Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 27 Oct 1932

Vol. 44 No. 5

In Committee on Finance. - Vote 45—Office of the Minister for Education.

Tairigim:—

Go ndeontar suim ná raghaidh thar £56,684 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1933, chun Costaisí Oifig an Aire Oideachais, maraon le Costas Riaracháin, Cigireachta, etc.

That a sum not exceeding £56,684 be granted to complete the sum necessary to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending on the 31st day of March, 1933, for the Expenses of the Office of the Minister for Education, including the costs of Administration, Inspection, etc.

Maidir le Bun-Oideachas, níl aon athrú mór le tabhairt faoi deara ná le tuairisc do thabhairt air ó cuireadh na Meastacháin deiridh fá bhrághaid na Dála. Is beagnach mar a chéile an meán-tinnreamh ar na Bun-Scoileanna i mbliadhna agus anuraidh .i. beagán thar 84% don tír ar fad. Ins na Baile-Cheanntair mhóra, bhí an méid fá'n gcéad níos aoirde; cuir i gcás, 87.5% i gCathair Phort Láirge, ós cionn 86% i gCathair Choreaigh, i gCathair Luimnigh agus i gCathair Bhaile Átha Cliath. Agus ní raibh an meán-tinnreamh faoi 80% in aon cheanntar. Cé go bhfuil an tinnreamh féin seasmhach féadaim a rádh, tá an líon scoláirí fá'n gcéad atá ag freastal ar na hárd-ranganna ag dul i méid do réir a chéile, agus dar liom gurb é sin an toradh is tábhachtaighe a tháinig as an Acht. Ach is iontuigthe dár ndóighe nach mbíonn an lán-toradh iomlán ar fagháil ná le feicsint go cionn chúpla bliadhain fós.

Bíodh gur sásamhail liom an tinnreamh, á ghlacadh tríd agus tríd i dtir tuatha mar an tír seo againne, ní féidir liom a rádh go bhfuilim sásta leis na scoileanna féin, maidir leis an slighe atá ionnta do na daltaí. Do réir tuairiscí na gCigirí tá sé soiléir go gcaithfear feabhas mór do chur ar an gceist seo ar fud na tíre ar fad, agus is baoghal liom go nglacfadh sé timcheall milliún púnt an scéal a léigheas gan trácht ar an tsuim bhliantamhail is gádh do chaitheamh de ghnáth ar thógaint agus ar dheisiú na scol in aghaidh na bliadhna. Tá Roinn an Oideachais agus Oifig na n-Oibreacha Puiblidhe i gcomhairle le chéile ag féachaint cionnas is fearr an scéal do réidhteach agus tá súil againn go mbéimíd ábalta ar a lán do dhéanamh go cionn roinnt bliadhna chun cóiríocht fhóghanta scol (adequate school accommodation) do sholáthar don tír.

Maidir leis an obair atá déanta ins na scoileanna, ní raibh sé d'uain agam fós fiosrúchán iomlán do dhéanamh fá'n dhul-chun-cinn atá á dhéanamh ins na Bun-Scoileanna. Do réir an eólais atá le fagháil ó Thuarsgabhála na gCigirí tá sár-obair á déanamh ag trian de na hoidí agus tá obair mhaith á déanamh ag furmhór na codach eile. Ach ní mór dúinn chuimhneamh go bhfuil beagnach trian de na hoidí atá ann fá láthair gan aon cháilíocht sa Ghaedhilg; agus is mór i geeart an laige agus an cheataighe é sin toisc an dianghádh atá leis an nGaedhilg do réir an chláir nua. Tá neithe eile fós ag coinneáil cúl ar an obair mar tá an fhaillighe agus an neamart a dheineann a lán múinteóirí gan leanamhaint dá gcuid staidéir agus de léightheóracht i gcoitchinne — staidéar a bhainfeadh le n-a gcuid oibre mar mhúinteóirí nó staidéar ar ábharaibh eile. Maidir le héifeachtúlacht na hoibre ins na hábhair léighinn is léar dom nach bhfuil na Cigirí i gcoitchinne sásta leis an dul-chun-cinn atá déanta chun Cainnteoirí Gaedhilge a dhéanamh de na macaibh léighinn. Obair throm is eadh í, agus níl amhras ar bith ná go mbaintear ó éifeacht na bhFoireann atá ann fá láthair, de bhrigh go bhfuil múinteóir nó dhó i ngach scoil, atá lag ins an nGaedhilg ina lán áiteanna—fiú in áiteannaibh ina múintear go maith í—ach amháin mar ghnáth-ábhar scoile. Ní bhaintear feidhm as stair na hEireann nuair a bítear ag teagasg na Gaedhilge ná ní mhúscaltar meanman agus sprid na leanbhaí, agus is é a thoradh san go léir, nach gcuireann na leanbhaí fíorshuim ins an dteangain go deó.

