu ann fós. Tá súil agam go leanfa go leor an chéad bhliain eile an sompla a thug an fear sin. Má dhéanann, tá sé cinnte gur gearr go mbeidh Gaeltacht sa taobh thoir d'Eirinn chó láidir leis an tobh thiar. Sé mo bharúil gurb é seo an cúpla scór punt is fearr a caitheadh sa nGaeltacht le fad an lá.

Mar adubhairt an Teachta Seosamh Ó Mongáin ní h-ionann é seo agus an scéim i gColáiste na Rinne. Bíonn na páistí seo ar scoil i rith na bliana. Nuair a thagann na laethe saoire is maith leis na haithreacha agus na maithreacha na páistí seo do chur chun na Gaeltachta i dtreo go mbeid i gcuideachtain le páistí na háite sna tithe beaga agus ins na sgoileanna. Níor dheineamar ach tosní i mbliana. Bhí dúil againn páistí do chur go dtí Teelin, i gContae Dhún na nGall, ach bhí sé ana-dhéanach nuair a shocruigheamar an scéim. Is dóigh liom go mba cheart bean a bheith i bhfeidhil na bpáistí an fhaid a bheidís ina gcómhnuidhe sna títhe ar eagla go mbeadh breóiteacht no epidemic ins an gceanntar. Muna mbeadh bean ann chun aire do thabhairt do sna páistí, is dócha nár mhaith leis na haithreacha ná leis na máithreacha a gcuid páistí do chur chun na Gaeltachta. Sé mo thuairim gur tháinig a lán maitheasa as an meascadh so.

Nach bhfuil banaltraí ann?

Ní dóigh liom go bhfuil aon bhaint ag a gcuid oibre leis an obair seo.

Question put and agreed to.
Top
Share