Táthar sásta leis an obair atáthar a dhéanamh ins na MeánScoltacha.
Trí chéad (300) líon na scoltach a bhí ag obair faoi Bhrainnse an MheánOideachais ins an bhliadhain 1930-31, agus is ionann sin agus 6 scoil sa bhreis ar uimhir na bliadhna roimh ré. Is é sin an méadú is mó in aon bhliadhain amháin ó cuireadh an Roinn ar bun. Bhí 1,349 de bhiseach ins an tinnreamh, agus is é sin é an biseach tinnrimh is mó dá dtáinig i mbliadhain ar bith ar na mallaibh. I dtaoibh na scoltach a raibh an Ghaedhilg i bhféidhm mar gnáth-theangaidh teagaisg ionnta bhí 3 scoltacha sa bhreis ar líon na bliadhna roimh ré agus bhí 4 scoltacha sa bhreis in ár teagascadh cuid de na hábhair, tríd an Ghaedhilg. Tá a thuilleadh socruighthe déanta ag an Roinn le cuidiú le scoltacha Gaedhilge agus le scoltacha Dhá-Theangthacha a chur chun cinn.
(a) Riaradh le n-ar féidir scoil Ghaedhilge (Roinn A) a dhéanamh de pháirt de Mheán-Scoil ar bith atá ar bun faoi láthair, ach amháin go mbéidh oiread dáltaí ag freastal na scoile sin agus gur fiú an costas an riaradh seo a chur i bhféidhm innte. Is é an fáth a ndearnadh an socrú seo le súil gó réidhteóchadh sé an bealach do lucht stiúrtha MeánScoil ar mhian leo féidhim a bhaint as an nGaedhilg mar ghléas teagaise, ach nár éirigh leo sin a dhéanamh cheana, de bhrigh go rabh cuid de na daltaí nárbh fhéidir leo an sochar ceart a bhaint as a leithéid sin de theagasc.
(b) Ráta na ndeóntaisí a árdú i geásanna áirithe.
(c) Deóntas sa bhreis d'íoc le scoltacha beaga i gcásanna fá leith; agus
(d) Breis spéisialta páighe do thabhairt do mhúinteoirí a dhéanfas na h-ábhair léighinn a theagasc thríd an nGaedhilg.
Tá áthas orm a rádh nach é amháin go dtáinig méadú ar líon na scoltach agus ar líon na ndaltaí, ach go dtáinig feabhas ar obair na scoltach ina chuideachta sin. Ní h-é amháin gur mhéaduigh líon na n-iarratóir i gcoitchinne, ach ins an Scrúdú deir-eannach le haghaidh Teistiméireacht leanadh do'n árdú buan a bhí ag teacht ins an méid faoi'n gcéad de phasanna agus de phasanna le honóracha a ghnóthuighthear ins na scrúduighthe sin. An uimhir fá'n gcéad de iarratóirí a gheibh Onóracha, tá sí anois i bhfoisceacht do bheith dhá uair comh mór agus bhí sí sa bhliadhan 1925, an chéad bhliadhain ar bunuigheadh na scrúduighthe ar an Chlár Nua. Is tábhachtach an fhiadhnaise í seo ar an dóigh a ndeachaidh na scoltacha ar aghaidh dá gcur féin in oireamhaint don obair faoi an nua-riaradh. Gidh go bhfuiltear sásta i gcoitchinne leis an gClár Nua, feictear dúinn go bhféadfaidhe a thuilleadh saoirse a cheadú ann, agus gan a luachmhair-eacht a laghdú. Dá bhrigh sin tá sé de rún ag an Roinn Ard-Chúrsaí agus Bun-Chúrsaí a leagan amach in ábhair Matamaitice agus in ábhair a bhaineas le teangthacha. Táthar ag súil go geuirfear suim i stuideár na Matamai-tice i scoltacha na gcailín de bhárr an Bhun-Chúrsa ins an ábhar léighinn sin; agus de bhárr an Bhun-Chúrsa ins na Nua-Theangthacha go gcuirfear breis suime i léightheóracht Frainncíse agus Gearmánaise ins na scoltacha in nach féidir am go leor a fhagháil le haghaidh an lán-chúrsa atá ann fá láthair. I dtaoibh an Bhun-Chúrsa i Mata-maitice do scoltacha na gcailín, agus an Árd-Chúrsa agus an Bhun-Chúrsa i nGaedhilg agus i mBéarla, táthar ag súil le n-a gcur i bhféidhm, an scoil-bhliadhain seo chugainn. Agus táthar ag súil leis na Bhun-Chúrsaí i bhFrainncís agus i nGearmánais a chur i bhféidhm ins an bhliadhain 1933-34.
I dteannta an fháis a tháinig ins na bliadhanta deireannacha seo ar líon na scoltach agus na mac léighinn, tá fás dá réir sa mhéid airgid a caithtear ar Mheán-Oideachas, go h-áithrid maidir le Deóntaisí Cionn-tsraithe (Capitation Grants) agus deóntaisí eile. Tá an caiteachas nó an costas iomlán (lasmuich de chostas Riaracháin, Cigireachta, clódórachta agus Páipéarachais) le haghaidh na bliadhna airgeadais seo caithte (dar críoch 31adh Márta, 1932), tá sé £17,000 níos mó ná an costas a bhí ann le haghaidh na bliadhna roimhe sin. Do réir na gcuntaisí a fuarthas ó na scoltacha i dtús na scoil-bhliadhna 1931-32, bhí an fás in uimhir na scoltacha agus na mac léighinn ag gabháil ar aghaidh. Is dóiche mar sin de, má's mian leanamhaint de na deóntaisí ar an tsean-leagan go mbéidh árdú eile £20,000 nó mar sin, ar chostas Meán-Oideachais le h-agh-aidh na bliadhna airgeadais 1932-33. Cé bith sin, bhí sé riachtanach laghdú a dhéanamh ar chúrsaí airgeadais i gcoitchinne, agus mar sin de bhí sé de riachtanas fuagradh a thabhairt do na scoltacha go laghdóch-aidhe deóntaisí Ceann-tsraithe agus deóntaisí Saotharlainne (Laboratory) na scoil-bhliadhna 1931-32 fá dheich sa chéad (10%), agus go measfaidhe deóntaisí na scoltach Gaedhilge agus deóntaisí na scoltach Dhá-Theang-thach atá bunuighthe ar an deóntas Ceann-tsraithe, go measfaidhe iad sin de réir méid laghduighthe an deóntais Ceann-tsraithe.
