Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 27 Jun 1933

Vol. 48 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Amharclann na Mainistreach.

D'fhiafruigh

den Uachtarán ar thoghaidh an Ard-Chomhairle aon duine mar theachta ar Amharclann na Mainistreach; má thoghaidh cé hé féin; agus mura bhfuil aon duine toghtha aca an gceapfaidh siad fear mar theachta a mbeidh Gaedhilg aige agus thuigfidh do chreideamh agus do spiorad náisiúnta mhuinntir na hEireann.

Níor toghadh aoinne fós mar theachta an Rialtais. Is é Bórd na h-Amharclainne a thoghann an teachta le h-aontú an Aire Airgid, acht nuair a bheidh an toghadh dá dhéanamh, féacfaidh an t-Aire chuige go bhfuighfear duine a bheidh oireamhnach in gach slighe.

Top
Share