Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 11 May 1933

Vol. 47 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Acht na mBéilí Scoile sa nGaeltacht.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an bhféachfa sé an ceart abhar reachtúcháin do thabhairt isteach go luath chun Acht na mBéilí Scoile (Gaeltacht), 1930, do bheith i bhfeidhm sa líomatáiste uile adeirtear i dTuarasgabháil Choimisiún na Gaeltachta is Fíor-Ghaeltacht.

Deineadh an Scéal so d'infhiúcha go beacht cheana féin. Níl ceaptha agam fé láthair ar dlí do thabhairt isteach fé mar a mholann an Teachta.

Top
Share