I dtaobh fóirneacha na scoltach bhí 2,643 oidí ag obair ins an scoil-bhliadh-ain 1930-31, agus b'ionann sin agus 92 sa bhreis, nó 3.6% sa bhreis, ar uimhir na bliadhna roimh ré. Bhí 1,491 de mhúinteoirí cláruighthe ag obair—16 sa bhreis, nó 1.1%.
Taisbeánann na figiúirí sin, gidh gurb oth linn a rádh, go rabh líon na múinteóir cláruighthe beagán níos lugha ná mar bhí sé ins an bhliadhain roimhe sin. B'fheairrde, de thaoibh oideachais, go mbéadh níos mó de oidí cláruighthe ar fhóirneacha na scoltach.
Ach tá méadú ag teacht ar líon na múinteóir atá ag tarraingt Páighe Breise (Incremental Salary). Tá siad anois 81.1% de iomlán na múinteóirí cláruighthe. 80.5% a bhí siad ann ins an bhliadhain 1929-30, agus 78.7% ins an bhliadhain 1928-29. Tá áthas orm go bhfuil laghdú ag teacht bliadhain ar bhliadhain ar líon na múinteóirí a gheobhadh páighe ón Stát ach munab é go bhfuil siad de bharraidheacht ar na fóirne atá ceaduighthe do na scoltacha a bhfuil siad ag obair ionnta.
Maidir le pinseanna Múinteóirí na Meán-Scol tá an Scéim i dtaobh Aois-liúntaisí do Mhúinteóirí Meán-scoile i bhfeidhm ón chéad lá de Lughnasa, 1929, agus sé'n méid pinseann a deonadh go dtí an 31adh lá de Mhárta anuraidh 53 pinseanna maraon le 4 cinn a deonadh mar gheall ar dhroch-shláinte. Tá beagnach 1,300 múin-teóirí cláruithe ag obair i Meán-Scoileanna agus díobh seo tagann timcheall's 460 faoi'n Scéim. Múin-teóirí tuatha seadh beagnach 90% de sna baill.
Ní raibh cuid de na hiarrathóirí ionghlactha faoi'n scéim mar gheall ar gur theip ortha ceann amháin nó níos mó de sna coinníollacha a ceapadh a chólíonadh. Do theip ar an gcuid is mó aca seo i ngeall ar nár chólíon siad an coinníol a d'éiligh—
(a) gur ghádh, i gcás iarrathóir a bhí ós cionn 30 mbliana d'aois an chéad lá de Lughnasa, 1929, nár lugha an tseirbhís cheaduithe mhúinteoir-eachta a bhí aige ná dhá dtrian de bhreis na haoise a bhí aige an t-am sin ar 25 bliana, agus
(b) i gcás iarrathóir a bhí ós cionn 50 bliain d'aois ar an gcéad lá de Lughnasa, 1929, go mbeadh ar a sheirbhís cheaduithe seacht mbliana ar a laighead de sna deich mbliana díreach roimh an dáta san.
Do breathnuigheadh isteach in sna cásanna seo go cúramach agus táthar tar éis Scéim Leasúcháin d'ullamhú le hí do chur faoi bhrághaid an Oireach-tais agus leiseochaidh an scéim seo cruadhtan mór ar bith a tháinig de bhárr na coinníollacha atá luaidhte a chur i bhfeidhm.
Maidir le tuilleadh bun-oideachais a thabhairt do dhaoine óga na Gael-tachta ar fhágáil na mbun-scoil dóibh (Post Primary Education), tá an gnó san freisin dá bhreithniú againn. Tá neithe ar siubhal cheana i bhfuirm scéim Scoláireachtaí, a dhéanfaidh, tá súil againn, tairbhe mhór don Fhíor-Ghaeltacht agus a cuirfeas i gcumas do roinnt mac léighinn oideachas níos aoirde d'fhagháil. Ní ceadmhach cur isteach ar na Scoláireachta seo d'aoinne ach do leanbhaí a tógadh ins na ceanntracha mar a bhfuil an Ghaedhilg 'na gnáth-theangaidh ag furmhór na ndaoine, a bhfuil an Ghaedhilg ina gnáth-theangaidh ins na tighthe a bhfuil siad ina gcomhnuidhe, agus, fós, a fuair a gcuid oideachais tré mheadhon na Gaedhilge féin. Dhá scéim scoláireachta atá ann le haghaidh na mac léighinn sin (1) chun Meán-Oideachas tré Ghaedhilg a sholáthar in aisce dhóibh agus (2) chun cúrsa iomlán in Aon Ghné léighinn a chur ar fagháil dóibh san Iolscoil. Mar aon leis na neithe sin tá socruithe nua déanta chun cúrsaí "roimh ré" do sholáthar do leanbhaí ón Ghaeltacht agus chun roinnt ionad i gColáistí Ullmhúcháin a chur ar leith dóibh gach bliadhain.
Bronnfar ocht gcinn déag (18) de Scoláireachtaí Meán-Scoile ar iarrath-óirí ón bhFíor-Ghaeltacht gach bliadhain, agus mairfidh gach scoláireacht aca sin ar feadh cheithre mbliadhan, agus cuid aca ar feadh chúig mbliadhan, má mheastar sin bheith riachtanach. De na 18 scoláir-eachtaí sin ní bhronnfar níos lugha ná 9 gcinn ar chailíní agus, gan briseadh ar an gcoingheall coscaithe sin, cuirfear uimhir áirithe Scoláireachtaí i leith iarrathóirí ó gach príomh-cheanntar den Fhíor-Ghaeltacht. Ar an gcuma seo tá beartuithe againn buaidh a fhagháil ar an easbhaidh bun-léighinn a d'fhéadfadh bheith ar dhaoine óga ó'n Ghaeltacht—easbhaidh a thiocfadh de staid economiceach na n-áiteach atá i gceist, agus a d'fhágfadh deacracht ar leith ar na daoine óga a sciar féin a fhagháil de na scoláireachta.
Ar feadh sé seilbhe na Scoláireachta íocfaidh an Roinn Oideachais na táille scoile, agus ionnus nach mbac-faidh beag-ghustail a mhuinntire do aon mhac léighinn Scoláireacht a ghnóthú bhéarfar deóntas le haghaidh gléas éadaigh, costaisí taistil, etc., i dtrí coda gach bliadhain don mhac léighinn tré láimh stiúrthóirí na scoile. Tá soláthar freisin dá dhéanamh chun congnamh airgid le haghaidh costaisí tinnrimh ar an scrúdúchán a íoc le gacha iarrathóir go mbéidh tuar fóghantachta ina chuid freagraí agus chun duais a thabhairt d'oide na scoile ó n-a dtiocfaidh gach iarrathóir go n-éireóchaidh leis. Ba chóir go dtiocfadh de gach áis díobh san go raghadh feabhas ar an oideachas ins na ceanntrachaibh Gaedhealacha, lasmuich den tairbhe thiocfadh uatha do na mic léighinn féin a n-éireóchadh leo.
