Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 2 Mar 1933

Vol. 46 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Mion-Oibreacha i dTir Chonaill.

D'fhiafrai

den Aire Tailte agus Iascaigh an feasach do go bhfuil mion-oibreacha feidhmiúla cois-fhairrge i nGaeltacht Thír Chonaill gan déanamh gidh gur fada tuairiscí agus meastacháin ag an Roinn ar na hoibreacha so; go dtabharfadh na hoibreacha so (céidheanna, caltacha, etc.) slighe bheatha d'iascairí na Gaeltachta nach dtig leo d'fhagháil ón iascaireacht fá láthair; agus an dtig leis innse cia'n uair a cuirfear dlús leis na hoibreacha so.

Is eól dom nár tosnuigheadh fós ar na mion-obreacha cois-fhairrge atá faoi chéist. Tá an Bhóta Fóirthine Diomhaointis dhá riarú ag Coimisinéirí na nOibreach Puiblí agus cuirfear liosda dhe na h-oibreacha seo a moladh, chucha le n-a geur i gerích má's ríchtanach liobhtha iad.

Top
Share