Do réir mar a thuigim, níl aon airgead á chaitheamh ins an mbreac-Ghaeltacht. Gidh go bhfuil an chuid is mó de sna daoine bochta ina gcomhnuí ins an bhfior-Ghaeltacht, tá a lán daoine bochta san mbreac-Ghaeltacht chó maith. Tá cuid acu chó bocht leis na daoine san bhfíor-Ghaeltacht. Diarrfainn ar an Aire féachaint isteach sa sgéal i dtreo go rachaidh cuid den airgead so do na ceanntracha a bhí lasmuigh den scéim go dtí seo.
In Committee on Finance. - Housing (Gaeltacht) (Amendment) Bill, 1931—Committee and Final Stages.
Ní dó liom go dtuigeann an Teachta i gceart an rud adubhairt mé. Ní dubhairt mé go raibh an t-airgead uilig caithte san bhfíor-Ghaeltacht. Caithfidh an Teachta a thuigsint gurb é an bochtanas a bhí in ár n-intinn. Caitheadh cuid den airgead lasmuigh den fhíor-Ghaeltacht —timpeall £8,000. Nuair a bhí mé ag labhairt indé dubhairt mé go raibh 3-5 den airgead caithte san bhfíor-Ghaeltacht—sna háiteanna is boichte ann. Ach bhí cuid mhaith airgid— £8,000—caithte taobh amuigh de sin. Caithfimíd a coimeád in ár n-aigne gurb é is cúis leis an mBhille an fhíor-Ghaeltacht agus an bochtanas.
An féidir leis an Aire a rá cad iad na ceanntracha ina bhfuil an chuid is mó den airgead á caitheamh? Cad iad na háiteanna atá leagtha amach san sceideal?
Seán Ua Guilidhe
Níl mórán den airgead seo á chaitheamh i bPortláirge. An méid atá a chaitheamh ann, tá sé á chaitheamh san bhfíor-Ghaeltacht. Iarraim ar an Aire roinnt airgid do chaitheamh ins na háiteanna lasmuigh den fhíor-Ghaeltacht. Mar a dubhart, tá cuid mhaith daoine annsúd agus táid an-bhocht ar fad.
Táimíd ag obair mar a déarfá ón bhfíor-Ghaeltacht amach agus, mar a dubhart indé, tioc-faimíd go dtí na háiteanna seo gan mhoill. Ní raibh sé in ar gcumas go dtí seo teacht chúcha.