Nuair bhéidh an cúrsa Meán-Oideachais thart beidh caoi ag mac léighinn ag a bhfuil Scoláireachtaí dul ag iomaidheacht ar son Scoláireachtaí atá ceaptha ins an Iolscoil ag an Rialtas do mhic léighinn as an bhFíor-Ghaeltacht, i bhfochair na Scoláireachtaí sin atá ceaptha san Iolscoil ag na Comhairlí Conndae. Agus fairis sin béidh cead ag cailíní ag a bhfuil Scoláireachtaí dul ag iomaidheacht ar son uimhir fá leith de shaor-ionadaibh i gColáiste Ullmhúcháin ina múintear Obair Tighis. Dá bhrígh sin, ní ion-choimeádta Meán-Scoláireachtaí do chailíní ach i scoltachaí Roinn A amháin, sé sin, scoltachaí ina múintear Obair Tighis agus Ealadha, ar feadh a gcúrsa go hiomlán.
Foillsigheadh tuairisc ar na Scol-aireachtaí sin o samhradh na bliadhna 1931, agus i dtreo go gcuirfí an Scéim i bhfeidhm gan mhoill do toghadh seisear cailíní gur éirigh leó ins an scrúdú i gcóir Coláistí Ullmhúcháin, ach nár éirigh leó glaodhach fhagháil chun aon choláiste, agus do thosnuigh-eadar ar a gcúrsa Meán-Oideachais i Meadhon-Foghmhair, 1931.
Níl Scoláireachtaí sin na Iolscoile atá ceaptha do mhie léighinn ón nGaeltacht, níl siad in mo vóta-sa mar is é Aire an Airgid a bhronnas iad ar mholadh Aire an Oideachais. Ní bhéidh na Scoláireachtaí seo ion-ghnothuighthe ach ag iarrthóirí a tógadh san bhFíor-Ghaeltacht, mar tá leagtha amach cheana; agus caithfidh siad sin scrúdú na hArd-Teistiméir-eacht bheith gnóthuighthe le hOnóracha aca. Is do Choláiste na hOllscoile i nGaillimh atá na Scoláireachtaí sin uile ceaptha, sé sin, má bhíonn an cúrsa atá ag teastáil ón mac léighinn le fhagáil aige ins an Choláiste sin. £110 sa bhliadhain luach gach scoláireacht díobh. Iocfar £20 de sin nuair bronn-far an scoláireacht ar an mac léighinn; agus íocfar an chuid eile ina dhíolaidh-eachtaí ó am go ham, tré lucht ceannais na Iolscoile. Is féidir na Scol-áireachtaí d'ath-bhronnadh ó bhliadhain go bliadhain go dtí go mbeidh tamall réasúnta fachta ag an mac léighinn chun a chéim do gnóthú.
Táthar ag súil go ndéanfaí an comh-cheangal seo idir Scoláireachtaí Meán-Scoile agus Iol-scoile le haghaidh mac léighinn ón Ghaeltacht i dteannta na scoláireachtaí don Ghaeltacht féin a bhronnas Coláiste na hIol-scoile i nGaillimh, go ndéanfaidh sé a chur in áirithe go mbéidh neart de chainnteoirí dúthchais a mbeidh oideachas maith ortha ar fagháil le haghaidh múinteoireachta i meán-scol-tacha, agus i gceárd-scoltacha, etc. (Post Primary Schools.)
Maidir leis an nGaedhilg sna Meán-Scoileanna tá eolas maith nó cuibhea-sach maith ar an nGaedhilg ag an gcuid is mó de na daoine atá ghá múineadh ins na meán-sgoileanna fá láthair, agus tá daoine ortha go mba dheacair iad do shárú in eólas ar an dteangain, i ndúthracht oibre, nó i gclisteacht múinteóireachta. Tá feabhas ag dul ar mhúineadh na litridheachta agus na filidheachta in aghaidh na bliadhna, agus léigheann na sgoláirí de ghnáth níos mó leabhra ná mar a dheinidís. Ní hannamh anois cnuasach maith de leabhraibh Gaedhilge ar fagháil i leabharlainn sgoile agus leas dá bhaint asta ag na daltaí.
Ar a shon san is uile, ní misde tagairt do roinnt neithe atá ag baint de thairbhe an teagaisg.
(i) Níl ach fir-bheagán de sna múin-teoirí ina geainnteoirí dúthchais, agus tá cuid mhaith de na múin-teoirí eile ná bíonn de thaithighe aca ar labhairt na teangan ach an méid a labhraid leis na ranganna sgoile, agus ná faghann aon chaoi ar dhul don Ghaeltacht ná ar bheith ag éisteacht le cainnteoirí maithe. Ní hiongnadh an easbhaidh taithighe bheith ag cur meath is meirg i ndiaidh a chéile ar an nGaedhilg ag a lán de na múinteoirí, go mór mhór ar an urlabhra, agus an fhoghrui-dheacht do bheith lochtach is neamh-chruinn aca i ndeire na dála. Na daoine a bhfuil an sgéal mar sin-aca gheobhaidís a bheag nó a mhór de chabhair fhagháil ó sna ceirníní gramafóin nó ó bheith ag éisteacht leis an gcraobhsgaoileachán.
(ii) Deabhruigheann an sgeál go bhfuil cuid maith múinteóirí óga ag teacht amach as na hIolsgoileanna, céimeanna sa Ghaedhilg—go fiú Céimeanna Onóracha—bainte amach aca, agus gan an cumas comhráidh ná an líomhthacht cainnte aca a chuirfeadh ar a n-acfuinn labhairt na teangan do mhúineadh go ceart. Ní bhíonn fuaimeanna na Gaedhilge sáthach cruinn aca agus tá de chos-mhalacht ar chuid aca nach mór an cleachtadh a rinneadar ar labhairt na teangan le linn dóibh bheith san Iolsgoil. Ina fhochair sin, ní bhíonn mórán léighte aca taobh amuigh den mhéid atá riachtanach i gcóir na sgrúduithe Iolsgoile, agus tagann de sin go dteipeann ortha suim is spéis i Litridheacht na Gaedhilge do mhús-gailt ins na daltaí a bhíonn fá na gcúram.
