Tá orm a chraoladh gur chuireas in úil go cuibhe don tSeanascal gur aontuigh Dáil Eireann le na Teachtaí agus leis an Seanadóir seo leanas d'ainmniú chun bheith ina mbaill den Ard-Chomhairle, agus gur ceapadh iad dá réir:—
Eamon de Valéra, Uachtarán na hArd-Chomhairle, chun bheith mar Aire Gnóthaí Coigríche;
Seán T. Ó Ceallaigh chun bheith mar Leas-Uachtarán na hArd-Chomhairle, agus mar Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí;
Pádraig Ruithleis chun bheith mar Aire Dlí agus Cirt;
Seán F. Lemass chun bheith mar Aire Tionnscail agus Tráchtála;
Seán Mac An tSaoi chun bheith mar Aire Airgid;
Dr. Séamus Ó Riain chun bheith mar Aire Talmhaíochta;
Proinnsias Ó hAoghagáin chun bheith mar Aire Cosanta;
Tomás Ó Deirg chun bheith mar Aire Oideachais;
Seosamh Ó Conghaile, Seanadóir, chun bheith mar Aire Tailte agus Iascaigh;
Gearóid Ó Beoláin chun bheith mar Aire Puist agus Telegrafa.