Ní buan é éifeacht na hoibre sin chun Eire do Ghaedhealú, agus ní dhéanfaidh teagasc na Gaedhilge don aos óg a n-aigne do spreagadh, mara gcuirtear isteach ina n-aigne i bhfochair na Gaedhilge, teas-ghrádh dá dtír tré theagasc staire na hEireann, agus gan leigint don stair sin a bheith tur tuirseamhail ach a déanamh beó suimeamhail spéiseamhail. Is tuigthe mhór as an ní sin chun grádh a mhús-múinteoirí ag déanamh sár-oibre ar an dóigh sin, agus go bhfuil a gcuid scoláirí ag glacadh taithnimh do thír agus do dhúithche; ach is baoghalach gur beag an éifeacht atá sa stair a múintear i bhfurmhór na scoileanna chun an gríosadh is cuibhe agus is ceart do thabhairt do chroidhe agus d'aigne an pháiste. Is féidir an rud céadna a rádh i dtaobh na léightheoir-eachta a déantear sa Bhéarla. Tá a lán oidí ann a bhaineann feidhm an-mhór as an ní sin chun grádh a mhús-cail do thír na hEireann i dteannta grádh do dheaghlitridheacht; ach, do réir chuma, bíonn a bhfurmhór sásta le obair thur a bheir eolas cuibheasach maith ar an Bhéarla do na mic léighinn ach eolas san am chéadna nach mbíonn mórán usáide ann chun suim agus spéis dáiríríbh a mhusgailt ina gcroidhe sa tsaoghal a bhíonn ina dtimcheall.

Tuigtear dom go bhfuil feabhas tar éis teacht diaidh ar ndiaidh ar an módh teagaise a bhíodh i réim chun Tíreolaidheacht agus Uimhridheacht do theagase tá tamall bliadhanta ó shoin; agus fós go bhfuil na múin-teóirí ag déanamh cleachtaidh i ndiaidh a chéile ar nósa níos oilte agus níos intleachtúla chun na hábhair sin a theagasc. Maidir leis na hábhair is deacra ná iad san, mar atá, an Mhatamaitice, Tuath-eólas, et rl, ní shamhluigheann an caighdeán (stan-dard) a bheith árd. Ins na ranga is aoirde amháin iseadh a múintear na hábhair sin ó thús agus is ins na ranga céadna san is laige a shamhluigheann obair na scoileanna a bheith i gcoitchinne. Ó thárla anois gur éigean do leanbhaí idir a 12 agus a 14 leanúint de thinnreamh i Scoileanna Náisiúnta caithfear iniúchadh níos iomláine a dhéanamh ar na ceisteanna a bhaineas le hoideachas na n-óg i mBun-Scoileanna san tréimhse athrúcháin seo. Tá deacrachtaí móra ag gabháil le hoideachas éifeachtúil do thabhairt do mhic-léighinn den chineál san i ngach tír, ach is deacra go mór ceist dá leithéid sin a réidhteach i ndúthaigh tuaithe mar atá againn-ne, agus gan i bhfurmhór na scoileanna againn ach dhá oide do na ranganna uile.

Maidir leis an méid Múinteoirí Bunscoile atá ar fáil is áthas liom a rádh go bhfuil feabhas tagtha ar an scéal ar gach bealach. I gcás na mban táthar lán-tsásta leis an méid iarra-thóirí atá ar fáil do na Coláistí Oiliúna agus i gcás na bhfear tá an líon ag méadú. Tá an caighdeán dóibh seo atá ag dul isteach sna Coláistí sin ag ardú i ngeall ar go bhfuil socrú déanta le go líonfar na folúntaisí go léir beagnach feasta le mic léighinn a bhfuil oideachas meán-scoile ortha agus a fuair Ard-Teistiméireacht na Meán-Scoile. Cé's muite de líon beag congantóirí nea-oilte atá sa tSeirbhís cheana tá cúrsa Meán-Scoile nó cúrsa Ollscoile déanta ag bunáite gach mac léighinn a leigtear isteach in sna Colaistí Oiliúna anois.