(iii) Is mion minic a cloistear gearáin i dtaobh a laighead Gaedhilge a bhíonn ag na daltaí óga ag teacht isteach ins na meán - sgoileanna dhóibh. Ba ghnáth a mhilleán san do leagadh ar na sgoileanna priomháid-eacha ná baineann leis an Roinn Oideachais. Ach de bhrígh go bhfuil breis is deich n-oiread sgoláirí ar na meán-sgoileanna is tá ar na sgoileanna príomháideacha san is léir nár cheart ach cuid bheag den mhilleán do chur ortha siúd. Is fíor, ach go háirithe, go bhféadfí abhfad níos mó a dhéanamh ar son na Gaedhilge ins na meán-sgoileanna, dá mbéadh an t-eolas ceart ar an dteangain agus an taithighe cheart ar a labhairt ag na daltaí óga ag teacht isteach dóibh.
Tá líon na sgol ina ndeintar an teagasg go léir tré Ghaedhilg ag síor-dhul i méid, agus do réir mar a bhíonn na téacs-leabhra ag dul in iomadamhlacht agus na sgoileanna féin ag dul i dtaithighe na hoibre tá bárr feabhasa ag teacht ar thoradh a saothair. 'Sé an ní is mó atá ag cur cúl ar an obair i mórán áiteanna ná ganntanas múinteoirí. Má tá ag méadú i ndiaidh a chéile ar uimhir na múinteóirí atá lán-oilte ar teagasg do thabhairt tré Ghaedhilg, is mire go mór atá ag méadú ar an gcall atá leo. Cailíní atá ábalta ar Mhata-maitice nó éoluidheacht do mhúineadh tré Ghaedhilg, is iad is mó atá i n-easnamh.
Ceárd Oideachas: Maidir le Ceárd-Oideachas agus le Dán-Oideachas i gcoitchinne táthar ag súil go gcuirfidh an tAcht Oideachais Gairme Beatha, 1930, tús ar ré úr.
Tháinig na chéad scéimeanna faoi'n Acht Oideachais Gairme Beatha i bhfeidhm ar an chéad lá de Mheadhon Foghmhair, 1931. Tá sé ró-luath fós a rádh cionnas a d'éirigh leis. Ach do réir na dtuairiscí tá roinnt mhaith déagh-oibre dá déanamh ina lán áiteanna. Ach ní féidir toradh iomlán scéim nuadh Oideachais do mheas go ceann roinnt bliadhan.
Faoi na scéimeanna nuadha tá breis airgid le fagháil ag na Coistí ón Stát nó ó na Coistí Aitiúla ina bhfuilid ag obair. Meastar go gcaithfidh na Coistí beagnach £300,000 i rith na bliadhna airgeadais seo ar Dhán-Oideachas.
Bíonn méadú an Deóntais ón Stát ag brath ar an méadú airgid a gheibh-tear ón gCoiste Aitiúil, sé sin, an Deontas is féidir leis an gCoiste Áitiúil d'fhagháil taobh istigh de na teoranta atá leagtha síos. Fuair 23 coistí as 38 coistí an méadú airgid sin ó n-a gCoistí Aitiúla féin.
Tá na Coistí ag caitheamh an bhreis airgid atá aca ar dhá phríomh-chuspóir mar leanas:—
(a) chun tuilleadh múinteoirí lán-aimsire agus páirtaimsire do sholáthar, agus
(b) chun slighe níos feárr agus níos fairsinge do sholáthar do na scoláirí.
Maidir le fóirne múinteóireachta, d'oileadh 76 oidí sa bhreis mar oidí lán-aimsire chun teacht suas le leath-anú na Scéimeanna agus leis an bpráidhinn atá le oidí nuadha do sholáthar, mar tá:—
20 Oide in Obair Adhmaid agus in Obair Tógáil Tighthe.
16 Oide in Obair Miotail agus in Innealtóireacht Gluaisteán.
21 Oide i gcóir Banachais Tighe (Domestic Economy).
19 Oide i dTuath-eóluíocht.
Bhí deireadh le tréimhse oiliúna na n-oidí sin i Mí na Nodlag seo caithte, agus is beag nach bhfuil gach duine díobh fostaithe faoi na Coistí.
Tá sé beartuithe cúrsa eile in Obair Láimhe (Manual Training) do chur ar bun do oidí chun teagasc do thabhairt sa Ghaeltacht mar a bhfuil an-éileamh ar theagasc de'n chineál san. Tosnó-char ar an gCúrsa i Meadhon Fogh-mhair 1932 agus Gaedhilgeoirí amháin a leigfear chun an chúrsa. Chuige sin, tá £1,000 curtha in áirithe ins na Meastacháin.
Do soláthruigheadh breis oiliúna i rith na bliadhna do 70 múinteoirí Ghaedilge d'fhonn an méid teagaisc d'fhéadfaidís a thabhairt fé na Scéimeanna Gairme Beatha do leathanú.
Maidir le hAruis Scoile tá tosnuigthe dáiriribh ag na Coistí nuadha ar an mbreis slighe go bhfuil dian-ghádh léi ina lán áiteanna ar fud na tíre do sholáthar. Tá cuid mhór (43) scéimeanna chun scoileanna do thógaint, fé bhrághaid na Roinne i láthair na huaire. Tá lán-fheidhm dá bhaint as Alt 50 agus as Alt 51 den Acht Oideachais Gairme Beatha a thugann comhacht d'Ughdaráis Aitiúla (Local Authorities) mar aon leis na Coistí, chun airgead d'fhagháil ar iasacht d'fhonn tighthe scoile do thógaint.
Níl aon laghdú ar an tinnreamh ar na Ranganna faoi na Scéimeanna Gairme Beatha. Tá beagnach 50,000 ag déanamh freastail ar na ranganna san fá láthair. Is mór an bhreis é sin ar an méid a bhíodh ag freastal ortha sna chéad bhliadhanta.
Táthar ag súil go ndéanfaidh an bhreis múinteoirí a bhí ag obair ó Mheadhon Fhoghmhair seo chuaidh thart, go ndéanfaidh sin líon an tinnrimh do mhéadú le haghaidh na bliadhna seo agus le haghaidh na mbliadhanta atá le theacht.
Scrúdúcháin sna Ceárd-Scoileanna.
Níl sé d'fhiachaibh ar aoinne dul faoi na scrúdúcháin sin. Is maith an comhartha é nach bhfuil aon laghdú ar uimhir na n-iarrathóirí.
