Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 3 May 1932

Vol. 41 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Na hOidi Naisiúnta.

D'fhiafruigh Cormac Breathnach den Aire Oideachais (1) cad é líon na n-oide náisiúnta i Saorstát Eireann (a) a chaill a bpágh; agus (b) a d'fhulang ísliú gráid trí thuitim na tinnrimh mheadhonaigh ins na blianta scoile darad gcríoch 1929, 1930, agus 1931 fá seach; agus (2) cad é líon na ndaoine a ghnóthuigh an scrúdú ins na Coláistí Múinteoireachta ins na blianta ceudna agus atá (a) ar ceal oibre; nó (b) gan obair sheasmhach.

An t-áireamh gur b'áil leis an dTeachta é d'fhagháil, tógfaidh sé roinnt aimsire le h-ullmhú.

Nuair a bheidh an t-eolas curtha le chéile bhéarfaidh mé do'n dTeachta é.

Top
Share