Gan aimhreas, sé rud a thiocfas as an socrú nuadh seo go n-árdóchar go maith caighdeán an oideachais do mhúinteóirí i Scoileanna Náisiúnta agus ba cheart go gcuirfeadh seo feabhas mór ar obair na scol.

I dteannta an caighdeán generálta d'árdú do na múinteóirí tá dóchas, ó thárla gur tríd an nGaedhilg a gheibh-eann an chuid is mó de na daoine atá ag dul le múinteoireacht in sna Coláistí Oiliúna a gcuid oideachais go léir, go dtiocfaidh feabhas tapaidh ar eolas na Múinteoirí ar an nGaedhilg mar theangain teagaisc faoi cheann cúpla blian.

Tugadh cuntas ins na Tuarasgbhála Bliantúla cheana ar na modhanna le n-ar chuir Roinn an Oideachais an feabhas úd ar chaighdeán oideachais na n-adhbhar múinteoirí. Ní gádh dom-sa trácht a dhéanamh air sin annso arís. Ba mhian liom a rádh, amh, go bhfuil feabhas mór tagtha ar stáid na Gaedhilge ins na Coláistí Oiliúna ó tháinig scoláirí isteach ionnta ó na Coláistí Ullmhucháin i mbliana (1931) agus anuraidh (1930). Sí an Ghaedhilg gnáth-theanga na gColáistí Catoiliceach faoi láthair agus is tríd an nGaedhilg a deantar an chuid is mó den teagasc ionnta. Maidir leis na páipéirí scrúdú-cháin a freagartar i nGaedhilg táid ag dul i líonmhaireacht in aghaidh na bliana agus is dóigh liom go mbeidh breis a's 80 faoi'n gcéad de mhic léighinn na gColáistí Catoiliceach ag déanamh a scrúdúchán tríd an nGaedhilg an bhliain seo chugainn (míle naoi gcéad triocha a's a dó). Tá feabhas mór i gcúrsaí na teangan tagtha ar Choláiste Oiliúna Eaglais na hEireann freisin ce nach bhfuil sé ar aon dul leis na Coláistí eile nídh nach iongna.

Tá an Roinn ag iarraidh an scéal seo d'fheabhsú a thuille. Is mó líon tighe bocht sa nGaeltacht nach mbeadh sé de ghustal aca páistí a chur go Coláiste Ullmhúcháin agus ní hé amháin go dtugann Roinn an Oideachtais saor-áiteanna ins na Coláistí Ullmhúcháin do ghársúin is do chailíní cliste ón bhfíor-Ghaeltacht ach tugtar costas éadaigh a's taistil dóibh freisin agus spreagtar na múinteoirí le h-iad d'ullamhú i gcóir na scrúduithe. Mar sin tá i bhfad Eireann níos mó páistí ó Chonamara agus ó Thír Chonaill ag déanamh na scrúduithe anois.

Ní fada go mbeidh na scoláirí sin ag múineadh ar fuaid na tíre agus ba cheart go mba mhór an chabhair iad leis na scoileanna a Ghaedhealú. Ina éagmais sin is mór an rud oideachas agus obair a thabhairt do mhuintir na fíor-Ghaeltachta nach raibh fiú Cothrom na Féinne á fháil aca le fada. Tuigtear dóibh anois gurab í an Ghaedhilg a thugann na buntáistí speisialta san dóibh.

Tríd is tríd feictear dom go raghaidh Bun Oideachas na Tíre 'n cinn go maith ó thaobh na Gaedhilge agus ó thaobh an Oideachais féin mar beidh Gaedhilgeoirí óga agus oideachas maith ortha ag teagasc ins na scoileanna feasta.

Anois, tairigim go dtugtar tuaras-gabháil ar ar dineadh.

Progress reported; Committee to sit again to-morrow.
Top
Share