Scéimeanna Oideachais Gairme Beatha.
Tá éifeachtálacht an teagaisc atáthar a thabhairt faoi Scéim an Dán-Oideachais go maith agus tá sé ag dul i bhfeabhas in aghaidh an lae. I gcomórtas leis an sórt teagaisc a tug-taí deich mbliana ó shoin ceapfaí go raibh an teagasc sin go rí-mhaith ach, leis an dul-chun-cinn atá déanta le hoidí d'oiliúint agus le gnóthaí áiti-úla do riaradh, tá feabhas tagtha ar an sgéal ó gach taobh; agus le linn bheith ag meas na hoibre is é rud a bítear ag súil leis an bhfeabhas sin agus bíonn an gnáth-chaighdeán árduithe.
Le míniu a thabhairt ar an gciall atá le héifeachtúlacht mhaith ní mór breathnú ar na saghasanna sonnrácha Ceárd-Oideachais agus Dán-Oideachais a bhíos ar siubhal faoi chúram Coistí Dán-Oideachais. Is féidir, go generálta, na hábhair a teagasctar do roinnt mar leanas:—
1. Abhair Innealtóireachta — ar a n-áidmhítear Innealtóireachta Aibhléise, Innealtóireachta Gluaisteán, Cleachtadh in Oibriú Miotail, Gléas-radh Talmhaíochta a Dheisiú, Matamaitic Cleachtach agus Líníocht Inneall.
2. Abhair a bhaineas le Ceárd Foirgnimh ar a n-airmhítear Cear-pantóireacht agus Siúinéireacht, Déantús Ceabinéid, Obair Adhmaid, Saor-Líníocht agus Líníocht Inneall, agus Matamaitic Cleachtach.
3. Abhair Tighis—ar a n-áirmhítear Cócaireacht, Obair Shnáthaide, Nigheachán, Maintiméireacht, Bana-chas Tighe, Sláinte-eolas agus Céad-Chabhair (Léighis).
4. Abhair Tráchtála agus Liteardha —ar a n-áirmhítear Cuntasaíocht, Tíreolas Gheilleagair, Bun-Chunta-saíocht, Gearr-scríobhnóireacht, Cló-scríobhnóireachta, Modhanna Tráchtála, Uimhríocht Tráchtála, Gaedhilg, Béarla agus Tíreolas.
5. Abhair Ealadhan—ar a n-áirmhítear Tuath-eolas, Garradóireacht, Eolas na Camharsanachta, Cuntasaíocht Feilme, Matamaitic Cleachtach agus Ealadha Chleachtach.
De ghnáth bíonn múinteoirí sonn-racha i mbun gach roinn de na habhair sin agus is féidir beagnach na múinteoirí go léir atá ag obair faoi Choistí an Dán-Oideachais a roinnt do réir na gcúig roinn sin.
On gcaoi a bhfuil an sgéal go dtí seo tá faighte amach nach leor, le go n-éireochadh le ranganna tráthnóna ina mbíonn cuid mhór daoine óga a bhíonn ag obair ar feadh an lae nach mór, go mbeadh an múinteoir cáilithe i dteoir na n-ábhair a bhíonn air a mhúineadh, ach go gcaithfidh sé eólas a bheith aige freisin ar a ngabhann de chleachtadh leis an teoir sin. Ní mór don mhúinteoir i gceár-danna Foirgnimh bheith ina shiúinéir maith agus ní mór don Mhúinteoir i gcúrsaí Tighis eolas a bheith aici freisin ar Chócaireacht agus ar Obair Shnáthaide agus don Mhúinteoir Tráchtála taithighe a bheith aige féin i gcúrsaí gnótha má bhíonn sé ag súil go mbeadh meas ag na mic léighinn air nó go gcuirfeadh siad suim ina theagasc.
Do b'fhéidir i gcás Roinn 1, 2 agus 3, múinteóirí d'fháil go ráibh oilteacht agus cleachtadh aca sna hábhair seo mar is ó chúrsaí speisialta a bhí ag an Roinn a fuarthas na Múinteóiri sin agus is de bhárr na taithighe a bhí fáighte maidir leis na múinteóirí a theghadh agus a oiliúint, a thárla an bhreis éifeach-túlacht teagaise a luadhadh thuas. Cuíreann na múinteoirí seo an obair chleachtach ar fhíorthús an chláir. Tugann siad teagasg cinnte do na mic léighinn in obair áithrid a bhaineas go dlúth leis an gceird atá acú nó leis an gceird go mbéidh fútha gabháil léi, agus ina theannta sin tugann siad teagasc dóibh sa teóir a ghabhann leis an obair sin. San am chéadna (nó tamall ina dhiaidh sin do réir an saghas mac léighinn a bhíos sa rang) tugann siad teagasc in ábhair atá gaolmhar dá n-ábhair féin, mar shampla, Líníocht, Matamaitic, Innealeólas, Tarraiceoireacht Pátrun, Sláinteolas agus mar sin de. Le goirid anuas do rinneadh amhlaidh, sé sin an teagasc sa teóir do choinneál siar go dtí go musclúi-tear suim an mhic léighinn ann agus go mbeidh muinighin aige as an múinteoir. D'eirigh go ri-mhaith leis an módh sin i gcás mac léighinn a dhearmad an rud a d'fhoghluim siad sa mbun-scoil, nó a bhí lag sa mbun-scoil, agus a d'fhág í gan mórán luighe aca leis na trí bun-ábhair— Scríobhnóireacht, Uimhríocht agus Léightheoireacht.
Daoine go bhfuil Céimeanna Iol-scoile aca i dTráchtáil agus nach bhfuil mórán cleachtaidh aca ar chúrsaí ghnóthaí is mó atá ag múineadh na n-ábhar i Roinn 4. Go ceann cúpla bliain ní bhíonn siad gar do bheith chó cothrom mar mhúin-teoirí leis na múinteoirí a bhíos ag teagasc na n-ábhar i Roinn 1, 2 agus 3. Ní hionann bheith i mbun-rang tráthnóna i gceárd-scoil agus bheith in Iolsgoil agus ó thárla nach mbíonn aon ullamhú speisialta, den tsaghas a tugtar do na múinteoirí eile, ag na múinteoirí a thagann ón Iolscoil í ndiaidh a gcéim do ghnóthú, bíonn sé deacair dóibh luighe leis an obair.
Bíonn neart eólais aca ar na hábhair a bhíonn le teagasc aca ach is mór an deifríocht dearcaidh atá idir iad féin agus na mic léighinn, agus dá dá bhrí sin is deacair dhóibh suim na mac léighinn do mhúscailt tré cheangal a dhéanamh idir an teoir agus an obair a bhíonn le déanamh aca 'chuile lá. Ní thig leó mórán dul 'n cinn a dhéanamh go dtí go dtuigidh siad intinn na ndaoine seo go mbíonn ortha a mbeatha a shaothrú go hóg. I gcionn cúpla bliain tuigeann an chuid is mó de na múinteoirí seo an sgéal, agus déantar múinteoirí maithe dhíobh. Is léir, amh, ón méid aimsire a thógann sé ortha na mic léighinn a thuisgint, go bhfuil gá le cúrsa speisialta gairid leis na Céimnigh seo i dTráchtáil, go bhfuil fútha dul le múinteoireacht i gCeárd-Scoltachaí, d'oiliúint.
Níl mórán de na múinteoirí i "Roinn 5" i gcomparáid leis na múinteoirí eile. Tá na múinteoirí seo i ndá Roinn—(a) na daoine seo go bhfuil céimeanna aca in Ealadhain Fiscigh agus in Innealtóireacht agus atá ag obair i gCeárd-Scoileanna na gContae mBuirg agus (b) iad seo go bhfuil Céimeanna aca i dTuath-eolas nó i dTalmhaíocht. Is fada anois ó bunuigheadh an chéad aicme agus de ghnáth bíonn an obair go maith. Níor thosuigh an dara haicme ag múineadh ach scathamh gearr ó shoin. Do toghadh iad ar bhealach a bhí cosúil go leor leis an mbealach ar toghadh múinteoirí i Roinn 1 agus 2, agus tugadh cúrsa gairid speisialta dhóibh sa Samhradh anuiridh (1931) le hiad d'ullamhú i gcóir Oideachais Leanúnaigh agus Dán-Oideachais faoi'n dtuaith. Obair de shórt nuadh í seo agus ó thárla nach bhfuil na múinteoirí ag obair ach le cúpla mí, ní féidir aon tuairim chinnte a thabhairt faoi fós. Tá cosúlacht san am chéadna go mbeidh toradh maith ar an obair agus tá súil go mbeidh tuille de na múinteoirí sin ag teastáil gan mórán achair.
Fuarthas réidhteach sásúil ar an deacracht a bhí ann chun teagasc éifeachtúil do sholáthar in ábharaibh speisialta a bhaineas le ceárda; agus sé réidhteach é sin ná múinteoirí lán-oilte ina gceárd speisialta féin d'fhostú go páirt-aimsireach chun an teagaise do thabhairt. Tá an furmhór díobh ag obair i gConntae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath; ach tá múin-teóirí dá leithéid ag obair in áitean-naibh eile ina bhfuil éileamh ar theagasc den chineál sin agus ina bhfuil múinteóirí oireamhnacha le fagháil sa cheanntar. Fuarathas amach gur do réir eólais agus clisteachta na múinteoirí féin ina gceárd féin a théigheann a gcuid teagaisc chun leasa do sna foghlumóirí. Má bhionn an t-eólas ag na múinteoirí agus an chlisteacht dá réir ionnta, is iondual go mbíonn an teagasc go héifeachtúil, ní fada a bhíonn múinteóir i bhfeighil na hoibre go mbionn tuigsint aige ar a chuid scoláirí, agus annsan luigheann sé le n-a ghnó ar nós deagh-mhúin-teora; b'fhéidir go múineann sé go neamh-ghnáthach uaireanta ach múineann sé ar a nós féin agus múineann sé go maith.
Is beag an uimhir de mhúinteoirí Ealadhan agus Ceárd atá againn, i gcomparáid leis an méid múinteoirí atá againn in hábharaibh eile. Agus is ins na bailte móra is mó a bhíonn siad le fagháil. Is mór i gceart agus is éagsamhail an difríocht dearcaidh agus aigne a bhíos ag na foghlumóirí a thagann chun na ranganna so. Bíonn cuid acu ag lorg eólais ar Líníocht, ar Dhealbhóireacht, agus mar sin de,— ceárda a mheasaid a thiocfaidh isteach áiseach chúca féin ina ngnáth-obair, nó a chabhróchaidh leó chun iad féin d'oileadh i gcóir puist áirithe. Bíonn cuid eile ag teacht chun na ranganna mar chaitheamh-aimsire dóibh féin nó chun breis oilteachta culturdha nó saoidheachta do chur ortha féin. Is iad so, is deireannaighe a luadhaim, is mó a thagann chun na ranganna agus de bhrígh gurb amhlaidh atá agus fós go mbíonn il-iomad gnótha ar siubhal acu, is deacra aidhm agus críoch na múinteoireachta ina hiom-láine do stiúradh ar shlí go mbeithfí deimhin go bhfuil príomh-chuspóir dá leanamhaint go sásamhail. De ghnáth, bíonn an mhúinteoireacht a deintear in il-chraobhachaibh na hoibre, go sásamhail, agus i gceanntaraibh áirithe bíonn sí go hárd-éifeachtúil; cuir i gcás, i Luimnigh, mar ar ghaibh buadh fé leith leis an Líníocht ar Clárdubh a deineadh le linn an Chúrsa do Mhúinteoiríbh a bhí ar siubhal ann le deireannaighe. Taisbeánann na samp-laí de Ghreas-Obair Céirde, a cuireadh isteach ar chomórtas na bliadhna anuiridh go ndeintear oilteacht céirde do mhúineadh go feilimeanta ina lán áiteanna. In san am chéadna, ní sásamhail an rud é nach bhfuil aidhm nó cuspóir fé leith ós comhair na lucht foghluma, ins na rangannaibh seo, ná nach ndeineann múinteoireacht Eala-dhan anamúlacht ná feabhas do chur ar an obair ins na gnáth-ábharaibh eile. Tá a lán tuarasgabháil speisialta ag cur síos ar ghnáth-mhúinteóireacht céirde sa tír.
Ní leór fós an méid eolais atá fáighte again ar Scoltachaí agus ar Chúrsaí Speisialta Lae, i gcómhair Dán-Oideachais, chun breithiúntas iomlán críochnuithe a thabhairt ortha. Ach maidir le haon chuid de na Scoltacha so in aon áit in ar cuireadh ar bun iad, agus clár (curriculum) speisialta leagtha amach dóibh—clár a ceapadh i gcómhair riachtanaisí aon dreama fá leith de mhacaibh léighinn—ní miste a rádh gur éirigh go rimhaith leo. Tá buachaillí agus cailíní ag freastal ortha ná raibh ar scoil le bliadhanta, agus glacaid go fonnmhar leis an teagasc, agus imthighid i ndeireadh na bliadhna agus ullmhúchán cinnte déanta aca chun dul le gnó áirithe éigin. Is sompla maith na Scoltachaí Lae sna háiteacha seo leanas, eadhon,
Luimneach—Innealtóireacht Gluaisteán agus Gléasraidh Aibhléise;
Brí Chualann—Teagasc Abhar Tighis;
Tiobraid Árann—Tráchtáil;
An tInbhear Mór—Loingseoracht agus Tráchtáil;
Ceatharlach—Teicneolas agus Tráchtáil;
Ceapach na bhFaoiteach—Ábhair Tuaith-eolais (do Bhuachaillí agus do Chailíní);
Cam Eolaing—Ábhair Tuaith-eolais (do Bhuachaillí agus do Chailíní);
Is sompla maith iad ar an ghlaodh-ach ilghnéitheach atá ar chineálacha speisialta scoltach i ngach ceárn den tír agus is samplai maithe iad freisin, ar fhundúireachtaí léighinn ina bhfuil an tinnreamh riaghalta, na mic léighinn dúthrach-tach, agus an teagasg árd-éifeachtach i gcoitchinne.
Níl mórán cleachtaidh fáighte againn fós fá Scoileanna agus fá Chúrsaí Leanamhna i gcoitchinne. Tosnuigheadh san bhFoghmhar seo chuaidh thart ar chupla cúrsa páirt-aimsire—eadhon, cúrsaí ina raibh ó 6 go 10 n-uaire a chluig de theagasc gach seachtmhain ionnta in ábhair mar Gaedhilg, Béarla, Tlacht-eólas, Uimhríocht ach níor éirigh go ró-mhaith leó i gcoitchinne. Múinteoirí lán-aimsire i nGaedhilg nó in ábhair Tráchtála faoi Choiste an Dán Oideachais a thug an teagasc sin nó maighistir scoile na háite agus é ar fastódh páirt-ama. I ngach cás rinneadh an obair ró-fhoirmeálta agus ní rabh mórán bainte ag an obair le gléas beatha na ndaoine ná le gné agus airdheana na háite; agus tháinig de sin gur chaill na mic léighinn suim sna gnaithe agus stad siad de freastal na rang.
Tá mór-chuid múinteoirí Gaedhilge ag obair fá Choistí, taoibh amuich de sna múinteoirí ar ábharaibh teicniciúla. Tá an chuid is mó acu so ag múineadh ranganna Gaedhilge i mbailte fá'n dtuaith, ach tá breis ag teacht ar an uimhir d'áiteanna ina múintear ranganna Gaedhilge mar chuid den ghnáth-chlár oibre ins na Scoltachaí Leanamhna leithleacha. De ghnáth, bítear sásta le feabhas na múinteoireachta, ach tagann meath ar an obair de bhárr na deacrachta a bhaineann le dul-chun-cinn a dhéanamh leis na mic léighinn ó bhliadhain go bliadhain. Is féidir dul-chun-cinn cinnte seasamhach do dhéanamh in ábharaibh teicniciúla, agus go mór mór in obair Láimhe, le trí fichid uair a chluig de mhúinteoireacht; ach i gcás teangan do mhúineadh, is gádh i bhfad níos mó aimsire chun buan-toradh d'fhagháil as an obair. Ar an ábhar sin, muna leanann an mac léighinn ar feadh thrí mbliadhan ar a laighead, ar freastal ar na ranganna Gaedhilge agus ag dul céim ar aoirde in aghaidh na bliadhna, ní féidir dó aon dul-chun-cinn do dhéanamh dáiríribh. Tá ceanntair áirithe ann, cuir i gcás Conntae Chorcaighe, ina bhfuil scéim múinteoireachta na Gaedhilge ar cómhoibriú go hiongantach, agus mealltar na foghlumóirí thar n-ais, bliadhain i ndiaidh bliadhna go hárd-ranganna, agus tagann toradh fóghanta ar an múinteoireacht dá bhárr sin, agus faightear gearra-chuid mhaith de sna foghlumóirí agus eolas líomhtha beacht ar an nGaedhilge acu. Faightear toradh maith, freisin, mar a mbíonn scéim fóghanta scoláireachta ar bun, le n-a gcuirtear na foghlumóirí is toghtha go Coláiste Gaedhilge ar feadh míosa. Ar an gcuma so tuigtear fáth a bheith le hobair an ranga i rith na bliadhna, agus bíonn aidhm ós cómhair an fhoghlumóra—nó cuspóir a ghríosuigheann é chun tinnrimh go féileamhail.
Tá i gcoitchinne, dhá ní do bheir éifeacht don teagasc a tugtar fé scéimeanna Dán-Oideachais. Sé an chéad ní dhíobh, suim dhúthrachtach an mhic léighinn féin a dheineann tinnreamh ar na ranganna de ghnáth d'fhonn eólas agus cleachtadh d'fhagháil ar ábhar éigin ar leith. Eireochaidh an mac léighinn as an tinnreamh muna sásuightear an mian san aige; agus, dá bhrigh sin, béidh ar an oide an t-ábhar teagaisc agus an oiliúint a thabhairt dó go héifeachtúil má's áil leis a rang a choinneál ó scaipeadh agus ó dhul ar neamhní. Ach mar sin féin, ní bhéadh ar an obair a déanfaí leis an chuspóir sin amháin ach toradh leamh gan mórán tábhaicht. Sé an dara ní agus an príomh-ábhar atá le héifeachtúlacht na hoibre ná dílseacht agus díoghrais na múinteoirí. Tá spéis ag a bhfurmhór ina gcuid oibre, is mór aca a gcuid mac léighinn agus is fonn leo cabhrú leo. Ón gcaidreamh atá aca cheana le fostathóirí agus le hoibridhthe agus ón mbaint atá aca le rangannaibh oidhche i gcomhair daoine atá dáiríribh ag obair cheana féin, tá claonadh aca chun a gcuid teagaisc a chur in oiriúint do na riachtanaisí atá fé láthair agus a bhéas ar ball ar a gcuid mac léighinn; agus dá bhrí sin, do bheir siad teagasc tuigseach uatha go mbíonn dóchas agus muinghin aca as a thairbhe. Tá an mhuinghin sin, a bheag nó a mhór, ag na hoidí Céard-Oideachais uile beagnach agus is é an príomh-chomhacht é maidir le héif-eacht a gcuid oibre i rangannaibh lae agus oidhehe.
Ealadha agus Eolaíocht.
Ó tugadh isteach na Meastacháin anuraidh níor tháinig aon atharú ró-mhór ar a mbaineann le Fundúireacht na hEaladhan agus na hEolaíochta agus ní dhéanann na Meastacháin seo ach soláthar, go generálta, do na rudaí a bhíos ag teastáil de ghnáth ó na Fundúireachtaí seo.
Táthar ag gabháil fós don ath-chóiriú atáthar a dhéanamh do réir na molta a rinne an Coiste Fiosrúcháin sa mbliain 1927 agus tá cuid mhaith den ath-chóiriú i Roinn Sean-Sheod Eireann déanta cheana. Toisc a laighead spás atá ann tá cosc á chur le hobair Roinn na Beath-eolaíochta ach tá an scéal á phléidhe ag Oifigigh mo Roinn-se le Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí i n-ionnas go mbrostóchar leis na pleananna i gcóir na foirigintí ina bhfuil Bailiúchán na Beath-eolaíochta do leathnú.
Is mór an chabhair san obair atá á dhéanamh i Roinn na Sean-Sheod agus i Roinn na Beath-eolaíochta an bheirt chongantóirí a ceapadh do Chimeádaí na Sean-Sheod agus an bheirt eile do ceapadh do Chimeádaí Roinn na hEaladhan agus an Tionnscail.
Táthar ag déanamh iarracht faoi láthair le Congantóir d'fháil ag a mbeidh cáilíochtaí i dTlachteolaíocht do Roinn na Beath-eolaíochta. Nuair a ceapfar an tOifigeach sin beidh líon na foirne atá údaruithe don Roinn sin iomlán.
Ní lugha líon na mac léighinn atá ag freastal ar Príomh-Scoil na hEaladhan i mbliana ná bhíodh ag freastal uirthe na blianta roimhe seo, agus tá gach saghas obair a déantar sa Scoil ag dul ar aghaidh mar is gnáth.
Do rinneadh cuid mhór atharuithe le goirid sa gcóir atá ar fáil do léigh-theoirí sa Leabharlainn Náisiúnta. Tá méadú beag le tabhairt faoi deara ar líon na léightheoirí a bhaineann feidhm as an Leabharlainn ó rinneadh na hatharuithe.
Maidir le Scéimeanna na Roinne i dtaobh leabhra Gaedhilge d'fhoillsiú tá ag éirghe go maith le foillsiú leabhar i nGaedhilg faoi'n dá Scéim go bhfuiltear ag iarraidh soláthar 'na gcóir (Meán-Oideachais, Fó-Mhír E, agus Ealadha agus Eolaíocht, Fó-Mhír B 1.).
Níor bh'fhéidir go dtí seo toisc a laighead leabhar feiliúnach a bhí ar fáil, barraíocht teagaisc a thabhairt tríd an nGaedhilg, ach is áthas liom a rádh go bhfuil feabhas ag teacht ar an scéal do réir a chéile. Ón bhliain 1927 do foillsigheadh 9 gcinn de théacs-leabhra. Tá leabhra ortha sin ag baint le Céimseata, Aireamh, Algébar, Stair, Tíreolaíocht, Obair Shnáthaide agus Laidin. Ina dteannta sin do foillsigheadh 32 leabhar a bheadh féiliúnach mar abhar léightheoireachta in sna Meán - Scoileanna. Do foillsigheadh an 41 leabhar seo faoi'n Scéim go bhfuiltear ag iarraidh soláthar a dhéanamh ina cóir sa Meastachán i gcóir Ealadha agus Faoi'n scéim go bhfuiltear ag iarraidh soláthar a dhéanamh ina cóir sa Meastachán i gcóir Ealadha agus Eolaíocht do foillsigheadh 58 leabhra ar fad ó 1928 nó 99 leabhra faoi'n dá scéim. Tá ós cionn 200 leabhar á n-ullamhú ag Oifigigh mo Roinne faoi láthair faoi'n dá Scéim agus meastar go bhfoillseochar thimcheall's 50 díobh sin taobh istigh den bhliain seo chugainn. Beidh ar na leabhra sin téacs-leabhra ag baint le Tíreolaíocht, Stair, Gréigis agus Laidin. Tá aistriúcháin ón Fhrainncis, ón Ghearmáinis, ón Spáinnis, ón Eadáilis, ón Rúisis, gan trácht ar aistriúcháin ón Bhéarla, ar na leabhra atá á n-ullamhú mar abhar léightheoireachta i gcoitchinn.
I dteannta na hoibre seo tá dhá chineál eile leabhar á gcur le chéile. Ar an gcéad iarracht tá foclóirí de sna téarmaí ceárdúla atá ag teastáil sa nGaedhilg á bhfoillsiú. Tá foillsithe cheana dhá leabhrán 'na bhfuil Gaedhilg ar na téarmaí ceárdúla a bhaineas le (a) múineadh Staire agus Tíreolaíochta agus (b) le múineadh Gramadaighe agus Litríochta. Tá súil go mbeidh leabhrán eile den chineál chéadna—in a mbeidh na téarmaí a bhaineas le hEolaíocht, le Ceol agus le Tráchtáil—réidh an bhliain seo chugainn.
Agus ar an dara h-iarracht tá Foclóir Béarla-Gaedhilge á ullamhú. Tá an obair seo ag dul ar aghaidh go maith. Do tosnuigheadh uirthe i ndeireadh na bliana 1930, agus tá súil go mbeidh an Foclóir seo ar an margadh roimh dheire na bliana 1933. Ba cheart go mbéadh sé ina Fhoclóir bhunúsach go ceann mórán blian.
I dteannta na bhfoillsiúchán seo cuidigheann an Roinn le léiriú Drámaí i nGaedhilg tré Dheontaisí a thabhairt do Chóluchaisí áithride a léirigheann drámaí Gaedhilge. Is i bhfuirm Deontas-i-gCabhair (£1,200) atá roinnte idir Chómhar Dhrámaíochta Bhaile Átha Cliath agus Taibhdhearc na Gaillimhe a tugtar an chabhair. Ar feadh na 15 míosa ó Eanar 1931 go Márta 1932 do bhí naoi léirithe ag Taibhdhearc na Gaillimhe agus i gcás Cómhar Bhaile Átha Cliath léirightear drámaí i rith an Gheimhridh agus le roinnt bliain anuas bhí seacht léiriú in aghaidh an tsiosóin aca.